Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Léirmheas le Mícheál Ó Ruairc • Aileach le Jackie Mac Donncha. Cló Iar-Chonnacht, 2010. €8. 104 lch.Cad atá i ndán don úrscéal Gaeilge? An bhfuil deifir ort? Má tá, scaoilfidh mé leat mar seans nach dtaitneoidh an freagra leat. Chun mo cheist féin a fhreagairt: níl tuairim ó thalamh an domhain agam cad atá i ndán don úrscéal Gaeilge, don ghearrscéal Gaeilge, don dráma Gaeilge, don dán Gaeilge nó don Ghaeilge féin. An gá go mbeadh aon rud i ndán don úrscéal Gaeilge tar éis an tsaoil? Más ealaín atá ann nach leor dó bheith ann? Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán. Ar mhaithe leis féin a dhéanann an t-ealaíontóir pictiúr agus glacaimse leis nach ar mhaithe leis an mbainisteoir bainc a bhfuil sé crochta taobh thiar de ar bhalla a oifige. An rud a scríobhann an púca léann sé féin é… muna léann éinne eile é. Ag an bpointe seo is cuma sa tsioc cad atá i ndán (nó cad nach bhfuil i ndán) d’aon rud nó d’aon duine nó don domhan iomlán. Má imíonn an Ghaeilge imeoidh sí, is má imíonn an cine daonna imeoidh chuile ní — an Ghaeilge, an Béarla, an tSínis…. Don léirmheastóir Gaeilge? An leabhar a léamh, a thomhas, a mheas agus léirmheas macánta, tuisceanach a scríobh ina thaobh. Sin uile. Gan an scríbhneoir a dhamnú le lagmholadh ná a scrios le cáineadh géar, gangaideach, éadmhar. Ná a chur ar bhealach a aimhleasa le bréagmholadh nach bhfuil tuillte aige de bharr gur cara leat é, nó go bhfuil tú ag roinnt leapa leis, nó go gceapann tú nach n-osclófar doras liteartha duit muna ndéanann tú a thóin a lí le bréagmholadh masmasach. Tá dochar mór déanta ag an cur i gcéill seo do litríocht na Gaeilge le fada. Cluiche suarach nach dtuigeann éinne na rialacha a ghabhann leis ach amháin na hóinseacha agus na hamadáin atá sásta an fhírinne a chur as a riocht. Moladh nó cáineadh fónta, cothrom, ionraic a theastaíonn. Cad chuige nach bhfuil iarracht níos fearr déanta ag maithe agus móruaisle na litríochta Gaeilge an léirmheastóireacht a fhorbairt agus a chothú ar mhaithe le todhchaí na litríochta féin? Cad chuige nach gcuirtear ceardlanna agus máistir-ranganna agus sparántachtaí ar fáil chun léirmheastóirí (agus moltóirí do na comórtais liteartha) a mhealladh agus a oiliúint i gceart? D’fhéadfainn a bheith anseo go meánoíche na gcat ag iarraidh an cheist achrannach seo a réiteach ach táimid go léir ag dul in aois. An chéad úrscéal anseo, Aileach, is píosa snoite ceardaíochta é ag Gobán Saor de scríbhneoir a oibríonn go dian, dícheallach chun foirfeacht a bhaint amach i gceird na scríbhneoireachta Gaeilge. Ní duine le hego mór é a shantaíonn na soilse geala ná atá ag iarraidh é féin a bhrú chun tosaigh sa saol. Tá an nóibhille suite i gConamara agus is í Bríd an príomhcharachtar, an t-aon charachtar le dealramh atá sa scéal. Buailimid léi ar dtús sa bhliain 1932 in aois a hocht mbliana déag di. Tá sí ag iompar agus is geall le diabhal as ifreann í i súile na heaglaise Caitlicí agus i súile an phobail bhig ina maireann sí féin. Tugann an sagart cuairt ar a máthair agus meon níos tíoránaí aige ná mar a bheadh ag oifigeach de chuid an Gestapo seacht mbliana ar aghaidh. Is beag tacaíocht a fhaigheann sí óna tuistí ach iad ag cúbadh siar uaithi de shíor. Marbh a rugadh an leanbh agus cosa Bhríd nite dá réir. Ar a laghad sheachain sí uafás an Magdaline Laundry agus thóg an bád bán go Meiriceá, áit a raibh uncail le teacht chun fóirithinte uirthi, rud a dhein sé go drogallach, fuarchúiseach. Ba bheag a bhí i ndán di thall ansin ach an mí-ádh. Ach choinnigh sí uirthi agus d’fhill ar a fóidín dúchais agus í ag teannadh le 95. Léigh mé an leabhar seo san aon seisiún léitheoireachta amháin. Déanaim iontas de cheardaíocht oilte agus Gaeilge shaibhir, shimplí an údair. Déanaim iontas den ghontacht. Ró-ghontacht a chleachtann sé, dar liom, agus is é sin an laige is mó atá sa leabhar. Tá creatlach an scéil róthrom don árthach beag seoil ar uairibh agus tosnaíonn sé ag tógáil uisce. Agus bíonn ar an léitheoir an t-árthach a thaoscadh. Ach is beag locht eile atá ann. Ta sé gonta, simplí, soléite agus leanann tú ort ag iompó na leathanach agus faobhar chun léitheoireachta ort. Is annamh a tharlaíonn sé sin na laethanta seo. Má tá árthach Mhic Dhonncha róbheag do chreatlach a scéil, tá árthach Uí Chonaire rómhór. Mar sin féin is scéal spreagúil, tráthúil, rithimiúil é Iad Seo Nach bhFaca ag Ó Conaire. Úrscéal mór le canbhás mór atá anseo, é suite i nGaeltacht an Iarthair san am marfach ina mairimid. Anois, ní dhéanfadh sé aon dochar dá gcuirfeadh Cló Iar-Chonnachta nóta beag beathaisnéise ar an mblurba i dtaobh na n-údar Jackie Mac Donncha agus Beairtle Ó Conaire. Níor cheart go mbeadh ort dul sa tóraíocht ar bhlúirí eolais ina dtaobh. Cnuasach gearrscéalta, Lár an Domhain, agus úrscéal eile, Fonn na Fola, foilsithe ag Ó Conaire roimhe seo. Tá dúshlán ag baint leis an úrscéal seo atá faoi chaibidil agam: todhchaí na Gaeltachta agus cad atá i ndán di. An féidir í a tharrtháil nó an bhfuil a cosa nite? Meafar is ea ‘an fhluairíd nimheanta’ atá á cur san uisce ag an Roinn Fíoruisce agus Drochthailte don fhaillí ghránna atá á dhéanamh ar an teanga Ghaeilge. Is ionann truailliú na timpeallachta agus truailliú na teanga i gcomhthéacs an úrscéil seo, agus tá an chamastaíl chomhcheilgeach mar chúlra éifeachtach leis an scéal. Déanann Aibhistín, an príomhcharachtar, cinneadh an baile mór a thréigint agus filleadh ar fhód a dhúchais, Ros Geal. Is ann atá cónaí ar sheanchara leis, Cuimín. Cinneadh cinniúnach. Aibhistín pósta ar Eibhlín agus beirt chlainne acu, Déirdre agus Darach. Truán de phótaire é Cuimín. Aibhistín ag iarraidh an pláinéad a shábháil. Ach ní cathair mar a tuairisc í an tuath a thuilleadh. Seilbh gafa ag béasaí na cathrach uirthi. An tuath á lot ag lucht an rachmais agus ag an dul chun cinn. Agus beireann na háitritheoirí ó na bailte móra agus na cathracha a gcuid béasaí chun na tuaithe leo. Níor theastaigh ó Dhéirdre ná ó Dharach teacht chuig Ros Geal. B’fhuath leo an áit agus teanga na háite. Tarlaíonn an-chuid eachtraí ina saol nua i Ros Geal. Tarlaíonn timpiste a mhilleann saol Dharach agus a chothaíonn teannas uafásach idir an triúr eile. B’fhéidir nárbh é seo a theastaigh ó Bheairtle Ó Conaire a bhaint amach ach go ndeachaigh plota an úrscéil sa bhfraoch uaidh. Tá an tarna cuid den úrscéal, ach go háirithe, róphlódaithe le fophlotaí nach bhfuil forbartha a ndóthain. Tá an stíl scríbhneoireachta go hálainn ach ní éiríonn leis an údar an seansaol agus an saol nua a chomhnascadh i gceart ná na línte go léir a thabhairt le chéile. Ábhar díomá é sin mar bhí an-gheallúint leis mar scéal ag an tús. Má bhí dúshlán ag baint le húrscéal Uí Chonaire, cad é mar dhúshlán a bhí ag Pádraig Ó Siadhail lena úrscéal leathbheathaisnéiseach, Beirt Bhan Mhisniúla (cad a bhí cearr le Beirt Bhan Misniúil Uí Chonaire, dála an scéil?). Is mó rud a shamhlóinn ach deacair dom a shamhlú go mbeadh mná ag caitheamh na spor i ndiaidh Phádraic Uí Chonaire! Níor rith sé riamh liom go bhféadfadh sé a bheith ina bhuachaill báire, caithfidh mé a rá. Seo an ceathrú úrscéal ó pheann an údair seo agus an ceann is dúshlánaí, b’fhéidir. Is maith liom an ficsean beathaisnéiseach go dtí pointe. Tá an iarracht seo thar barr, dar liom. Ríomhann sé saolré Uí Chonaire go cuimsitheach. Bogann an t-úrscéal ó Nua-Eabhrac go Londain go Baile Átha Cliath sa thréimhse 1913 – 28. Pé íomhá de Phádraic Ó Conaire a bhí neadaithe inár gcloigne go dtí seo déantar í a scoilteadh ina smidiríní san úrscéal seo. I gcúrsaí grá, duine gan puinn scrupaill a bhí ann, dealraíonn sé, macasamhail cuid de na carachtair a chruthaigh sé ina chuid gearrscéalta féin. Is í Caitlín Ní Aodha, iriseoir Ceanadach agus bean a bhí chun tosaigh mar phoblachtánach i Nua-Eabhrac sna 1920í, í féin agus a cara Mary Morrisson, an bhean a bhí mar leannán ag Pádraic. Bhunaigh sí na Géanna Fiáine, páirtí an athmhuintearais a thacaigh go láidir le feachtas na bPoblachtach i Meiriceá. Roimhe sin bhí sí tar éis tréimhse a chaitheamh i Londain, áit ar bhuail sí le Pádraic, thit caoch i ngrá leis agus roinn leaba leis. Ní dúirt Pádraic léi go raibh sé pósta is go raibh cúram clainne air agus nuair a fuair sí amach nach raibh aon rud buan i ndán dá gcumann, bhí sí croíbhriste. Dealraíonn sé freisin nárbh í Caitlín an t-aon bhean a bhí ar adhastar ag ár bpocaire beag! Ach is é saol agus cinniúint Chaitlín atá ag croílár an úrscéil dhea-scríofa, sholéite, shainiúil, chumasaigh seo. Tá an taighde agus an bealach atá an t-úrscéal leagtha amach thar barr, dar liom. Molaim go mór é agus mholfainn d’aon scríbhneoir atá ag smaoineamh ar úrscéal a scríobh an t-úrscéal seo a bheith mar eiseamláir aige. Arís, iompaíonn na leathanaigh as a stuaim féin, bheifeá ag ceapadh, agus tú i mbun léitheoireachta. Sár-úrscéal amach is amach. Agus faoi dheireadh Aiséirí le Alex Hijmans, údar Favela, leabhar a ríomhann an tréimhse a chaith Alex i mbruachbhaile sa Bhrasaíl, ceantar dúchais a fhir chéile. Seo a chéad iarracht ar fhicsean a scríobh. Úrscéal a scríobh faoi shiopa caifé i gcathair na Gaillimhe? An bhfuil an fear seo glan as a mheabhair! Siopa caifé den ainm AISÉIRÍ! Bhuel, is cuimhin le cuid againn an siopa caifé Banana-Phoblacht ar Shráid Doiminic, atá imithe ar Shlí na Fírinne le tamall maith de bhlianta faoin am seo, faraor, agus ba mhó babhla breá anraith, gan trácht ar chupán caifé, a bhí againn san áit bhreá, neamhchoitianta. Is í Rebekka Vogelzang príomhcharachtar an úrscéil. Is ealaíontóir óg ón Ísiltír í agus fostaítear í in Aiséirí agus ríomhann an t-úrscéal cúrsaí a saoil ina dhiaidh sin. Creideann sí gurbh é ról na healaíne réabhlóid a chothú agus, ar bhealach, is meafar an siopa beag caifé agus an t-inneall expresso don réabhlóid seo. Tagann carachtair shuimiúla tríd an doras go rialta. Carachtar thar a bheith suimiúil é úinéir Aiséirí, Naoise. Ar bhealach aisteach tagann na snáitheanna go léir le chéile de réir a chéile agus tugann tú suntas don mheiteaficsean taitneamhach seo. Caithfidh mé a rá gur thaitin an leabhar liom agus bhain mé an-taitneamh as. Cruthaítear pictiúr cumasach de chathair na Gaillimhe sa ré nua ann agus faighimid léargas ar aos dána Chathair na dTreabh. Léitheoireacht éadrom atá inti ach fós féin braithim go bhfuil scileanna scríbhneoireachta agus tuiscint dhomhain ag an údar ar nádúr an duine ag an am céanna. An-éagsúlacht sna húrscéalta seo. Solas an lae tuillte ag gach aon cheann acu. Agus ag freagairt na ceiste a chuireas sa chéad abairt den léirmheas seo: ní baol don úrscéal Gaeilge fad is go gcoinníonn na húdar súil ghéar ar rúibricí an mhargaidh léitheoireachta. Feasta, Aibreán 2012 Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais |