Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Johnny Octóbar
le Liam Prút

- i gcuimhne an fhile, an staraí, an scoláire, an aisteora, an diagaire, an fhealsaimh, an duine bheannaithe agus an mhórcharad S. E. Ó Cearbhaill, Bráthair, Gael
8 D.F. 1922 – 28 Bealtaine 2011

Chuir mé an cheist seo ort cheana,
a deirim le cion leat,
agus deirir gur chuir cinnte.
Inis dom, a deirim ansan,
Cén cheist í? Agus díríonn tú

do mheon uile ar an gceist.

Chuireas an cheist ort,
táim cinnte, a deirim,
Ar chuiris riamh aithne
ar Johnny Carroll?

’anam gur chuir, a deir tú.
Agus an duine mar sin atá ann?
Mar thú féin, a deirim
le m’anamchara
agus neosfaidh mé duit faoi:

Thugas cuairt ar Johnny
thart ar a lá breithe,
Octóbar na bliana a deich —
is annaimhe liom san a dhéanamh
ón uair go bhfuil scata
de na blianta is deireanaí aige
tar éis seilbh choincliúil chalctha
a ghlacadh ar an gcuid
den duine umhal ann
ar mór aici cairde
is lucht aitheantais —

uair sa bhliain anois
ar an gcuid is fearr de,
a thugaim cuairt ort, a Johnny,
nach ea?

agus tugaim chugat anois
glac bheag leabhairíní beaga
de do dhánta Béarla
(de dhéantús is de cheangal
an Colour Copy Centre
i Ráth Maonais)
nár foilsíodh in aon cheann
de do leabhartha toirtiúla Gaeilge 1

Do thindeálaí Filipíneach
a chuireann cóip díobh
idir do mhéireanta, a Johnny,
agus tú i do shuí lem’ ais
i do rothchathaoir:

níor chuiris fáilte romham an uair seo
ach oiread, a Johnny. Ba bheag
má chuiris fáilte romham
an uair dheireanach, Octóbar 2009,
mura n-áirím an eadarlúid aitheantais
nuair a d’inis tú d’Fhionán Ó Donnchú
faoi leabhar a thugas chugat...

As an stánadh dífhoclach agat,
Johnny, ar dhán deireanach an leabhairín
shíleas faoi mar go mbeifeá
ag caitheamh dímheasa ar a raibh
de do dhánta Béarla sa leabhairín,
ar eagla, dar liom a shílis,
go raibh siad tar éis aird a bhaint
de dhánta is de shaol glórmhar
Gaelach an fhile S. E. Uí Chearbhaill.
Ní ón léamh sin agam
ort féin agus ar do stánadh
idir mise agus do leabhairín é
aithne sin na míshástachta
a bhraitheas ort chugam
amach as an gceo dífhoclach
a ghnáthaíonn Johnny mo chroí,
ón uair a chaillis lúth na gcos fhéin.

‘Níl aon aithne aige orm’, a deirim
le Peaidí Ó Néill, a thagann anall chugam
ón taobh eile den seomra mór
comhthionóil le linn an chupáin tae.
‘Tá na sealanna idir na cuarta agat
rófhada’, a deir Peaidí,
‘le go n-aithneodh sé tú’.

Chuir an fhéachaint sin Johnny
a míshásamh in iúl dom
i bhfocail Bhéarla agus Gaeilge
bíodh nár labhradh aon fhocal beoil,
ach b’fhéidir focail a chumais—
laistigh de do bhéal—
agus thugas mo dhúshlán féin
teacht chugat níos minicí, Johnny:
An duine den sórt san é? a deirir liom.
Duine thar dhaoine é, a deirim,
a anamchara, pé thú féin!

- Liam Prút, 03.02.2011


1.An tÁr sa Mhainistir (An Gúm, 1972)
Cros gan Teampall (Coiscéim, 1984)
Oilithreacht i Nua-Eabhrac (Coiscéim, 1993)
An Deoir sa Bhuidéal (Comhar Tta., 1998)
Jeaicín File (Coiscéim, 2005)

Feasta, Aibreán 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo