Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Nach mór an t-ábhar misnigh agus dóchais é conas mar cheiliúramar an Fhéile Náisiúnta chomh bríomhar sin arís i mbiana. Ní beag an t-éacht é na laethanta gruama seo nuair is beag má tá aon mhaolú le brath go fóill ar ár ndrochstaid eacnamaíoch. Agus is ábhar ar leith misnigh é do phobal na Gaeilge a fheabhas a d’éirigh arís le Seachtain na Gaeilge, a bhuíochas-san, gan amhras, do lucht a pleanála agus heagraithe.
Is fíor go raibh cúrsaí na tíre in ísle brí an uair sin leis nuair a bhunaigh Conradh na Gaeilge an tSeachtain i dtús an chéid seo caite, agus níor bheag an spreagadh a thug sé sin don phobal ag an am. Cuimhnigh leis gur mar chuid den tSeachtain a bhí an pharáid mhór i mBaile Átha Cliath sna blianta san, agus gurb é an Conradh a eagraíodh é sin freisin.
Is sa chomhthéacs san atáthar chun tagairt arís don chonspóid atá ag leanacht ar aghaidh rófhada ar fad idir na heagraíochtaí deonacha Gaeilge agus Foras na Gaeilge maidir leis an tsamhail nua mhaoinithe atá á bheartú ag an bhForas do na heagraíochtaí sin.
Ní hé atá i gceist na seanargóintí a chíoradh arís, ach mar a dúradh anseo cheana tá blas na hidé-eolaíochta le sonrú go láidir ar an tsamhail, ina bhfuil sé i gceist modhanna oibre a oireann do chomhlachtaí agus do chorparáidí gnó, agus d’fhealsúnacht eacnamaíochta an tsaormhargaidh i gcoitinne a chur ina luí ar eagraíochtaí deonacha.
Is mór idir aidhmeanna agus cur chuige lucht gnó agus an cur chuige a bheadh oiriúnach d’eagraíochtaí ar cúram dóibh an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla i measc an phobail.
Níl na heagraíochtaí in iomaíocht le chéile ar aon chor, agus is deacair ar fad a shamhlú conas a fhéadfadh siad feidhmiú agus córas réimsí oibre nó scéimeanna buailte ón spéir anuas ar gach uile cheann díobh.
Scéal eile ar fad é dá mb’amhlaidh go mbeadh dúbláil i gceist acu nó go mbeadh modhanna oibre neamhéifeachtúla in úsáid acu, agus dá thoradh go mbeadh airgead poiblí á chur amú. Ghlacfaí go huile leis gur chóir dul i ngleic lena leithéid sin, go háirithe i dtráth go bhfuil an státchiste faoi bhrú atá as an ngnáth ar fad.
Gan amhras, ba chóir don bhForas agus do na heagraíochtaí teacht le chéile arís agus an cheist a phlé ó bhonn. Is róbhaolach go bhfuil an neamhchinnteacht ina bhfuil cúrsaí faoi láthair ag cothú amhrais agus easpa misnigh i measc daoine atá páirteach ar aon bhealach in obair na n-eagraíochtaí, ach níos tábhachtaí ná san i measc phobail na Gaeilge i gcoitinne.
Is baolach leis gurb í an Ghaeilge féin a bheidh thíos leis an gconspóid seo.
|