Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Comhlíonaigí bhur ndliteanais, agus nithe eile
le Seán Ó Loingsigh
B’fhéidir gur mór faoi chomaoin sinn ag Réamonn Ó Crotaigh, an fear groí ba chúis leis na reifrinn go léir a bhíonn ann! Murach iad, shatlófaí ar fad orainn!
———◊———
In gnathaí go mór gurb é RTÉ a bhíonn sa tóir ar na polaiteoirí ach go háirithe ar lucht Fhianna Fáil, ach a mhalairt a bhí fíor tar éis do thuarascáil Údarás Craolacháin na hÉireann faoi chlár Frontline le linn toghchán na huachtaránachta a bheith foilsithe. Bog go leor, b’fhéidir, a tháinig miondéithe RTÉ as an eachtra. Deineadh ‘éagóir’ ar Sheán Gallagher, a dúradh, ach ba bheag a bhí le rá faoin mbealach a cuireadh próiseas an daonlathais as a riocht san mbealach a riaradh an clár. Nár mhó an tromchúis a bhain leis sin?
Is cuimhin liom go ndúradh anseo ag an am gur gheamaireacht nó sorcas a bhí ann, agus Pat Kenny ag feidhmiú mar mháistir an tsorcais ag cur ceisteanna leibideacha ar na hiarrthóirí. Ach is é is mó a fhanann sa chuimhne ná an t-ionsaí fíochmhar a rinne Gay Mitchell ar Kenny go díreach de bharr a leibidí a bhí na ceisteanna.
Ar ndóigh, ba ghearr go raibh RTÉ ar ais ar a sheanléim sa chlár The Week in Politics, agus iad ag díriú ar an rialtas deireanach de bharr na margántaíochta a bhí ar bun acu le Jackie Healy-Rae agus Michael Lowry, tráth go raibh sé ag dul dian orthu a ngreim a choinneáil ar an gcumhacht. Ba mhinic dúinn féin ag gearán faoi chomh maith, ach ba é an córas vótála — ár sean-namhaid, an vóta aonair inaistrithe— ba mhó a bhíodh mar sprioc againn, agus conas mar a fhéadfadh an córas sin cumhacht as cuimse a thabhairt do theachtaí neamhspleácha.
Ach, an ceart i gcónaí, tá stair fhada ag an margántaíocht seo ag dul siar, ar a laghad, chomh fada le Tony Gregory. Ní raibh aon amhras air siúd faoin tairbhe a dhein a mhargadh le Cathal Ó hEochaidh do lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Gan amhras d’aontódh go leor i ndeisceart Chiarraí agus i dtuaisceart Thiobraid Árann leis. Mar a tharlaíonn tá lear mór teachtaí neamhspleácha sa Dáil faoi láthair agus gan rian cumhachta acu. Níl aon easpa cainte orthu mar sin féin, bail ó Dhia orthu.
Níl aon éaló ón Eoraip na laethanta seo, nó is fada go mbeidh agus ár gcúrsaí mar atá. Ní heol d’aon duine cathain a bheidh an reifreann úd againn, fiú na hairí rialtais más fíor dóibh. Ní cuimhin liom go ndúradh riamh cheana anseo é, ach b’fhéidir gur mór faoi chomaoin sinn ag Réamonn Ó Crotaigh, an fear groí ba chúis, na blianta ó shin, leis na reifrinn go léir a bhíonn ann, gach uair a athraíonn an tAontas a gcuid rialacha. Murach iad shatlófaí ar fad orainn.
Cuimhnigh anois go bhfuil pobail eile na hEorpa atá gan ceart vótála ag brath orainn an ceart a dhéanamh! Ach cá luíonn an ceart? Sin í an cheist. Bhí tráth ann go mbímis go mór i bhfábhar na hEorpa, ar chúiseanna a bhaineann cuid mhór leis an stair. Is deacair a bheith chomh cinnte céanna inniu. Is dóigh liom gur caitheadh cruálach go leor linn, ní hé nach raibh dóthain de sin tuillte againn.
Pacta sunt servanda, a deir Olli Rehn linn i dteanga bhlasta impireacht na Róimhe: comhlíonaigí bhur ndliteanais. Nach tiarnúil é! Ní bheifí, ar ndóigh, chomh tiarnúil céanna leis an Spáinn nuair a chuir an rialtas ansin in iúl don Choimisiún nach raibh i gceist acu an t-easnamh sa bhuiséad a laghdú oiread a bhí leagtha síos dóibh i mbliana. Is cumhachtaí iad ná sinne, ar ndóigh.
Féach anois! Is maith is eol go bhfuil ár n-ualach fiacha scanrúil, idir an t-airgead atá le haisíoc de bharr bhriseadh na mbanc, na nótaí gealltanais úd, agus an t-easnamh ollmhór atá anois inár mbuiséid agus a chaithfear a laghdú, a luaithe is fearr.
Ach deirtear leis go bhfuil fás agus borradh sa gheilleagar riachtanach, má tá an geilleagar sin le bisiú, go háirithe i dtionscal na tógála atá anois in ísle brí ar fad. Is é an tionscal amháin sin is mó is cúis le formhór na dífhostaíochta agus na himirce. Fiú go ndúirt an Ciste Aigeadaíochta Idirnáisiúnta atá ina bhall den ‘Triúracht’, agus atá ag coinneáil súil chomh docht sin orainn, go raibh borradh na heacnamaíochta riachtanach chomh maith le ciorraithe.
Bhí sé suimiúil go raibh an tAire Howlin ag rá le déanaí go raibh fiosrú riachtanach a léireodh go beacht fios fátha agus imthosca ár dtubaist airgeadais agus geilleagair.
Tá tuarascálacha Nyberg, Regling,Watson agus Honohan againn cheana féin. Pléann tuarascáil Nyberg, mar shampla, conas mar a tharla éigeandáil na mbanc, an tarrtháil a deineadh orthu agus go háirithe an ráthaíocht a thug an rialtas do na bainc de thoradh an chruinnithe chinniúnaigh sa Roinn Airgeadais oíche an 29ú Meán Fómhair 2008 — oíche a mbeidh trácht uirthi sa stair.
Is léir go raibh scaoll i gceist ag an chruinniú sin agus eagla ann nach n-osclódh na bainc an mhaidin dár gcionn. Deir Nyberg linn go ‘mb’fhéidir’ gur bhotún a bhí sa ráthaíocht, nó go ndeachaigh sé rófhada. Shíl siadsan ag an gcruinniú gur easpa leachtachta nó ‘liquidity’ a bhí ag cur as do na bainc. Níor léir dóibh go raibh cuid díobh briste scun scan agus cuid eile díobh báite i bhfiacha. Níl sé soiléir ach oiread go raibh a fhios ag lucht na mbanc féin.
Ar ndóigh deineann Nyberg cíoradh ar an ról a bhí ag na húdaráis a raibh freagracht orthu sa ghnó seo ar fad, go háirithe an Banc Ceannais, an Rialtóir Airgeadais, an Roinn Airgeadais agus ar ndóigh an rialtas, nó go praiticiúil an Taoiseach agus an tAire Airgeadais. Is eol dúinn ó Mháire Ní Ainiféin agus ó Willie O’Dea nach ndeachthas i gcomhairle leo féin!
Tá go leor den mhilleán le leagadh orthusan sa Bhanc Ceannais agus ar an Rialtóir agus ar na hardstátseirbhísigh sa Roinn Airgeadais. Bhí easpa comhoibrithe i gceist, easpa tuisceanna, easpa saineolais, agus go tubaisteach, atmaisféar na linne a chothaigh creideamh rómhór i suáilcí an tsaormhargaidh, agus sa ‘rialúchán éadrom’ i gcás na mbanc, agus réimse an tsaoil airgeadais i gcoitinne.
Ní raibh státseirbhísigh ag béicíl ard go leor ar na polaiteoirí chun srian éigin a chur le tionscal na tógála, a rabhthas ag brath rómhór air. Bhí na polaiteoirí breá sásta lena raibh d’airgead ag carnadh isteach sa státchiste, agus má bhí cúlú ag bagairt ba ‘thuirlingt bhog’ a bheadh i gceist. Sa deireadh b’olc an lá é gur tháinig an Banc Angla-Éireannach ar an bhfód agus gur thosaigh ag stealladh airgid le lucht forbartha. Chuir sé sin brú ar bhainc eile déanamh amhlaidh nó a ndoirse a iamh.
Bhí sé an-suimiúil nár tháinig an tAontas Eorpach ná an Banc Ceannais Eorpach glan ón tuarascáil agus boladh cumhra na rós leo, mar a chuirfí é sa Bhéarla. Ní raibh siad dall ar fad ar a raibh ar siúl in Éirinn i laethanta an tsómais, agus ba bheag locht a fuair siad air. Go deimhin, ba mhó gur ábhar maíte dúinn é, ní hionann agus inniu nuair gur dealraithí sinn le coirpigh.
Ach is cosúil nach leor na tuarascálacha seo don Aire Howlin, agus go bhfuil i gceist aige fiosrú mór eile a thionscain. Drochsheans go gcuirfear leis an róphlódú sna príosúin de bharr a bhfuil i dtuarascáil cosúil le Nyberg. Baintear úsáid rómhinic as foclaíocht mar ‘maybe’, ‘perhaps’, ‘it appears’, ‘it seems’ agus a leithéidí chun go dtarlódh sé sin. Ar aon chuma nach bhfuil na gardaí ag fiosrú na ceiste seo faoi láthair, agus nach gcaithfear an cúram a fhágáil fúthusan go gcloistear uathu.
B’fhéidir gurbh fhearr don Aire díriú isteach ar na hathruithe struchtúrtha atá riachtanach maidir le roinnt na ndualgas agus na freagrachta idir institiúidí mar an Bhanc Ceannais agus an Roinn Airgeadais agus oifig an Rialtóra Airgeadais. Níor mhiste leis go mbeadh soiléiriú ar an gcaidreamh idir Airí agus ard-státseirbhísigh.
——◊——
Bhí sé i gceist cúpla focal a rá faoi dhá ábhar shuimiúla eile ach is beag spás atá fágtha. Bhí go leor ag faire amach don dá chlár ar Scéal na Gaeilge ag Alan Titley ar TG4. B’fhada riachtanach iad. Má bhí daoine ag gearán faoi na carachtair chartúnacha ag preabadh thall is abhus, ní mór smaoineamh nach air an seandream a bhí na cláir dírithe ach ar dhaoine óga.
Nár bhreá dá ndeintí cúpla clár ar na seanmhanaigh a chuaigh go dtí an Eoraip ag craobhscaoileadh creidimh go luath i ré na Críostaíochta, agus go raibh Titley ag tagairt dóibh i measc go leor eile. B’iontach an dream iad agus b’álainn na háiteanna ar a chas siad. Leithéidí Cholmáin na hIodáile (nó Columbán) a chuaigh go Bobbio, a pháirti Gall a stop i Sankt Gallen na hEilvéise agus atá faoi onóir sa leabharlann álainn an Stiftsbibliothek sa chathair sin, agus inar féidir ‘Pangur Ban mo chut’ a léamh mar a breacadh é an chéad lá. Nó d’fhéadfaí dul go Salzburg mar a raibh fear na céimseatan, Feargal, ina easpag, nó fós go Wurzburg, mar a raibh Cillian ina easpag eile. Tá Ailbhe faoi onóir i Regensburg agus Frigidianus i Lucca na hIodáile, mar ar chas sé an abhainn chun na Lombardaigh a chosc. Ní ionadh lucht na cathrach a bheith buíoch de. Ach is liosta rófhada é — agus nach Eorpaigh sinn ar fad anois!
——◊——
Bhíothas ag cur síos anseo tamall ó shin faoin gConraitheoir Alice Milligan, an bhean de bhunadh Protastúnach a raibh cáil mhór uirthi i luathbhlianta na hathbheochana, agus nach eol dár nuastaraithe aon ní fúithi. Ní bheidh sin de leithscéal acu feasta: tá leabhar nua foilsithe faoina saol, Alice Milligan and the Irish Cultural Revival is teideal do. Catherine Morris an t-údar. Tá sé gan léamh, go fóill pé ní. B’fhéidir go mbeifí ag caint faoi ar ball.◊
Feasta, Aibreán 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|