Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Meáchan Broibh
le Mícheál Ó Laoghaire
A mhuintir féin a mharaigh é — comharsana, cairde fiú!
——◊——
An Satharn a maraíodh Seán ‘An Síneach’ Ó Dálaigh i dtábhairne na Fallainge Duibhe i Sráid an Dúna, ní rabhas i láthair. Ní rabhas-sa ann. Ní rabhas i gCorcaigh féin, fiú. Bhíos i mBaile Átha Cliath an oíche sin. Ní hamháin sin, bhíos ann an Aoine roimis agus bhíos fós ann seachtain ina dhiaidh. Chaitheas an deireadh seachtaine iomlán san i mBaile Átha Cliath, i nDroim Conrach nó i bhFionnradharc; áit éigin sa cheantar san ar aon nós.
Bheadh a fhios ag duine éigin den dream go rabhas ina gcuideachta cad é an ball go baileach. Bhí scata mór i mo theannta, mac breithimh ardchúirte agus nia an Aire Cosanta ag an am, ina measc. Bhí torthaí na scrúduithe deireanacha dlí díreach tagtha amach agus bhíomar á gceiliúradh. Á gceiliúradh ar ár ndícheall. Bhí sé ina fhlaith-bheart cheart againn i ndáiríribh, sinn ar ár gcaid le hól, le cnáib agus le cailíní saora toilteanacha. D’fhéadfadh éinne ceist a chur ar na leaids a bhí i mo theannta, dhearbhóidís ná rabhas i gCorcaigh an oíche sin.
Ach bhí deartháir liom ann, sa bhFallaing Dhubh, an oíche sin, agus uncail liom. Chonaiceadar siúd gach rud.
A mhuintir féin a mharaigh é — comharsana, cairde fiú. Bhuel, go pointe áirithe ar aon nós. Níor fhear mór caradais é an Síneach. Fear ann féin ab ea é. Níor dhein mór nó beag d’éinne. Ba chuma leis Garda nó soláthraí, d’ólfadh sé deoch leis, choimeádfadh comhrá leis. Déarfadh fear a chaithfeadh seal ina chuideachta go mba dhuine lách réidhchúiseach é, ach dá ndéanfadh sé a mhachnamh ina dhiaidh sin air, rithfeadh sé leis ná raibh aon aithne puinn curtha aige air. Níorbh amhlaidh don Síneach é, áfach. Bheadh blúiríní beaga eolais bailithe aige siúd chuige féin, curtha i dtaisce go ciúin aige. N’fheadar éinne cathain a bheadh an t-eolas conláisteach dó.
Ba mhinic a ghabhtaí é. B’annamh, áfach dóthain fianaise a bheith ann chun é a chúisiú. Agus b’fhuar ar fad do na Gardaí iarracht a dhéanamh ar é a mhealladh nó é a bhréagadh sa cheistiúchán. D’fhreagródh sé a gcuid ceisteanna go réidhchúiseach, tomhaiste ach ní bheadh aon eolas nochtaithe aige nach raibh acu cheana. Ní fhéadfaí tuisle a bhaint as.
Ach ní chuireadh ‘An Síneach’ aon chorrbhuais puinn ar na Gardaí i ndáiríre; ní rabhadar ró-bhuartha faoi. I gcomparáid le siorcanna agus liúis na ndrugaí, ní raibh ann ach mar a bheadh táirnín. Ní bhíodh airgead mór á dhéanamh aige, ní dhíoladh sé an ruainne ba lú le daoine óga nó le daoine ná raibh aithne aige orthu agus ní bhíodh lámh leis i mbruíon, i bhforéigean nó imeaglú. Bhí a chuid cliant féinig aige. Choimeádadh sé soláthar glan leo ar phraghas na coitiantachta agus bhíodh sé sásta leis an méid sin. Ba leor leis a dhóthain. Ach b’ait le daoine eile an méid san, aistíl dar leo, aistíl go mba leor é amhras a mhúscailt, aistíl go mba leor é lena dhaoradh, ar ball.
———◊———
Sa saol gairmiúil atá caite agamsa sna cúirteanna, os comhair an bhinse agus ar an mbinse féin, is annamh a chasas lena leithéid. Duine amháin, beirt b’fhéidir. De ghnáth, bíonn fonn millteach ar chúisí a áiteamh ar Ghardaí, ar a dhlíodóir, ar an gcúirt ná raibh baint dá laghad aige leis an gcoir as a mbíonn sé cúisithe. Scaoileann sé sciodar cainte uaidh lán den leathfhírinne agus den bhréag ghlan. Éisteann na Gardaí leis an sciodar seo cainte go foighneach, ag bailiú chucu gach leathfhírinne, gach earráid, gach éitheach.
Ansan, nuair a thagann sánas ar an ruthag cainte san, cromann siad ar an scéal a phriocadh as a chéile, focal ar fhocal, eachtra ar eachtra, leathfhírinne ar leath fhírinne nó go dtiteann an scéal ar fad as a chéile is go dtosnaíonn an cúisí ag admháil rud anseo agus rud ansiúd nó, ar deireadh, go bhfuil sé daortha as a bhéal féin. Níl rud ar bith gur féidir le dlíodóir a dhéanamh ar a shon ansin. Is minic gurb í an áirc seo chun faoistine a dhéanamh an cros is mó i saol dlíodóra. Ach tá cleasanna ann chun teacht slán uaithi. Seo ceann acu.
Cleas é seo a d’fhoghlaimíos ó Tom Duinnín ar an Meal fadó. A luaithe is a thosaíodh cliant leis ag míniú dó ná raibh baint aige le pé eachtra a d’fhág faoi lámha na nGardaí é, chuirfeadh Tom stop leis.
‘Anois, a fhir mhaith, tuigse an méid seo. Sa chóras dlí s’againne, caithfidh mise mo dhícheall a dhéanamh ar do shon, cuma ciontach nó neamhchiontach tú. Chun do chás a chosaint, áfach, beidh eolas cruinn, iontaofa ag teastáil uaim.’!
D’osclaíodh sé a chás ansan agus thógadh bloc páipéir amach agus shíneadh trasna chuig a chliant é.
‘Anois, teastaíonn uaim go scríofa síos anseo gach uile rud a tharla an oíche san. Gach uile rud. Ná fág aon ní ar lár. Agus cuimhnigh, eadrainn féin go hiomlán é seo. Faoi dhiscréid atánn tú á scríobh. Aon rud a scríobhann tú, is rún faoin dlí é.’
Sheasaíodh ansan agus dhéanadh faoi dhéin an dorais. Ag an doras féin stopadh agus chasadh thar n-ais chuig an cliant go méaldrámatúil.
‘Cuimhnigh. Leas an anama faoistin mhaith’
D’fhágadh sé ansan é ar feadh uair a’ chloig nó mar sin é. Nuair a fhilleadh sé chuireadh sé an t-iomlán a bhí scríofa isteach i gclúdach mór Manilla agus ghreamaíodh an séala air.
‘Anois, a fhir mhaith, an bhfuil gach rud ann…. Gach aon rud? Tá? Go maith. Anois, tá ceist agam ort. Ach ná tabhair freagra orm. Dein do mharana chiúin uirthi. Conas a rithfeadh do chás dá dtabharfainn an clúdach seo síos chuig an Bridewell?
Ligeadh sé neomat nó dhó thairis, ag féachaint ar an alltacht ag fáil greama ar chroí a chliaint.
‘Díreach. Tá do chuid faoistine déanta anois agat. Ualach mór bainte ded chroí. Ní gá duit aon cheann eile a dhéanamh. Más leas an anama faoistin mhaith, is annamh gur chun leasa an choirp é. Anois, is dóigh liomsa gurb é an rud is ciallmhaire a dhéanamh leis seo ná é a dhó. Tá a fhios agatsa cad tá ann agus níl aon riachtanas agamsa leis an eolas ar fad.’
D’osclaíodh doras an tsoirn bhig a bhíodh san oifig agus cuireadh an clúdach, lena eire trom faoistine, isteach ann.
‘Feasta, níl uaim ach freagra díreach. Ná téir thairis sin agus ná hinis bréag dom!
B’annamh a d’admháladh cliant Tom aon ní ina dhiaidh sin. Dheineas móráltacht an chleasa a cheistiú uair, ach bhíos an-saonta ag an am.
‘A Bhreandáin, níl aon bhaint ag móráltacht leis an scéal. Tá a cheart ar a thriail chothrom ag gach mac máthar a shiúlann isteach trén doras sin chugamsa. Níl á dheánamh agamsa ach deimhin a dhéanamh de ná deineann an breall cúram an Chúisitheora dó. Tá’s agamsa gur minic fear ciontach tógtha saor ó dhaorbhreith agam. Ach sin eolas. I gcúrsaí dlí ní mheánn eolas brobh mura bhfuil fianaise mar thaca aige.’
‘Agus táir sásta leis sin?’
Sheas sé ar feadh meandair ghairid, ag faire orm.
‘Cuirfead mar seo é, a Bhreandáin, tá sorn beag agam sa bhaile chomh maith agus ní gual amhain a dhóitear ann.’
Ba ghairid in dhiaidh sin a cheannaíos féin dhá shorn; ceann don oifig agus an ceann seo atá ina sheasamh láimh liom.
———◊———
Ach, táim ag dul i leataobh ó mo scéal. Ní rabhas ann an oíche a maraíodh an Síneach. Ní rabhas ag a shochraid ach chomh beag. D’éirigh le m’uncail Lear scéal a chur chugam i mBaile Átha Cliath go raibh baol trioblóide ag bagairt, agus gur fearrde go mór mé gan a bheith ar an bhfód dá dtarlódh aon ní. D’fhanas ar feadh seachtaine agus chailleas an tsochraid. Nárbh é an trua nár chailleas an chóisir ba chúis leis an iomlán a lean í.
Thosnaigh sé ar fad leis an mbreithlá. Breithlá Sharon. Beag is cuimhin liom faoin oíche féin. Beag is cuimhin le héinne fúithi i ndáiríre. A tosach ar aon nós. Ceol ró-ard – beag an baol go ndéanfadh éinne de na comharsana gearán ina thaobh, bheadh an iomarca céile acu. Dalladh dí agus neart stuif le caitheamh. Bhí Liam, a deartháir ba shine, mar phríomh-mealbhóigí ag … No. Ní luafad aon ainm. Anseo fiú. Deacair sean nós a bhriseadh. Tabharfad ‘Daideo’ air. Bhí soláthar nua tagtha isteach agus bhí cead ag Liam baint as le haghaidh na cóisire ar lacáiste mór.
Thart ar mheánoíche, nó go gairid ina dhiaidh sin, thugas-sa aghaidh ar an mbaile — aer fuar Feabhra ag scamhadh craiceann an tsuaircis díom gan fágtha dá raibh ólta agus caite agam ach an pharanóia. Ag bun Bhóthar na Deascabhála a ráinig na Gardaí orm – Ó Gríofa ón mBeairic ar bharr an chnoic agus beirt strainséirí. Chuireas aithne mhaith orthu níos déanaí ach le Rannóg na nDrugaí a bhaineadar ag an am san.
Chruthaigh an bheirt acu go maith ina dhiaidh san. Deineadh príomhcheannfort den Duadach, arbh as Corca Dhuibhne dó, ar ball. Ba mhinic ina dhiaidh sin i gcuideachta a chéile sinn, don ghalf don chuid ba mhó – oireann an galfchúrsa do chomhráití faoi dhiscréid – agus sinn ag caint go héadrom faoin gcéad chasadh san. Sinn ag déanamh gáire, ag déanamh spraoi as, amhail is ná raibh aon mheas nó barr air. Mhaíodh seisean go mba ghann de cheannfort Gardaí agus de bhreitheamh ardchúirte don stáit dá gcloífeadh sé leis na rialacha an oíche sin. Dá gcúisítí mise as a raibh i bpóca mo bhríste, bheadh an doras dúnta go daingean ormsa agus ní bheadh aon ‘chara sa chúirt’ ag an Duadach. Bheimis ‘bearráilte ón gClub, a Mham’.
Scanraíodar as mo bheathaigh mé. Bhí a fhios agam cad é mar dhíobháil a dhéanfadh an gaimbín beag neafaiseach a bhí neadaithe i mo phóca agam dá dtiocfaidís air. Agus conas ná tiocfadh? Ach ní mise, ná a raibh agam, a bhí uathu ach breac i bhfad Éireann ní ba mhó. Bí fios mo scéil ag an nGríofach agus mhínigh sin don bheirt. Dheineamar beagáinín cainte. Shásaíos iad le mo chuid freagraí. D’fhágadar ann mé, reoite i bhfuarallas mo chuid scéine, agus bhogadar.
Ní raibh an t-ádh céanna le Liam, deartháir Sharon, agus ag Seánaí Mac Cárthaigh ar ball. Uair an chloig, nó mar sin, i ndiaidh domsa an chóisir a fhágaint, shuíodar isteach sa Mhorris Marina dúghorm a bhíodh á thiomáint ag Liam agus dheineadar suas Bóthar na hArd-Eaglaise chun lastas ‘Dhaideo’ a thabhairt chuige. Bhí cuid mhaith ólta acu, idir dheoch agus chnáib, agus b’fhada óna lomchiall iad. Nuair a thugadar faoi ndeara go raibh carr na nGardaí laistiar díobh, ghabh sceoin iad agus dheineadar iarracht ar éalú.
Lean an ‘bheirt’ ghardaí iad toisc gur ‘thángadar ar an tuairim go raibh sé soiléir ón tslí go raibh an carr á thiomáint go raibh deoch tógtha ag an tiománaí.’ Lean an tóir faoi ardluas go barr Bhóthar na hArd-Eaglaise ach go gairid ina dhiaidh sin theip orthu casadh géar ar chlé a chur díobh. D’imigh an carr óna smacht agus bhuail isteach in aghaidh falla tí agus faoin am gur shroich an t-otharcharr láthair na timpiste, bhí an tiománaí agus a phaisinéir fir araon marbh. Is ina dhiaidh sin a ‘d’aimsigh’ na Gardaí na drugaí a bhí i mbúta an Mharina. Sin é an leagan oifigiúil. Sin a dúradh faoi bhrí na mionn os comhair Coiste an Chróinéara. Táid ann a chreideann é.
——◊——
Ach níor chreid ‘Daideo’ é. Bhí a sholáthar caillte aige, airgead mór caillte aige agus beirt oibrí mhaithe dá chuid caillte aige. Níor chreid seisean é agus chrom ar cheisteanna a chur. Ar gach duine. Nuair a labhair sé liomsa, ní dúras leis ach an fhírinne. Go raibh beirt Ghardaí ón mBeairic romham ag Bóthar na Deastógála agus a mealbhóigín acu agus nár chuireadar aon dúil ionam agus mé ag siúl. Dúirt daoine eile an cineál céanna ruda — Gardaí na Dí lena mealbhóigín mallaithe san áit mhícheart ag an am mícheart. Drochsheans. B’shin uile. Cuireadh ár gcairde amuigh i gCill Chúile maidin sheaca ag deireadh mhí Feabhra. Ach fós níor chreid seisean é.
Is deacair cuntas a scríobh ar rud nach bhfaca tú nó ar chomhrá nár chuala tú ach, sa chás seo, níl aon rogha agam. Seo a dúradh liom. Mac m’uncail a d’inis domsa é i bhfad i ndiaidh an eachtra. Óna athair a chuala seisean é agus ba ó Mhaidhc Ó Drisceoil, col ceathrair Sheáin de Bláca a fuair seisean an scéal. Mar sin is scéal ar athláimh agamsa é, ach mar an gcéanna é do gach duine eile. Ní raibh aon tsiúráil bhreise ag Dónal Mac Cárthaigh, uncail le Seánaí, nó ag Dinny Óg, deartháir Sharon agus Liam, nuair a shiúlaíodar isteach sa bhFallaing Dhubh cúpla mí ina dhiaidh sin agus rún acu an Síneach a mharú de dheascaibh an scéil chéanna.
Bhí an Blácach ag obair do Dhaideo. Ní bhíodh aon láimhseáil aige ar na drugaí nó ar an airgead, cineál ‘consailéirí’ ab ea é – fear cainte, margála agus idirghabhála ab ea é agus aithne mhaith aige ar fhir mhóra na cathrach agus ar a gcuid laigí. Fear fíochmhar dainséarach. D’aimsigh sé Garda ar an taobh ó dheas go mba mhó a dhúil aige sna capaill ná a eolas orthu. Choinnigh sé a shúil air nó go bhfaca é ag dul sa tsáinn le fiacha. Thug sé cúpla nod dó. Ní gá a rá go raibh an garda fíorbhuíoch dó agus sna saolta seo, bogann buíochas béal.
Ach an t-eolas ba mhó a bhí ag teastáil ón mBlácach, ní raibh sé aige. Ní raibh aige ach ráflaí agus tuairimí. Ach dúirt sé nach aon chomhthárlúint a bhí sa timpist. Dhearbhaigh sé gur triúr Gharda a bhí sa charr agus gurbh as Rannóg na nDrugaí beirt díobh. Ar eolas cinnte a bhíodar ag feidhmiú. B’é an rún a bhí acu ná an carr a leanúint féachaint cá bhfágfaí na drugaí a mba eol dóibh a bheith ann, ach gur imigh an plean ó rath. Agus cé thug an t-eolas dóibh, cé scéith, bhuel ní raibh an t-eolas san aige. Duine a bhí cóngarach go maith don ghnó, cé gur measadh nach raibh páirt díreach aige le ‘Daideo’. ‘B’shin iad na ráflaí. Tá’s agat féin Cogair na Síne, a bhuachaill, Chinese Whispers.’
Níor mhór é. Ach ba leor é. Tugadh an t-eolas agus dhá ghunna do theaghlaigh na bhfear marbh. Shiúil Dónal agus Dinny Óg isteach sa bhfallaing Dhubh agus scaoileadar sé urchar leis an Síneach; trí cinn san ucht, ceann amháin sa bholg agus dhá cheann sa chloigeann.
Agus ní fhaca éinne iad. Deireadh an Scéil … …
——◊——
Chuas-sa ar aghaidh go Kings Inns. Tháinig cás nó dhó i mo threo agus thosnaíos ag déanamh airgid agus cuireadh le mo cáil. Deineadh múinteoir de Sharon i 1980 agus tháinig sí go Baile Átha Cliath. Thosnaíomar ag siúl amach le chéile agus pósadh sinn i 1983 agus táimid le chéile agus sona ó shin.
Níor chuir Sharon bás Liam di riamh áfach. Cuireann sí an locht uirthi féin agus a cóisir bhreithlae. Murach san ní ag tiomáint timpeall i lár na hoíche a bheadh sé agus é ar a leathchaid. Ní chreideann sí go raibh aon bhaint aige leis na drugaí a fuarthas. Ar an gCárthach a thiteann an smál san. Deinimse mo dhícheall a áiteamh uirthi nach cóir di siúd an t-ualach san a bheith á síor iompar aici. An rud a tharla, tharla. Níl leigheas ag éinne againn air anois. Caithfimid chomáint ar aghaidh, aghaidh a thabhairt ar an lá amárach.
Chuige sin é seo. An lá amárach. Maidin amárach, ag a ceathrú t’réis a deich, déanfar Breitheamh de Chuid Chúirt Uachtarch na hÉireann díom — duine den ochtar breitheamh is sinsirí sa tír. Ní olc san do bhuachaill beag de chuid Garrán na mBráthar.
Fadó, chaitheadh scuibhéir an oíche sara ndéanfaí ridire de ag guí, ag déanamh rinnfheithimh agus faoistine mar ullmhúchán. Deineann faoistin leas an anama. Sé seo m’fhaoistinse. Tá sí déanta.
Maidin amárach, agus Sharon agus na buachaillí i mo theannta, ní mó ná meáchan broibh i luaithreach an tsoirn seo an t-ualach a bheidh ar mo choinsias-sa.
Feasta, Bealtaine 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|