Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
‘Pearse Hutchinson (1927-2012) le Pádraig Ó Gormaile
Faoistin Bhacach,
(An Clóchomhar, 52 lch., 1968)
Le Cead na Gréine,
(An Clóchomhar, 56 lch., 1989)
D’éag Piaras Hutchinson ar an 14 Eanáir i mbliana. [2012]
Breathnaíonn Pádraig Ó Gormaile ar fhoinse
agus ar thábhacht a chuid filíochta Gaeilge.
Tá an chiall sa cheol’, a mhínigh sé lá a raibh brí an dáin i gceilt faoi fholt na bhfocal, nuair a roghnaigh sé féin ceol an Bhéarla, ‘a kelp quern’, seachas ciall na bun-Ghaeilge, ‘ina bhró feamainne’, agus a dhán féin á aistriú aige. Ceol na teangan, agus ceol na beatha i ndán ceolmhar eile, ceol an neach óig a bhí beo: ‘An friotal ársa / gan a bheith seana-chaite / i mbéal an linbh / ina bhéilín úr’. An úire an chéad rud a tugadh faoi deara sna dánta Gaeilge i 1968, nuair a thuig criticeoirí nua na Gaeilge go raibh fuaim úr ag briseadh aníos as an seanfhriotal i bhFaoistin Bhacach, leabhar a thug chun solais smaointe, íomhánna agus taithí ó chríocha i gcéin agus gurbh annamh dóibh bheith tugtha faoi deara sa teanga roimhe sin.
File agus saothar as an gnáth a bhí i bPearse agus a chuid dánta Gaeilge ach go háirithe agus bhí sé aitheanta faoi thrí. I dtosach báire mar dhuine de phríomhfhilí an Bhéarla lena linn; sa dara cás mar aistritheoir aitheanta ó dhosaen de theangacha agus canúintí: Gaeilge; Iodáilis, teangacha thuaisceart na hIodáile — Milanéisis, Veinítis, Friúláinis, an chanúint Triestínis; Spáinnis agus Catalúinis; Fraincis; Pléimeanais/ Dúitsis; Portaingéilis agus teangacha Iar-Thuaisceart na Leithinse Ibéaraí — Gailéigis agus Gailéigo-Portaingéilis; agus faoi dheireadh mar fhile tábhachtach Gaeilge de thairbhe dhá chnuasach a d’fhoilsigh An Clóchomhar i 1968 agus 1989 (Le Cead na Gréine).
Bhí an caidreamh nádúrtha céanna aige leis an Ghaeilge agus an dúil a tharraing i dtreo na dteangacha eile é, teangacha a raibh cuid acu snite lena chéile thar na céadta bliain i réigiúin teorann corraithe na hEorpa : idir an Spáinn agus an Phortaingéil; an Fhrainc, Flóndras agus an Ollainn; an Iodáil, an tSlóivéin agus an Ostair, Éire agus an Bhreatain Mhór. Bhain Pearse sult as cuimse as na cosúlachtaí eatarthu, as an imeartas focal agus as an teacht le chéile daonna a ceadaíodh dá bharr. D’fhéadfaí a rá gurb iad trí phríomhthréithe a chuid dánta Gaeilge ná : ról lárnach an ghutha agus an cheoil (an teanga agus an spás idir na fuaimeanna); tábhacht an ruda atá in easnamh (grá, Dia, síocháin); agus an spéis a léiríonn sé sa teorainn idir dhaoine, idir theangacha, idir thíortha nach dtuigeann a chéile i gcónaí leoga.
‘Táim i ngrá le mo ghuth féin’, a dúirt sé lá eile agus thuigfí dó é. Guth síodúil, veilbhitiúil, a raibh séimhe, míne agus mánlaíocht le cloisint ann. Bhí an caoinbhéas agus an cheansacht céanna le brath agus iad ag eascairt óna thaithí ar fhulaingt an tsaoil; ‘Nílim ar fónamh’, a deireadh sé go rialta ar an bhfón, é i do láthair in ainneoin na gcéadta ciliméadar agus mar thosach ar chomhrá milis, meallacach; chuir sé i bhfocail na mionrudaí a mhíníonn ceisteanna móra na beatha agus an easnaimh ar bhealach níos éifeachtaí ná óráid: ‘Piotal a chuir / i ngairdín ó thuaidh / i gcuimhne do chneas / dom’ láimh gur fuar / feasta í / ó nach bhfuair / scéal andeas. / (Uch, ba dheas!)’. Guth a thug fuaim an easnaimh leis agus a mheabhraigh don fhile agus don éisteoir an rud nárbh ann dó ní ba mhó, guth a d’fhéadfá éisteacht leis go deo.
B’é an guth céanna a cloiseadh ar an raidió sna 1980idí, a ghuth ceolmhar i dteannta leis an cheol traidisiúnta ab ansa leis ar ‘Oró Domhnaigh!’ de chuid RTÉ, guth atá le cloisint fós a bhuíochas don CD a thaifead sé mar thionlacan leis na haistriúcháin ar a chuid dánta Gaeilge go Fraincis agus go Béarla: ‘Níor léigh mé riamh an méid sin dánta d’aon iarraidh amháin’, a dúirt sé tar éis dó scór go leith a chur de gan anáil a tharraingt agus é ag druidim leis an cheithre scór.
An guth i gcéin ar an raidió agus ar an bhfón, a chuir i láthair anam an té a bhí as láthair, is é sin An tAnam a Phóg an Corp, ‘an corp ba cholainn, / corp gan lobhadh fós’, an grá buach nach bhfaigheann bás in ainneoin an bháis nach féidir a shéanadh. Is iad grá na bhfocal agus grá na teangan an comhthéacs inar mhair Pearse agus b’í an teanga an príomh-thír dhúchais a bhí aige dáiríre, teanga na litríochta, a d’fhoghlaim sé ó bheirt mhúinteoir i scoil na mBráthar, Sráid Synge.
D’fhág sé Éire i 1951 de dheasca na saoirse anama a bhí in easnamh agus cé gur fhill sé i 1953 ó thírdhreacha grianbhruite, solasmhara na Spáinne, agus ó phost mar aistritheoir sa Ghinéiv, d’fhan sé níos lú ná bliain sa tír a roghnaigh a thuismitheoirí roimhe, náisiúnaithe idéalacha, i 1932. B’as Glascú an bheirt acu, an áit inar chaill a athair Harry Hutchinson, clódóir, a phost mar gheall ar a chuid oibre ar son Sinn Féin — agus an áit inar rugadh Pearse féin — mar go raibh fonn orthu cur fúthu i bpoblacht de Valera.
‘Thit mé i ngrá leis an Ghaeilge’, a deireadh sé. Tar éis dó filleadh ón Spainn i 1953 chuir sé aithne den chéad uair ar thraidisiún filíochta na Gaeilge, de thairbhe an bhailiúcháin tábhachtaigh de leabhair filíochta Gaeilge a bhí ar fáil i leabharlann phoiblí Sráid Chaoimhín i mBaile Átha Cliath; filíocht na Fraince, na Spáinne agus na hIodáile a ba mhó a bhí léite aige roimhe sin i leabharlanna Rath Maoinis, Sráid Pembroke agus UCD. I 1953 tháinig sé ar shraith an Irish Texts, agus thosaigh sé ag léamh Danta Grádha, Measgra Danta, Dánfhocail, filí móra na Gaeilge, Dáibhí Ó Bruadair, Piaras Feiritéar, Aonghus Fionn Ó Dálaigh ina measc. ‘Agus tar éis é sin a shú isteach ar feadh sé mhí ní raibh dul as agam ach tosnú ag scríobh sa teanga seo. Thit mé i ngrá leis an Ghaeilge.’ Teanga na filíochta a bhí i gceist, gur teanga ar leith í i ngach teanga agus gur an teanga chéanna í i ngach teanga eile ar domhan; ‘ár dteangacha broinne’ (‘nos langues matricielles’) a thug an file as Québec Gaston Miron orthu. Ina theannta sin thuig Pearse an tsaoirse a bhí ar fáil dó i ndomhan na Gaeilge, domhan a bhí iomlán éagsúil ó dhomhan an Bhéarla, domhan na Gaeilge a bhí: ‘vastly different, far more different from the anglophone world than even French or Spanish.’
‘Ní chreidim san fhilíocht’, a dúirt sé lá, ‘ach creidim sa dán, i ndánta.’ Cé gur filíocht a chum sé, agus cé gurb é a ghuth fileata a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, ‘an chuid sin den fhile nach mbaineann le guth fileata ar bith eile’ (Alan Titley), bhí sé féin gafa go hiol agus go hiomlán ag an rud nár chreid sé ann, ach nach raibh sé in ann maireachtáil gan é.
I measc na ndánta is fíochmhara a chum sé agus a d’aistrigh sé, tá dánta faoi ghnéithe an chreidimh Chríostaí: Pietà, agus Iúdás Broinne — dán neamhchríochnaithe dar leis, ‘nár chuir éinne eile aon suim ann riamh cheana’ — Goimh-Racht Eile, Fiafraí, Maitheamh.
Rinne sé aistriúchán ar dhán frithchríostúil le file Gailéigeach ón 18ú aois Manuel Curros Enríquez ina gcáintear Iognáid Loyola: ‘You that made a tyrant of Christ, / magistrates of assassins and bully-boys, / and of God himself a strangler of human thought’, is é sin an Dia céanna agus an t-’Ard-Rí Uile-Chumhachtach’ nach raibh ann ach ‘Athair gan trua’, ar Mhac ‘Naofa an Drabhláis, / ar íosagán fásta gan feo.’
Ní féidir fíochmhaireacht an fhile chaoin seo a mhíniú ach sa mhéid agus go raibh taithí phearsanta aige ar an méid a bhí á cháineadh aige, piúratánachas victeoiriach na hÉireann sna 1930aidí agus sna 1940idí agus níos moille ‘the monstrous delusion that the metropolis, the “mainstream” is all that matters’; Londain a bhí i gceist aige. Thuig sé nár ghá gach a bhain le hÉirinn a chur i gcomhthéacs an phiúratánachais amháin agus pléann sé an fhírinne atá séanta i ndánta faoi chúrsaí bréagacha: Aithrí bhréige, Amhrán Bréagach, Faoistin Bhacach.
Thuig sé go mbaineann an tsaint, an suarachas agus an chúngaigeantacht le gnéithe eile an tsaoil seachas stair náisiún na hÉireann, go mbaineann siad le baothghalántacht, le tuairimíocht fhaiseanta agus le cirte pholaitiúil an mhóraimh a bhfuil clár oibre dá chuid féin aige, agus a chuireann dallamullóg ar an domhan agus a mháthair leis an rud galánta in ainriocht na fírinne.
Thiocfadh le Pearse ‘bheith imithe bealach eile na réabhlóide, go háirithe tar éis an méid a bhí feicthe aige faoi réimeas Franco sa Chatalóin, i nGailicia, i dtír na mBascach. Bhí go leor in Éirinn agus i measc mionteangacha na Mór-Roinne mar shampla a thug aghaidh go díocasach ar chumhacht na Gearmáine i 1914 agus arís i 1939. ‘Les petites nations ne choisissent pas leurs alliés’, a bhí le cloisteáil sa Bhriotáin i rith an Dara Cogadh Domhanda acu siúd a cheap go dtiocfadh na Naitsithe agus na Faisistithe i gcabhair ar na mionteangacha os rud é go raibh cuid mhaith de thír na Fraince faoina gcois acu cheana féin.
In áit na polaitíochta agus na gcomhchealg, chuir Pearse a mhuinín i bhfoinse leanúnach na beatha a thagann slán ó mhí-ámharaí agus ó chéasadh an tsaoil agus a chuir ar a chumas a bhealach féin a leanúint, ‘le cead na gréine’; thuig sé an luach a bhí leis an rud a bhí saor in aisce. Tá an léitheoir buíoch gur thuig Pearse gur tábhachtaí neamhspleáchas na haigne, an spioraid agus an anama seachas bréag-bhua postúil aon ard aicme féin-cheaptha.
Tá suim léirithe cheana ag criticeoirí agus staraithe liteartha na Gaeilge i ndánta Gaeilge Pearse Hutchinson. Tá aitheantas ar leith ag dul d’Eoghan Ó hAnluain (1938-2012), a cailleadh tamall gearr tar éis do Phearse bás a fháil, as an méid a rinne sé chun go bhfoilseofaí Faoistin Bhacach an chéad lá; agus aithnítear ról bunaitheora na nua-chritice, Breandán Ó Doibhlin, a thug le tuiscint ón tús go raibh rud nua i bhfilíocht na Gaeilge ag borradh leis an leabhar tanaí céanna sa bhliain 1968.
Is éacht é saothar fiúntach a bheith bunaithe ar dhá chnuasach gearra; cuireann an dá leabhar seo tírdhreachanna nua a thíre dúchais ar fáil, is é sin teanga uilíoch na ndán a láimhseáileann sé go paiteanta as Gaeilge. D’fhan sé amach ó na conspóidí — nach dtarlaíonn riamh i measc filí nó lucht ollscoile! San áit ina raibh príosún, roghnaigh sé an tsaoirse, i bhfianaise na mbréag nocht sé an fhírinne, in ainneoin deacrachtaí an tsaoil lean sé air, in éadan an éada thuig sé cad ba chairdeas ann: is iad sin téamaí a chuid dánta Gaeilge. Mar fhile dátheangach agus mar aistritheoir ilteangach léirigh Pearse cumas an cheoil uilíoch chun bearnaí na beatha a líonadh agus chun teorainneacha do-shéanta an chine dhaonna a shárú. Ba bhoichte muid gan a chuid dánta.
Feasta, Bealtaine 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|