Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

Dhá Shruth

le Ceaití Ní Bheildiúin

Scéal chugat:
beidh leanbh ag iníon d’iníne.
’Tú suaite.

Cnaíteacht an mháithreachais
i ndán do chailín chomh hóg,
nach bhfuil ullamh.

Gan mhuirear orm – éistím.
Tuigimid staid a chéile,
saolaithe ar an gcnoc céanna,
sa bhliain chéanna.
D’eascraíomar
ar nós dhá shruth —
cíocrach chun rith is rince.

Castar ar a chéile sinn
anois ag bun an chnoic
ag lúbarnaíl i dtreo an inbhir.

Shnámhfadh bradán an sruth suas.
Gluaisim im abhainn
amach chun farraige.

An Dán Deireanach

le Ceaití Ní Bheildiúin

Dá gcuirfimis cluas
le héisteacht orainn féinig,
chloisfimis an dán deireanach
ina amhrán

ag canadh anam an domhain
chun beochana aríst.
D’aimseoimis an port
is a mhacalla

i ndordán na mbeach,
i siosarnach na nduilleog,
i mbéalscaoilteacht na n-abhann.
Thiocfadh glaoch an choiligh

ár ndúiseacht
chun siúl cosnochta
lá samhraidh —
tarrac na gcloch taibhsiúil

thíos fúinn,
ar nós cosán ársa
na mBundúchasach
san Astráil.

I ngach cloch
bíonn cuimhne, bíodh sé
ina nath nó ina rann.
Cuir cloch ar dhá chloch

dhá chloch ar chloch
agus beidh falla
ina dhán fé stiúir ár lámh.
Ligfimid don bhfalla

cuaradh is casadh
mar shruth ar an gcnoc,
nó ní haon dán díreach é
an dán deireanach.

Is as Ros Eo i gCo. Áth Cliath Ceaití ó dhúchas ach cónaíonn sí i gCorca Dhuibhne. Dhá chnuasach filíochta aici, An Teorainn Bheo (COISCÉIM, 2007) agus Púca Gan Dealramh (2010).

Fuascailt

le Peadar Ó hUallaigh

Cogadh domhanda
ag tachtadh tíortha
i dtús na ndaichidí
ach B’leá Cliath
socair sámh istoíche.
Tusa ar deargmeisce,
a Dhaid, in Ostán
na Réalta Thuaidh
is mo bhuíochas
ó chroí duit
as an ráig sin dí.

Scata fear óg leat
bailithe ag an mbeár
trasna an bhóthair
ón stáisiún traenach,
obair geallta do chách
i Sasana, go háirithe
d’bhur leithéidí
ó Arm na hÉigeandála
le heolas slachtmhar
ar mheaisínghunnaí.

Fíorchaoin fáilte rompu
ag sáirsintí liostála
sna scuadrúin thall,
na hógfhir á dteannadh
i dtúiríní gunna
ar eitleáin bhuamála.

Gunnadóir díobh
as gach scór
a tháinig slán,
bás agus bascadh
á scairdeadh anuas
ar sheanchathracha.

An oíche sin,
d’éalaigh
traein an bháid
id’ éagmais,
tú ag tabhairt
dhá thaobh
na sráide leat
am dúnta.

Damba Inis Cara

le Mícheál Ó Ruairc

Is damba anocht thú
a Sheáin uasail Uí Riordáin,
damba Inis Cara,
gan chara gan chompánach
ar do chroí-dhícheall ag iarraidh
an chathair a chosaint
ó fhórsaí ainsrianta an oilc,
ag seasamh go cróga
sa bhearna bhaoil
roimh ionsaí fíochmhar
na tuile móire docheansaithe
a gineadh i nGúagán Barra,
agus atá á hiompar
ar Abhainn na Laoi
go Cuan Chorcaí.

Anocht ní mór duit
cloí go docht, a Sheáin,
led’ chreideamh daingean
sa damba-theanga
a chleachtais go dílis
’feadh do shaoil
’s tú fágtha ar imeall do choinsiasa,
ar imeall na cathrach leith-leat,
ar uair do chinniúna
ag seasamh an fhóid go calma
id’ chomhdhambóir teanga
in aghaidh comhcheilg
an stáit leatromaigh,
a bhfuil a chreideamh-theanga
caillte aige le fada.

Fionnbarra aonarach an oileáin
ag raideadh véarsaí bacacha
in aghaidh rabharta
an uisce aineolaigh,
ag fógairt catha
ar cham-theangeolaithe
nach dual dóibh
’bheith dílis is nach ndéanann
beart de réir a mbriathra
bréag-chaithréimeacha,
cam-theangeolaithe a thréigeann
compord a gcathracha clutharacha
in am an anaithe
chun teitheadh i dtreo an aird
ar eagla a dtreascartha.

?@Dé hAoine, 20 Samhain 2009


Feasta, Bealtaine 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo