Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Tá lucht na Gaeilge gafa go mór le torthaí an daonáirimh a foilsíodh le déanaí. Is léir go mbeifear ag brath orthu, toisc nach bhfuil Deontas Labhairt na Gaeilge ann níos mó mar shlat tomhais ar staid labhartha na teanga. Is mór eatarthu, ar ndóigh. Ní bhíonn daonáireamh ann ach gach cúigiú bliain, agus bíonn go leor a shíleann gur mó a d’fhéadfaí dul in iontaoibh Dheontas Labhairt na Gaeilge mar shlat tomhais ná na freagraí ar cheisteanna an daonáirimh maidir le húsáid na teanga.
Is féidir dul thar fóir leis an easpa muiníne. Cén fáth go mbeadh daoine ag cur i gcéill maidir lena gcumas i nGaeilge nó lena mhinicí a úsáideann siad í? Pé ní faoi iontaofacht shonraí an daonáirimh, tá pobal na teanga i gcoitinne sásta gur dea-scéala atá sna staitisticí is déanaí seo, agus más beag an méadú atá ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge, ar a laghad tá an líon sin ag dul sa treo ceart.
Go deimhin tá an baol ann go mbeifí ag éirí róshochma, agus go sílfí go bhfuil an teanga ar bhóthar a slánaithe. An féidir, mar a luadh cheana, go bhfuilimid ag brath rómhór go gcuirfear an Straitéis Fiche Bliain i bhfeidhm, fiú ar bhealach leasaithe a shlánódh príomhaidhmeanna na Straitéise. Tá sí, a deirtear linn, á plé ag coistí atá ag feidhmiú faoi scáth na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Níl fhios againn go díreach céard atá á phlé, ná cén dul chun cinn atá déanta. Ba leasc linn a shamhlú gurb é is mó atá i gceist ná Bille Gaeltachta ina mbeifear gafa go mór le rianú teorainneacha, pleanáil teanga agus le clár tacaíochta teaghlaigh. Más amhlaidh atá, is féidir go mbeidh díomá ar go leor. Is fuar a bheith ag tuairimíocht anseo.
Pé maith dona a leithéid, bhí go leor eile sa Straitéis seachas sin. Nuair a foilsíodh í tugadh suntas don mhéid a bhí sí gafa le cúrsaí oideachais. Tuigeadh, ámh, an tábhacht a bhain leis an oideachas i gcás na Gaeilge, agus go mbeadh an teanga á múineadh le lánéifeacht inár scoileanna. Tá fhios againn nach mar sin atá. Ní fada ó shin ó cuireadh in iúl dúinn i dtuarascáil ón Roinn Oideachais féin, i gcomhar le Comhairle na hEorpa, go raibh an staid ina raibh múineadh na Gaeilge i scoileanna an Stáit ‘tubaisteach’.
Ar aon dul leis sin, tá forbairt agus leathnú na gaelscolaíochta ina stad, go díreach mar thoradh ar choinníollacha nua na Roinne. Is eol dúinn an tábhacht a bhaineann leis na gaelscoileanna ó laghdaigh ar an tábhacht a tugtaí don teanga sna gnáthscoileanna. Anois is cosúil go síleann an tAire féin go bhfuil barraíocht ama á chaitheamh leis an nGaeilge, agus le reiligiún, agus go bhfuil ábhair eile thíos leis sin.
Is riachtanas dúinn a bheith ar ár n-aire i gcónaí faoi dháiríreacht an Stáit i leith chur chun cinn na teanga. Is fíric é go mbíonn rialtais níos díograisí ná a chéile ina ndúthracht i leith na Gaeilge, faoi mar a bhíonn amhlaidh i gcás airí oideachais, pé acu páirtí polaitíochta lena mbaineann siad.
|