Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Cothromaíocht, Móráltacht agus Neamhthuiscint
le Seán Ó Loingsigh


Má bhí aon rian amhrais mar gheall ar an tuiscint sin, cuireadh ina luí arís orainn é nuair a tháinig beirt Ghearmánach chun cainte i mBaile Átha Cliath le déanaí: Joachim Pfeiffer urlabhraí Angela Merkel ar pholasaí geilleagair, agus Jörg Asmussen!

****************

Bhí go leor le rá anseo le tamall anuas faoin athrú mór atá tarlaithe san Aontas Eorpach le cúpla bliain anuas: i ndáiríre ó tharla an ghéarchéim eacnamaíoch dhomhanda atá ag luí níos troime orainne anseo in Éirinn ná mar atá ar fhormhór na dtíortha eile san Aontas, nó lasmuigh de. Bhí tráth ann nuair a bhí rialú an Aontais mar chúram go príomha ar an gCoimisiún a bhfuil Juan Manuel Barroso mar uachtarán air. Is é an port a bhí againn le tamall ná go raibh ionad na cumhachta athraithe ón mBruiséal go Beirlín, agus ó Barroso go Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel.

B´fhéidir go bhfuil leasú beag le déanamh maidir leis sin. Is fíor ó thosaigh an ghéarchéim go bhfuil ról i bhfad níos mó ag Banc Ceannais an Aontais atá lonnaithe i Frankfurt. Leasú beag atá ann, ar ndóigh, mar nuair a labhrann an Banc is róléir an tiúin agus an dearcadh Gearmánach. Tá Beirlín agus Frankfurt i ndlútharmóin.

Má bhí aon rian amhrais mar gheall ar an tuiscint sin, cuireadh ina luí arís orainn é nuair a tháinig beirt Ghearmánach chun cainte i mBaile Átha Cliath le déanaí: Joachim Pfeiffer urlabhraí Angela Merkel ar pholasaí geilleagair a tháinig i láthair an Chumainn Tráchtála Gearmánach-Éireannach; agus Jörg Asmussen, ball de bhord fheidhmeannais Bhanc Ceannais na hEorpa, a labhair le ‘meitheal smaointe’ éigin nach cuimhin liom a ainm.

Ní raibh smid de dhifríocht idir a raibh le rá ag an mbeirt. Go deimhin, rithfeadh leat go raibh euro maith le sábháil dá bhfágtaí an cúram faoi dhuine acu, go háirithe nuair gurb é an port a bhí acu araon ná chomh liobarnach agus raidhsiúil a bhíomarna, Éireannaigh, lenár gcuid airgid i mblianta órga an Tíogair, ainmhí nach ligfear i ndearmad go deo. Is aisteach gur thug an dá oráid seo chun cuimhne arís a raibh le rá ag ambasadóir na Gearmáine roinnt blianta ó shin, go raibh rachmas imithe thar fóir in Éirinn, agus go raibh an teaspach a ghabh leis déisteanach.

Ar ndóigh, bhí an ceart aige. Tá an ceart freisin ag an an mbeirt seo is déanaí nuair a deir siad linn go raibh ár gcaiteachas thar fóir, agus go háirithe go raibh ár bhfiacha ró-ard ar fad. Tá na fiacha atá orainn scanrúil agus is dualgas dosheachanta dúinn dul i ngleic leo. Sin go díreach atá á dhéanamh againn, agus is maith is eol dúinn go dtógfaidh sé na blianta sula mbeidh aon toradh ar an obair sin. Mhol ár gcuairteoirí ár n-iarrachtaí, pé sásamh é sin dúinn, agus gan amhras bhí siad lánchinnte gur chóir dúinn cloí leis mbóthar cúng, casta, atá romhainn.

Seo an cur chuige ar a dtugtar beartas díbhoilscitheach, polaitíocht an diansmachta nó ‘austerity politics’ i mBéarla, agus thar dhream ar bith eile creideann na Gearmánaigh ann. Gan amhras tá cúiseanna stairiúla leis sin, nach gá a phlé anois. Is é an fhadhb go bhfuil amhras ag méadú fiú i measc saineolaithe eacnamaíochta go n-éiríonn leis mar pholasaí. Síltear go mb’fhéidir go bhfuil sé ró-dhian ar fad, go gcuireann sé leis an dí-fhostaíocht agus go gcoisceann sé aon fhás nó borradh san eacnamaíocht i gcoitinne.

Anois, dá mb’fhéidir an t-ualach fiacha atá orainn a laghdú ba mhór ar fad an cúnamh é. D’fhéadfadh go gcinnteodh sé nach mbeadh an dara tarrtháil nó ‘bailout’ riachtanach ar ball. Mura mbeadh an riachtanas go n-aisíocfaí na sealbhóirí bannaí go hiomlán, go háirithe sa bhanc Angla-Éireannach, bheadh laghdú suntasach ar an ualach fiacha atá mar thoradh ar chliseadh na mbanc. Is anois a thuigtear chomh dona agus a bhí an cliseadh sin. An raibh na bainc á cheilt seo d’aon ghnó ó thús?

Ach mar a léirigh ár gcuairteoirí is dualgas dosheachanta mórálta go n-aisíocfaí gach uile euro de na fiacha poiblí seo. I ndáiríre níl sé soiléir ar aon chor cén réasúnaíocht nó cothromaíocht, gan trácht ar mhóráltacht, atá mar bhonn leis an dearcadh dobhogtha seo. Cén chothromaíocht nó móráltacht a éilíonn go gcaithfidh an gnáthphobal a bheith thíos le pé infheistíocht is rogha le sealbhóirí bannaí a dhéanamh? Conas go bhfuil cearta chomh dobhogtha acu?

Tá sé soiléir leis go bhfuil an Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta in amhras faoin dearcadh seo, ach san am céanna gan fonn a bheith orthu dul in achrann leis an dá thrian eile den Triúracht úd. Maidir lenár gceannairí rialtais anseo, agus na ráitis a bhí á ndéanamh acu roimh an toghchán gur ‘loscadh agus dó’ a bhí i ndán do na sealbhóirí bannaí nuair a thiocfadh i gcumhacht dóibh féin, is eol dúinn conas mar a tharla.

Is deacair gan a shamhlú go bhfuil dlúthbhaint idir an chuairt seo ón mbeirt Ghearmánach agus an reifreann a bheidh againn i ndeireadh na Bealtaine. An féidir go bhfuil eagla orthu go ndiúltóidh an pobal anseo don chomhshocrú nua fioscach nó conradh cobhsaíochta, nó pé rud é. Cén difríocht a dhéanfaidh sé má dhiúltaítear dó? Is féidir go mba bhuille a bheadh ann do dhearcadh na Gearmáine maidir le treo ceart an Aontais, agus maidir leis an smacht fioscach agus an struchtúr polaitiúil níos daingne atá riachtanach chun tubaistí eacnamaíocha a sheachaint sa todhchaí.

Bhí fear labhartha Angela Merkel, Joachim Pfeiffer, líofa agus soiléir ina óráid maidir leis na deacrachtaí atá ag polaiteoirí sa Ghearmáin, agus ag an Seansailéir féin, a chur ina luí ar an bpobal ansin go mba riachtanas é don rialtas teacht i gcabhair ar an nGréig, ar an bPortaingéil agus ar Éirinn, agus go mba leas na Gearmáine é sa bhfadtéarma, fiú is gur lig na tíortha sin dá gcaiteachas dul ó smacht.

Thuigfí go mbeadh an dearcadh seo ann, agus nach mbeadh sé éasca a chur ina luí ar an bpobal Gearmánach go bhféadfaí dul rófhada leis an milleánú, agus go bhféadfaí an scriú eacnamaíoch a theannadh rómhór.

Cad faoin reifreann féin mar sin? Más fíor a deir urlabhraithe rialtais go gcuirfear an conradh nua fioscach i bhfeidhm, pé acu an nglacann an pobal anseo leis sa reifreann nó nach ndeineann, ba bhuille trom é don rialtas dá ndiúltaítí do. Is scéal eile é cén tionchar a bheadh aige ar ár gcaidreamh i gcoitinne leis an AE, agus leis an mbanc Ceannais Eorpach, maidir leis na hiasachtaí a bhfuilimid ag brath chomh mór sin orthu. Níl sé cinnte ar aon chor conas a vótálfaidh an pobal in Éirinn sa reifreann seo. Tá meon an phobail guagach, agus is léir go bhfuil míshásamh ag méadú ina measc.

Má theastaíonn ón rialtas go nglacfaí leis na socruithe nua fioscacha sa reifreann b’fhearr dóibh cur chun oibre.
——◊——

Bhí alt spéisiúil ag an tráchtaire agus scríbhneoir Fintan O’Toole le déanaí sa cholún a bhíonn aige san Irish Times. Is é an téama a bhí ann ná na hathruithe atá tagtha sa saol poiblí le tamall maith de bhlianta, ní hamháin anseo in Éirinn ach go forleathan. Bhí sé ag scríobh gan amhras i gcomhthéacs an rírá agus an chonspóid a tharla sna meáin chumarsáide mar thoradh ar a raibh le rá i dTuarascail Uí Mhathúna faoi chamastaíl sa saol polaitiúil, agus sa saol poiblí i gcoitinne. Ní hí an tuarascáil féin a bhí á phlé ná na pearsana éagsúla a bhí luaite ann, ach a laghad airde nó tuisceana a bhí ann anois maidir leis an leas poiblí, nó seirbhís phoiblí d’aon chineál a dhéanamh. Ní raibh béim níos mó ar an rud ar a dtugtaí ‘the commonweal’ sa Bhéarla — an mhaith nó an leas coiteann, is dócha, sa Ghaeilge.

Gan amhras ní rabhthas ag rá gur casadh nua ar fad a bhí i gceist, nó nach raibh daoine riamh anall ag tarraingt i dtreo a muillte féin, agus ag baint úsáide as pé buntáistí nó deiseanna a bhí ar fáil dóibh chuige sin. Ach ba chosúil go raibh sé inghlactha anois go mbeadh daoine gníomhach sa saol poiblí agus polaitiúil ar mhaithe lena leas pearsanta féin. Bhí sé seo amhlaidh fiú nuair is saint lom a bhí i gceist.

Bhí mar a bheadh bonn institiúideach curtha leis sa tuiscint gurb ionann an caipitleachas mar fhealsúnacht pholaitíochta agus an leas poiblí, agus bhí sé seo i gceist go háirithe sna Stáit Aontaithe. Cathain a d’fhás nó a d’fhorbair an tuiscint seo? B’ann dó i gcónaí, b’fhéidir, ach d’fhéadfadh go raibh glacadh níos forleithne leis lenár linn féin, tar éis gur thit Balla Bheirlín. Agus, ar ndóigh, fanann i gcuimhne a raibh le rá ag Mrs Thatcher nuair a bhí sí ina príomhaire sa Bhreatain, nach raibh a leithéid de rud ann agus ‘an tsochaí’.

B’fhéidir go raibh an cíoradh seo níos tairbhí ná an clampar, mar a luadh go minic sa cholún seo, a bhí ar bun sna meáin — an t-olagón déistineach céanna a tharla nuair a foilsíodh tuarascálacha eile, pé acu cinn iad a bhain le camastaíl phoiblí leithéidí Uí Mhathúna, nó iadsan a bhain le mí-úsáid ghnéis ar dhaoine óga ag baill den chléir: ní mór ná go raibh na drochchlaonta agus an mí-iompar ginte ionainn ón mbroinn, nó nach rabhamar in ann ár dtír a rialú mar ba chóir, agus arís an ráiméis chéanna faoin ‘banana republic’, amhail nach raibh a leithéid de chamastaíl agus mí-iompar ar siúl i dtír ar bith eile.

Tá fadhbanna againn ceart go leor. Ba thairbhí dúinn ár ndlí coiriúil a leasú chun dul i ngleic leis an gcamastaíl inár saol poiblí, pé an polaiteoirí nó baincéirí nó státseirbhísigh a bhíonn i gceist, in áit a bheith ag brath ar bhinsí fiosraithe atá mí-éifeachtach, a thógann i bhfad rófhada agus atá costasach thar fóir. Agus d’fhéadfaí córas vótála agus toghchánaíochta a roghnú seachas an ceann a d’fhág na Sasanaigh mar oidhreacht againn, agus nár bhaol dóibh glacadh leis mar chóras a bheadh oiriúnach ina gcás féin.

Feasta, Bealtaine 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais