Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Is Mithid dom féin…
Gearrscéal le Pádraig G. Ó Laighin
Fuadar faoi gach aon duine amuigh ar an ardán. Giollaí i mbun draenna bagáistí agus málaí poist, paisinéirí sna sála ar a chéile, an iliomad scata d’earcaigh airm agus daltaí scoile anonn is anall gan treoir. Bhí dallrú soilsí an stáisiúin ag cur leis an seachmall go mba forhalla an radharc sula ngabhfadh an traein isteach arís i nduibheagán na hoíche, áit nach mbeadh le feiscint tríd an mbáisteach a bhí ag draoibeadh na bhfuinneog ach splancanna mar a bheadh ó lampaí coisricthe i seomraí dubha codlata.
Chuir Treasa Ní Bhroin an litir a bhí ina láimh aici i leataobh. B’fhada ó bhuaileadar amach as Euston agus b’fhada fós go mbeadh Anglesey bainte amach. Í ar a maranadh anois. A comhphaisinéirí a bhí ag mionchaint i dtosach an turais , tháinig marbhántacht orthu. Bheadh aistear mara rompu uilig ina dhiaidh sin arís. Luigh taom táimhe orthu. Samhailtí fánacha ón anallód a bhí ag tapú tríthi féin. Lampaí coisricthe i seomraí dubha codlata ab ea na samhailtí, dar léi, a bhí á dtaibhreamh di agus an traein ag imeacht go mear anois ó Birimingham isteach i nduibheagán na hóiche athuair.
Tríd an míogarnach rith an rann sin léi a bhí á ciapadh ón uair a chinn sí filleadh ar a háit dúchais i ndiaidh na mblianta fada: ‘A ghrá ’s a ghrá ná tréig do chailín / Is ná pós an bhean mar gheall ar eallach.’
B’fhada an lá ó chonaic sí Doire na gCuach agus a thug a haghaidh ar an saol thall i Londain. Ba chuimhin léi anois ar éigean bualadh isteach go stáisiún an bhaile le go bhfaigheadh sí an traein go Dún Laoghaire agus an bád go Holyhead. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ar an mbóthar chun an stáisiúin seachas Mánas Mag Uidhir, an tiománaí muc, a bhí ag déanamh ar aonach Charraig a’ Chora, agus ba bheag aird a thug seisean uirthi.
Ag an gcrosbhóthar a bhuail sí leis-sean, an áit ar chas an bóithrín ón a sean-tigh féin leis an bpríomhbhóthar go Doire na gCuach. B’ann a d’fhéach sí don uair dheiridh ar áitreamh a muintire féin, an áit a raibh an dá chrann darach ag seasamh go stuacach ag taobh na buaile. Má bhí an brádán féin ann, agus na goirt faoi bhrat fliuchrais, ghoin an radharc a croí. B’ann a rugadh agus a tógadh í. Bhí an áit imithe go smior inti. D’fhéadfadh sí gach gné di a mheabhrú in aon phictiúr amháin. Shamhlaigh sí na fálta sceiche lán le méaracáin ghorma agus samhaircíní, agus boladh na feirdhrise a thaithíodh sí féin agus a deirfiúracha tráthnónta samhraidh. Shamhlaigh sí na fuaimeanna uilig a bhain le saol na feirme. Sea, go deimhin ag fágáil pharthas a hóige a bhí sí ag an nóiméad sin: ‘Is i gcoillte damh ’gearradh slat, is an éanlaith ag déanamh nead, / Agus luachair óg go leor ag fás ann….’
Rinne an traein gíoscán moille ag gabháil isteach go Crewe. Bhí an bheirt trasna uaiti i mbun argóna, eisean ag rá go mba dhona an mhaise dá compánach cinneadh ar an tsaoire a chaitheamh sa tseantír, nuair nár léir go gcuirfí fáilte rompu, agus ise ag impí air a thuigbheáil go raibh uaithi teacht ar réıteach leo sa bhaile.
‘Sandwiches, teas, minerals. Anyone!’ Ghabh an giolla ar aghaidh, síos an pasáiste idir na suíocháin.
Má bhíodar beo bocht féin, a smaoinigh Treasa, mar a bhí formhór na bhfeirimeoirí beaga an uair sin, bhí sócúlacht dá gcuid féin orthu agus iad ag maireachtaint ar scáth a chéile. Má bhíodar ar an mballán stéille féin, agus daoine go leor ar an ngannchuid, bhí aoibhneas na tuaithe ann agus an chomhbhá i measc na gcomharsan.
Níor chás léi an chéim síos gur leag sí súil ar Tharlach de Faoite, mac an fheirmeora ghustalaigh, an lá úd i nDoire na gCuach. Le fírinne, bhain sé dá bonnaibh í ar an láthair. Chuimhnigh sí chomh mór is a bhí sí faoi dhraíocht aige: ‘Ag geaftaí an tí mhór údaí / A chónaíos is a chodlaíos mó ghrá, / Arb ainm dó an buachaill dóighiúil / A casadh orm ar mhala an tslé’ bháin….’ Níor rith sé léi an uair úd go ndéanfadh sé feall uirthi. Ní raibh ann ach aoibhneas an chéadghrá eatarthu.
Bhí an bheirt thall uaithi fós i mbun argóna, agus fós bhí an bháisteach ag draoibeadh fhuinneoga an charráiste. Bheadh sí buíoch nuair a bhainfeadh sí Hollyhead amach; d’fheadfadh sí ligint do ghaoth na farraige a scámhóga a líonadh: ‘Ach thug sé orm brón, / Agus leoin sé m’intinn go léir, / Nó d’imigh sé le Malaí Bhán / Is d’fhág sé mise liom fhéin.’
Bhí na smaointe fánacha ag cúrsaíl trína hintinn. B’shin an uair chéanna a mb’éigean di féin agus a deirfiúr dul in aimsir mar chailíní tí. Fad is a bhí pinsean a sean-athar ag teacht isteach b’fhéidir dá tuismitheoirí íoc as bille an tsiopadóra go rialta, ach thosaigh na riaráistí ag méadú ina dhiaidh sin, rud a d’fhág go ndearna fear an ghaimbín iarracht na fiacha a ghlanadh trí eascaire a fháil in aghaidh na feirme. Ach go mb’é gur sheas na comharsain an fód in aghaidh na gníomhaíochta sin bhí a gcaiscín meilte. Sin a thug uirthi féin agus ar a deirfiúr dul in aimsir.
Bhí an t-ádh leo beirt gur le fostaitheoirí lácha cneasta a fuaireadar an fhostaíocht chéanna agus iad i ngaireacht dá chéile: í i bhfeighil tí do mhúinteoirí agus a deirfiúr ina macasamhail de phost ag an dochtúir íoclainne. D’fhág sin go raibh cothrom na Féinne á thabhairt dóibh, neart ama le spáráil agus an beagán airgead póca le caitheamh ar an ngalántacht a bhíonn ag teastáil ó bhaothóg nuair a thiteann i ngrá.
Agus ba i ngrá a bhí sí an uair úd le Tarlach de Faoite gan aon agó. Ba chuimhin léi fós conas a dheineadh siad beirt dáil lena chéile in ionaid choinne éagsúla, Bun na Croise lá, agus Scairt na Claise lá eile, agus go mbeireadh sé leis í go dtí na damhsaí i gcéin is i gcóngar; é sin nó go rásaí capall, oícheanta airneála agus pé spórt eile a bhí ar fáil sa dúiche. Sea, ar sí anois: ‘Shíl mise, a Sheáin, nach ndéanfá mo mhalairt go brách, / Shíl mé ina dhéidh sin bréag nach ndéanfá faoin chás.’
Chester… Chester… Passengers for Holyhead…
Is d’imigh an traein isteach sa dorchadas, agus luigh a maranna ar Threasa de réir mar a bhí an coinne leis an mbád farantóireachta ag teacht níos giorra di.
Cén crot a bhí ar Dhoire na gCuach na laethanta seo? An amhlaidh go raibh feabhas tagtha ar an áit? Cinnte ní aithneodh sí ach an fíorbheagán daoine ann anois. Más é an corrscéal féin a fuair sí as an mbaile tar éis di imeacht, stop sin le himeacht na mblianta, agus ní bhfuair sí ach creatlach eolais ó am go ham ón gcorrdhuine ar bhuail sí leis i Londain: bhuaigh foireann Dhoire na gCuach craobh an chontae … tógadh scoil úrnua ar phaiste talún Mhicí Neilí … bhí clann Phádraig Rua bailithe leo go Meiriceá … toghadh Tarlach de Faoite ina chomhairleoir contae, líon tí mór aige féin agus Malaí Bhán.
Bhí Taimí os a comhair amach ina shuan-chodladh, na buidéil leanna ólta aige. Dá mhéid an díograis a bhí air chun filleadh, ba léir go raibh an imní sin ag teacht aniar air mar a thagadh riamh. É ag obair i gCoventry le go gcothódh sé an líon tí sa bhaile a d’fheiceadh sé uair sa bhliain.
Bhí an t-uisce fós ag draoibeadh ar na fuinneoga agus gan le feiceáil amuigh ach splancanna solais ó am go ham mar lampaí coisricthe i seomraí dorcha na hoíche: ‘Shíl mise fhéin gurbh í an chaor bhí ar lasadh id ghrua, / Shíl mé ina dhéidh sin gur tú réalt na maidne i bhfad uaim, / Dá dtéinnse chun aonaigh ba tú an féirín ba dheise tchínn romham, / Is a chara mo chléibh, nach dona gur thréig tú mé mar gheall ar na buaibh.’
Sea, na buaibh, agus Malaí Bhán. Malaí Bhán iníon Uí Bhroin Mhóin na dTarbh, fear na dtréad is na sabhran, fear an ghabháltais mhóir, fear an aon iníne amháin, agus: ‘Sé chuala mé Dé Domhnaigh mar chomhrá ’gabháil idir mhnáibh / Go raibh sí ’gabháil dá pósadh ar óigfhear dá bhfuil insan áit.’
Ní raibh coinne dá laghad aici leis an nuacht a fuair sí ar an Luan úd fadó go raibh Tarlach ag dul ag pósadh Malaí Bhán. Ba bhriseadh tubaisteach di é. Nárbh é an tseachtain roimhe sin féin a bhí sí ar bharr Shliabh na gCraobh sa tóir ar neadracha na gcearc fraoigh, agus ag fáil suilt as monabhar an uisce sna claiseanna faoi na tortáin raithní. Nárbh shin an uain a scaoil sé léi a rún, a aislingí a chur i gcrích.
Holyhead… Holyhead… will all passengers for Ireland please go at once to the Mail Boat point!
B’éigean dí scor de na samhailtí fad a dhírigh sí a haire ar a slí a dhéanamh trín bhfuadar is trín ngleo. Ní mórán bagáiste a bhí aici, ach oiread is a bhí aici an lá ar tháinig sí an treo sin ar a bealach go Londain an chéad lá. Ní raibh sé deacair uirthi, mar sin, ionad deas compordach a fháil di féin ar bord. D’iarr sí ar an duine ba neasa di súil a choimeád ar a hionad fad is a thapaigh sí an deis dul ar an deic agus boladh folláin na sáile a análú isteach ina scámhóga.
Ba bhreá léi an uain i ndiaidh phlúchtáil na traenach. Bhí an calafort imfhálaithe ag soilsí mar a bhíodh Doire na gCuach imfhálaithe ag coinnle Nollag fadó. Bhrúigh na cuimhní cinn isteach uirthi arís. Dá bhoichte is a bhí na daoine níor ligeadar i bhfaillí fáilte a chur roimh an Slánaitheoir. Ní in áras ná i dtigh mór a rugadh é ach i máinséar i scioból, agus b’iad réaltaí na spéire na lampaí coisricthe aige an oíche dhorcha chéanna, agus an tsíocháin i réim i gcroí an chine dhaonna.
Shéid an long a bonnán agus í ag gabháil chun na farraige amach. Diaidh ar ndiaidh d’imigh an calafort as radharc agus níorbh fhéidir di ach léas na soilse a fheiceáil ag cúlú uaithi: ‘Fear gan chéill a bheadh ag dréim leis an gcaor bheadh ard / Is an chaor bheag íseal lena thaobh ar nach leagfadh sé a lámh.’
Nárbh shin é a bhun is a bharr le Tarlach na blianta fada ó shin. B’fhearr leis i ndeireadh na dála cloí leis an maoin, nó b’fhéidir gur cuireadh iachall air droim láimhe a thabhairt don chailín aimsire nach raibh: ‘…airgead aici ná bólacht / Ná clóca de shíoda buí / Is b’fhéidir gurbh fhearr í ina dhiaidh sin / Ná bean agus táinte an tsaoil.’
Bhí loinnir ag teacht sa spéir de réir a chéile. Ba léir anois na trálaeir iascaigh ag treabhadh a gcúrsaí tríd an mbóchna. Bhí na faoileáin ar gach aon taobh den bhád farantóireachta. Ní fada go mbeadh cósta na hÉireann ar íor na spéire. Bhí Taimí bocht cúbaithe suas ina chóta trinse ar an mbinse taobh amuigh den bheár. B’fhollasach beirt na hargóinte a bheith ag fáil réidh le dul i dtír.
Bhí Treasa féin réidh an uair chéanna le dul i dtír. Chuidigh na blianta fada thall i Londain ag sclábhaíocht san ospidéal len í a thabhairt chun sástachta. Má fágadh ina ceap magaidh í nuair a phós Tarlach agus Malaí Bhán i séipéal Dhoire na gCuach, b’eisean ba mhó a bhí thíos leis an bpósadh céanna i ndeireadh thiar, mar de réir na dtuairiscí ní raibh sonas croí ann ainneoin a raibh d’airgead aige. Ach dá mba mhithid di féin an baile a fhágáil toisc ‘an focal trom ó lucht na mbréag ann’, tharla go mba ise amháin a bhí thuas leis an scéal ina dhiaidh sin is uile.
——◊——
B’é an litir sin sa mhála aici a leag sí ar an mbord, mar sin, nuair a bhuail sí isteach go hoifigí dlí Uí Artagáin an lá dár gcionn, litir ag rá go raibh teideal oidhreachta aici don tsuim mhór airgid a fágadh le huacht aici ag Tarlach de Faoite.
Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|