Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn
Cuid 3: Paddy Hillery:


le Maolsheachlainn Ó Caollaí


Cé gurb é Garret FitzGerald ‘athair intleachtúil’ na n-athruithe chun donais a tharla sna blianta 1973 agus 1974, ní fhéadfaí a rá gurbh é ba chúis leis an laghdú stádais ar fad a tharla ó bhuaic-am na hiarrachta athréimnithe stáit anuas go lár na seachtódaí. Bhí daoine eile i gcumhacht roimhe, agus ina dhiaidh, a bhí freagrach freisin as díchur na Gaeilge san oideachas agus sa státchóras. Amanntaí ní hiad is túisce a shamhlófaí i mbun an ghnótha sin is mó a bhí ciontach.

Tús Sleamhnaithe

Thosaigh an sleamhnú ó athréimniú na Gaeilge san oideachas chomh fada siar le tús na ndaichidí, ainneoin go raibh Aire Oideachais i réim a bhí tugtha go mór don Ghaeilge. Is thart faoin am sin a thosaigh an teagasc trí Ghaeilge sna scoileanna ag laghdú. Is dóigh gurbh é an chéad bhraon mór i mbéal na gaoithe maidir le stádas na Gaeilge go ginearálta, áfach, an treoir a tugadh deireadh a chur le fógraí agus foirmeacha dátheangacha sa státchóras.

Ar an 3 Meitheamh 1948 threoraigh an tAire Airgeadais, Patrick McGilligan, Fine Gael, do J.J. McElligott, Rúnaí na Roinne Airgeadais, an ciorclán úd Confidential Circular No 10/48 a chur chuig na hAirí Rialtais eile. D’órdaigh an ciorclán do na hairí gan fógraí agus foirmeacha dátheangacha a chur i gcló agus gan aon ábhar eile clóite a bheith dátheangach. B’fhógra é sin nach mbeifí ag iarraidh freastal feasta i nGaeilge ar phobal na Gaeilge agus go raibh stádas na Gaeilge á laghdú.

Ar an 19 Aibreán 1994, ag freagairt ceiste a chuir Alan Dukes i nDáil Éireann, dúirt Bertie Ahern, Aire Airgeadais, nár dhóigh leis gur tarraingíodh siar Confidential Circular No 10/48 riamh agus go raibh sé fós i bhfeidhm. Dúirt sé, áfach gur pholasaí ginearálta é go mbeadh saoránaigh in ann foirmeacha i nGaeilge nó i mBéarla a fháil, nuair a b’fhéidir, ach tugtar faoi deara nár thairg sé Confidential Circular No 10/48 a chur ar ceal. Fearacht an Whiteboy Act, ar dhiúltigh an tAire Michael McDowell é a chur ar ceal sa bhliain 2007, fágadh ar na leabhair é le go bhféadfaí é a chur ag obair arís ag an am cuí.

Ba iad na hAirí Oideachais a bhí i réim sa tréimhse ó 1957 anuas go 1974 ná:
• 11ú Dáil: Jack Lynch (an chéad uair), 20 Márta 1957 – 23 Meitheamh 1959, Fianna Fáil.
• 12ú Dáil: Patrick Hillery, 23 Meitheamh 1959 – 21 Aibreán 1965, Fianna Fáil.
• 13ú Dáil: George Colley, 21 Aib 1965 – 13 Iúil 1966, Fianna Fáil.
• 14ú Dáil: Donogh O’Malley, 13 Iúil 1966 – 10 Márta 1968, Fianna Fáil.
• Jack Lynch (sealadach), 10 Márta 1968 – 26 Márta 1968, Fianna Fáil.
• 15ú Dáil: Brian Lenihan, 26 Márta 1968 – 2 Iúil 1969, Fianna Fáil.
• 16ú Dáil: Pádraig Faulkner, 2 Iúil 1969 – 14 Márta 1973 Fianna Fáil.
• 17ú Dáil: Richard Burke, 14 Márta 1973 – 2 Nollaig 1976, Fine Gael.

Richard Burke, nó Risteárd de Búrca, ar ndóigh, a chuir i bhfeidhm an laghdú stádais san oideachas, sa bhliain 1973, laghdú a bhí ina thoradh díreach ar obair Garret agus dornán daoine eile i bhFine Gael. Ach tharla laghdaithe suntasacha stádais le linn na mblianta roimhe sin nuair a bhí na hionsuithe ar an nGaeilge agus athréimniú na Gaeilge ag dul i méid agus i ngangaid.

Chun fios fátha an scéil a shoiléiriú theastódh fiosrúchán poiblí a bheadh in ann cáipéisí a scrúdú agus fianaise a éileamh. Dá mbeadh fiosrúchán mar sin in ann, fiú lena mhíniú cén chaoi ar tharla sé nach bhfuil ach 1% d’fhoireann oilte, éirimiúil, chliste, mheánaicmeach na Roinne Oideachais in ann a ngnó a dhéanamh i nGaeilge, nuair atá breis is 9% den ghnáthphobal, gach aicme comhdhaonnach agus gach caighdeán oideachais agus éirime san áireamh, in ann an Ghaeilge a labhairt, bheadh tuiscint níos fearr againn ar an meon atá taobh thiar den chúlú ó athréimniú na Gaeilge san oideachas. Ach, cé gurb eol dúinn gurb iad na mandairíní is mó a shocraíonn formhór na bpolasaithe oideachais agus nach iad na polaiteoirí, i ndeireadh na dála ní fhéadfadh siad na polasaithe sin a chur chun cinn agus iad a chur i bhfeidhm gan chead agus rannpháirtíocht na n-airí.

Ceist Dála agus ciorclán cliste

Duine de na hairí is mó sa liosta sin thuas a chuidigh le díchur na Gaeilge ab ea Pádraig Ó hIrighle, Fianna Fáil, a bhí ina Aire Oideachais ó Mheitheamh 1959 go hAibreán 1965. Níorbh fhada san oifig sin é nuair a cuireadh ceist air sa Dáil. An Teachta Dooley, Fianna Fáil, a chuir an cheist agus ba léir go raibh an cheist sin réamhshocraithe. An raibh sé sásta go raibh bunús maith oideachais le múineadh na n-ábhar ar fad trí Ghaeilge, agus ar shíl sé gurbh é sin an bealach a b’fhearr le múineadh na Gaeilge a chur chun cinn?

D’fhreagair an tAire gur shíl sé go mbeadh sé níos tairbhí díriú ar mhúineadh maith na Gaeilge ná ar mhúineadh trí Ghaeilge. Ní raibh sa cheist agus sa bhfreagra ach ullmhú don drochscéal. Ina dhiaidh sin, d’eisigh an Roinn ciorclán a bhí thar a bheith cliste. Bheadh béim feasta ar labhairt na Gaeilge, rud a bhí á éileamh le fada ag lucht athréimniú na teanga. Ach, dá mbeadh an tuairim ag an múinteoir go ndéanfaí dul chun cinn níos fearr maidir le labhairt na Gaeilge ach díriú ar chomhrá i nGaeilge seachas ar mhúineadh trí Ghaeilge, bheadh cead ag an múinteoir gníomhú dá réir.

Séard a deir John O’Connor, Iar-Rúnaí, An Roinn Oideachais: ‘Despite the conditional clauses, the circular appears to be an invitation to teachers to abandon teaching through Irish. And because teaching through Irish was the keystone of the revival policy, the circular marked the first step in the dismantling of that policy’. ‘…its effect was, by gradual process, to put an end to teaching soley through Irish in all but a small minority of national schools without achieving any discernable improvement in the standard of oral Irish.’ Shíl O’Connor go raibh gluaiseacht na Gaeilge róthuirseach ag an am le cur i gcoinne an athraithe.

Deireadh le Coláistí Ullmhúcháin

Ar an 24 Bealtaine 1960 chuir an tAire Oideachais, An Dr Ó hIrghile in iúl don Choiste Airgeadais i nDáil Éireann go raibh sé chun deireadh a chur leis na cúig choláiste ullmhúcháin do Chaitlicigh. Nuair a bunaíodh an stát ní raibh ach mionlach de na bunmhúinteoirí cáilithe chun an Ghaeilge a mhúineadh. Mar seo leanas a chuir an tAire Ó hIrghile síos ar chúlra na gcoláistí ullmhúcháin agus é ag labhairt as Gaeilge: ‘…na hiarrthóirí meánscoile a bhí ag iarraidh dul isteach sna coláistí oiliúna an t-am san, (1924–1925), ní rabhadar sách oilte ar an nGaeilge agus b’éigean meánscoileanna a bhunú a chuirfeadh múinteoirí ar fáil a mbeadh an Ghaeilge ar a dtoil acu agus oiliúint mhaith mheánscoile orthu chomh maith’. (Ar ndóigh ní múinteoirí cáilithe a bheadh iontu go mbeadh an cúrsa dhá bhliain déanta acu i gceann de na coláistí oiliúna do mhúinteoirí, tar éis dóibh an Ard-Teistiméireacht a ghnóthú i gcoláiste ullmhúcháin).

Le linn na mblianta idir 1925 agus 1930 cuireadh sé cinn de na coláistí ullmhúcháin ar bun, agus in am trátha bhíodar ag soláthar do na coláistí oiliúna daltaí a raibh Gaeilge líofa acu. Ba chainteoirí ó dhúchas timpeall a leath acu. Is iomaí sármhúinteoir a tháinig chun cinn ar an mbealach sin, ach bhí lochtanna móra ar chóras seo na gcoláistí ullmhúcháin.

Bhí daoine nach raibh ach 13 bliana d’aois á réamhroghnú le bheith ina múinteoirí. An t-aon uair amháin a cuireadh agallamh ar dhaltaí (sa bhliain 1959), fuarthas amach nach raibh cuid acu feiliúnach don mhúinteoireacht. Anuas air sin, ó tharla nach mbíodh formhór na dtuismitheoirí in ann táillí iomlána na gcoláistí a íoc, bhíodh orthu geallúint a thabhairt an Roinn a aisíoc dá n-éireodh an dalta as an gcúrsa.

Chuir sin brú damanta ar chuid de na daltaí fanacht ar an gcúrsa, fiú amháin nuair a thuig siad nach raibh an cúrsa feiliúnach dóibh nó, b’fhéidir, nach raibh siad féin feiliúnach don mhúinteoireacht. Chomh maith leis sin bhí na daltaí meánscoile seo, ag am tábhachtach dá bhforbairt, scartha ó dhaoine nárbh ábhar múinteoirí iad. I ndiaidh dó na hábhair mhíshásaimh seo a lua ina óráid sa Dáil, dúirt an tAire go raibh sé ‘tagtha ar an gcomhairle gur fearr deireadh a chur leis an scéim sin.’

In áit na scéime sin gheall sé go gcuirfí ochtó scoláireacht ar fáil feasta do lucht na Gaeltachta, in áit na n-ocht gcinn déag a bhí ann roimhe sin, agus go gcuirfí foirgnimh na gcoláistí ullmhúcháin ar fáil chun go ndéanfaí iarracht meánscoileanna lánGhaeilge a bhunú iontu. Ó tharla nach mbeadh na meánscoileanna protastúnacha in ann ábhair mhúinteoirí a mbeadh cumas sách maith acu sa Ghaeilge a chur ar fáil, shocraigh sé gan an coláiste ullmhucháin do Phrotastúnaigh a dhúnadh. Ba lochtanna córasúla iad na lochtanna tromchúiseacha ar fad a luaigh an tAire. Caithfidh go raibh na lochtanna córasúla céanna ar an gcoláiste ullmhúcháin do Phrotastúnaigh, ach coinníodh é sin ar oscailt agus lean sé ar aghaidh ar feadh blianta fada. Má bhíothas in ann na lochtanna a leigheas sa choláiste Protastúnach, cad chuige nach bhféadfaí iad a leigheas sna coláistí eile?

Ba chéim i dtreo réiteach na bhfadhbanna é an t-agallamh a cuireadh sa bhliain 1959, don chéad uair agus don aon uair amháin, ar na daltaí ó na coláistí ullmhúcháin sular ligeadh isteach iad sna coláistí oiliúna, ach shocraigh an tAire nach leanfaí ar aghaidh leis an leasú. Ba cheart a lua go raibh lochtanna eile ar na coláistí ullmhúcháin nár luaigh an tAire. Cé go raibh caighdeán oideachais íseal i gcuid de na bunscoileanna as a dtáinig na daltaí, dar leis an Roinn Oideachais, ní bhíodh ach dhá bhliain sa chúrsa don Mheán-Teistiméireacht agus dhá bhliain don Ard-Teistiméireacht sna coláistí ullmhúcháin. Anuas air sin, ní mhúintí teanga ar bith ón Mór-Roinn sna coláistí. Ní raibh ceann ar bith de na lochtanna sin ná de na lochtanna a luaigh an tAire nach bhféadfaí a leigheas dá mba mhian leis an Roinn iad a leigheas. Níor mhian.

A definite ministerial policy?

Cé nár léir go raibh sé féin i bhfách le hathréimniú na Gaeilge, níor shíl John O’Connor, a bhí ina Phríomh-Oifigeach sa Roinn i 1956, ina Leas-Rúnaí i 1965 agus ina Rúnaí i 1973, go raibh an ceart ag Ó hIrghile na coláistí a dhúnadh; ‘Dr Hillery’s explanation was not very convincing. The disadvantages he listed were such that the remedy for them lay in his own hands.’ Chuir O’Connor an milleán ar an Aire agus a chuid comhairleoirí. Cérbh iad a chuid comhairleoirí ach ardoifigigh na Roinne Oideachais!

Ba é an tuairim mheáite a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge ag an am gur bhuille láidir in aghaidh athréimniú na Gaeilge é dúnadh na gcoláistí ullmhúcháin. Bhí cinnirí ann a shíl gurbh é an buille ba mhó riamh é, ach cé gurbh é a rinne an cinneadh sa deireadh, ba bheag duine a chuir aon chuid den mhilleán ar an Dr Ó hIrghile.

Ní dóigh go ndúirt Pádraig Ó hIrghile focal riamh in aghaidh athréimniú na Gaeilge, ach féach an tuairim a bhí ag Rúnaí na Roinne Oideachais: ‘Taking together the January Circular and the abandonment of the preparatory colleges scheme, a deir O’Connor, ‘one might conclude that there had been a definite ministerial policy to dismantle the language revival structures in the schools gradually and quietly and to cloak the operation by seeking the greater progress for the language by emphasis on oral Irish and by offering additional scholarships in secondary schools to native speakers.’ Ach ansan, léirigh O’Connor gurbh iar-Rúnaí Roinne é nuair a dúirt sé: ‘I think any such conclusion would be wrong’

Sa bhliain 2008 foilsíodh ‘Patrick Hillery: The Official Biography. Chomhoibrigh an Dochtúir Ó hIrghile leis an údar, John Walsh. D’admhaigh an t-údar, gurbh é Ó hIrghile a cheadaigh Ciorclán 11/60. I bhfo-alt,’Diluting the Language Revival’, sa leabhar sin, chosain an t-údar an tAire ar an mbonn nár chuir sé deireadh le riachtanas na Gaeilge sna scrúduithe. Ach faoin am a scríobhadh leabhar Walsh, ní raibh aon ghá níos mó leis an seachtantacht a chleachtaigh an tIar-Rúnaí sa bhliain 1986. D’fhéadfaí bheith ag maíomh anois as díchur na Gaeilge. Séard a bhí sa chiorclán, a deir Walsh, ná an Roinn ag tréigint múineadh trí Ghaeilge sna scoileanna náisiúnta. Athrú cliste ach bunúsach polasaí ag an Aire ab ea é, dar le Walsh. Ba chuid é, a deir sé, d’athmheas ginearálta pholasaí Gaeilge na Roinne faoi cheannas Uí Irghile. Deir sé freisin go mba thoradh ar an athmheas sin é dúnadh na gcoláistí ullmhúcháin. I ndiaidh dó dúnadh na gcoláistí a chosaint, deir Walsh gurbh athrú tábhachtach é ar pholasaí athréimniú na Gaeilge agus gur éirigh le Ó hIrghile é a thabhairt i gcrích gan freasúra. Mar fhocal scoir dúirt Walsh, ‘…Hillery heavily diluted the traditional policy of reviving Irish through the schools’.

Buille mór eile Uí Irghile

Bhí baint ag an nDr Ó hIrghile le céim síos mhór eile a tugadh don Ghaeilge, céim síos a thóg tríocha bliain lena cheartú. Sa bhliain 1967, chuir an stát Éireannach isteach don dara huair ar bhallraíocht i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE). Uaidh sin go dtí gur glacadh leis An Bhreatain, An Danmhairg agus Éire mar bhaill ar an 1 Eanáir 1973, bhí comhráite agus margaíocht ar siúl idir na hiarrthóirí agus an CEE. Bhí an Dr Ó hIrghile ina Aire Gnóthaí Eachtracha ón 2 Iúil 1969 go dtí an 3 Eanáir 1973. É féin a bhí i gceannas go pearsanta ar an margaíocht. Mar sin, eisean a bhí freagrach as an margadh a deineadh agus an scéal a insíodh do mhuintir na hÉireann.

In Aibreán 1970 foilsíodh páipéar bán an rialtais, Membership of the European Communities: Implications for Ireland. Ráiteas cuimsitheach ar pholasaí an Rialtais ab ea é seo. Cuireadh síos ann ar pholasaí an Rialtais i dtaobh gach impleachta agus gné a bhféadfadh siad smaoineamh air, ach níor luadh ann an Ghaeltacht ná an Ghaeilge. Má cheap na báillí maorlathacha agus a saoistí polaitiúla, áfach, go bhféadfaí céim síos eile a thabhairt go deas ciúin don Ghaeilge agus nach mbeadh cur ina choinne, ní raibh an ceart acu.

Ag an am sin bhí ceithre theanga ina dteangacha oifigiúla san CEE — an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis agus an Ollanais. Ní raibh aitheantas oifigiúil ná feidhm dlí ag cáipéisí nach raibh scríofa i gceann éigin de na teangacha sin. Ní fhéadfadh an CEE, de réir a chuid rialacha féin, bheith ag plé le comhfhreagras idir é féin agus ballstát nó saoránach de chuid ballstáit, in aon teanga nár cheann de na teangacha oifigiúla í.

Ar an ábhar sin amháin, gan trácht ar fháthanna comharthacha, bhí sé ríachtanach go mbeadh ar a laghad teanga oifigiúil amháin de chuid an bhallstáit ina teanga oifigiúil de chuid an CEE. Ní raibh baol ar bith ann ach go nglacfadh an CEE leis an mBéarla mar theanga oifigiúil a luaithe is a bheadh an Bhreatain glactha isteach mar bhallstát. Ach céard faoi mhuintir na hÉireann? An mbeadh siad-san in ann deileáil leis an CEE ina gcéad teanga oifigiúil nó an mbeadh iachall orthu cloí leis an dara teanga oifigiúil?

Níos tábhachtaí go mór ná comhfhreagras bhí ceist Bhunreacht na hÉireann, agus seasamh agus stádas na Gaeilge sa cháipéis sin. Aon stát Eorpach amháin ina mbeadh na hiarstáit náisiúnta uile mar chuid de réigiúin, is ea cuspóir fadtréimhseach an CEE (Tá an cuspóir sin ag éirí níos soiléire ar na saolta seo.) In ollstát mar sin, cén seasamh a bheadh ag an stádas atá ag an nGaeilge i mBunreacht na hÉireann?

Bhí cuma ar an scéal go raibh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag déanamh faillí agus iad sásta glacadh leis go mba leor an Béarla. Ar an 15 Meán Fómhair 1970 scríobh Conradh na Gaeilge litir chuig an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag fiosrú faoin aitheantas don Ghaeilge a bhí á lorg ag an Roinn ón CEE. Ar an 18 Feabhra 1971 scríobhadar freagra inar dúradh: ‘…is amhlaidh nár tháinig ceist na dteangacha oifigiúla a bheadh ag an gComhphobal leathnaithe idir chamáin fós ins na comhráití leis an Chomhphobal. Tá an cheist faoi scrúdú anseo.’

I lár na bliana sin, d’éiligh buanchoiste Chonradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil iomlán ar aon chéim leis an gceithre theanga oifigiúil a bhí aitheanta cheana féin. Measadh gur theastaigh ar a laghad an méid sin chun laghdú ollmhór stádais a sheachaint.

Teanga Oifigiúil gan stádas oibre

I nDeireadh Fómhair 1971 d’fhoilsigh Craobh na Cásca paimfléad a scríobhas, Gaeilge, Gaeltacht agus Comhargadh. Bhíos in ann a thuairisciú go raibh aigne na Roinne Gnóthaí Eachtracha socraithe. Bhí réiteach aimsithe acu — réiteach den chineál ar tugadh ‘an Irish solution to an Irish problem’ air níos deireannaí. Bhí an Rialtas ag iarraidh ar an CEE aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar theanga oifigiúil. Ach bhí coincheap nua aimsithe acu: teanga oifigiúil nach mbeadh ina teanga oibre chomh maith! Ní bheadh ar an CEE ach aistriúchán Gaeilge den chonradh ballraíochta agus tacar beag cáipéisí eile a chur ar fáil. Foirmle fholamh gan amhras! Bhí Éire á díol faoina luach!

Níorbh fhada gur cuireadh in iúl cén chéim síos don Ghaeilge a bhí i gceist. Níor fhan maorlathas an CEE go dtí i ndiaidh 1 Eanáir 1973, an dáta cláraithe, lena ndímheas ar theanga náisiúnta na hÉireann a chur in iúl. Scríobh Conradh na Gaeilge roinnt litreacha i nGaeilge chuig Coimisiún an CEE i rith mhí na Samhna 1972. I bhFraincis a freagraíodh na litreacha sin. Ansan, ar an 22 Deireadh Fómhair 1972, i bhfógra de chuid an CEE a foilsíodh ar nuachtáin Domhnaigh, cuireadh in iúl go raibh postanna mar ‘Administrators’ ‘at the initial grade of the administrative career bracket’ á dtairiscint do dhaoine arbh é an Béarla a máthairtheanga. Ní bheadh postanna san CEE ar fáil do éinne a mbeadh an Ghaeilge acu ó dhúchas.

I ndiaidh feachtas dian stocaireachta a reáchtáil an Conradh sa Dáil, i gcomhairlí contae, le Cumann Lúthchleas Gael agus eagrais Ghaeltachta, chuir an Dochtúir Ó hIrghile in iúl sa Dáil ar an 23 Samhain nach mbeadh constaic ar bith roimh fhostú Gaeilgeoirí ó dhúchas ar fhoireann an CEE! Ar an 2 Nollaig 1972, áfach, fógraíodh postanna mar Chúntóirí Riaracháin. Níor luadh teanga san fhógra, ach nuair a cuireadh fios ar an eolas faoi na coinníollacha fostaíochta, léiríodh go soiléir gur ‘workers of English mother tongue’ a bhí ag teastáil do na postanna ar fad.

Ar an lá a cláraíodh an Bhreatain, an Danmhairg agus Éire mar bhallstáit tugadh stádas iomlán oifigiúil don Bhéarla agus don Danmhairgis. Maíodh go raibh stádas oifigiúil bainte amach don Ghaeilge. Bheadh cead ag daoine scríobh chuig an CEE i nGaeilge agus a bheith ag súil le freagra sa teanga chéanna. Bheadh iris oifigiúil an CEE ar fáil sna teangacha oifigiúla ar fad, ach ní bheadh sé le fáil i nGaeilge. Ní bheadh cáipéisí tábhachtacha an CEE ar fáil i nGaeilge ach an oiread. Ní chuirfí aistriúchán comhuaineach ar fáil sa Pharlaimint agus mar sin ní fhéadfaí í a labhairt ann. Teanga Chonartha a bheadh sa Ghaeilge agus b’shin uile!

Ag tús na bliana 1973, agus muid slán sábhailte in ucht an CEE, scríobh Conradh na Gaeilge chuig an Rialtas ag iarraidh orthu, ar a laghad go bhfaighfeadh duine a bheadh ag iarraidh a ghnó a dhéanamh leis an gComhphobal ón tír seo as Gaeilge freagra as Gaeilge. Ar an 15 Márta 1973 tháinig an freagra, ó: Director General of Administration Personnel and Finance, Francesco Pasetti Bombardella.

‘…I understand your concern that English should be the official mother tongue of the Irish people when seeking employment with the European Parliament but I must refer you to the deliberations which took place during entry negotiations. It was decided, after full consultation, that Irish would not become an official language of the Communities. As a result of this decision, and after further talks, English was accepted as the official Community language for the United Kingdom and Ireland.’

Dhiúltaigh an rialtas stádas iomlán!

Is dóigh liom gur shíl formhór lucht na Gaeilge gurbh é an CEE a dhiúltaigh stádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge. Ach bhí iontas ar go leor daoine nuair a fuarthas amach, nuair a bhí stádas oifigiúil iomlán á thabhairt don Ghaeilge sa bhliain 2007, gur tairgíodh stádas oifigiúil iomlán ar chomhchéim leis na teangacha eile don Ghaeilge i 1972, ach gur dhiúltaigh Rialtas na hÉireann glacadh leis.

Tá comhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha le feiceáil sa Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, comhad inar coinníodh cáipéisí a bhain le stádas na Gaeilge. Scríobhadh iad le linn bhlianta na hidirbheartaíochta leis an CEE. Ní dóigh gur scaoileadh gach cáipéis amach. Mar shampla, níl aon tagairt ann do thairiscint an CEE, ach tá go leor ann le cur in iúl go raibh dearcadh diúltach ag an Roinn ón gcéad lá ar luadh an stádas a bheadh ag an nGaeilge san CEE. I meamram inmheánach, ar an 14 Bealtaine 1970 scríobhadh:

‘At this stage it would be premature to adopt a definite position. If Denmmark and Norway do not seek to have their languages designated as official languages of the enlarged Communities, we can hardly press for the designation of Irish…. .It can be taken as certain that English will be designated as an additional official language upon enlargement of the communities….’

Abairt ab ea, ‘…we can hardly press for the designation of Irish’, a bhí ina dheilín acu ar fud na gcáipéisí atá ar an gcomhad. Intinn dhúnta a bhí ag an Roinn ón gcéad lá.

Cuireadh síos níos mine in áit eile ar cháipéis 14 Bealtaine 1970 ar chuid de na fáthanna nach rabhthas ag iarraidh stádas fiúntach don Ghaeilge:

‘The addition of four new official languages on the enlargement of the Communities would obviously create serious and costly administration problems…. The fact that English is one of the official languages of this State is an important and relevant consideration.

Luadh sa cháipéis go raibh soláthar i mBunreacht na hÉireann a ligfeadh don stát gan ach ceann amháin de na teangacha oifigiúla a úsáid do ghnó ar bith stáit, ach socrú a dhéanamh le dlí. Mar sin, shíleadar nach mbeadh fadhb ar bith ann dá n-úsáidfí an Béarla amháin.

Bhíodar dóchasach ag an am sin nach mbeadh an Danmhairg agus an Iorua ag éileamh stádas oifigiúil dá dteangacha, agus go mb’fhéidir go mbeadh siad sásta le haistriúchán ar Chonradh na Róimhe agus an Conradh Ballraíochta. Sa chás sin, ar ndóigh, ‘we could hardly press for designation of Irish.’ Ach dá n-éileodh an dá thír sin stádas oifigiúil dá dteangacha, bheadh ‘ almost unsurmountable difficulties’ le sárú.

I nóta a ullmhaíodh do chruinniú, dúradh: ‘The British will expect to have and would insist upon having English accepted as an official working language in the enlarged Commmunities on the same terms as French, German, Italian and Dutch.’

B’ábhar faoisimh dóibh é sin, mar ní bheadh orthu féin stádas oifigiúil a iarraidh don Bhéarla agus iad ag an am céanna ag diúltú seasamh mar sin a iarraidh don Ghaeilge.

Fuaireadar comhairle dlí inmheánach. An bhuairt is mó a bhí ar an gcomhairleoir dlí ná na himpleachtaí bunreachta a shamhlaigh sé. Bheadh contúirt ann, dar leis, dá mbeadh an Ghaeilge ina teanga oifigiúil, go mbeadh ar Thithe an Oireachtais aon dlíthe a bheadh orthu a reachtú chun feidhm a thabhairt do reachtaíocht an CEE, a reachtú i nGaeilge chomh maith le i mBéarla. Níos measa ná sin, dá mbeadh orthu dlíthe a reachtú sa dá theanga, mar a shíl sé, bheadh baol ann, i gcás coimhlinte idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla, go mbeadh tús áite, de réir Bhunreacht na hÉireann, ag an leagan Gaeilge! A Thiarchais!

Dúirt an comhairleoir dlí go raibh an cheist pléite ag an bhfoireann idirbheartaíochta agus gurbh é an intinn a bhí acu, fiú dá mbeadh stádas oifigiúil ag dul don Danmhairgis agus don Ioruais: ’we should not seek to have Irish so designated.’

I gceannas ar an fhoireann idirbheartaíochta bhí Seán Morrisey, leasrúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Denis Maher, an Roinn Airgeadais, Jimmy O’Mahony, an Roinn Talamaíochta agus Iascaireachta, Des Culligan, an Roinn Tionscail agus Tráchtála, agus Seán Kennan a bhí i gceannas ar Mhisean na hÉireann sa Bhruiséil. Chuirtí cinntí faoi bhráid na bpríomhranna stáit, ach bhí an fhreagracht ghineáralta ar an Dr Ó hIrghile.

Cinneadh déanta an chéad lá

I ndáiríre, bhí an cinneadh déanta ón gcéad lá agus ní raibh le déanamh ag na polaiteoirí ach an scéal a mhíniú ar bhealach a mbeadh glacadh leis ag an bpobal. Mar a dúradh i gceann de na cáipéisí, bhí trí ghné den cheist ar ghá dóibh smaoineamh orthu: (i) gnéithe dlí agus bunreachta; (ii) riachtanais phraiticiúla, agus (iii) presentational aspects at home. Ní fhaca mé aon tagairtí eile don triú gné sin ar an gcomhad.

Bhí Gaeilge mhaith ag Ó hIrghile. Níor nocht sé tuairimí frith-athréimnithe go poiblí riamh. Ba bhall é de pháirtí polaitiúil a mbíodh athréimniú na Gaeilge ar cheann dá príomhchuspóirí oifigiúla. Bhí sé ina aire i rialtais a bhí go hoifigiúil i bhfách leis an nGaeilge. B’fhéidir go raibh sé féin i bhfách léi. Agus é ina Aire Oideachais, thug sé roinnt óráidí a bhí ag tacú leis an nGaeilge. Nuair a fuair sé bás in Aibreán 2008, scríobh iriseoir Gaeilge atá an-tugtha don teanga agus don athréimniú gur Ghael dílis é.

An féidir gurb é seo an fear céanna a bhain an Ghaeilge dá boinn sa chóras oideachais, ní uair amháin ach dhá uair? An é an fear céanna a dhiúltaigh glacadh le stádas iomlán oifigiúil don Ghaeilge san CEE, agus a d’fhógair ag an am sin go raibh stádas oifigiúil bainte amach don Ghaeilge nuair nach raibh faighte aige di ach stádas maide?

Cé gur dóigh go raibh baint ag cúrsaí pearsanta agus pearsantachta lena ghníomhartha, ní léir go raibh na cúrsaí sin chomh tábhachtach is a bhíodar i gcás Garret FitzGerald. Is fíor gur roghnaigh Seán Lemass Ó hIrghile — cúlbhinseoir nach raibh fonn air fanacht sa pholaitíocht — go cúramach chun obair áirithe a dhéanamh sa Roinn Oideachais. Is fíor nach raibh Lemass i bhfách le hathréimniú na Gaeilge: b’shin é an fáth ar reachtáladh an Feachtas Síniúchán. Bhí ré an domhandaithe ag tosú. Theastaigh ó Lemass an tír a nua-aoisiú. Ní bheadh athréimniú na Gaeilge ina chuid de sin, de réir a thuisceana siúd. Ach más ag déanamh rud ar Lemass a bhí Ó hIrghile, cén fáth go mbeadh seisean, go mbeadh an bheirt acu, ag dul i gcoinne thraidisiúin an pháirtí agus ag cur ceann de na príomhchuspóirí náisiúnta ó mhaith?

Easpa Buntuisceana

Baineann an freagra le heaspa tuisceana ar a bhfuil ag teastáil chun teanga a athréimniú, ach baineann sé freisin le próiséas a tharlaíonn i ngach gluaiseacht a mhaireann ar feadh blianta fada. Tugtar institiúidiú nó maorlathú ar an bpróiséas. Ceann de na céimeanna a tharlaíonn tríd an institiúidiú ná go ligtear fealsúnacht na gluaiseachta i ndearmad de réir mar a bhíonn cuid de na cuspóirí bainte amach, agus de réir mar a thagann baill úra isteach nach mbíonn an fhealsúnacht sin ag cur spreagadh iontu.

Dá mbeadh a bhunfhealsúnacht á plé go minic i bhFianna Fáil le linn na mblianta roimh aimsir Uí Irghile sa pháirtí, thuigfeadh na gnáthbhaill nach féidir teanga a athréimniú nó fiú a chaomhnú gan stádas fírinneach a bhaint amach di atá ar chomhchéim go fírinneach le stádas na teanga atá in uachtar. Thuigfeadh siad freisin nach féidir teanga a athréimniú gan ardchumas sa teanga sin a chur ar fáil do na daoine trí chóras na scoileanna poiblí. Thuigfeadh siad nach féidir teanga a athréimniú gan an cumas a fuarthas sna scoileanna a chur ag obair sa saol forscoile, trí dhea-shampla, trí laghdú tionchar na ngnásanna teanga, trí fheachtais eolais agus trí áiseanna. Thuigfeadh siad go gcaithfí pobal teanga a chothú agus a neartú agus a leathnú go gníomhach agus gach deis agus cúnamh a chur ar fáil do na daoine an teanga a chur ó ghlúin go glúin tríd an teaghlach.

Toisc nach raibh an fhealsúnacht athréimnithe á plé, ní hamháin i bhFianna Fáil ach sa saol mór, bhíothas in ann an tsúil a dhúnadh ar na bunriachtanais seo. Níos measa ná sin, bhíothas in ann gníomhú glan in éadan na bprionsabal bunúsacha, agus a rá ag an am céanna gur ar mhaithe leis an teanga a bhíothas ag cur na mbeartas nua i bhfeidhm.

Foinsí

• Byrne, Francis, J. The Rise of the Uí Néill and the High Kingship of Ireland, O’Donnell Lecture, 28 November 1969
• Ó Caollaí, M.
— Gaeilge, Gaeltacht agus Comhargadh, Craobh na Cásca, 1971
— Timthriall Gluaiseachta, Social Studies; Irish Journal of Sociology, Vol 2, No 2, 1973
• Ó Catháin, Fr Seán. Secondary Education in Ireland, Studies, Earrach 1957
• O’Connor, Seán. A Troubled Sky, Educational Research Centre, St. Patrick’s College, Dromcondra, 1986
• Conradh na Gaeilge. Ardfheis 1971, 1972, 1973
• Coolahan, J. Irish Education, its History and Structure, Dublin Institute of Administration, 1981
• Dáil Éireann. Vol 182, 24 Bealtaine, 1960, Committee on Finance, Vote 33, Oifig an Aire Oideachais.
• O’Doherty, E.F. Bilingual School Policy, Studies, Fómhar 1958
• FitzGerald, Garret.
— The Irish Times: 4 Nollaig 1954, 13 Eanáir 1964, 8 Feabhra 1964, 4 Bealtaine 1966
— Seeking a National Purpose, Studies, Fómhar 1964
— All in a Life, Garret FitzGerald: An Autobiography, Gill & Macmillan, 1991
— Ireland in the World: Further Reflections, Liberties Press, 2005
— Just Garret, Tales from the Political Front Line, Liberties Press, 2010
• MacEvilly, Michael. A Splendid Resistance; The Life of IRA Chief of Staff, Dr Andy Cooney, Edmund Burke Publisher, 2011
• Manning, Maurice. James Dillon, A Biography, Wolfhound Press, 1999
• Fine Gael.
— Fine Gael Irish Language Policy, (Clóscríofa) 22 Meitheamh 1966 ?
— Fine Gael Policy for a Just Society, 1. Irish Language Preservation.
— Not Merely Gaelic, The Citizen, Iúil 1966
• O’Meara, Dr John J. Reform in Education, Mount Salus Press, 1958
• McNamara, John. The Commission on Irish, Pschological Aspects, Studies, Samhradh 1964
• Rialtas na hÉireann. Membership of The European Communities, The Stationery Office, 1970
• A Special Correspondent. Origin of F.G. Irish Policy? The Irish Press, 8 Lúnasa 1966
• Turner, Ralph, H.& Killian, Lewis, M. Collective Behaviour, Prentice-Hall, Inc., Englewood Cliffs, N.J. 1957
• Walsh, John. Patrick Hillery: The Official Biography, New Island, 2008, Má Nuat, Aibreán / Bealtaine 1973

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2012


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais