Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Cnámh Spairne Oideachais - -

Tá séasúr seafóide na meán cumarsáide thart go ceann bliana eile. Nach aisteach gur i gceartlár na tréimhse miotasúla sin a thagann torthaí scrúduithe na hardteistiméireachta inár dtreo gach bliain. Ní seafóid ar aon chor na torthaí céanna don 59,000 scoláire a shuíonn don scrúdú sin in aghaidh na bliana, agus is mór go deo an clúdach a fhaigheann na torthaí ar na meáin chéanna. Is mór leis an t-ábhar conspóide iad gach bliain agus níor thaise dó sin é i mbliana.

Tá dhá chnámh spairne i gceist, ar ndóigh, agus is féidir dá bhféadfaí iadsan a scaradh óna chéile ar bhealach éigin nach mbeadh an chonspóid chomh teasaí ar fad agus a bhíonn. Ar an gcéad dul síos tá an scrúdú féin, an fhoghlaim de ghlanmheabhair, an chúngacht a bhaineann leis sa mhéid go mbíonn sé dírithe ar thorthaí scrúduithe, seachas ar na hard-aidhmeanna a deirtí a bhain leis an léann clasaiceach, liobrálach agus miotasach arís gan amhras, a bhí ar fáil ag ár sinsear, sna scoileanna scairte is dóichí i gcás ár bhformhór. Ná deirtí go raibh Laidin agus Gréigis ag na préacháin i gCiarraí! Sea, mhuis!

Ach sa dara háit, ta córas na bpointí, agus is é sin a chuireann go mór le teocht na conspóide. Níl aon amhras faoin tús áite atá anois ag pointí sa mhéid gurb iad bun agus barr an scrúdaithe iad. Bhí propast Choláiste na Tríonóide ag tagairt don cheist seo in alt a bhí aige ar an Irish Times i dtús an tsamhraidh. Bhí, a dúirt sé, córas na bpointí mar a bheadh scamall dorcha ar thaithí oideachais aos óg na tíre seo. Bhí sé in am stop a fhógairt, dar leis.

Is eol dúinn gur port é sin nach minic a chloistear ag an bpíopaire na laethanta seo. Ina áit sin tá an bhéim go mór ar ról an chórais oideachais freastal ar riachtanais an gheilleagair. Gan aon amhras is cuí agus is cóir go mbeadh béim ar an matamaitic agus ar na hábhair eolaíochta. Ach fiú ansin is féidir gur mhó tairbhe é go ndíreofaí aird ar chaighdeán na múinteoireachta ná bheith de shíor ag déanamh comparáidí ró-éasca idir an tábhacht a bhaineann le hábhair éagsúla.

Ó thaobh na Gaeilge dhe bhí suim ar leith sa scrúdú i mbliana sa mhéid go raibh 40% de na marcanna ag dul do chumas labhartha. Má cuireadh fáilte roimh an gcur chuige nua is dearfa gur ábhar imní go n-ardófaí ceist, mar is cosúil a tharla, faoi chumas Gaeilge chuid éigin de na daoine a bhí i bhfeighil na n-agallamh, nó go raibh ceist faoi neamhrialtacht agus éagsúlacht cur chuige sa bhealach inar eagraíodh iad.

Is mí-ámharach an scéal é go bhfuil amhras agus éiginnteacht i gceist maidir leis an stádas atá ag an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a tháinig ó Rannóg an Aistriúcháin le déanaí. Ní hamháin gur cúis imní an éiginnteacht do scríbhneoirí agus d’aistritheoirí, agus go deimhin do lucht úsáidte na teanga i gcoitinne, ach cruthaíonn sé deacrachtaí ollmhóra maidir le múineadh na teanga. Is léir go gcaithfear filleadh ar an gceist seo.

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2012


Abhaile | barr | clár na míosa seo