Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Ag coinneáil loinnir leis an íomhá
le Seán Ó Loingsigh


Ach ní go dtí an seandream a bhíothas, ach chucu-san atá i bhfeighil ár gcúrsaí faoi láthair. Is beag amhras ná go bhfuil míthreoir le brath i gcás an rialtais le tamall anuas.

———◊———

Is fada ó tháinig rialtas i gcumhacht sa tír seo le hoiread céanna tacaíochta agus a tháinig an rialtas atá againn faoi láthair. Bhí sruth dea-thola ar a gcúl, ní hamháin i gcás an phobail, ach neamhghnách go leor i gcás na meán cumarsáide a bhfuil, a deirtear linn, oiread sin tionchair acu sa saol polaitiúil.

Um an dtaca seo níl a thuilleadh plé ná mínithe riachtanach faoi conas mar a deineadh díothú ar Fhianna Fáil, agus ar an bPáirtí Glas chomh maith leo, breis bheag agus bliain go leith ó shin. Ach tá cuimhne na tubaiste eacnamaíche a bhuail an tír seo beo i gcónaí, agus ba léir ó thús don phobal go mbeadh a thoradh mar ualach ar an tír ar feadh tréimhse dothomhaiste le teacht.

I dtuairim an phobail sin bhí athrú rialtais riachtanach, ach ní raibh ansin ach an chéad chéim. Gan amhras glacadh leis go mbeadh cur chuige nua riachtanach. Ní raibh aon duine ag súil le míorúiltí nó nach dtógfadh sé dóthain mhór ama.

Le tamall anuas, áfach, tá sé ag rith le daoine nach bhfuil aon chur chuige nua i gceist ná aon tuairimí nua ag teacht chun cinn. Tá sé le brath anois go bhfuiltear ag cloí go huile lena raibh beartaithe ag an rialtas Fhianna Fáileach / Glasach a thuill oiread sin míchlú de bharr ar tharla. Pé caint a deineadh, nó pé geallúinti a tugadh, is deacair cuimhneamh ar aon chéim nua i dtreo amháin nó eile.

Is eol dúinn nach raibh aon loscadh i ndán do shealbhóirí bannaí. Fágadh socrú Pháirc an Chrócaigh mar a bhí. Go dearfa, níor cuireadh aon duine i bpríosún, mar a bhí go leor ag éileamh le fonn díoltais. Is féidir leis, ar ndóigh, go rabhamar róshoineanta ar fad agus sinn ag brath go raibh uile-íoc de chineál éigin ar fáil a scuabfadh ár bhfadhbanna chun siúil beagnach ar phrapadh na súl. Tabhair bata agus bóthar don ghráscar sin a bhí i bhfeighil ár gcúrsaí, cuir dream nua ina n-áit agus is gearr dúinn go mbeimid ar an mbóthar arís!

An bhfuil an leagan amach sin róshimplíoch ar fad? Is féidir é, agus is féidir chomh maith, ní hamháin go ndeineann sé míghar don rialtas faoi láthair ina n-iarrachtaí tarrthála, ach go bhfuil sé a bheag nó a mhór ag dul thar fóir le haithisiú agus comh-choiriú, fiú i gcás an rialtais dheireanaigh. Is cinnte gurbh é sin atá le brath i gcás iartheachtaí Dála an Pháirtí Ghlais an chorruair a mbíonn sé de dhánacht in aon duine díobh a bhéal a oscailt. Nó an cuimhin nó an cás le haon duine go raibh a leithéidí riamh i mbun rialtais ní rófhada ar fad ó shin?

Ach ní go dtí an seandream a bhíothas, ach chucu-san atá i bhfeighil ár gcúrsaí faoi láthair. Is beag amhras ná go bhfuil míthreoir le brath i gcás an rialtais le tamall anuas. Ní hionadh rómhór go mbeadh fadhbanna i gcúrsaí sláinte, agus ní haon ní as an ngnáth go mbeadh an t-aire atá i mbun na Roinne Sláinte ag fústráil thart faoi mar nach mbeadh sé róchinnte d’aon ní a bhí sé ag rá nó ag déanamh. Is cuimhin linn Brian Cowen le linn dó bheith ina Aire Sláinte ag déanamh comparáide nach raibh fabhrach idir an staid ina raibh cúrsaí sa Roinn agus an mí-eagar i mball éigin i lár na hAfraice, mar a raibh ina chíréib ag an am. Is cuimhneach, leis, an aithis a thuill Mary Harney le linn a téarma fada san oifig chéanna.

Mar sin féin, is deacair gan milleán a leagadh ar James Reilly mar aire, go háirithe as a easpa teagmhála lena chomhairí agus an t-amhras agus éiginnteacht a bhaineann le ciorruithe a fhógairt lá amháin agus iad a chur ar ceal arís an lá dár gcionn. Nach ionann é sin agus a iarraidh ar dhaoine cur in aghaidh ciorruithe d’aon chineál? Ní mór ná gur cuireadh chun ceannairce é. Is gearr go mbeidh ar an rialtas a n-aigne a dhéanamh suas faoin gcáin réadmhaoine cónaithe nó residential property tax. An gcúlóidh siad uaidh sin, má bhíonn an cur ina choinne láidir go leor?

Mar a dúradh ag an tús ní hionadh go mbeadh deacrachtaí mar seo ag teacht chun cinn i bhfianaise chruachás na tíre agus an síorbhrú atá ar an rialtas ciorruithe a chur i bhfeidhm i ngach réimse caiteachais, ach níl aon dul gur féidir leanacht ar aghaidh le cur chuige ina leanann cúlú sna sála ar gach uile chiorrú.

Is fadhb bhreise leis é, go háirithe i gcás na ndeacrachtaí sa Roinn Sláinte, gur chosúil gur míghean idirpháirtí a bhí i gceist cuid mhór agus gan an t-aire a bheith sásta eolas a roinnt leis an aire stáit. Gan amhras is fadhb cheannaireachta atá i gceist sa chás sin, agus ba ghnó é don Taoiseach dul i ngleic leis sa chéad áit, ach gan amhras i gcomhphairtíocht leis an Tánaiste. Nach bhféadfaí a bheith ag súil leis go mba ghnáthchuid d’obair an lae dul i bhfeidhm ar a leithéid de theannas in aon chomhrialtas, gan trácht ar aon chor ar an méadú a bheadh ar an teannas sin sna laethanta corraitheacha seo.

Is féidir gur bhotún ag an Rialtas é gan oiread a b’fhéidir de na ciorruithe, a bhí gan aon amhras riachtanach, a dhéanamh a luaithe a b’fhéidir tar éis dóibh teacht i gcumhacht, laistigh den chéad bliain, fiú. D’fhéadfadh sé go raibh daoine níos mó ag súil leo an tráth sin agus gur mhó a d’fhéadfaí an milleán a leagadh ar an rialtas a bhí ann rompu. Anois ní cúlbhinseoirí amháin i bhFine Gael agus sa Lucht Oibre atá ag éirí corrthónach, ach airí agus airí stáit chomh maith leo. Mar a dúradh níos luaithe ní hionadh go mbeadh seo amhlaidh agus cúrsaí mar atá. Ní hé go bhfuil scoilt ag bagairt gan trácht ar thoghchán, ach is cinnte go bhfuil fainic ann do cheannairí.

Rinneamar tagairt leataobhach sa chéad pharagraf do na meáin chumarsáide agus don dea-thoil a léirigh siad don rialtas ar theacht i gcumhacht dóibh. Níor thógtha sin orthu san am agus na cúinsí mar a bhí, i ndála neamhghnácha an ama sin. Ní nós dúinn ar aon chor sa chúinne seo a bheith róthógtha le hidirphlé na meán, agus na teilifíse go háirithe sa saol polaitiúil. Ní hé nach cuí agus cóir dóibh a ról sa saol sin — go deimhin gur dualgas dóibh é. An uair dheireanach a raibh an ról á phlé anseo ba iad na cláir a rinne RTÉ le linn toghchán na huachtaránachta a bhí i gceist.

Is é an gearán a bhí againn faoi na cláir a dhein Pat Kenny, agus é ag cur na n-iarrthóirí faoi agallamh, gur chosúla iad le cláir gheamaireachta ná cláir a raibh dualgas tábhachtach polaitiúil leagtha orthu, ach níos mó ná sin gur léiríodh claontacht áirithe sa bhealach a caitheadh le cuid de na hiarrthóirí.

Cúpla seachtain ó shin bhí clár fada ag RTÉ ag taispeáint an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn ag obair ina Roinn, agus é formhór an ama i gcomhluadar a chomhairleoirí pearsanta. B’aisteach mar chlár é. Bhí blas láidir den chraoltóireacht pháirtí pholaitíochta air, ach san am céanna chuaigh sé ar strae ar chuma éigin. Má léiríodh go leor comhbhá leis an Aire féin, ní mór a chur san áireamh gur seanmhadra é siúd a bhfuil cúrsa fada curtha de aige ar bhóthar casta na polaitíochta. Níorbh amhlaidh don cheathrar nó chúigear de chomhairleoirí pearsanta a bhí fairis ar an gclár. B’fhearr dó iad a bheith curtha i bhfolach áit éigin aige.

Ba dhóigh leat nach raibh de chúram orthu ach a bhéith ag spásaireacht thart ag coinneáil loinnir le híomhá an Aire, cúram a mb’fhearr go mór chuige é féin. Ba mhinic le déanaí gearáin faoi na comhairleoirí seo, an líon díobh a bhíonn ag freastal ar airí agus airí stáit, agus an costas a bhaineann leo. Ba bheag an cúnamh an clár seo chun aon mhaolú a dhéanamh ar an drochphoiblíocht. Olc nó maith meallann na ceamaraí na polaiteoirí.

Pé ní faoi dhea-thoil na meán cumarsáide, is cosúil anois go bhfuil an rialtas seo ag brath go mór go dtiocfaidh Banc Ceannais na hEorpa i gcabhair orainn agus go mbeidh faoiseamh le fáil ó na fiacha a bhaineann le tarrtháil na mbanc, agus go háirithe na nótaí gealltanais úd a sholáthraíonn airgead a éiríonn as fiacha an Bhainc Angla-Éireannaigh. Deir an tAire Airgeadais anois gur fearr dúinn gan an cheist seo a bhrú rómhór faoi láthair, ach é thógaint bog go bhfeicimid cén réiteach a bhíonn ar dheacrachtaí na Spáinne, agus cén cúnamh agus coinníollacha a chuireann an Banc Ceannais in Frankfurt ar fáil i gcás na tíre sin.

Gan amhras tá an ceart aige sa mhéid sin, ach léiríonn sé arís dúinn nach ionann ár gclabhta sa Bhruiséil agus in Frankfurt agus mar a bheadh i gcás na Spáinne. Is cuimhin linn, agus tháinig sé chun solais arís le déanaí, conas mar a brúdh ‘bailout’ an drochchlú ar Bhrian Ó Luineacháin agus é ina Aire Airgeadais. Ní raibh an dara rogha aige.

Níl an brú céanna i gceist i gcás na Spáinne. Ní mar a chéile, is léir, an bealach a chaitear leis an mór agus leis an mion. Faoi láthair tá an tAire Ó Nuanáin ag taisteal na hEorpa ag cur ár gcás i bPáras, sa Róimh agus, ar ndóigh, i lárionad na cumhachta i mBeirlín.

Deirtear linn coitianta gur sinne buachaillí, agus cailíní, maithe na hEorpa agus sinn ag glacadh go dea-bhéasach leis na cógais leighis atá beartaithe dúinn. Nach mór an faoiseamh dúinn é sin!

I ndáiríre is mór an t-ábhar díomá é, maidir lenár gcaidreamh leis an Aontas Eorpach, mura bhfuil cothromaíocht i gceist sa bhealach a chaitear le ballstáit, pé acu an beag nó mór iad. B’fhéidir nár mhiste don Aire ar a chamchuairt é sin a shoiléiriú agus é ag plé cás agus seasamh na tíre seo lena chomhghleacaithe Eorpacha.

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2012


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais