Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Ó Fhás go hAois

Gearrscéal le
hÉadhmonn Mac Suibhne


Ní raibh aon chúis ann go suífeadh an fear taobh le Barra. Bhí go leor bord folamh san áit, ach níor bhac sé leosan. Shuigh, leag a ghloine ar an mbord os a chomhair amach, agus tharraing anáil fhada dhomhain dála an té a bheadh míshásta, nó tuirseach, nó imníoch, nó uaigneach b’fhéidir.

Bhí taithí ag Barra orthusan a ghnáthaíodh tolglann an aerfoirt: níor mhinic ar a suaimhneas iad. Ar ndóigh, bhídís ar a ndícheall ag iarraidh a mhalairt a léiriú, ach b’annamh a d’éiríodh leo — ar aon nós, b’annamh a d’éiríodh leo i súile an té a thaithíodh an áit chomh minic is a dheineadh Barra san.

Um an dtaca seo ba nós aigesean é, go háirithe ó shroich sé aois an phinsin is gur scoir dá phost, dul chuig an aerfort cúpla tráthnóna nó trí sa tseachtain go suífeadh sé sa tolglann, deoch lena uillinn aige, go bhfaireadh sé orthusan a bhíodh ag teacht is ag imeacht agus an chúlchluas aige lena mbíodh á rá acu lena chéile. Ní raibh tóir aige féin ar an taisteal, ach bhí suim thar na bearta aige sna taistealaithe agus sa mhéid a bhíodh le hinsint acu dá chéile faoina gcuid eachtraí.

Bheadh an duine seo taobh leis anois ar chomhaois leis féin, shíl sé, ach gach dealramh air gurbh fhearr i bhfad a chaith an saol leis ná mar a chaith le Barra féin. Ar éigean gur fhulaing seisean breis is daichead bliain i bpost gan dóchas, is gur fágadh ag deireadh na tréimhse sin é leis an seal gearr a bheadh fágtha aige a chur de ar phinsean gann in árasán anóiteach a bhí i ngiorracht seile d’abhainn na Life.

B’fhear feolmhar beathaithe mínghnúiseach é, an folt air liath ach é láidir sláintiúil, is é cóirithe go cúramach, na súile soineanta aige agus an t-ór ag spréachadh idir na fiacla bána rialta. B’fhacthas do Bharra nach nglanfadh dhá mhíle euro féin costas an éadaigh a bhí á chaitheamh chomh nádúrtha san aige: an chulaith dhubhghorm fhoirmeálta, an léine bhán shíoda agus an carbhat ornáideach, gan trácht ar an gcóta mór den bhréidín ildathach a leag sé ar chathaoir taobh leis go neamhaireach.

Bhraith Barra míchompordach. Ba ghráin leis an bealach péacach ina raibh gothaí an rachmais á léiriú ag an bhfear.

‘Tá bearradh ar an ngaoth sin amuigh,’ a deir seisean.

‘Tá faobhar uirthi cinnte,’ ó Bharra agus fonn obann air imeacht ar chúis nár léir dó.

‘Sea,’ arsa an fear, ‘Tá sé fuar. Tá mé préachta ó tháinig mé coicís ó shin agus mé á cheapadh go mbeadh an aimsir caoin an tráth seo bliana. Bhíodh i gcónaí nuair a bhí mise óg. Go deimhin, is cuimhin liom go maith a bheith ag snámh sa chanáil nó sa Tulca is a bheith am ghoradh féin faoi theas na gréine ina dhiaidh. N’fheadar ó thalamh an domhain cén tubaist atá tagtha ar an aimsir sa tír seo.’

B’fhacthas do Bharra gurbh é ba lú ba ghann dó clú na hÉireann a chosaint, agus b’shiúd é ag míniú nárbh eisceacht í an tír seo mar gur chosúil go raibh an doineann ina cúis ghearáin ag na daoine in go leor áiteanna eile ar domhan freisin. Ach ní éisteodh an fear leis: ní raibh aon ghearán acu ar an aimsir san Astráil, go háirithe in Adelaide, mar a raibh cónaí air féin, a dhearbhaigh sé go mustrach.

Go deimhin, ní raibh gearán ag an muintir thall ar rud ar bith, bhí gach aon ní chomh sásúil agus chomh sonasach san, de réir dealraimh. Agus ba é a thuairim gur shuarach mar chathair í Baile Átha Cliath i gcomparáid le hAdelaide, agus dá luaithe a bheadh sé ar ais ansin b’amhlaidh a b’fhearr leis, ambaist! Ghlac sé bolgam as a ghloine agus chlaon thar an mbord amhail is go raibh rún diamhair le scaoileadh aige. Ba léir nárbh í sin an chéad deoch a bhí caite aige ar maidin, agus ba léir freisin an fonn cainte a bhí air agus an cíocras teacht ar dhuine a thabharfadh cluas dó.

Sea, bhí scéal ag an bhfear, ceart go leor. B’sheo an chéad turas abhaile go hÉirinn aige ó d’fhág sé an áit breis is daichead bliain ó shin, a dúirt sé, agus ba chuma leis cé chloisfeadh é á mhóid-gheallúint nach dtiocfadh sé arís fiú is go mairfeadh sé an daichead bliain eile; bhí bailte beaga acu san Astráil a bhí na céadta bliain chun tosaigh ar Bhaile Átha Cliath féin!

Ba ag an bpointe san a mhothaigh Barra iarracht den fhaltanas ina chroí agus an cathú chun argóna, ach tháinig athrú tobann ar ghlór an fhir a bhain cor as agus a thug ar mhalairt aigne é. Ba chosúil go raibh bogúire an óil tar éis bua gan choinne a bhreith airsean agus gurbh é an maoithneachas a bhí i seilbh a chroí anois. Mhínigh sé nach raibh gaol ar bith leis fágtha i mBaile Átha Cliath agus gurbh é féin deireadh an áil. Ach ar theacht anall dó ba mhó ná an choinne fhánach a bhí aige go n-éireodh leis casadh ar dhuine nó beirt díobhsan a bhí óg leis tráth, daoine a bhíodh ag na céilithe agus ag na damhsaí leis, ach ba choinne in aisce aige í.

Ba dhubhstrainséir ina chathair dhúchais é; níorbh fhearr as san áit é ná in áit ar bith eile ar domhan, a d’admhaigh sé agus an deasóg á tarraingt thar na súile aige amhail is go raibh na deora á ndalladh.

Agus ba chuma, ar sé, ach sarar imigh sé ba ar éigean duine sa chathair seo nach raibh súilaithne ar a laghad aige air. Dhearbhaigh sé nach raibh oíche sa tseachtain nach mbíodh sé ag céilí nó ag damhsa éigin, in Óstán Uí Chonairche, nó sa ‘Macushla’ nó i gClub na Múinteoirí.

‘Ní bhíodh tusa i gClub na Múinteoirí, an mbíodh?’ a d’éiligh sé go tobann de Bharra. ‘Go ceann nóiméid ansin shíl mé gur aithin mé d’aghaidh!’

Níor fhan sé le freagra, má bhí san uaidh in aon chor, ach lean air agus na focail ag baint tuisle as a chéile le luas a dteachta. Sea, go deimhin, b’iadsan na hoícheanta agus ní raibh bréag dá laghad á hinsint aige! Bí ag caint ar cheol is ar chraic! Bhíodh slua díobh le céile ann, buachaillí agus cailíní, agus an t-allas ina shruth leo le teann grinn is saothair is pleidhcíochta! Stán sé arís ar Bharra agus mar a bheadh dúshlán ina shúile aige.

‘Ní fhéadfadh gur tusa Nollaig De Siún?’ a d’fhiafraigh sé, ach arís níor fhan go bhfreagrófaí an cheist. B’shiúd leis ag cur síos orthusan a bhíodh ag na damhsaí ina chomhluadar: Nollaig, ar ndóigh, agus Seáinín Buí agus girsín ar a dtugaidís ‘An Cúileann Chleasach’ —och, an-bhean, an-bhean go deo, cé nárbh eol dó riamh cén t-ainm ceart a bhí uirthi! Agus bhí cailín eile ann a chuirfeadh cathú ar naomh, agus a chuir freisin, gach seans dá bhfuair sí!

Samhlaíodh do Bharra gur mhó aige cuimhne na mná san ná cuimhne ar bith eile, ach thuig sé go tobann go raibh dul amú air, mar b’shin é mo dhuine á mhaíomh gurbh í Ciara a rug an chraobh uathu uile.

Sea, i gClub na Múinteoirí a bhuail sé léi sin freisin. B’amhlaidh a fógraíodh go mbeadh a rogha féin páirtí ag na mná sa damhsa áirithe seo, agus cad a dhein sí ach an cuireadh a thabhairt dó féin, ambaist! Agus chothaigh an mhaitheas an feabhas agus laistigh de bhliain bhíodar pósta. Ar ndóigh, leanadar orthu ag freastail ar na damhsaí i gClub na Múinteoirí i gcónaí mar a dheinidís roimh an bpósadh, agus b’shin an nós imeachta a bhí acu go dtí gur thit an tubaist air féin — dúnadh an mhonarcha ina raibh sé ag obair agus fágadh gan phost é agus bean le cothú aige. Ar ndóigh, bhí drochbhail ar an tír ag an am agus ní raibh aon phost eile ar fáil dó.

‘Ní raibh tusa riamh sa riocht san, a’ raibh?’ a d’fhiafraigh sé de Bharra. ‘Sea, déarfainn nach raibh.’

Ar aon nós, lean sé air, níorbh fhear eisean riamh a ligfeadh do bhuillí an tsaoil é a chriogadh. Fuair sé airgead ar iasacht, airgead a d’aisíoc sé chomh fada leis an bpingin deireanach ar ball, agus laistigh de sheachtain bhí sé féin agus Ciara ar an mbád go Learpholl, mar a dheineadar an mhoill ba lú sarar thugadar an turas chun na hAstráile orthu is gan acu ach an dóchas agus an misneach.

‘Aistín Ó Broin,’ arsa an fear go tobann, ‘Ní raibh aithne agat airsean, a’ raibh?’ Ach ní raibh spéis aige i bhfreagra an uair seo ach an oiread. Lig sé do na focail teacht ar a dtoil féin athuair.

Ba chosúil nach raibh ach an t-aon rud amháin ag déanamh buairimh dó ar an turas san chun na hAstráile ar an long ó Learpholl, sé sin go n-éireodh Ciara torrach agus go mbeadh san ina dheacracht bhreise dóibh agus tús á chur leis an saol nua acu.

Agus, ar ndóigh, dá n-aithneodh Barra Ciara thuigfeadh sé go maith cén baol a bhí ann go dtarlódh san. Mheabhraigh sé do Bharra freisin nach raibh a leithéid agus ‘condoms’ ar fáil ag an ngnáthfhear an uair úd. Cibé scéal é, ar éigean an ceann scríbe sroichte acu ná gur inis sí dó go raibh sí ag iompar clainne agus ar ball rugadh mac di.

Bhí sé ina thost go ceann tamaill, é ag stánadh uaidh trí shúile a bhí leathchaoch de dheasca na meisce agus mar a bheadh tocht ina scornach leis an gcuimhne.

Och, bhí na laethanta san deacair orthu, iad ag dul ó scioból tí go céile le díon a choimeád os a gcionn, agus é féin ar an dé deiridh leis an saothar a chaitheadh sé ag obair ó dhubh dubh ionas go mbeadh greim éigin le n-ithe acu! Ach, ar sé, d’éirigh leis… diaidh ar ndiaidh d’éirigh leis… cé gur bheag an chabhair dó a bhean chéile san iarracht.

Baineadh as do Bharra leis an bhfuath a bhraith sé sna focail deiridh sin.

Sea, a lean an fear air, níor fhág sise a tír dhúchais ina diaidh riamh… níor shocraigh sí síos san Astráil ná níor dhein iarracht dá laghad san a dhéanamh ach an oiread. Chaitheadh sí idir lá is oíche ag olagón is ag caoineadh is ag cnáimhseáil faoina raibh fágtha ina diaidh sa bhaile aici… faoi na cairde a bhí caillte aici agus faoin díchiall a thug uirthi cúl a thabhairt leo… le Bríd is le Muireann… le Páid is le Tónaí… agus leosan uile a bhí ina gcairde cléibh aici. Hanam ’n diabhal, ach daoine nárbh fhiú léi an focal fánach a chaitheamh chucu riamh sa bhaile in Éirinn ba chailliúint thubaisteach anois aici iad, agus de réir dealraimh ba mhó é an meas a bhí aici orthusan ná mar a bhí aici ar a fear céile ná ar a mac.

Dhein sé féin a dhícheall ar a son, dhein sé gach dá bhféadfadh neach daonna a dhéanamh lena tabhairt ar ais ina ciall, ach ní raibh toradh ar an iarracht.

B’fhacthas do Bharra go raibh na deora sa tuar i ndáiríre an babhta seo agus níor fhéad sé gan an trua a bheith aige don ainniseoir, ach ansin bhí a ghuthsan fuar agus géar athuair.

‘Ar ndóigh,’ ar sé, ‘Níor thuigeas an scéal go hiomlán agus bhíos cinnte go gcuirfeadh sí an taom di ar ball.’

San idirlinn, ba chosúil, bhí ag éirí go maith leis ó thaobh na hoibre de, ach níor shíochánta ach a mhalairt a bhí cúrsaí idir é féin agus an bhean. Ba i ndonas a bhí sise ag dul leis an gcasaoid is leis an gcaoineadh faoin saol is faoi na cairde a d’fhág sí ina diaidh in Éirinn, í lánsuas dá cruachás agus den bhotún a dhein sí nuair a phós sí fear a bhí ag dul ar an imirce, nuair a d’fhéadfadh sí margadh ní b’fhearr i bhfad a dhéanamh ach duine áirithe eile, níor luaigh sí ainm an duine sin —ach an duine sin a phósadh agus fanacht go socair sa bhaile.

Agus níorbh uair amháin a dhearbhaigh sí san ach arís is arís eile, gur bhris an fhearg ar an bhfear, go raibh ina throid fhíochmar eatarthu; agus níorbh é a dheireadh é gur chaith sí leis nárbh eisean athair a mic ar chor ar bith, nach raibh sé d’éifeacht ann leanbh a bhronnadh ar bhean ar bith, is gur scinn sí as an teach sara raibh an chaoi aige breith uirthi agus an bhréag a thachtadh ina scornach di! Agus ní fhaca sé arís í.

Samhlaíodh don éisteoir go raibh an mheisce curtha de go tobann ag an bhfear agus go raibh sé chomh stuama le breitheamh nuair a labhair sé arís.

‘Bhí an ceart aici faoi rud amháin, cibé scéal é,’ ar seisean, ‘Ní raibh an cumas san ionam, mar a fuair mé amach ó dhochtúir ar ball.’

Bhí sé ina thost arís go ceann tamaillín sarar lean sé air.

‘Bhfuil ’fhios agat,’ ar sé, ‘Níl ach rud amháin uaim sa saol anois, sé sin aithne a chur ar an bhfear a bhí ina athair ag Fionn, sea, Fionn a thug sí ar a mac — agus seo rud duit, fiú fós bím idir dhá intinn in amanna ar mhaith liom é a mharú nó buíochas a ghabháil leis, mar b’é an Fionn céanna an mac a b’fhearr a bhí ag duine riamh agus is amhlaidh fós dó cé go bhfuil sé pósta agus clann dá chuid féin aige anois.’

Stad sé, tharraing na beola go teann ar a chéile agus go tobann ní aithneofaí ar na súile ach go rabhadar ar lasadh le nimh an oilc. Ansin, labhair sé go mall gangaideach agus béim á chur ar gach aon fhocal aige amhail is go raibh mianta a chroí is a anama i ngach aon siolla díobh.

‘Ach is gearr a leanann an t-amhras, más amhras i ndáiríre ar chor ar bith é’, ar sé, ‘An fhírinne ghlan ná go dtabharfainn a bhfuil agam agus fáilte, agus gach dá mbeadh le fáil agam sa tsíoraíocht ina theannta, ach bheith in ann teacht ar an mbastard agus é a chur sa riocht nach bhféadfadh sé an chluain a chur ar bhean go deo arís!’

Chuir guth ón méadaitheoir isteach air, lena fhógairt go raibh an t-eitleán chuig Heathrow ullamh le bordáil. Bhailigh sé a chóta costasach, agus chuir de gan focal eile i dtreo an gheata bhordála is, mar a samhlaíodh do Bharra é, an cúr bán lena bheola.

Stán Barra ina dhiaidh agus a chroí ag léimrigh ina chliabh go tobann leis an smaoineamh go bhféadfadh go raibh eolas aige féin faoin mbean nach raibh ag an duine eile, — agus gur mar sin a b’fhearr go bhfanfadh cúrsaí.

Feasta, Eanáir 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais