Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Cumadóir Ciarraíoch

le Neil Buttimer


Neil Buttimer a thug an chaint ar Sheán Ó Braonáin, file Chiarraí Thuaidh, ag Éigse na bhFilí, Óstán Meadowlands, Trá Lí, 14 Deireadh Fómhair 2011.
Is mór an onóir dom bheith in bhur gcomhluadar anocht. Sid í an dara hócáid agam le cúpla mí anuas bheith sa taobh álainn seo den Ríocht. Fuaireas cuireadh cineálta i dtús an tsamhraidh ón lucht eagraithe a bheartaigh cuimhne an fhile Seán Ó Braonáin a bhuanú, trí leacht a thógaint i mBaile Mhic Aindriú in omós dó, bheith i láthair ag an gcomóradh sin. Smaoiníodh ar a shaothar a scagadh a thuilleadh i gcomhthéacs seisiúin ar an mbunscríbhneoireacht, mar a bhfaighfí deis blaiseadh de roinnt dár chruthaigh.

Ní heol dom an gcomáinfidh an léitheoireacht úd éinne dínn ar bhóthar na ceapadóireachta atá mar sprioc ag an tionól. Mar sin féin, tabharfaidh caoi dúinn radharc a fháil ar fhear ar féidir na tréithe a leanas a lua leis, deisbhéalaíocht chainte, cumas chun téacsanna a chur le chéile go tomhaiste agus é dírithe ar théamaí nár bheag a dtábhacht ina shúilibh féin nó i saol an chomhluadair dar díobh é. Níor mhiste le húdar ar bith go bhféadfadh maíomh as na buanna sin i gceann a chúrsa.

An Braonánach so atá idir chamáin againn, cuirtear an cheathrú dheiridh den 18ú hAois i leith go dtí lár an chéid dár gcionn síos dó mar ré saoil. Dealraíonn gur aneas ó Thriúcha an Aicme a ghluais a shinsir roimhe. Dá bhféachfá ar an mapa de shloinnte na hÉireann a chóirigh an tOllamh William J. Smyth ó Ollscoil Chorcaí le déanaí inar fhoilsigh léarscáil de dháileadh mhuintir Bhraonáin ar fud na tíre, chífeá go raibh líon maith díobh i gceantracha mar Uíbh Ráthach leis.

Ní foláir nó fuair Seán scolaíocht mhaith. Bhí os cionn a bhuille go hard sa Ghaeilge, mar is léir ar an bpeannaireacht néata, inléite sa cháipéisíocht dá chuid a tháinig slán. Leagtar beagán véarsaíochta i mBéarla air atá líofa a dhóthain, bíodh go ndeir i ndéantús amháin nár chleacht an urlabhra sin mórán (25, 2). Ciúta Béarla a tharraingíonn air féin chun áillteacht fhilíocht na Gaeilge a mholadh, go deimhin, á mhaíomh go bhfuil ‘soft as the fleecy showers of northern snows’ (2, 4). Ba dhóigh leat go raibh dulta amach ar na teangacha Clasaiceacha nó ar an Laidin go háirithe, b’fhéidir. Tá a chruthúnas sin le feiscint go speisialta i ndán a chum do chara leis, Éamonn Breathnach, ar deineadh príosúnach de ar chúis éigin. An drochíde a fuair an Breathnach so, ghoill sí ar na déithe págánacha, dar leis an bpíosa filíochta, is bhailigh fórsaí chun cuidiú leis:
Nuair aontaigh cealgshliocht mallaithe Mhártain
do thaoibh ’s do chlí le cnáib do stróic,
Astréa do shealbhaigh Parrthas Ádam
tug luí nárbh fhíor a ráite beoil.
Jupiter ghairm gach pearsa ’na dháil dóibh
is d’fhoilsigh tarcaisne a chara idir námhaid:
‘Ná léigidh an caithbhile calma d’árghoin’
adúirt rí na ríochta le táin a shló. (16, 25-32)
An plé a áitítear a tharla sna flaithis ar a chruachás, mheabhródh duit áiteanna san Iliad nó san Odaisé ina mbíonn na pearsana osnádúrtha ag trácht ar imeachtaí an chine dhaonna is ag lorg tionchar a imirt orthu. Ní deirim go raibh ceachtar de dhá théacs díobh sin léite ag Seán Ó Braonáin ná iad mar shampla aige an uair seo. Mar sin féin, taispeánann a cheapachán gur thuig sé mianach is plota na scríbhinní seanda, chomh maith le bheith ábalta ainmneacha neamhchoitianta mar Astréa (iníon le Zeus agus Themis, ráineodh) a liostáil.

‘Polymath’ a bhaist sé air féin i nóta gearr eile. Mar shin tharlódh go raibh Seán cumasach i mbrainsí eile léinn ar nós na huimhríochta. Leis an múinteoireacht a chuaigh. Is cosúil go mbíodh ag oibriú i mbaill i bhfad ó bhaile, i dtuaisceart Chorcaí, abraimis. Tá líne spéisiúil leis ina dtráchtann ar chailín álainn mar a ndeir go raibh sí ar an ealabhean is áille dá bhfeaca ‘cérbh fhada mo shiúlta ón nGaillimh go Londain ’s don Róimh’ (42, 20). Ní dócha go bhfuil na focail sin le tuiscint go litriúil ar fad. Cá bhfios áfach ná go raibh cur amach aige nach eol dúinn ar réigiúin níos faide i gcéin.

Shocraigh síos i gCiarraí Thuaidh ar deireadh mar ar ghaibh le saothrú na talún in éineacht. Bhíodh babhtaí drochbhreoiteachta ag cur air ó am go ham, de dhealramh. Ní fios cén sórt é ina chló, an raibh sé ard nó íseal nó teann téagartha. Is annamh in aon chor a bhíonn cuntas beacht againn ar thoisí daoine roimh an aois nua, gan trácht ar léaráidí díobh. Maidir lena phearsantacht, cheapfá gur fear neamhspleách stuama é, agus é suite go leor dá thuairim. Bhí tabhairt faoi deara is líofacht ag roinnt leis, mar atá feicthe cheana is faoi mar a chífear athuair feasta thíos.

Maireann suas le dhá scór píosa filíochta dar chum Seán. Cuid acu seo, is mar ghné nó mar pháirt de chomhfhreagras iad. Bhí taithí i gcultúr na hÉireann riamh anall ar scríobh litreacha. Go deimhin, is beag ná gur le nóta den tsaghas sin a thosnaíonn litríocht na tíre, má chuimhníonn tú ar an tuairisc a chuir Naomh Pádraig go dtí an t-oifigeach airm Coroticus ag cáiseamh mí-úsáid mhíleata leis siúd. Tá litir chlúiteach againn ón dara haois déag i gcáipéis ar a dtugtar an Leabhar Laighneach. Beirt eaglaiseach ag breacadh teachtaireachtaí chun a chéile i bprós ina bhfaightear rann filíochta ina dheireadh, faoi mar a bheadh iarscríbhinn. Lean an nósmhaireacht seo, an véarsaíocht a mheascadh leis an bprós-scríbhneoireacht, anuas go dtí aimsir an Bhraonánaigh. Bíonn an dá shórt aige féin i nglac mhaith giotaí, mar shampla agus é ag seoladh beannachtaí chuig cara leis darb ainm Mícheál Óg Ó Longáin. Chónaigh seisean i gCorcaigh i dtús an 19ú hAois, bíodh is gur bhain a mhuintir roimhe le hiarthuaisceart Luimní cois na Sionna. I dtéacs amháin, deir an Braonánach go mba bhreá leis an Longánach a fheiscint ag teacht ar cuairt chuige. Munar féidir leis bogadh i leith, seo a ndeir Seán:
Muna dtigir im dháil, ar bhánbhrat aolta uait scríbh
gach loithe is dán níonn dáimh id thaobh don chríoch,
óir is binne re Seán do ráite in éifeacht chruinn
ná cruitire cláir is gáir na n-éan ar chraoibh. (8, 5-8)
Is é sin, d’iarr sé ar Mhicheál dánta a scríobh síos dó is a chur ar aghaidh chuige, toisc an dea-thuairim a bhí aige den soláthar a dheineadh Ó Longáin agus dá ábaltacht i gcúrsaí cumadóireachta. Tá radharc ansin ar eilimint thábhachtach de theagmháil na beirte. Scríobhaithe ab ea iad araon. Is i dtéacsanna lámhscríofa a dheintí ceapadóireacht na Gaeilge a chur thart an uair úd. Ní hé nach raibh beann ag lucht na teanga ar an gclódóireacht, ná tuiscint acu uirthi. Ach ní raibh teacht go saoráideach acu ar an meán úd toisc, abraimis, an costas a ghaibh leis, i measc go leor cúiseanna eile. Pobail eile ar fud na cruinne a bhí faoi mhíbhuntáiste ar nós mhuintir na hÉireann, tharraingíodar an lámhscríbhneoireacht chucu mar bhealach lena gcultúr a bhuanú is a chothú. Tugann scríbhinní Sheáin agus Mhíchíl Uí Longáin, agus doiciméid mórán eile de ghraifneoirí na linne, pictiúr saibhir dúinn den bpróiseas sin ag feidhmiú in Éirinn.

Nochtann cáipéisí is comhfhreagras Uí Bhraonáin chomh maith a fhairsinge is a bhí an ciorcal daoine ar chumadóirí is ar scríobhaithe díograiseacha iad. Taispeánann an méid a tháinig slán dá dhéantúis conas go díreach a tharla an caidreamh idir baill an ghréasáin, is léiríonn na caighdeáin arda a loirgíodar. Dá mba spéis leat coda eile fós de na nótaí uathu chun a chéile, ba ábhar staidéir ann féin an meas a léiríodar ar a chéile agus an cineál teanga ina gcuirtear an chúirtéis is an dea-mhéin sin in úil.

Feictear pointí difriúla i roinnt mhaith eile de dhánta Sheáin Uí Bhraonáin seachas é bheith ag plé lena chomhscoláirí. Ba gheal leis an cineál sin filíochta, an aisling. Tá cuma simplí go leor ar an saghas san ceapadóireachta. Seo mar a ghabhann, a bheag nó a mhór. Bíonn an file amuigh ina aonar is é in ísle brí. Castar bean óg air gan choinne. Cuireann síos ar a háilleacht seo is téann chun cainte léi. Bíonn scéala aici dó go bhfuil réiteach ar a threighid nó a thrioblóid ar a shlí chuige. Imíonn sí uaidh ansin i ndiaidh di an t-abhar dóchais sin a fhágáil aige. Léamh fáthchiallach is ceart a dhéanamh ar a éirim sa mhéid gurb í Éire an baineannach agus í ag trácht ar chabhair a ghluaiseacht thar sáile a chuirfidh deireadh leis an anriail san tír. Gheofar léiriú ar roinnt de na heilimintí sin sna sleachta a leanas as Maidean bhog cheomhar cois feorann im aonar nuair a casadh an óigbhean ar an bhfile mar seo:
Mascalach ógshultmhar bheoilmhilis bhéasach
amharcaim féinig a’ taisteal im dháil,
trér phreabas im chló chirt le fórsa mo léime;
a hainm ’s a acomchine fionnaim don bháib:
‘Cá talamh, cá cóig dhuit, cá gcomhnaid do ghaolta,
cá treabha dár phréamhaigh dúinn aithris tráth,
nó an tusa chuir ceo-bhrat ar phórshliocht Mhilésius
is fearanta saora aige Gallaibh ’na n-áit?’ (14, 9-16)
Tugann an teachtaire mná a scéala uaithi sna téarmaí thíos:
‘Triallfaidh tar srúillibh mo phrionsa go héasca,
beidh longphort ag Gaelaibh gan bréag i bhFionntrá,
mar chanadar údair thuig cúrsa na Gaeilge,
flúirse agus féile beidh feasta aige baird.
Cloinimse trumpa na dtrúpaibh dá séideadh;
múscail do ghaolta is drididh ’na ndáil,
gluaisidh go lúthmhar is turnaidh na meirligh,
bíodh púdar dá phléascadh re fuinneamh ’na ndeáidh.’
(ibid., 33-40)
Tuigeann gach duine againn gur genre seanbhunaithe an aisling ó dheireadh an 17ú hAois i leith go speisialta. Déarfainn gur bhain gach rannaire dá raibh riamh ann i gcaitheamh na haimsire úd triail aisti. Tá sé faoi mar ná féadfadh duine é féin a áireamh ina fhile gan ceann a chur de. Bhíodar chomh comónta leis na haistí a tugtar i gcónaí do dhaltaí scoile is ollscoile san lá atá inniu ann, ‘Seanbhróg ag insint a scéil féin’, abair, nó ‘Dá mbeinnse im Uachtarán ar Éirinn’. Tá an oiread den sórt sin feicthe agamsa go pearsanta le tríocha bliain ná féadfainn an masmas a sheasamh a leanfadh mórán eile dá shaghas a léamh arís fad a mhairfead.

Is ceart a admháil, áfach, gur féidir taobh dáiríre a bheith ar an aisling seachas ceann seanchaite. Baineann an déantús le tréimhse i stair na tíre ina raibh muintir na hÉireann faoi strus. Ní haon dóithín é an saol a chur bun os cionn ort go foréigneach, do shealbhachas a bhaint díot agus tú a shacadh chun fáin, mar a thiteadh amach abhus. Caithfidh go mbeadh éifeacht ag an gcineál sin taithí ar aigne agus ar iompar cine. Ó d’fhás an tsíceolaíocht mar bhrainse léinn ón 19ú céad anuas, tá téarmaíocht á cruthú a ligeann dúinn an saghas seo eispéarais a thuairisciú. Ba leor na focail trauma agus post-traumatic stress a lua mar léargas ar a bhfuil i gceist. Tá an taithí sin faoi mar a bheadh tromluí, agus tuigtear gur taibhreamh an aisling.

Cuimhnimis chomh maith ar na cruatain ab eol do Sheán Ó Braonáin is dá chomhaosaigh nó ar ghaibh siad tríothu. Ní foláir nó bhí cur amach aige ar thrioblóidí 1798, tráth a raibh an tír an-chorraithe go léir. Bhí suathadh mór eile ann nuair a tháinig deireadh le cogaí Napoleon in 1815, bliain ar imigh an eacnamaíocht abhus chun donais go tapaidh. Lean babhtaí gorta is drochbhreoiteachta i gcaitheamh na 1820í is na 1830í. Ní haon ionadh go dtaibhseodh Éire a bheith i ngátar cabhrach is fóirithinte, is go mbeadh coinníollacha níos fearr á shamhlú agat duit féin.

Na téacsanna is faide ag Seán, is iarracht iad an misneach sin a thabhairt go leanúnach dó féin is dá lucht aitheantais, na dánta sin Maidean im aonar i gcéin cois na taoide (18) nó Mo chás mar do mheasaim re n-aithris Gaeil bheith gan aird gan aiteas gan earra ná éadach (19) nó Maidin bhog thaithneamach dhrúchta is me a taisteal re ciúis Chnoic an Fhómhair (42). Éistimis le scéala na mná sin Éire san déantús deiridh úd go háirithe:
‘Le teachtaireacht thaistealas chúdsa:
bíodh amharc do shúlsa gach neoin
ar chalaphoirt Bhanba fionnscothach -
ní fada go sciúrdfaidh mo shló
go lannmhar trealamhar trúpach
do dhruim mara chúinne faoi sheoil,
do ghreadfaidh le leadairt na lúithreach
an aicme sin Liútair ’s a bpór.’ (49-64)
Mhothófá fórsa sna focail sin go fóill, agus caithfidh go raibh éifeacht dá réir acu in aimsir an té a chum.

Déantús teoiriciúil beagnach is ea an saghas san dána. Ní raibh Seán dall ar a raibh ag tarlú sa tsaol laethúil ach oireadh, áfach. Athrú mór lena linn an casadh i dtreo na polaitíochta is na parlaiminte mar shlí chun feabhas a chur ar chúrsaí. Níl pearsa is mó a luaitear an claonadh sin leis ná Dónall Ó Conaill, a bhí thuas i gcaitheamh na mblianta céanna leis an mBraonánach. Go deimhin, ba gheall le fíoradh na haislinge é an Conallach, pearsa uasal a d’fhill ar Éirinn chun cuidiú lena mhuintir féin. Dar le Seán gur mar seo a bhainfeadh amach leas na tíre:
Suífidh Conaill géille gan mhaill i bhFéis na Sagsanach.
Brisfear ris is réabfar na dlíthe claona cheapadar.
Glaofar rí d’fhuil Ghaeil arís
i réimheas chríochaibh Banba
agus réx do shíolrach Shéamais chríonna
a’ rialú ríocht na Breataine.
Is beidh clanna Gael gan spleáchas re hálmhach na n-allachon.
(25, 50-56)
Dealraíonn ó véarsaí mar seo go mba thábhachtach leis an mBraonánach aitheantas, aontacht agus saoirse a mhuintire. Ba chás leis nithe a dhéanfadh díobháil do na cúinsí seo, nó a lagódh iad. Sin é faoi deara go bunúsach, ní foláir, sraith eile dánta a theacht uaidh faoi bhagairt a chonacthas dó ar sheasamhacht an phobail is ar a luacha. An baol a bhí ar intinn aige creideamh an Reifirméisin a chur á leathadh sa cheantar so i bhfichidí an 19ú hAois go háirithe. Tharla sin de thoradh neart a bhrath in iarrachtaí misinéireachta aicmí difriúla Protastúnacha ag an am. Bunaíodh eagraíochtaí éagsúla a d’fhostaigh scoláirí le Gaeilge chun an Bíobla a mhúineadh don gcoitiantacht ina dteanga féin, cineál oiliúna a thabharfadh orthu casadh i gcoinne an reiligiúin ba dhual dóibh ina thuairim siúd.

Is beag ná gur thosaigh Seán Ó Braonáin feachtas dá chuid féin in éadan an tionscnaimh nua. Tá an cur chuige aige iltaobhach, cliste agus suimiúil dá réir. Uaireanta, seasaíonn sé leis na sagairt a d’ionsaigh na Bíoblóirí (24). Babhtaí eile, téann ag cáineadh a chairde a thacaigh leo seo i dtéarmaí atá neamhbhalbh go maith, na focail a leanas lena pháirtí Pádraigh Staic, mar shampla:
Mo theagasc don té do shéan an t-aifreann,
réab na haitheanta is chlaon chuim ainibhfis,
deoir bhróin do shileadh go fóir
agus casadh go héasca déarach atuirseach.
Scéadh mar caitheadh leis féin a bheatha amach
is ón ród cóir ná titeadh níos mó. (21, 34-9)
Uaireanta eile fós, is ag áiteamh lena lucht aitheantais a bhíonn, ag cur ceiste orthu faoi fhiúntas na hoibre atá ar bun anois acu. Seo mar a labhrann le cara eile, Tomás Ó Dúnlaing, a ghaibh le teagasc an Bhíobla:
A bhile gan tíol do shíolrach Éibhir
is bríomhar binnmhar ráite beoil
d’fhuil chumais na ríthe ríoga réimeach
bhí i gcinseal chríche Fháilbhe is Eoghain,
aicim ort ’ insin cruinn más féidir
cá caibidil díobh san scríbhinn naomhtha
’deir aifreann Íosa Críost do shéanadh
’s an dlí úd Shíomain, fáidh na Rómha. (23, 1-8)
Dá bhrí sin, tugann an Braonánach go díreach sinn i láthair díospóireachta a raibh faobhar air is dáiríreacht ag roinnt léi is deacair dúinne a shamhlú anois go bhfuil maolú dulta ar choimhlintí dílseachta is seicteachais thar mar a bhídís seo le mothú inár measc ní fada ó shin ar fad.

Ní bheadh aga agam trácht san ghiorracht aimsire atá ar fáil chuige ar a thuilleadh de véarsaíocht Uí Bhraonáin, na dánta a chuireann síos ar a easláinte (29) nó an aithrí aige ag lorg maithiúnais ó Dhia dá pheacaí (36). Tá súil agam gur leor a bhfuil ráite chun a thaispeáint go mba theanga bheo í an Ghaeilge inar scríobh, agus gur dhein sé an meán cumarsáide sin a ionramháil go haclaí lena raibh le rá aige a chur abhaile orainn. Deirim an méid úd mar gur minic an bhéim ar mheath na hurlabhra seo i gceantracha, seachas ar í bheith go láidir tráth iontu. Ba spéis liomsa a fháil amach cad ina thaobh a raibh an Ghaeilge chomh tréan sin i dtuaisceart Chiarraí in aimsir Uí Bhraonáin, nó cad is cúis leis go dtagtar ar oiread eile cosúil leis a d’fhéadfadh iad féin a chur in úil ar bhealach chomh cumasach san inti.

Seo cúpla tuairim faoi na pointí céanna. Táimid cóngarach d’Ard Fhearta, áite a dtagtar ar ionad foghlama lá dá raibh, an mhainistir. Dúthaigh shaibhir go leor í. Is beag ná gur réigiún ar leithligh an fonn timpeall, cineál leithinse, go háirithe má chuimníonn tú ar an gceann tíre siar ó thuaidh uainn. Tá an chomharsanacht suite cois na mara. B’iontach an bealach chun taistil agus chun cumarsáide an fharraige sa tseanshaol. Bíonn teacht ar na heilimintí seo i gcúinní eile d’Éirinn. Cuimhním ar bharúntacht Uí Mac Coille in oirdheisceart Chorcaí, mar shampla. Talamh an-mhéith, i gcuibhreann seanfhondúireacht eaglasta eile, Cluain Uamha, an dúiche i leataoibh an áirithe sin ach fós í le hais go leor cuanta. Mhair an Ghaeilge i líomatáistí mar sin faoi choinníollacha an-speisialta. Is é sin nach é amháin gur lean an pobal iontu de bheith ag labhairt na teanga ar feadh i bhfad ach gur choinnigh orthu á scríobh.

N’fheadar ná gur tharla sin ar an dtuiscint go raibh an léann seanbhunaithe thart timpeall a d’fhágfadh a rian ort agus go mba eiseamláir duit é, go raibh na daoine gustalach go leor chun díol as costaisí an oideachais, go raibh siad coimeádach ó nádúir maidir le gnéithe eile dá n-oidhreacht seachas an teanga. Ba bhuan don iománaíocht i gCiarraí Thuaidh is i gCorcaigh Thoir Theas araon. Ní fhágann sin go raibh siad ar an iargúil. Bhí bailte móra in aice leo arbh fhéidir ábhar léitheoireachta is scríbhneoireachta a aimsiú iontu, rud a dhein an Ciarraíoch Seán Ó Braonáin i dTrá Lí, mo thuairim, agus na Corcaígh comhaimseartha leis, Pádraig Phiarais Cúndún in Eochaill agus Dáibhí de Barra i Mainistir na Corann. Mar sin, níorbh aon tionóisc a leithéidí a theacht ar aghaidh mar scríbhneoirí is mar smaointeoirí san am ina rabhadar ag oibriú.

Déarfaidh sibh go bhfuil an-eolas agam ar an Seán seo Ó Braonáin. Anois an t-am chun an fhírinne a insint. Is ó dhuine eile go léir agus óna leabhar ar an údar, Filíocht Sheáin Uí Bhraonáin (1972), atá an fhaisnéis ar fad ag teacht. Saothar réabhlóideach é sin ar gach saghas slí is maith leat. Seo an chéad fhoilseachán a chuir ceapacháin le file ón dtréimhse iarchlasaiceach ar fáil go gairmiúil. Tá an phroifisiúntacht le brath i ngach páirt de. I measc a chuid buanna tá an chéad riachtanas, an liostáil chuimsitheach ar fhoinsí. Ní dóigh liom go raibh téacs na véarsaíochta curtha i láthair léitheoirí ar bhealach chomh fuinte sin riamh roimhe, ag nascadh riachtanais na meadarachta le héilimh Ghaeilge chaighdeánach ár n-aimsire féin, ach gan canúint an chumadóra a cheilt. Ba chabhair thar na bearta é saibhreas an fhoclóra thiar i ndeireadh. Ní déarfainn go raibh gné de chúlra ná de bheatha ná de chomhthéacs an fhile nár cíoradh san réamhrá ceannródúil. Cloch mhíle chruthanta an t-eagrán.

An té a chóirigh, mheasfainn nach raibh sé puinn thar scór bliain nuair a chuaigh i mbun oibre air agus é b’fhéidir deich fichead á eisiúint, rud a dhein ar a chonlán féin. Ar mhaith libh an liosta a chlos, nó beagán de, dá raibh tagtha uaidh roimhe sin is a thiocfadh ina dhiaidh? Cláracha lámhscríbhinní Thorna (1967) is Chill Iníon Léinín (1969), Nuadhuanaire I (1971), Folia Gadelica (1980), Lámhscríbhinní Gaeilge: Treoirliosta (1988) agus arú anuraidh, an Bíobla é féin, Scriptural Instruction in the Vernacular (2009), éacht acadúil agus clódóireachta. Ní áirím ansin an chomhairle a chuir sé ar mo leithéidse agus ar thaighdeoirí eile, cuirim i gcás is é i mbun oibre le Bláthnaid Uí Chatháin is an tOllamh Breandán Ó Conchúir ar an leabhar spéisiúil úd, Éigse Chairbre (2006). Tá an laoch sin Pádraig de Brún inár láthair ina thost, agus anois mar sin an t-am chun é a mholadh.

Le linn meas a bheith á thaispeáint ar fhile ón gceantar, ar a mhuintir is ar a eagarthóir, ba mhaith liom gan a bheith curtha i leataoibh ar fad sna cúrsaí sin. Chomh fada agus is eol dom, ní as an dúthaigh timpeall d’éinne dom ghaolta go díreach. Tharla, áfach, gur i mBéal Átha Longfoirt a saolaíodh mo mháthair, trócaire uirthi. Thugtaí ann sinn fadó, go dtí tigh mo sheanmháthar is mo sheanathar. Bean de mhuintir Mhaoilmhichíl í siúd, na bácaeirí. Thar teorainn isteach dá fear, Pádraig Ó Lúing ó Luimneach theas. Chaití an samhradh ar Sráid an Droichid. Na muca is na gamhna le cothú, cabhrú le baint an fhéir, dul ar an bportach agus bualadh isteach sna tithe nuair a bheadh deis air. Bhí Gaeilgeoir as Árann, Mártan Ó Flaithearta, síos an bóthar uathu, agus in aice leis siúd muintir Chearmada, siúinéirí is lucht déanta cónraí. Údar aitheanta, an tAthair Mac Fhearghusa, i mbun an tséipéil in aice láimhe. Ní théinn isteach oiread i dtabhairne Uí Cheallaigh, agus ba thrua é de bhrí gur dúnadh an teach cuideachtúil san ó shin. Ba liosta le háireamh na siopaí beaga ina mbímis ag lorg gach saghas sólaistí.

Ghaibhtí ar fud na tíre chomh maith, go Carraig, Litir, Béal, Baile an Bhuinneánaigh (nó chuig Lios Lachtain, Tairbeart is Gleann an Ridire dá n-iompófá soir). B’aistear ábhairín níos faide é taisteal i leith chuig Baile Uí Thaidhg agus go Banna. Bheadh cúis áirithe le teacht aduaidh sa mhéid gur le col ceathrair dom mháthair Óstán an ‘White Sands’, mar a bhfaighfeá beathú breá, gan trácht ar na rincí. Tharlódh go mbéarfaí ar chóip den Cork Examiner chomh maith i mBaile Uí Thaidhg sa chás go raibh glanta ó Bhaile an Bhuinneánaigh. Bhí éileamh ar an bpáipéar ag na sluaite móra de na cuairteoirí Corcaíocha a chífeá thart an uair úd agus iad ag iarraidh gan an baile acu a ligean i ndearmad. Féach anois go bhfuiltear i ndiaidh mise a thabhairt siar ar bhóithrín mo smaointe féin, ag blaiseadh athuair dá n-aoibhneas is d’ársacht an chultúir laistiar díobh, dúchas an Bhraonánaigh agus ar bhain leis.

* Leagan de chaint a tugadh ar an 15 Deireadh Fómhair 2011 ag an gCeardlann Scríbhneoireachta, Trá Lí, agus roimhe sin ar an 18 Meitheamh 2011 nuair a nochtadh dealbh i gcuimhne ar an bhfile Seán Ó Braonáin i mBaile Mhic Aindriú, paróiste Chill Mhaoile i dtuaisceart Chiarraí.

Tagairtí do Phádraig de Brún (eag.), Filíocht Sheáin Uí Bhraonáin (Baile Átha Cliath: Cló Bhréanainn, 1972), d’uimhreacha na ndánta (i gcló trom) agus dá línte siúd.


Feasta, Eanáir 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais