Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Trí leabhar — COISCÉIM





An staraí Brian Ó Cléirigh a sheol Buile Shuibhne (€7.50; 2010)
agus Cuimhní Pinn, Cuimhní Cinn (€10) le Seán Ó Sé,
agus Sna Flaithis go hArd (€7.50; 2011) le Liam Prút
i gClub an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2, roimh Nollaig [2011]


——◊——
Is mór an obair atá romhainn anocht. Tá trí leabhar á seoladh againn. Leagan Nua-Ghaeilge de Buile Shuibhne le Seán Ó Sé, go ndéana Dia grásta air; Cuimhní Pinn Cuimhní Cinn, arb éard atá ann cuimhní cinn ó pheann Sheáin é féin chomh maith le cuimhní cinn faoi Sheán óna chlann, ó dhaoine dá mhuintir agus ó chairde leis. Is é an tríú leabhar atá le seoladh ná Sna Flaithis go hArd, mórshaothar leis an údar agus file breisiúil, Liam Prút.

Chaitheas féin seal ag obair le Seán agus le Liam i Rannóg an Aistriúcháin. Cé gurbh fhaide, agus dá bhrí sin gur dhlúithe, an aithne a chuir mé ar Liam, fós féin chuireas aithne mhaith ar Sheán leis.

Bhí an-mheas ag Seán agus Liam ar an litríocht agus is iomaí comhrá a bhíodh acu maidir leis an litríocht agus lena cur chun cinn. Taobh amuigh de sin bhí suim acu beirt san iománaíocht. Sa Samhradh, tar éis na hoibre, théidís amach ag imirt ar a mbealach abhaile ón oifig. Bhí an tríú duine san áireamh sa ghrúpa iománaithe sin freisin — scoláire agus iománaí Tiobraid Árannach eile — Micheál Ó Cearúil.

Buile Shuibhne

Ba é Micheál a chéad thug ar Sheán dul i mbun pinn agus cló Nua-Ghaeilge a chur ar Buile Shuibhne. Cainteoir ó dhúchas ba ea Seán, ar ndóigh, a raibh scoth na Gaeilge labhartha aige agus ba scoláire é a bheadh in ann d’obair den sórt sin. Fágfaidh mise trácht ar Buile Shuibhne do na saineolaithe, ach amháin le rá gur doiciméad iontach luachmhar is ea é sa mhéid is go gceaptar go dtugann sé léargas faoi cheilt dúinn, trí shúile scríbhneora bháúil Mheánaoisigh, ar an tréimhse sin inar iompaigh Éire ón bPágántacht anonn ar an gCríostaíocht, agus ar an gcoimhlint fhadálach ghéar a mhair thar na céadta bliain idir an chléir agus na draoithe. Thairis sin, tugann sé leideanna éigin dúinn faoi luachanna an tseanchreidimh agus na nDraoithe. Tá na seanfhoinsí tostach ar fad faoi na luachanna sin: bhí a leithéid d’ábhar coiscthe go hiomlán ag an Eaglais nua de réir dealraimh.

Bíodh sin mar atá, bhí an obair geall le bheith críochnaithe ag Seán nuair a buaileadh tinn é. Faraor, ní raibh sé daite don fhear uasal é a thabhairt chun críche agus tar éis a bháis i 1995 chuir beirt dá dheartháireacha, Tomás agus Séamas, lámh leis an gcéacht agus chuir siad críoch ar an saothar.

Cuimhní Pinn, Cuimhní Cinn

San ard-réamhrá lena bheirt mhac, Breandán agus Tiarnán, ar an leabhar eile le Seán cuireann siad in iúl dúinn gur mhall a tháinig Seán chun na scríbhneoireachta, ach ón am a tháinig, gur éirigh leis an oiread sin a scríobh go mbeidh áthas an domhain anois air go bhfuil roinnt dár scríobh sé foilsithe ag a chlann sa chnuasach breá seo dar teideal Cuimhní Pinn, Cuimhní Cinn. Séard atá ann ailt agus dánta le Seán ar an stair, ar an tseandálaíocht agus ar chultúr agus traidisiúin shaibhre Ghallarais agus na dúthaí máguaird. Agus le sméar mhullaigh a chur air tá ailt áille ann óna dheartháireacha Tomás agus Séamas, ó chomhaltaí dá chlann féin agus ó dhaoine aitheantais éagsúla, Liam Prút, Rionach uí Ógáin agus Seán Ó Curraoin san áireamh. Tá alt an-suimiúil go deo ann ó Sheán féin faoi stádas athraitheach na hiománaíochta i gCo. Chiarraí, ní áirím an t-alt fíor-álainn faoi Sheán lena dheartháir Tomás. Is fear é Tomás ar chóir dúinn tuilleadh a éileamh óna pheann amach anseo.

Ba iad clann Sheáin a chuir an leabhar ar fáil agus is dóibh a bhuíochas gur cuireadh an cuimhneachán breá seo ar a n-athair agus a ndeartháir i gcrích. Go háirithe tá an-bhuíochas ag dul d’Úna a leag amach an dá leabhar le barr ealaíne, le gairmiúlacht agus le snas, lena n-áirím an léarscáil fhaisnéiseach a tharraing sí, díreach mar a rinne Clíodna Cussen ina leagan sise den scéal céanna tamall de bhlianta ó shin — ach é seo a bheith níos iomláine fós. D’Fhionnuala Ní Shé atá buíochas na gclúdach álainn ag dul don dá leabhar. Tá ár mbuíochas ag dul freisin do Liam Prút as an gcabhair a thug sé leis an litriú agus an eagarthóireacht, agus do bhean Sheáin, Beatrice, as a suim bheo leanúnach san obair agus as a cabhair agus a misniú láidir ar gach slí dá bhféadfadh sí.

Tá buíochas ar leith ag dul do Bhreandán agus Tiarnán faoi na hócáidí seolta a eagrú — anuraidh i mBaile Átha Cliath sa drochaimsir, tráth a labhair Ríonach uí Ógáin; agus sa Daingean, i gceantar dúchais Sheáin, nuair a dúirt Liam Prút mar aoi-chainteoir an lae sin, go mairfeadh cuimhne Sheáin Uí Shé go buan mar gheall ar an dá leabhar seo.

Liam Prút

Is cuí go mór mar sin go bhfuil saothar Liam á sheoladh anseo againn anocht freisin. D’oibrigh mé féin faoi stiúradh Liam ar feadh tamaill mhaith sa Rannóg, agus tá mé go mór faoina chomaoin as a chuid cabhrach agus a chuid foighne. Chuir sé an-traenáil orm ar chruinneas gramadaí agus dílseacht an aistriúcháin féin. Sár-oibreoir ab ea é agus ba chuma cén uair a chaithfeá súil ina threo san oifig bheadh an cloigeann cromtha ar an gceann oibre a bhí faoina láimh aige. Is duine as an ngnáth é an Prútach, agus is saibhride go mór mo shaol féin agus saolta go leor daoine eile a aithne agus a chairdeas.

Go minic is mionrudaí a insíonn rud suntasach duit faoi cén sórt pearsan é duine áirithe. I ré sin na diomailte agus an éillithe anseo in Éirinn, bhí sé an-éasca dul leis an sruth agus an bhunmhoráltacht lenar tógadh muid a chaitheamh i dtraipisí go tarcaisneach. Mar scéal dá mhalairt, áfach, is cuimhin liom a chúramaí is a bhí Liam i gcónaí gur as a phóca féin agus óna sholáthar féin gach stampa riamh dár chuir sé ar chlúdach litreach príobháidí nuair nár ghá dhó ach é a chaitheamh sa tarraiceán saor in aisce ar chostas an Stáit. Dob é an caighdeán ionracais sin thar aon rud eile a chuaigh i bhfeidhm ormsa maidir leis an duine umhal a raibh sé den ádh orm a bheith ag obair sa seomra céanna leis. Faoi mar a dúirt an Direánach — is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Mar is eol dúinn uilig, tá an iomad leabhra curtha amach aige idir chnuasaigh filíochta agus leabhair phróis gan trácht ar ailt in irisí iomadúla leis na blianta, agus réimse leathan ábhar idir chamáin aige.

Sna Flaithis go hArd

Ón tráth a ndeachaigh sé ar scor bhí sé i dtreis leis an mórshaothar atá á chur faoinár mbráid aige anseo anocht. Tugaim mórshaothar air mar is é sin atá ann. Fearacht mórshaothar ar bith eile is iomaí tréith dá chuid a théann i bhfeidhm ar an léitheoir. Is ionann an leabhar seo a léamh agus aistear traenach a dhéanamh timpeall an domhain go leanúnach gan stopadh. Is traein speisialta é atá neamhspleách ar imeacht an ama, agus ní dóichí gurb í do mháthair a chasfaí ort ná Virgil, Hemingway, Éamon a’ Chnoic, Aindí Mór an Phíopa nó Pádraig Mac Alprainn féin. Séard atá ann ná a rogha féin dá chuid eispéiris ar an saol; dá bhfuil ar eolas aige faoin saol in Éirinn lena linn féin, agus dá thuiscint ar shibhialtacht na hÉireann agus na hEorpa thar dhá mhíle go leith bliain.

Sa mhéid sin cuireann sé Dies Irae ó pheann Eoghain Uí Thuairisc i gcuimhne dúinn. Ach is gaire fós é dáiríre do Cré na Cille, ach amháin go dtéann sé i bhfad Éireann níos leithne ná mórshaothar cáiliúil an Chadhnaigh sa mhéid go bhféadfadh gach áit ar domhan agus gach ré staire riamh a bheith san áireamh ann mar is mian leis an údar. Tá an dá leabhar chomh greannmhar céanna i mo thuairimse.

Arís is arís eile, chuir sé gliondar orm é a oscailt mar a bhfaighinn leithéid Chathail Uí Eochaidh ag roinnt amach braon fíona – nó stuif níos suimiúla de tháirgeadh Inis Aoibhleáin – ar Dhomhnall Ó Conaill, nó ag tathant go cantalach ar an Ard-Aingeal a ghloine a dhoirteadh amach é féin. Nó b’fhéidir píosa beag uaidh faoi bhua na dteangacha Ceilteacha á bhronnadh aige sa seomra uachtarach sin in Iarúsailéim.

Maidir leis an gcur chuige a d’úsáid an t-údar níl aon dabht ach gur uirlis fíor-éifeachtach é an t-úrscéal a shuíomh ar Neamh. Tá stáitse gan teorainn tugtha dó féin ag an údar, chun ceist ar bith a phlé nó gangaid aon cheiste a mhaolú. Tá an scéal lánmhar le fuarchúis, le greann agus le maithiúnas faoi easaontais an lae inné. Neodraíonn an greann aon teaspach nó gangaid a bhaineadh le carachtair áirithe tráth den saol ar talamh. Níl aon réamhchlaonadh fágtha le sásamh ar Neamh. Fágtar sin le huacht ar Talamh, mar is fearr a ndéileálfar lena leithéid de thoradh an leabhar úr ceannródaíochta seo a léamh!

Tá mo dhóthain ráite agam. Mar sin, déanfaidh mé an rud ar tugadh anseo mé lena dhéanamh. Le pléisiúr mór i mo chroí istigh agus le dea-mhéin na Nollag a ghuí don uile dhuine i láthair agus sa bhaile, tréaslaím leis na húdair agus chuile dhuine a bhí bainteach leis an obair, tathantaím oraibh na leabhair seo a cheannach agus a chur chuig bhur gcairde don Nollaig. Agus leis sin a chairde, cuirim anois na trí leabhar bhreátha seo chun farraige amach!

Feasta, Eanáir 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais