Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Is dual dúinn, gan amhras, ag an tráth seo agus an athbhliain romhainn a bheith i ndóchas go bhfuil an saol ag dul i bhfeabhas, agus ní hé sin amháin inár gcúrsaí pearsanta ach i gcás na tíre i gcoitinne, agus go deimhin níos sia ó bhaile. Nach deacair a bheith amhlaidh i mbliana!
Olc go leor a bhí sé le trí bliana anuas agus sinn ag streachailt lenár bhfadhbanna eacnamaíocha, ach le cúpla seachtain anois is léir go bhfuil géarchéim pholaitiúil ag bagairt orainn freisin. Is beag faoiseamh dúinn nach sinn atá ciontach sa ghéarchéim is déanaí seo, ach ní hionann sin agus a rá nach méadaíonn sé go mór ar an bhfadhb eile úd. Nár leor dúinn fadhb amháin sa turas!
Céard go díreach is cúis leis, nó conas a tharla go bhfuil an tAontas Eorpach anois i mbaol a scriosta? Is é an gearrfhreagra ná gurb í an ghéarchéim eacnamaíoch is cúis leis agus is beag tír sa domhan nach bhfuil an ghéarchéim ina hábhar imní di. Ní hionann don Aontas agus don ghnáththír. Tar éis cruinniú mullaigh gangaideach sa Bhruiséil, agus rírá idir an Bhreatain agus tíortha eile, ach go háirithe an Ghearmáin agus an Fhrainc, tá mórthionscamh stairiúil Eorpach anois i mbaol.
Ba nós dúinn ar an iris seo a rá go raibh an tAontas ag méadú róthapaidh ar an mbonn go mba dheacair srian ceart a choinneáil ar líon rómhór de thíortha, agus éagsúlacht rómhór i gceist maidir lena staid forbartha ó thaobh an gheilleagair agus na polaitíochta. Ní hamhlaidh go raibh aon ghaois bhreise againn ná aon réamheolas. Níorbh eol dúinn ach oiread le go leor eile go raibh an eacnamaíocht dhomhanda ar tí dul le haill.
Ach tá an saol athraithe. Má thugann an tAontas na cosa leis, ní bheifear ag cur na tuartha fáilte roimh balltíortha nua mar a bhíodh tráth, ná ní dócha go mbeidh a lán tíortha eile á iarraidh ach oiread. Tá an ruithneas imithe de mar bhallraíocht. Go deimhin is dóichí gur a mhalairt ar fad a bheidh i gceist. I gcás go mbeadh reifreann eile againn sa tír seo go luath, agus go ndiúltódh an pobal do chonradh nua, mar is léir a fhéadfadh tarlú, is ar éigean go mbeadh an dara deis ann dúinn mar a bhíodh tráth. Is é is dóichí go ndéarfaí linn bogadh linn.
Féach go bhfuil an Bhreatain féin anois i mbaol a himeachta. Ina gcás siúd ní féidir an téarma ‘díbeartha’ a úsáid, mar is léir go bhfuil dóthain mór den phobal ansin, móramh, b’fhéidir, ina fhábhar san go díreach. Is deacair le go leor díobh dearmad a dhéanamh ar laethanta glórmhara na himpireachta.
Fadhb bhreise dúinne í dá n-imíodh an Bhreatain, is cosúil. Bhí an Taoiseach go sciobtha ar an bhfón go dtí David Cameron, agus Mícheál Ó Nuanáin ar cuairt ag George Osborne, d’fhonn maolú ar an ngangaid, gan amhras.
Dia go deo linn! Tá bliain chorraithe eile romhainn.
|