Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Ag Feitheamh le hAingeal le Seán Ó Loingsigh
B’fhéidir nár mhiste dúinn mar sin a bheith buíoch go bhfuil oiread dá ngeallúintí briste cheana féin ag an rialtas seo!
****************
Gan amhras thug an buiséad blas dúinn ar an saol nua atá romhainn agus sinn inár mbaill de pé leagan don Aontas Eorpach atá i ndán dúinn, de réir mar a bheartaítear é sin i mBeirlín agus i bPáras. Nach bhfuil sé ceart gur mar sin a bheadh nuair nárbh acmhainn dúinn ár dtír bheag a riar gan a bheith ag brath ar iasachtaí ónar gcairde sna cathracha móra sin?
Chuir an Taoiseach agus an tAire Airgeadais an chrot a b’fhearr a b’fhéidir dóibh ar an scéal agus iad ag maíomh go mbeadh cur chuige nua i gceist leis an mbuiséad as seo amach, nach mbeadh an rúndacht céanna i gceist, go gcaithfí dhá lá leis agus go mbeadh beirt airí i bhfeighil an chúraim, agus mar sin de. Nárbh fhearr suáilce a dhéanamh den riachtanas nuair a bhí an buiséad céanna á phlé go hoscailte sa Bundestag, sular tháinig sé faoi bhráid na Dála i mBaile Átha Cliath.
Ba nós linn a rá anseo sna laethanta fadó nuair a bhí Fianna Fáil i réim nárbh iad geallúintí na bpolaiteoirí roimh thoghcháin ba mhó baol don tír, ach go sílfeadh siad gur chóir dóibh cloí leo agus iad i gcumhacht. B’fhéidir nár mhiste dúinn mar sin a bheith buíoch go bhfuil oiread dá ngeallúintí briste cheana féin ag an rialtas seo!
Féach go bhfuil siad ag cloí le geallúint amháin. Dá mhéid é an brú níl sé i gceist cáin ioncaim a ardú. Ina ionad sin méadófar ar na cánacha indíreacha, an cháin bhreisluacha, an dleacht nua ar theaghlaigh, cáin charbóin agus dóthain mhór eile. Pé séanadh a deintear air, i gcás an rialtais go háirithe, is léir gur mó a luíonn na cánacha seo ar na daoine is lú teacht isteach seachas orthusan is fearr as. Agus nach maith is eol dúinn gur ag méadú a bheidh ar na cánacha seo sna blianta atá romhainn.
Is mór an t-ábhar imní dúinn faoi láthair na coinníollacha a ghabhann leis na hiasachtaí atá á gcur ar fáil duinn ón AE, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta. Gearrtha agus ciorraithe, siar go heireaball, atáthar ag éileamh. Cuma céard eile a tharlós, nó cén cruatan a bheidh dá bharr, is é an port ón Eoraip ná fáil réidh leis an easnamh sa bhuiséad. Aird dá laghad ní thugtar ar na saineolaithe san eacnamaíocht a deir gur féidir geilleagar tíre a scrios, má théitear rófhada leis an ngearradh siar, agus gur fearr, agus go deimhin gur riachtanach, go ndéanfaí an eacnamaíocht sin a spreagadh agus a bhorradh, má tá an tír le teacht slán.
Léiríonn staitisticí a foilsíodh le déanaí go bhfuil líon na ndaoine atá dífhostaithe ag méadú i gcónaí agus go bhfuil eacnamaíocht na tíre seo ag cúlú de shíor, in ainneoin na gciorraithe agus an gearradh siar, nó an amhlaidh gurb iadsan go díreach atá ag cur lenár bhfadhbanna? Is dochreidte an scéal é go bhfuil an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta féin ag éirí buartha go bhfuil polasaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh maidir leis na laincisí atá curtha ar gheilleagar na tíre seo — agus thar aon ní go gcaithfear gach uile Euro a aisíoc le sealbhóirí bannaí — ina ualach rómhór ar an ngeilleagar sin.
Mar bharr ar an donas, tá an tAontas faoi láthair ina chíorthuathail, i dtreo go bhfuil an t-amhras ag méadú gur féidir leis teacht slán mar struchtúr polaitiúil; agus ar ndóigh, nuair atá an tAontas i mbaol is amhlaidh freisin don Euro. Chuir an cruinniú mullaigh is déanaí sa Bhruiséil leis an amhras i dtreo nach eol dúinn anois an mbeidh conradh nua riachtanach nó nach mbeidh. Ní raibh fhios, fiú acusan a bhí i láthair ag an gcruinniú mullaigh, an ‘conradh’ nó ‘comhaontú’ a bhí i gceist acu.
Anseo in Éirinn ní heol don rialtas ná d’aon duine againn an mbeidh reifreann eile riachtanach — pé an conradh nó comhaontú atá i gceist — ach is maith is eol nach dteastaíonn a leithéid ó bhaill an rialtais. Tá an éiginnteacht seo ag cur leis na deacrachtaí atá ag an Euro agus deirtear go bhfuil sé ag cothú amhrais i measc lucht infheistíochta maidir le hinmharthanacht an chórais airgeadais sin.
Chun cur leis na fadhbanna, tá sé ina chlampar faoi láthair idir an Bhreatain agus an tAontas, nó ar chóir a rá idir an Bhreatain ar thaobh amháin agus an Ghearmáin agus an Fhrainc ar an taobh eile. Mar a dúramar cheana is beag trácht anois ar an gCoimisiún nó ar uachtarán an Choimisiúin, Barroso. Gné eile den real-politik gan amhras.
Chun dul ar strae ar feadh neomait, tugann an real-politik seo chun cuimhne an cheist a chuir Henry Kissinger, Rúnaí Stáit sna Stáit Aontaithe tráth, cé air a ghlaofadh sé dá mbeadh uaidh labhairt le duine éigin le húdarás san Aontas Eorpach. Pé mar a bhí an t-am sin, ní gá go mbeadh aon dul amú air inniu. Chuirfeadh sé glaoch ar uimhir theileafóin a chomhthírigh i mBeirlín, Angela Merkel. Ní i ndáiríre a bhí sé, ar ndóigh, ach ag cur in iúl a dhrochmheas ar an gcineál struchtúir pholaitiúil a bhí i gceist leis an Aontas.
Chun filleadh ar ár dtéama faoi fhadhbanna an AE, agus go háirithe an choimhlint leis an mBreatain, is deacair a bheith i dtrua leis an tír sin, pé acu an é an rialtas nó an pobal a bheadh i gceist. Níl siad ach ina leath-bhaill, pé ní, mar a bheadh cos istigh acu agus cos amuigh. Fiú ansin caitheann siad barraíocht ama ag spídiú ar an Aontas. Ach is de bharr an cheantair airgeadais sin i Londain ar a dtugtar ‘an Chathair’ a tharla an t-achrann is déanaí idir an príomhaire Cameron agus ceannairí eile an Aontais ag an chruinniú mullaigh úd sa Bhruiséil.
Tá an gnó idirnáisiúnta airgeadais a tharlaíonn sa ‘Chathair’ fíorthábhachtach don Bhreatain. Deirtear gurb é an t-ionad is mó dá leithéid é sa domhan, níos mó, fiú, ná Nua Eabhrac nó Frankfurt nó Hong Kong, agus gur mó an teacht isteach a thuilleann sé don Bhreatain ná tionscal ar bith dá bhfuil fágtha acu. Is fearr gan fiosrú róghrinn a dhéanamh faoin gcineál oibre a bhíonn i gceist ann. D’fhéadfaí a rá, áfach, nach bhfuil sé míle míle scartha ón gcineál cearrbhachais a bhí ar bun ag bainc agus ollchomhlachtaí airgeadra le blianta anuas, agus a dhein léirscrios, mar is maith is eol dúinn, ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta le trí bliana anuas.
Scannraigh an Bhreatain nuair ba léir dóibh go gcuirfeadh aon chonradh nua de chuid an Aontais srianta agus rialacháin i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar an obair, nó drochobair, a bhí ar bun sa ‘Chathair’. Ba mheasa ná sin fós dóibh go mbeadh cáin le leagadh feasta ar idirbheartaíochtaí gnó a tharlódh idir chomhlachtaí mar iadsan a bhí ag feidhmiú i Londain. Seo é an cháin ar a dtugtar an ‘Tobin’ tax.
Tá na fadhbanna follasach. Is cosúil go bhfuil an conradh nua riachtanach chun go raghadh an tAontas i ngleic leis an ngéarchéim sa Ghréig, sa Phortaingéil, agus mar is eol dúinn anseo in Éirinn, ach tá an ghéarchéim anois ag leathnú go dtí an Spáinn, an Iodáil, an Fhrainc agus, creid nó ná creid, go dti an Ghearmáin féin.
Sa deireadh thiar, is cosuil go bhfuil an saol mór ag feitheamh le hAngela Merkel. Cén fáth nach gceadaíonn sí na bannaí Eorpacha seo a chuirfeadh na margaí airgeadais ó dhoras? An féidir go bhfuil cluiche crua i gceist aici, agus go bhfuil sí ag cur in iúl do na margaí airgeadais agus do na gníomhaireachtaí rátála creidmheasa nach iad atá i gceannas?
D’fhéadfadh san am céanna go bhfuil sí ag rá linne in Éirinn agus le tíortha eile san Aontas, a chaith thar ár n-acmhainn le linn na rabairne, nach féidir brath go deo agus go huile ar an nGearmáin chun ár gcruachás a réiteach. Is féidir gur cineál bruachaireacht pholaitiúil atá ar siúl ag an Seansailéir, agus is deacair ar fad a bheith cinnte de cén toradh a bheidh air.
Seachas an Bhreatain amháin, is cosúil go bhfuil tíortha eile an Aontais, an tír seo ina measc, ag glacadh lena bhfuil beartaithe, pé míshuaimhneas a bhainfeadh leis an bhforlámhas atá anois ag an nGearmáin i gcúrsaí an Aontais. Má tá roinnt den mhíshuaimhneas sin léirithe le déanaí i gcathracha Búdaipeist, Heilsincí agus Prág, mar a dúradh roinnt blianta ó shin faoi phríomhaire cáiliúil i Sasana, níl an bhean uasal i mBeirlín réidh le hiompú.
Go deimhin is mó atá an míshuaimhneas, nó fiú imní, le brath i mBaile Átha Cliath ná in aon cheann de na cathracha a luadh, agus b’fhéidir gur mó de chúis a bheadh leis sin. Ní oirfeadh sé don rialtas anseo go mbeimis scartha níos mó ná riamh ón mBreatain mar a tharlódh dá mbeadh an tír sin lasmuigh den Aontas. Ní hamháin go bhfuil dea-chaidreamh idir an tír seo agus an tsean-namhaid, ach tá cuid mhór gnó agus tráchtála eadrainn i gcónaí. Mar bharr air sin, bheadh béim agus méadú níos mó ná riamh ar an deighilt idir an Tuaisceart agus an chuid eile den tír.
Ach, thar aon ní eile, ní lú ar aon rialtas anseo an sioc samhraidh ná go mbeadh reifreann faoi chonradh eile de chuid an Aontais ag bagairt orthu. Níl, mar a dúradh níos luaithe, aon dea-thaithí againn orthu mar reifrinn.
Fan go bhfeicimid conas mar a bheidh san athbhliain.
Feasta, Eanáir 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|