Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Maithiúnas


— gearrscéal le Deirdre Brennan

‘… le tamall de bhlianta, tá saol dúbailte á chaitheamh agam.’
—◊—
Bhí Dáithí ag únfairt sa leaba taobh léi. Caithfidh go raibh fhios aige nach raibh sí ag fáil néal codlata, ach fós d’impigh sé uirthi fanacht nuair a dúirt sí go mb’fhéidir go mb’fhearr di bogadh go seomra eile. Bhraith sí an t-uamhan a bhí air, scanradh a anama, ar fhaitíos an bháis ina aonar.

Luigh sí siar ar a droim ag iniúchadh fíocháin na gcomharthaí uisce ar an tsíleáil ón mbliain roimhe sin nuair a tháinig braon anuas. D’fhéadfadh sí siúlóid mhaidine na bpréachán a chloisint ar an díon is iad tar éis folctha sna gáitéir a bhí ag cur thar maoil le báisteach na hoíche.

D’iompaigh sí chuige. Bhí cuma liathbhuí ar a aghaidh is bhí glugar ina scornach nár airigh sí cheana. Chuir an stróc a bhuail é dhá mhí roimhe sin pairilis ar a ghéag agus ar leath a aghaidh ar dheis. Milleadh an saol orthu.

Ag gáire agus ag spraoi a bhíodar san Ishbelia, bialann nua Liobánach ina rabhadar ag ceiliúradh a chaoga séú breithlá. Leis an mbravado ba dhual dó, bhí seisean ag baint greim fiacla as cillí the ó bhabhla sailéid i lár boird nuair a chonaic sí a aghaidh ag tabhairt uaidh.

Ar dtús shíl sí nach raibh sé ach ag áilteoireacht, ach i gceann meandair thuig sí go cruinn nárbh í an chillí ba chúis lena chuid urlabhra aistí, agus go raibh a bhéal tarraingthe anuas ar thaobh amháin. Lig sí béic aisti agus rith freastalaí chuici le siofón sóide, amhail is gurbh í an chillí dhearg fáth a cráiteachta.

‘Ní hea, ní hea, ní mise,’ a scread sí, ‘brostaigh, faigh otharcharr.’ Ní raibh cuimhneamh aici ar mhórán eile gur tháinig san.

N’fheadair sí ón domhan cad a dhéanfadh sí dá dtarlódh an stróc sa bhaile. An imeodh sí chun scaoill? Cad a tharlódh dá mbeadh sí ag obair sa ghairdín?… ag caint ar an bhfón?

Níor lig a haigne di smaoineamh air. Bhí sé ag brath go hiomlán uirthi anois. Cinnte bhí an t-ádh léi go raibh sí in ann cead scoir sé mhí a fháil ón oifig dlíodóra inar oibrigh sí mar rúnaí. Idir theiripe agus imeacht ama, bhí dóchas acu beirt go dtiocfadh feabhas air. Ba mhór an trua go raibh a bpáistí i bhfad i gcéin. Thuig sí chomh riachtanach is a bhí sé dá bhisiú tacaíocht a fháil ón gclann. Bhí Seán pósta is leanaí óga aige san Astráil, Muireann ag cur fúithi i Nua Eabhrach. D’ainneoin a gcairde, bhí uaigneas uirthi.

Bhí pósadh sona aici féin agus Dáithí. Ba é an cara ab fhearr é dá raibh aici. Bhuel, ar ndóigh, bhí sé splanctha i ndiaidh an ghailf. Spéis dá laghad ní raibh aici sa chluiche. B’shin mar a bhí. Rud go raibh uirthi glacadh leis agus an jab sa bhanc aige. Dheineadh sé caidreamh gnó ar an machaire gailf is sa chlubtheach ina dhiaidh. Ba mhaith an soláthraí é, agus mar a chuireadh sé ar a súile dóibh, b’shin mar a thaispeáin sé méid a ghrá dóibh go léir.

Bhí sé ina dhúiseacht nuair a chuaigh sí in airde staighre lena bhricfeasta. Caife, sú oráiste, iógart, agus tósta agus leathán beagmhéathrais. Bhí air meáchan a chailliúint agus go háirithe a chuid colaistéaról a ísliú. B’eol di go raibh ocras air ach bhí air cloí leis an réim bia.

‘Lucy,’ ar seisean ina ghuth stadach a bhí i gcoimhlint leis an gcaint, ‘cad a dheineas go bhfuil seo tuillte agam?’

Shocraigh sí na piliúir agus chabhraigh leis díriú. Tharraing sé boladh an chaife isteach go santach. ‘Tá do dhóthain cúraim ort gan mise bheith mar seo.’

‘Éirigh as! Nach ndéanfá mar an gcéanna domsa?’
‘Tá orm labhairt leat, Lucy …tá orm ....’
‘Fág é, a Dháithí. Ná cuir stró ort féin.’
‘Seans go bhfaighead stróc eile,’ bhí an anáil i mbarr a ghoib aige, ‘is an sean ticker...’
‘Anois, a chroí, táimid chun bheith dóchasach agus dearfach. Deireann na dochtúirí go bhfuilir inleigheasta. Nach raibh an t-ádh orainn an A & E a shroisint in am? Is gan trácht air sin níl nóisean agamsa bheith mar bhanaltra agat go deo. Anois ith an iógart!’
‘Tá orm admháil … rud .... a dheineas.’
‘Faoistin an ea?’ Gháir sí, ‘nílir ag lorg sagairt?’
‘ Lucy, le tamall de bhlianta, tá saol dúbailte á chaitheamh agam.’
Bhí cuma lag, imníoch air is é ag cuardach focal. Rug sí greim láimhe air. Shíleadh sí i gcónaí go raibh lámha an-deasa aige, méara caola, na hingne dea-chumtha. Léirigh siad mothálacht. Bhí aithne aici ar fhir go raibh méara ar nós ispíní orthu.

‘Tá duine eile i gceist,’ bhí sé ag rá, ‘Bhí affair againn.’
‘Affair! An ndúirt tú affair?
‘Sea. Bhíos … mór léi.’
Bhí sé ag rámhaille. Scaoil sí leis ag iarraidh é a chur i ngiúmar. ‘So,’ ar sise miongháire uirthi, ‘cé hí bean an áidh?’
‘Sandra. Naoi mbliana anois ... beagnach.’
‘Sandra?’
‘Bhuail tú léi. Is cuimhin leat … Cóisir shóisialta Nollaig amháin.’
‘Ní dóigh liom é.’
‘De thaisme a bhíomar i dteannta a chéile. Cúrsaí gnó.’
‘Níor luaigh tú riamh í.’
‘Táimid an-discréideach’
Aimsir láithreach. Go breá réidh! Choimeádfadh sí guaim uirthi féin. Cuireadh ar a haire í go ngoilleann stróc go minic ar an inchinn. Maith mar ba chuimhin léi a hathair féin ag filleadh i ndiaidh tréimhse a chaitheamh san ospidéal is ag insint di gur léim triúr banaltra isteach sa leaba taobh leis chun a fháil amach an raibh puinn beochta fágtha ann. Ach bhí a hathair creathánach, meath na seanaoise air.
Lean an guth uafásach: ‘Tá páiste againn. Buachaill. Brian. Seacht mbliana d’aois … ag dul ar scoil.’
Bhí beochan ag teacht air, loinnir ina shúile nach bhfaca sí ar feadh na mblianta. A Dhia na bhfeart! Bhí sé ag insint na fírinne. Bhí sí ina staic. Reoite i dtromluí doluaite. Ní fhéadfadh a leithéid a bheith ag tarlú di. Bhuail steallachrith í. Rois tulcaíl ghoil a corp. Tharraing sí siar a lámh.
‘Tusa an t-aon bhean a ghráigh mé riamh. Tá brón orm … doilíos croí. Tabhair maithiúnas dom.’
Chiúnaigh sí. Freagra níor tháinig aisti ach a cuid smaointe ag faoileáil mar éisc órga i mbabhla cúng. Bhí uirthi éalú óna aghaidh liathbhuí, a bhéal camtha, a chuid impí. Go tobann, d’éirigh sí, thug a haghaidh ar an doras is dhruid ina diaidh é. Rith sí go compord na cistine is chaith sí í féin de phlimp i gcathaoir. Chrom a ceann go dtí an bord.

Ar chuala sí i gceart? Cén fáth ar dhein sé é? Conas a bhí sí ina pléiseam aige chomh fada san? Bhí an chuma air go raibh an gnéas go maith eatarthu ach amháin nuair a bhí seisean ró-thuirseach de bharr cúrsaí oibre…. Bhíodh sí feisteasach faiseanta, mar bhí mór-shuim aige ina leithéid. Théadh sí go dtí an giom ceithre huair sa tseachtain. Fiú i láthair na huaire agus an oiread san oibre sa bhreis le déanamh, chloígh sí leis an nós.

Cathain ar imigh gach rud ar seachrán? Caithfidh go raibh nimh san fheoil aige di i ngan fhios di nó ní imeodh sé ar strae. Nó an imeodh sé ar aon nós? Deireadh sé gur cairde anama iad, ach ag an am céanna bhí sé soiléir go raibh sé toilteanach fealladh uirthi le bean eile. Mhothaigh sí an scéin chéanna a mhothaigh sí mar pháiste nuair a thit sí síos staighre cloch go híoslach, isteach i ndorchadas chomh dubh san nach raibh ar a cumas corraí.

Thiontaigh a goile is í ag smaoineamh ar a rúndacht is a chuid slítheántachta. Cé mhéad comharsana a bhí ar an eolas? B’fhéidir go raibh fhios ag cách agus go raibh trua acu di. Bhraith sí gur deineadh beag di sa mhéid is go raibh sí chomh saonta, chomh muiníneach san. Mheabhraigh sí na leithscéalta a thugadh sí dá tuistí, dá leanaí, dá cairde: ‘Is andúileach oibre é Dáithí. Ní féidir bac a chur air – san oifig fós, tá’s agat’; nó ‘Tá sé ag comhdháil de chuid na mbanc i gCill Airne. Fág muidne as an áireamh’; ‘Ó sea, bhí air dul go Londain gan súil aige leis!’

Ba chuimhin léi focail a máthar: ‘An gá do thoil a chur de réir a thola i gcónaí? Nach n-oibríonn tusa go dian chomh maith, Lucy? Ba chóir dó bheith sa bhaile leat féin is na páistí ag an deireadh seachtaine. Creid mise go bhfuil níos mó ná airgead ar an saol seo. Éiligh do cheart, a chailín!’

Chuala sí torann thuas staighre. Mhaolaigh an brat urláir é beagáinín. An bata siúil ó Chruach Phádraig a d’fhág sí leis chun an t-urlár a ghreadadh lena láimh mhaith nuair a bhíodh cabhair ag teastáil uaidh. Bhuel, lig dó feitheamh! Beidh an t-otharcharr anseo sar i bhfad chun é a bhreith go dtí a chuid fisiteiripe. Déarfadh sí nach raibh sí ar fónamh agus d’iarrfadh ar fhoireann an otharchairr cabhrú leis. Ní bheadh Dáithí ar ais go dtí leathuair tar éis a cúig tráthnóna.

——◊——

Bhí sí faoi ghlas sa seomra folctha nuair a rothlaíodh a chathaoir an doras amach. Chuir sí brú uirthi féin cupán caife a ól. Ghléas sí go cúramach. Bhí coinne déanta aici lena dochtúir. Maidin aoibhinn i dtús mhí na Nollag a bhí ann, an ghrian ag taitneamh uirthi. Nuair a dhún sí an doras ina diaidh, bhraith sí go raibh sí ag siúl amach as a seansaol. Bhí an geimhreadh bog. Bleibíní lusanna an chromchinn ag péacadh aníos, bachlóga ramhra an hiodrainsia ag dreapadh i dtreo bhinn an tí, réamhtheachtairí earraigh, ach dochma meanman a bheadh nódaithe go deo ina haigne le héadóchas agus fealladh.

Níor inis sí an scéal don dochtúir ach thuig sé go raibh sí tuirseach traochta.

‘Tá sé soiléir dom go bhfuilir dóite amach,’ar seisean. ‘Caithfimid aire a thabhairt duit nó teipfidh ar do shláinte féin. Táim ag moladh go gcuirfimid Dáithí isteach i dteach banaltrais – abair ar feadh sé seachtaine. Bíodh sos agat! Tá ardchaighdeán ag Serendipity. Deich míle ó bhaile. Costasach go leor, ach i gcomhar achair ghearr is fiú é. Labhróidh mé leis an mbainisteoir, Cáit Ní Ghrianna. Tá ard mheas agam uirthi.’

Ghlaoigh sí ar Sheán i mBrisbane agus d’inis dó an méid a dúirt an dochtúir.

‘Mam bhocht,’ ar seisean, ‘ach is eol duit go bhfuil an ceart ag an dochtúir. Caithfidh tú smaoineamh ar do shláinte féin. Tá’s agat go mbeinn leat dá mbeadh sé ar mo chumas.’

Ghlaoigh sí ar Nua Eabhrach. ‘Daid bocht,’ arsa Muireann, ‘gan amhras, sin é an plean is fearr dó. Tiocfaidh sé chun cinn go tapa.’

Faoi dheireadh labhair sí le Dáithí. Bhí cuma spíonta air i ndiaidh an lae. D’éalaigh a shúile óna hamharc is d’fhan ina thost.

‘Táim tar éis labhairt leis an dochtúir Ó Mainnín,’ ar sí, ‘measann sé go mbeadh sé den chríonnacht duitse sé seachtaine a chaitheamh i dteach banaltrais, áit ina bhfaighidh tú cúram den scoth. Beidh seomra saor i Serendipity ar an Aoine.’

An raibh dul amú uirthi nó an bhfaca sí loinnir ait ina shúile ar feadh meandair?

——◊——

Tháinig an t-otharcharr ag a trí a chlog tráthnóna. Bhí sí tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh ag pacáil a mhálaí is í ag smaoineamh ar chuile rud a bheadh ag teastáil uaidh. Bheartaigh sí féin agus a chara, Máirín, leanúint sa ghluaisteán chun é a chur ar a shuaimhneas san áit. Ar shamhlaigh sí é nó an raibh sé tar éis feabhsú beagáinín sa tseachtain ó d’admhaigh sé a mhíghníomh? Nuair a bhíodar ag bogadh a chathaoir rothaí an doras amach is ar éigean a bhí sí in ann labhairt leis an dochma is brón a bháigh a croí dóibh beirt.

‘Táir ag déanamh an rud ceart, Lucy,’ arsa Máirín agus iad ag tiomáint tríd an mbaile mór, ‘Níl fhios ag éinne againn ó neamh anuas cá bhfaigheann tú an neart.’

Bhí sí ina tost ag breathnú di ar na málaí gainimh cruachta i gcoinne ballaí tithe agus siopaí i ndiaidh na dtuillte ar na mallaibh. Bhí an bealach dúnta ar na bóithre síos chun na Bearú. A thuilleadh báistí tuartha. Stop sí ag na soilse tráchta.

‘Ó féach, sin Sandra Ní Gheimhridh lena leaidín. Beidh mé ag imirt cluiche léi níos déanaí.’

Stad croí Lucy. Gan amhras bhí na céadta leis an ainm Sandra sa bhaile mór. An raibh sí chun a saol iomlán a chaitheamh, croí ina béal, chuile uair a chuala sí an t-ainm!

‘Cailín mór scuaise í. Ach arís, is dócha go bhfuil sí níos mó ná deich mbliana níos óige ná mise. Caithfidh mé bealadh a chur faoi m’íoscaidí anocht!’

‘An é sin Brian? arsa Lucy
‘’Sé. Ní raibh fhios agam go raibh aithne agaibh ar a chéile.’
‘Níl. Chualas é, áit éigin.’
Ar feadh nóiméid smaoinigh sí ar an fhírinne a insint do Mháirín ach dhíbir as a ceann é. Ní raibh sí réidh fós. Dáiríre, bhí sí trína chéile tar éis Sandra agus an buachaill a fheiceáil. Baineadh an oiread sin de gheit aisti nach n-aithneodh sí arís iad. D’athraigh na soilse sula raibh am aici stánadh agus bhí uirthi a súile a dhíriú ar an mbóthar.

Bhí an teach banaltrais suite ag bun aibhinne a bhí faoi áirse crann. Teach mór na n-uaisle a bhí ann tráth, na fuinneoga ag breathnú amach ar fhaiche bhearrtha. Shamhlaigh sí cóistí dhá chapall ag sodar go dtí an doras.

An t-otharcharr ann fós. Crann Nollag maisithe, lasta, le feiceáil sa halla.

‘Ná fág mé im aonar le Dáithí,’ ar sí.
‘An bhfuilir cinnte? Bhíos chun siúl sna gairdíní agus feitheamh ort.’
‘Fan led thoil. Beidh sé níos éasca orm slán a fhágáil.’
‘Ní go deo é, a chroí, Nach féidir teacht amárach nó pé uair is mian leat.’
‘Braithim go huafásach. É á chur i dteach banaltrais mar seo agus cóngarach don Nollaig chomh maith.’
Rug Máirín barróg uirthi: ‘Fanfad leat cinnte.’
——◊——
Agus Dáithí imithe, líon an teach le huaigneas. Arís agus arís eile cheistigh sí arbh fhéidir léi maitheamh dó. Smaoinigh sí ar an saol a bhíodh acu. Bhrúigh argóintí ar a shon isteach uirthi ina gceann agus ina gceann, ach i ndeireadh na dála bhí fíric lom amháin fágtha. D’fheall sé uirthi agus ar a chlann. Bhí sin do-mhaite. Chuir sí scairt ar Cháit Ní Ghrianna, bainisteoir Serendipity, ag rá go raibh an fliú uirthi agus go mbeadh sí sa leaba ar feadh seachtaine ar a laghad. D’éist Cáit go báúil agus gheall í a choimeád ar an eolas i dtaobh Dháithí. Thaitin Cáit go mór léi. Bhí sí chomh cumasach tuisceanach san. Shilfeá nach raibh deacracht ar domhan nach mbeadh sí in ann a shárú. Bhí sé soiléir go mbeadh Dáithí ar a shuaimhneas léi.

‘Bí cinnte,’ ar sí, ‘go bhfuilir slán go hiomlán ó ghalrú sula dtagann tú ar chuairt chuige. Bheadh sé tubaisteach dó an fliú a fháil.’
——◊——
Beagnach i gan fhios di féin, luigh sí isteach ar fhaireachán a choimeád ar theach Sandra, ceann de shraith seantithe cóngarach do lár an bhaile.

Ní raibh deacracht aici teacht air agus eolas anois aici ar shloinne Sandra. Ar dtús shuíodh Lucy sa charr ar aghaidh an tí is an t-inneall ag casadh. Bhí dath silín dearg ar an doras agus folcadh éin i lár an ghairdín bhig. Tionchar Dháithí ar an áit ní nach ionadh. Thaitníodh sé go mór leis bheith ag faire ar éanlaith cheoil agus seans go raibh sé ag múscailt spéise sa bhuachaill conas na gealóga, na meantáin agus na cuairteoirí a thagadh go dtí an folcadh a aithint.

Ansin nuair a bhí taithí aici ar an bhfaire agus í ar a suaimhneas faoi bhrat an dorchadais, pháirceáladh sí an carr is chaitheadh sí uair a chloig ag stánadh ón gcúinne ar an teach. Ó am go ham chíodh sí soilse i seomraí agus uair amháin chonaic sí aghaidh an bhuachalla, a shrón le gloine na fuinneoige ag breathnú anuas uirthi. Cinnte ní raibh aon bhaol dó inti. Ní raibh ach fiosracht i gceist.

Satharn amháin i lár an lae, bheartaigh sí siúl thar theach Sandra sula n-imeodh sí ag siopadóireacht. Cé a bheadh ag teacht an doras amach ach í féin agus Brian. D’airigh Lucy nárbh aon femme fatale í ach bean dhathúil timpeall daichead bliain d’aois, a cuid gruaige órdhonn go guaillí. Iad de réir dealramh ag dul go cleachtadh cluiche, mála spóirt ar dhroim an bhuachalla agus é ag pocléim go dtí an geata. Chuir Lucy an carr faoi ghlas agus lean iad go geataí scoil Naomh Conlaod. Ina dhiaidh sin bhíodh sí in ann an buachaill a aithint sa chlós scoile am sosa agus é ag súgradh lena chairde. Ar bhraith sé a athair uaidh? Ar thug a mháthair ar cuairt é go dtí an teach banaltrais? Seans go scanródh sin an buachaill cé go raibh bloscadh feabhais ag teacht ar Dháithí.
——◊——
Bhí sí beagnach cinnte nár tugadh suntas di i dtimpeallacht na scoile nó ag faire ar an teach. D’fhéadfaí í a leagan le tráithnín tráthnóna geimhriúil amháin nuair a d’fhreagair sí cloigín an dorais agus bhí Sandra ag féachaint uirthi.

‘’Chríost!’ ar sí. Agus ansin ag stadaireacht, ‘tar isteach.’

Níor bhog Sandra ach lean ag stánadh uirthi.

‘Bhíos chun tae a fhliuchadh ….’
‘Tae! A thiarcais! Éist liom. De bhrí gur tusa atá i gceist, níl fonn orm dul go dtí na Gardaí. Nach dtuigeann tú chomh huafásach is atá sé domsa oíche i ndiaidh oíche is tusa ag faire ar mo theach?’
‘Tá … tá brón orm … níor thuigeas ….’
‘Maidir leis an scoil, d’iarras orthu an scéal a fhágaint fúm. In ainm Dé cad tá ar siúl agat? Síleann Brian go bhfuil i gceist agat é a fhuadach. Bíonn eagla air dul ar scoil!’
‘Ní tharlóidh sé arís.’
Líon a súile le deora. Theip uirthi focal a rá. Chonaic sí an trua in aghaidh Sandra.
‘Luaigh tú cupán tae?’
Chlaon sí a ceann. Amhail duine i dtromluí, shiúil sí i dtreo na cistine.
‘Seans nach bhfuil fhios agat go bhfuil Dáithí is mise scartha ó chéile le bliain anuas,’ bhí Sandra ag rá.

Níor fhreagair sí. Dhein sí iarracht í féin a shuaimhniú agus í ag bogadh ó chuisneoir go bord le bainne, ó chófra go bord le cupáin is plátaí.

‘Ná bac leis sin. Suigh síos. Ba chóir go mbeadh fhios agat cad tá ar siúl.’

Go tobann, bhraith Lucy go raibh sí ag dul chun scaoill. An raibh uaithi a thuilleadh a chloisint. Ar theastaigh amharc seasmhach na mná sin bheith uirthi?

‘D’impigh sé maithiúnas orm. Táim ag déanamh mo dhícheall é sin a chur ina luí orm féin,’ ar sise, ‘ach dáiríre, tá ag teip orm dul i gcomhairle liom féin.’ Níor ól ceachtar acu an tae.

‘Tá Dáithí ag fáil togha na haire óna ghrá nua,’ arsa Sandra, fáthadh lag gáire ar a béal.

‘Grá nua … ní thuigim?’

‘Bhuel, íorónta go leor, ní raibh tusa ar an eolas faoin scéal nó ní chuirfeá é go Serendipity, áit ina raibh an bainisteoir Cáit Ní Ghrianna ag feitheamh is na fáiltí geala uirthi roimhe.’

‘Cáit!’

‘An bhean chéanna.’

‘Táir ag magadh fúm.’

‘Táim ag insint na fírinne, Lucy.’

‘A Dhia na bhfeart, an mise an t-aon duine nach raibh ar an eolas! Braithim im’ smíste óinsí ceart, simpleoir ar saobhadh céille !’

‘Ná bí ag smaoineamh mar sin. Bhíodh Dáithí discréideach. Ní bheadh a fhios ag cois leis céard a dhéanfadh lámh leis.’

‘Bí ag caint!’

‘Pé scéal é, chualas ó Mháirín inniu go bhfuil Cáit ag éirí as an jab teacht mhí an Mhárta. D’fhág a huncail teach le huacht aici in Umbria.’

‘Ach, Dáithí …?’

‘Beidh seisean léi gan amhras. Is an feabhas atá tagtha air. Grian na hIodáile agus beidh sé ina tháinrith chun sláinte sar i bhfad! Anois caithfidh mé rith. Tá Brian sa scoil, ag feitheamh orm.’

‘Nóiméad, ’Sandra. Tuige nach dtéim leat. Chuirfeadh sé a aigne ar a shuaimhneas muid a fheiceáil le chéile -nach fuadaitheoir mé, an dtuigeann tú?’

‘Sin gnó lae eile,’ ar sise.

Thug sí an doras amach uirthi féin.

Feasta, Feabhra 2012

abhaile | barr | clár na míosa seo