Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Sna Flaithis go hArd
le Liam Prút
(Coiscéim, 2011, 251 lch., €7.50)
Léirmheas le Pádraig Ó Siadhail
Táimid go léir faoi dhraíocht ag Máirtín Ó Cadhain, ag éacht scríbhneoireachta, ag saibhreas cainte agus ag eagna chinn an fhathaigh liteartha. Ach tá an bunsmaoineamh atá taobh thiar dá mhórshaothar, Cré na Cille, simplí go leor, mar atá, scata daoine a thabhairt le chéile is féachaint ar an tslí a réitíonn siad — nó nach réitíonn — le chéile. Ar ndóigh, cor samhlaíoch é go bhfuil na pearsana go léir ag tabhairt an fhéir sa reilig chéanna.
Ba dhoiligh dom gan cuimhneamh ar Cré na Cille nuair a thosaigh mé ag léamh Sna Flaithis go hArd, an t-úrscéal nua le Liam Prút. An saol iarbháis an téama; an tsíoraíocht an t-am; neamh an suíomh; agus na háitreabhaigh na pearsana. Agus níl aon chaill ar chumas teanga an údair.
Ina ndiaidh sin is uile, úrscéal de chineál eile ar fad é Sna Flaithis go hArd. Foireann níos scóipiúla atá ag an Phrútach ná ag an Chadhnach — an cine daonna ó thús aimsire go saol ár linne. Shocraigh sé ar dhíriú ar phearsana Éireannacha (na mairbh, corrphearsa fhicseanúil is corrdhuine atá beo go fóill, ar nós Phádraig Uí Fhiannachta — fad saoil dó!), diomaite de chuid de na haspail is den scríbhneoir Francach, Antoine de Saint-Exupéry, údar Le petit prince. Ach tugtar tús áite do phobal na Gaeilge, don aos dána go háirithe amhail is go raibh an t-údar tar éis ransú sna leabhair sa tsárshraith, Beathaisnéis, lena chriú neamhaí a bhailiú le chéile. Níl mórán Ultach ann ar chúis éigin, áfach (iad in Ifreann, b’fhéidir? …)
Ach tá polaiteoirí (Charles Haughey, cuirim i gcás) is iománaithe (gach duine ó Shetanta go Christy Ring) ann. ‘Nach mór an gar é cine Gael ar fad a bheith tagtha faoi éintíos i bparlús na bhFlaitheas?’ a deirtear (80). Ba chóir go mbeadh an fhoireann mhór ina bhuntáiste ag an údar sa dóigh go dtabharfadh sé deiseanna dó daoine stairiúla ó réanna difriúla is ó réimsí éagsúla a tharraingt le chéile is ligean dóibh splanc a bhaint as a chéile, gan trácht ar sheanchéilí comhraic a bheith ag athchogaint a gcnámha spairne. Ach is léir nár theastaigh ó Phrút leabhar grinn nó leabhar aoire nó scigleabhar a scríobh. Ceiliúradh seachas coimhlint an príomhnóta tríd síos. ‘Is iomaí áras i dteach m’Athar’ a deirtear i Soiscéal Eoin (14.2), agus bíonn an fhaill againn cuairt a thabhairt ar go leor acu is seal a chaitheamh ag éisteacht leis an chaint.
‘Úrscéal turgnamhach é seo ar chanbhás an-leathan inspioráide,’ a deirtear linn ar chlúdach cúil Sna Flaithis go hArd. Dá bharr, caithfear a bheith ag súil leis an earra neamhchoinbhinsiúnta agus a bheith oscailte roimhe. Beidh an t-údar ag dul sa seans. Ní thig linn a bheith ag dréim le gnáthphlota réalaíoch nó le snáitheanna reacaireachta so-leanta. Tá go maith. Tabharfaidh an léitheoir sin nach bhfuil eagla air roimh dhúshlán cead a chinn don údar is ligfidh dó a chruthú dó gur fiú an trioblóid an turas. Mar sin, ba le fonn a luigh mé isteach ar an léamh, gur stop, gur athléigh, gur thochais mo chloigeann. Tá mé á thochas go fóill. Tá an t-úrscéal chomh turgnamhach sin, tá an canbhás chomh leathan sin, agus tá an inspioráid chomh mistéireach sin gur chuir siad mearbhall ar an léirmheastóir seo. Admhaím sin. Agus ní shílim go bhfuil an locht ar fad orm.
Mar léirmheastóir, feictear dom go raibh gealladh mór faoin saothar seo. Tá rudaí maithe somholta ann: scríbhneoireacht d’ardchaighdeán tríd síos, an t-imeartas téacsúil agus cuid de na scéalta beaga. Is léir gur aithin moltóirí an Oireachtais an mianach sin ann nuair a bhronn siad duais ar ‘leagan trialach’ den scríbhinn sa bhliain 2008. Ach mar léitheoir, tá an leabhar foilsithe i ndiaidh mé a chur go bun na foighne.
Féachaimis ar trí shliocht ghearra shamplacha a ligeann dúinn blaiseadh de chur chuige Phrúit — is ar gearrinsint ar na laigí sa chur chuige sin iad, dar liom.
Sa chéad sampla seo, tá Máirtín Ó Cadhain tar éis a bheith ag caint le Seán Ó Ríordáin nuair a luann Peadar Aspal Colm Cille:
‘Cé acu Colm Cille atá i gceist agaibh? a d’fhiafraigh Seán, arae d’aithin sé na dreamanna scoláirí a chuir an scata Pádraig ar an bhfód, nárbh fholáir nó bhí a macasamhla de scata eile ann a dhéanfadh míle Colm as an aon Cholm Cille amháin’ (83)
Aithneofar an tagairt mhagúil do sheancheist scolártha an dá Phádraig. Ach in ionad cuid de na scoláirí Ceilteacha a tharraingt os ár gcomhair is leanúint den phlé tomhaiste léannta (is den iomarbhá chainte phearsanta mhailíseach ghangaideach sin nach dual do lucht shéimh shíochánta an Léinn Cheiltigh …), scaoileann an t-údar thart an deis sin.
Go luath ina dhiaidh sin, sa dara sampla, seo chugainn Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, file:
‘Is tú is fearr a thuig mo chuidse ceoil, a Sheáin Óig, arsa Tadhg Gaelach, bíodh gur go suarach a caitheadh leat ar an Ráth Garbh freisin. Fágfaidh mé mo bhuíon féin d’amhránaithe Phort Láirge faoi do stiúir.
‘Lean fear na gruaige cataí air le “Gile mo chroí ..” agus baineadh ramsach ceoil as raftaí arda na firmiminte.
‘Chrom Bidí [Earley] ar Dev a cháineadh arís faoin stiúrthóir ceoil “croí-éadrom”, mar a thug sí air, a chur faoi ghlas “i ngúlag an Churraigh”’(91).
Seán Óg Ó Tuama, fear a bhí i ngéibheann sa Churrach nuair a toghadh ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag tús na 1940í é, atá i gceist anseo. Tá a fhios agam sin toisc gur chaith m’athair seal saoire sa tSibéir Éireannach chéanna ag an am. Ach, in ainm Chroim, cá mhéad léitheoir eile a thuigfeá an tagairt fhánach sin? Nó na cinn eile a bhfuil an leabhar breac ballach leo? Coimeádfaidh Liam Prút mac léinn dochtúireachta mí-ámharach éigin gnóthach go Lá Philib an Chleite. Ba mhinic a rith sé liom, agus mé ag léamh an leabhair, go raibh an t-údar ag baint sult as a chlisteacht féin agus as a choire draíochta lán le tagairtí doiléire. ‘Is cuma faoin scéal’ an líne is clúití ó thriológ Shéamuis Mhic Annaidh. ‘Is cuma faoin léitheoir’ mana údar Sna Flaithis go hArd, de réir dealraimh.
Cuid de scéal na Chéad Athbheochana an tslí a raibh nimh san fheoil ag an Duinníneach don Phiarsach. Sa sampla deireanach seo, tá fear An Claidheamh breá sásta fear an fhoclóra a fheiceáil:
‘Fearaimse na múrtha fáilte romhat ó d’iostán trá i bPort Mearnóg, a Phádraig Stiabhna, a tharrthálaí Bhriathar Dé i measc Gael, arsa Pádraig Mac Piarais a bhfuil scata dá chlann scoláirí ina thimpeall. Níl aon duine againn gan a údar aithreachais aige ar thairseach a bhithshocrachta agus is iad Peadar agus a dheartháir Pól is túisce sa chreideamh glórmhar sin na haiséirí—aiséirí an duine óna chlaonta go céim níos dearfa’(171).
B’fhéidir gur mar sin a shamhlaíonn an t-údar na flaithis, mar áit a ndéanfaí dearmad ar chonspóidí beaga suaracha an tsaoil ar talamh. Tá an cead sin aige. Mar an gcéanna, is ceadmhach dó úrscéal a scríobh nach bhfuil dráma, teannas, doimhneacht i dtarraingt na carachtrachta, is comhrá bríomhar ann agus ‘úrscéal turgnamhach’ a thabhairt air. Cibé lipéad a chuirfeadh sé air, an cheist mhór ná ar éirigh leis an údar breith ar shamhlaíocht a chuid léitheoirí agus iad a thabhairt leis ar thuras 250 leathanach chuig na flaithis. Níor éirigh leis, faraor, dar liom. Theip ar an turgnamh seo mar a theipeann ar go leor eile acu. Ach molaim fear an mhisnigh as tabhairt faoin iarracht.
Feasta, Feabhra 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|