Dánta
Labhrann Bríd
Dán le Niamh Ní Lochlainn
Cros Bhríde mar chlaimhte
I lámha leanaí scoile,
Trí ghaoth ropanta ghoirt
Ag tuirlingt ón mbus
Os comhair Eglinton* na Gaillimhe.
Glórtha na hAfraice ag glaoch,
Rithimí cinnte is sruthanna diongbhálta,
Síodúlacht i gcolainn,
Trilseáin is coirníní i ngruaig chailíní,
Gáire na gréine ar a n-aighthe
Trí shalachar báistí.
'Is féidir linn', a dúirt sé féin,
Dath na cré ar a chraiceann,
Meascach, gaolta leis in Éirinn,
Uachtarán Mheiriceá.
'Is féidir liom', a deir Bríd,
Nár bronnadh ainm an bhandé orm,
An bhé ildánach, bandia na talún,
Bríd an tsíl, Bríd an Earraigh,
Bríd na gcros, Bríd an chreasa,
Bríd an leighis, gabha, file,
Bríd na lasrach, Bríd na mainstreach,
Bríd, Muire na nGael,
Fé bhrat Bhríde sinn.
Ná ceap gur shéanas mo shinsir féinig, más ea,
Yoruba na ndéithe,
Yemaya, bandia an tobair, bandia na gealaí,
Farraigí, aibhnte is locha,
Uiscí na broinne féin as a shíolraíos,
Yemaya faram.
Bríd faram, ins an áit seo gur ann dom,
Tír mo dhídine.
Seacht mbliana ag Michael D.
Ansin, Bríd Adekoya,
Uachtarán na hÉireann.
*Ostán ina bhfuil teifigh, go háirithe ón Nigéir
ag cur fúthu sa Ghaillimh.
Caoineadh
le Liam Prút
Tá Damien Ó Muirí tar éis bháis
Ghlan tú leat, Damien,
sa sneachta mhór;
baineadh an tsluasaid
as do láimh de thobainne.
Agus chuala mar a chuir an sneachta
moill le do bhád mór
chun na síoraíochta
is tú ag triall amach an cuan…
Tóg bog é, Damien, agus tú
ag glanadh an tsneachta mhóir sin
de chlós bhéal an tí
i mBaile Bhailcín!
Ach níor thóg.
Is d’imigh tú, Damien.
Mar sin.
Agus más léan liom tú
imeacht mar sin —
agus, go deimhin duit gur léan!
— nach mó go mór
is léan le Bríd
agus leis an gclainn
tú scarúint leo mar sin
roimh fhéile Chríost Naíon.
D’imigh tú, Damien:
Damien an ghrá,
Damien a ghabh riamh
páirt nuíosach is cnuálaithe,
Damien an chroí mhóir,
Damien ilábalta,
Damien an tsneachta mhóir bháin,
Damien ar shín t’oilteacht
ón tSínis, ón tSeapáinis
go cóimeáil agus ceartsuíomh
inneall gluaisteáin,
go cóimeáil agus ceartsuíomh
inneall Ghaeilge Ghaoth Dobhair,
go cóimeáil agus ceartsuíomh
filíochta is dlí is polaitíochta;
Damien na dea-chomhairle,
Damien na léannta gan teora,
Damien an Mhá Nuad
ba ghean agus b’fhuath leat,
Damien ba gheal le do chuid mac léinn,
Damien a bhí daonna suas is síos,
Damien bán an mhórghrá:
Ní maith liom gur imigh tú.
Agus bíodh gur ciotaí dhom
sochraidí mórcharad
is comharsan
a ngabhas a gcaiple sneachtaidh thart
chomh ciúin sin
san oíche mhór dhubh
chríochnaitheach
níor bheag an turraing
an deoir aille seo de scéal
(leathbhliain déanach!)
i siopa leabhar an chonartha
ar shráid uaigneach Fhearchair seo
arbh inti a bhronnais do charadas orm
don chéad uair riamh
sa Television Club
i mí Dheireadh Fómhair,
sa bhliain míle naoi gcéad seachtó a trí...
Tá Damien Ó Muirí tar éis bháis.
Suaimhneas síoraí duit, Damien,
a chroí,
suanmhar sítheach go rabhair
go lá binn an athmhuintearais
le Bríd, leis an gclainn —
linn ar fad a char do dhaonnacht, a Dhamien.
(1948-2010)
Feasta, Feabhra 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo