Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Bior sa Bheo! - -

Nach deacair ar fad éaló ón ngéarchéim eacnamaíoch; fíoras atá ann um an dtaca seo, nó cuid dár saol agus ní fios an mó bliain eile a bheidh sí mar ualach orainn. Is eol dúinn gan amhras go dtiocfaidh sí chun críche in am agus i dtráth, ach ní féidir a mheas cé mhéid dochair a bheidh déanta sula mbeidh a buille tugtha.

Is maith is eol dúinn na fadhbanna atá cruthaithe ag an ngéarchéim do phobail agus náisiúin, ach níos mó ná sin do dhaoine aonair atá thíos le mí-iompar nach raibh lámh ná páirt acu ann. I bhfianaise an chruatain seo is furasta a dhearmad gur mó gné eile dár saol a bheidh thíos leis an ngéarchéim. Sé an baol is mó ná go bhfuiltear ag teacht i dtír uirthi chun athruithe a dhéanamh ar pholasaithe a bhí i bhfeidhm roimhe seo, agus gur féidir iad a dhéanamh anois ar scáth na héigeandála. Cé a dúirt gur thrua gan gach deis a bhaint as éigeandáil nuair a thagann a leithéid an treo!

Ní féidir do phobal na Gaeilge gan a bheith imníoch faoi láthair. Tá sé soiléir go bhféadfadh an teanga a bheith thíos go mór leis an gcúlú eacnamaíoch. Tá fhios againn go bhfuil ciorraithe á bhfógairt agus á gcur i bhfeidhm i ngach gné agus cearn dár saol, agus is amhlaidh atá i gcás na Gaeilge. Nílimid dall ar an saol agus glacaimid leis nach féidir don teanga éaló go huile ó na laincisí atá i bhfeidhm ar gheilleagar na tíre i gcoitinne.

Sé is cás linn, áfach, nach mbeadh an ghéarchéim á húsáid chun ceiliúradh ar fad ó aidhm agus polasaí an Stáit ó bunaíodh é, go háirithe maidir le slánú agus cur chun cinn ár dteanga sinseartha.

An féidir go bhfuilimid róbhraiteach? Is é is bunús dár míshuaimhneas, sa chéad dul síos, an chonspóid faoi oifig an Coimisinéara Teanga agus an bealach ina bhfuil cónascadh de chineál éigin i gceist le hOifig an Ombudsman. Mura bhfuil sábháilt airgid i gceist, mar a deirtear linn, an amhlaidh gur bior sa bheo an oifig sin ag lucht maorlathais? Is eol dúinn anois gur scannal follasach an drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge sa státseirbhís, an áit is mó ina mbeifí ag súil go ndéanfaí cúram ceart di.

Ansin tá an útamáil aisteach atá ar siúl ag Foras na Gaeilge maidir le creat nua maoinithe d’eagrais dheonacha. Cé shamhlódh go bhféadfaí leagan amach agus struchtúr a bhaineann go dlúth le cúrsai gnó agus margaíochta a chur in oiriúint d’eagrais dá leithéid, faoi mar go mbeadh margadh amuigh ansin dá gcuid earraí nó scileanna. Is míréasún thar fóir go bhféadfadh eagrais feidhmiú ar bhonn go mbeadh ar a gcumas plé le scéimeanna a bheartaíonn an Foras orthu de thruip na huaire, bíodh nach chun freastal ar a leithéidí a bunaíodh iad.

D’fhéadfaí glacadh le ciorruithe agus an riachtanas atá leo, ach ba chóir go mbeadh loighic agus tuiscint mar bhonn leo.

Feasta, Feabhra 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo