Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Athbhreithniúchas, Comóradh, agus 1916 le Seán Ó Loingsigh
Ba chóir go háirithe go gcuirfí an cheist is tábhachtaí ar fad: ar éirigh leis mar Éirí Amach, nó an teip a bhí ann?
****************
Pé póirseáil a bhí ar bun le déanaí againn i measc seanchóipeanna de Feasta, ráinig dúinn teacht trasna in eagrán na Bealtaine 1991 ar dhá alt ag beirt staraithe agus ollúna a bhfuil cáil fhairsing orthu inár measc agus go deimhin beirt nach bhfuil an stáitse tréigthe go huile acu ná baol air. Seán A. Ó Murchú i gCorcaigh agus Gearóid Ó Tuathaigh sa Ghaillimh an bheirt atá i gceist.
Ba é an téama céanna a bhí á phlé ag an mbeirt, sé sin comóradh 75 bliain d’Éirí Amach na Cásca i 1916. Níl aon amhras ná gur mhór an t-ábhar suime an dá alt go háirithe nuair go bhfuil 2016 ag druidim linn go tapaidh agus gur féidir a bheith cinnte go mbeidh dóthain mhór conspóide agus argóna ag gabháil leis an gcomóradh céid, go háirithe maidir leis an gcineál comóradh ba chóir a dhéanamh, tábhacht agus suntasacht na hócáide céad bliain chun cinn, agus fiú, go deimhin, má ba chóir a leithéid d’ócáid a chomóradh ar aon chor!
Nuair a bhí an bheirt staraithe ag scríobh i 1991 bhí na ceisteanna céanna á bplé. Cuimhnigh go raibh an choimhlint sa Tuaisceart ar siúl go fóill, agus go raibh seacht mbliana fós le dul sula síneofaí Comhaontú Aoine an Chéasta. Dá bharr sin bhain go leor den chonspóid leis na Sealadaigh agus conas mar a bheadh siad ag teacht i dtír ar an gcomóradh, nó fiú ag gabháil seilbhe air faoi mar gurb iad féin na ceart-oidhrí ar lucht an Éirí Amach.
Bhí an bheirt staraithe ar aon fhocal faoin gceist sin. Gan amhras ba chóir don Stát an ócáid a chomóradh. Ba é ócáid bhunaigh an Stáit é. Pé amhras a bhí i gceist, ba mhó i measc na bpolaiteoirí agus lucht na meán cumarsáide é ná i measc na staraithe.
Maidir leis an athbhreithniúchas nó an athléamh ar an stair a raibh oiread doichill roimhe i measc dreama áirithe, ba ghnáthchuid é sin d’obair an staraí. Ba riachtanas fiú go mbeadh a leithéid ar siúl go leanúnach agus go mbeadh tuairimí nua ag teacht chun cinn agus breithiúnais nua dá ndéanamh an t-am ar fad. Cé nach n-aontódh leis sin!
Tá go leor eile atá suimiúil sa dá alt seo. Tá tagairtí iontu do conas mar a scanraigh an foréigean polaiteoirí na seachtóidí agus mar a tugadh neamhaird ar chuspóirí agus idéalacha na gceannairí, agus ina theannta sin an beagchúram a deineadh de smaointe an Phiarsaigh faoi chúrsaí oideachais, go mór mhór i bhfianaise na díospóireachta a bhí ar siúl ag an tráth sin maidir le cúrsaí curaclaim, agus faoi chuspóirí an oideachais i gcoitinne. Féach air sin anois, plus ça change, mar a deirtear!
I gcás an Phiarsaigh leis, tá tagairt do conas mar a bhain an ‘caint fhuilteach’ a luaitear leis go dlúth le comhthéacs an ama, agus a choitianta a bhí an chaint sin ar fud na hEorpa ag an am, ag John Redmond, mar shampla amháin, agus é ag tathant ar fhir óga dul chun troda sa Chogadh Mór.
Ach thar aon ní, cuireann an dá alt seo i gcuimhne dúinn a thábhachtaí atá sé go mbeadh comóradh ceart ar an Éirí Amach in 2016, agus go deimhin go mbeadh dóthain mhór den athmhachnamh agus fiú den athbhreithniúchas i gceist.
Ba chóir go háirithe go gcuirfí an cheist is tábhachtaí ar fad b’fhéidir, ag féachaint siar dúinn agus thart orainn, ar éirigh leis mar Éirí Amach, nó an teip a bhí ann? An mbeadh — ag breathnú go fuarchúiseach ar an gcineál tíre a d’eascair as an Éirí Amach agus conas mar atá aici inniu — an mbeadh an oiread céanna bainte amach faoi Home Rule an Pháirtí Pharlaimintigh faoi cheannas John Redmond, a rabhamar ag tagairt do níos luaithe?
Níl aon cheist ná gur tharla réabhlóid nó ar a laghad athmhúscailt, gur tháinig go leor daoine ar mhalairt aigne, nó fiú gur athraigh meon an phobail laistigh de thréimhse an-ghairid. Féach conas mar a spreagadh na filí chun pinn, más fiú aon aird a thabhairt orthusan! Ach féach leis an sprid agus an ardmheanma a bhain leis an olltoghchán i 1918 agus le tionól na chéad Dála i dTeach an Ardmhéara go luath ina dhiaidh sin.
In alt an Ollaimh Uí Mhurchú luann sé nach raibh focal Gaeilge i bhForógra na Cásca, bíodh gurbh é an Piarsach a dhréacht é nó an chuid ba mhó de. Ní thugann sé aon tuairim dúinn ar céard ba dhóigh leis ba chúis leis sin. Is eol dúinne gurbh é Conradh na Gaeilge agus tábhacht na Gaeilge a spreag an Éirí Amach agus an sprid agus an ardmheanma, agus ní dócha ar aon chor go raibh aon chúlú tagtha air sin faoin am go raibh an forógra á dhréachtadh.
Sé is dóichí ná go raibh aigne na gceannairí dírithe go huile ar an bhfeachtas míleata a raibh tús curtha acu leis, agus go mba chás leo go mbeadh a raibh ar bun acu soiléir do phobal a bhí ar an gcuid is mó ar fad gan Ghaeilge. Tar éis an tsaoil is cinnte nach raibh an gnáthphobal ag súil ar aon chor le hÉirí Amach. Ní raibh na húdaráis i gCaisleán Átha Cliath ag súil leis, ná go leor leor díobh sin a raibh dlúthbhaint acu leis an ngluaiseacht náisiúnta a bhí ar bun le breis agus fiche bliain roimhe sin.
Ach chun filleadh ar an gceist a ardaíodh níos luaithe, pé acu ar éirigh nó nár éirigh le cuspóirí an Éiri Amach agus leis an fhís a spreag na ceannairi, nó cad é an tuairim a bheadh acu den stát a d’eascair as a gcuid iarrachtaí, níor mhór a bheith soiléir cad go díreach is brí leis an gceist, nó fiú an ceist í a bhfuil aon bhonn réasúnta léi ar aon chor.
Níor mhór a bheith soiléir leis nach bhfuiltear ag tagairt don ghéarchéim eacnamaíoch mar atá sí faoi láthair. Ní bhaineann sé sin le hábhar anseo. Ba mhór idir fhealsúnacht lucht an Éirí Amach, mar a bhí foghlamtha acu ó chraobhscaoileadh thuiscintí Chonradh na Gaeilge le fiche bliain roimhe sin, agus dearcadh lucht leanúna an Pháirti Pharlaiminte, agus i ndáiríre dearcadh agus meon fhormhór an phobail ag an am sin. Mar is eol dúinn bhí an Ghaeilge agus an tsaíocht a ghabh léi ag fáil bháis go tapaidh. Bhí saol agus eispéireas an Bhéarla in uachtar. Ní raibh á iarraidh ó thaobh na polaitíochta anois ach Home Rule. Ní rabhthas ag súil ná ag éileamh go mbeadh aon stádas ná ionad ar leith ag an nGaeilge faoin dispeansáid nua.
An é sin croí na ceiste mar sin — gur gníomh a bhí san Éirí Amach a bhí ag tabhairt dúshlán an mheoin fhorleathain sin, an comhshamhlú a bhí tar éis tarlú in Éirinn le meon agus le dearcadh eachtranach. Cá hionadh é sin. Nár thoradh dosheachanta a bhí ann ar chóilíneachas agus ar an gconcas a bhí ar siúl leis na glúnta. Má bhí an Ghaeilge caillte nó tréigthe ag an bpobal nach raibh obair an choncais curtha i gcrích agus thart?
An é Dúbhglas De hÍde mar sin an réabhlóidí mór. Tá íoróin áirithe ag baint leis an gceist sin. Nach é siúd a bhí go mór in aghaidh aon fheachtas míleata, leithéid an Éirí Amach? Nach é a d’éirigh as uachtaránacht an Chonartha i nDún Dealgan i 1915, nuair a chonaic sé conas mar bhí siadsan a bheadh i mbun an fheachtais mhíleata i gceann bliana tagtha chun cinn agus iad ag gabháil seilbhe ar an gCoiste Gnó, mar a shíl sé. Ar eagla an achrainn, b’fhéidir gur chóir a rá gur chúlaigh sé ón dearcadh sin blianta níos déanaí.
In alt an Ollaimh Uí Thuathaigh i 1991 luann sé conas mar a bhítear ag súil go mbeadh dearcadh éigin údarásach ag staraithe maidir le pé acu ar chóir nó nár chóir ócáid stairiúil mar 1916 a chomóradh. Níorbh é sin go beacht cúram an staraí, dar leis. Ba é a g(h)nó go príomha na fíricí a chur i láthair agus an comhthéacs a mhíniú. Seachas sin ní raibh aon amhras air ná gur ócáid í a raibh sé cuí agus ceart í a chomóradh.
Ní bheadh aon amhras ar an Ollamh Ó Murchú maidir leis an gceist sin ach oiread. Eachtra eipiciúil, ghlórmhar i stair na hÉireann a bhí i gceist. B’fhéidir gur trua gan tuairimí ó staraí nach n-aontódh le ceachtar acu a bheith ar fáil againn!
Ach san am céanna luann an bheirt acu conas mar a athraíonn tuairimí ó ghlúin go glúin, agus conas gur cuí agus gur cóir go mbeadh a dhearcadh féin ag glúin nua. Má ba aisling uasal a bhí mar bhonn leis an Éiri Amach, mar a dúradh níos luaithe, is gnás cóir agus riachtanach sa stair an t-athbhreithniúchas.
Is beag i ndáiríre atá le rá sa dá alt faoi thábhacht na Gaeilge i gcomhthéacs Éirí Amach 1916, nó pé páirt a bhí ag an athbheochan agus athréimniú na teanga mar ábhar spreagtha i gceannfháthanna na gceannairí. Gan amhras ba é ba chúis leis ná go raibh an bhéim ba mhó i 1991 ar chúrsaí an Tuaiscirt.
Ní baol go mbeifí ag cur i leith údair na n-alt i bhFeasta i mBealtaine na bliana sin gur bheag ba chás leo an teanga. Nach é sin go díreach a deintear go minic maidir lena gcomhghleacaithe sa cholún seo! I ndáiríre séard a bhíonn i gceist ina gcás siúd ná an neamhaird a dheineann siad den teanga, nó go bhfuil aon mhórsuntas stairiúil ag baint lena meath ná lena hathbheochan. Ach tá sé suntasach leis, agus fiú truamhéileach, nach bhfuil an oiread sin i measc staraithe an lae inniu a mbeadh ar a gcumas altanna mar na cinn a bhí á bplé a chur ar fáil do iris i nGaeilge cosúil leis an gceann seo. An bhfuil brí le baint as san féin maidir le cuid de na ceisteanna a pléadh níos luaithe?
Gan amhras beidh lucht na Gaeilge ag súil go mbeidh na ceisteanna seo agus go leor eile go mór chun cinn i gcomóradh 2016. Agus ar ndóigh, beifear ag súil go mbeidh an staid ina bhfuil an teanga céad bliain ar aghaidh faoi chaibidil, agus b’fhéidir conas mar a chaith oidhrí 1916 léi ó ghlac siad cúram rialaithe na tíre orthu féin. Ní rithfeadh leat go bhfuil a lán le maíomh acusan, ná b´fhéidir ag aon duine againn féin, ach oiread leo.
Agus nár dheas leis dá mbeadh a dtuairimí agus a smaointe againn ó údair na n-alt suimiúil a bhí ar Feasta fiche bliain ó shin?
Feasta, Feabhra 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|