Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Seán Mac Mathúna, 1876-1949
Bailitheoir Béaloideasa, Dialannaí, Oibrí Feirme


le Seán Ó Ceallaigh, Cill Mháille




Ní féidir a dhéanamh anois ach pictiúr briste den am uafásach sin ar a dtugann na seandaoine an drochshaol air, ar nós éicint ní raibh mórán fonn orthu iomarca a rá ina thaobh.’ Is le halltacht agus le huafás do thráchtadh a lán den dream sin ar na rudaí a chonaiceadar. Ní dhá [gá] a inseacht nach le chomhdhéineacht a tháinig gorta agus tinneas an tsaoil sin i ngach uile cheantar, b’fhada uaidh é. Ghoill trioblóidí na mblianta sin éadroim go leor thar chuid de na bailte agus do thit go marfach i mbailte eile. I ngiorracht beagán míle dóibh…. (Sliocht as Glórtha ón Ghorta, Béaloideas na Gaeilge & an Gorta Mór. Eag. Cathal Portéir. Coiscéim, 1996). B’shin an chéad uair a chuala mé trácht ar Sheán Mac Mathúna, Luach [Lúch], Dúlainn, Co. an Chláir.

B’as ceantar Lúch, Dúlainn, muintir Sheán Mhic Mhathúna. Rugadh é ar an 24 Iúil 1876. Bhí sé ina chónaí in Inis Díomáin i dtús a shaoil, áit a raibh tigh tábhairne ag a athair, ach theip ar an ngnó seo, agus b’éigean dóibh filleadh ar Lúch agus eisean ocht mbliana d’aois. Chuaigh Seán chun chónaíthe le Peter Barrett, fear céile a dheirféar, Nóirín, agus is ar an bhfeirm sin a chaith sé an chuid eile dá shaol.

Ba chomharsa é le Stiofán Ó hEalaoire, an scéalaí clúiteach agus an cainteoir a b’fhearr in Éirinn, dar leis an Duileargach. Thuig an Duileargach go raibh práinn le bailiú an bhéaloidis, mar go raibh formhór na gcainteoiri dúchais i dTuaisceart an Chláir an-sean, agus nár mhiste cuid dá n-eolas a chur ar taifead sula n-imeodh sé chun na reilige leo. Nuair a thug sé cuairt ar Dhúlainn i dTuaisceart an Chontae i 1929, ar theach ragairne Carey’s, seo mar ar chuir sé síos ar a chéadaithne ar Sheán Mac Mathúna:
One of the visitors that came on ragairne to Carey’s almost every night was a neighbour, a middle aged man called Seán Mac Mathúna. He was a good listener and in the beginning rarely contributed to the night’s entertainment… I realized that in him I had found a man who could help in the work of saving something of the tradition of Thomond. He came of an ancient family, one of his ancestors being a poet, Donncha an Chairn, who kept a school near Ennis towards the end of the 18th Century… his burning love for Irish … overcame his shyness and [he] at length agreed to do what he could in the neighbourhood.
Ba fhile agus fear léinn é Donncha Ó Mathúna an Chairn (c.1776). D’éirigh easaontas idir é agus Tomás Ó Míocháin (c.1730 - 1804), file in Inis, faoi dhonacht phíosa filíochta a scríobh Ó Míocháin. Chuir Donncha an Chairn a dhrochmheas in iúl faoi easpa filíochta Uí Mhíocháin:–
Mórshaothar breallach do shailigh an páipéar glan,
Gan uaim gan aiste gan aiteas ach ráifléis leamh;
I mbuaic Phegasus is eagal gur baol do neach
Gach tuata marcaigh do chleachtach a bheith chlé ar each.
Freagra an Mhíochánaigh:-

Ní breitheamh ar aiste, véarsa ná laoithibh léinn
Seargnach searbh, seasc, nach suite a gcéill,
Do chleachtadh an t-each ar gceapadh dríodar dréacht,
Pegasus bacach mairceach claoite caoch.

Is léir gur fada amach an gaol idir Seán Mac Mathúna, fear cúthail agus Donncha an Chairn, file glórach.

De réir thuairisc Ríonach Uí Ógáin, tairgeadh post bailitheora lánaimseartha do Sheán, ach dhiúltaigh sé ar an mbonn nach raibh an t-am aige chuige de bharr cúraimí feirme. Chuaigh an Duileargach chomh fada le Luimneach chun castáil ar Sheán, agus mhínigh sé dó céard a bheadh i gceist le hobair pháirtaimseartha. Bhí Seán iontach sásta leis an tairiscint agus scríobh sé ina chín lae: Cuimhneoidh mé go fóill ar an lá aoibhinn a bhí againn araon le chéile i Luimneach. Gan dabht ar bith rinne tú sórt duine uasail díom le d’fhialtas an lá glégheal úd.

Fad is a bhí Seán fostaithe mar bhailitheoir bhí comhfhreagras an-rialta aige le daoine éagsúla i bhfoireann an bhéaloidis. Tá 200 dá litreacha cnuasaithe sa Roinn sin. Is sampla maith iad de Ghaeilge Corca Mrua, maraon le bheith ina léargas ar phearsantacht agus dílseacht Shéain don obair. Uaireanta chuireadh sé Tomás Ó Criomhthain i gcuimhne duit leis an díograis chun scríofa a bhí air, is é ag rá: ‘Is uaigneach liom a bheith gan leabhar le deich lá anuas.’

Iarradh ar Sheán dul fad leis an scéalaí áitiúil Stiofán Ó hEalaoire agus cuntas a bhreacadh uaidh faoi na scéalaithe a bhí ar a aithne aige. Faighimid cuntas ó Sheán faoin gcaoi ar casadh na scéalaithe air, an chaoi a ndeachaigh sé chun oibre leo, céard a fuair sé uathu, cén cineál duine an scéalaí agus cuntas faoin gcaoi a n-insíodh sé na scéalta. Míníodh do Sheán gur obair fíorthábhachtach í seo. Bhí Seán mar bhleachtaire don Coimisiún agus mar réamhtheachtaire do na bailitheoirí lánaimseartha a thagadh ina dhiaidh, agus chun a chinntiú arbh fhiú éideafón a thabhairt ó Bhaile Átha Cliath chun taifeadadh fuaime a dhéanamh ar na scéalta.

Chuirtí daoine chuig Seán len iad a chur in aithne do scéalaithe an cheantair, ós aige a bhí an saineolas áitiúil. Cuireadh iriseoir Gearmánach, Loyse ab ainm dó, go Co. an Chláir i 1936, fear a raibh spéis ar leith aige sa bhéaloideas. Seoladh an grianghrafadóir Metcalfe chuig Seán agus thóg sé pictiúir de thithe, agus de mheithleacha ag baint móna: ‘Féach ar thóg sé pictiúr díom fhéin agus mé ag scríobh béaloideasa agus mo choinneal ag tabhairt solais dom.’

Is i seomra leapan Peter Barrett agus a bhean, deirfiúr Sheáin, i Lúch a bhíodh Seán ag scríobh litreacha agus tuairiscí béaloideasa, seomra nach mbíodh teas ar bith ann, ach go bhfanfadh sé ag scríobh go gcuirfeadh fuacht an tseomra an ruaig air amach go dtí tine na cistine.

Bhíodh Seán ag faire na faille nó go mbeadh muintir an tí imithe amach ag obair nó go dtí an baile mór, ach ní minic a fhaigheadh sé a mhian. Ach an lá seo bhí tine compordach thíos agus é ag braith a sheomra a fhágaint agus dul chuige:

Bhí ciúnas timpeall an tí agus díreach glan nuair a bhí mé ar na pointí a aistriú tháinig cnag ar an ndoras agus d’airigh mé an chaint. Nuair a labhraíodar bhí a fhios agam gur beirt bhuachaillí a bhí chugam. Shíl mé ar dtús gan iad a ligean isteach, mar bhí a fhios agam go raibh cineál beag oilbhéas iontu. Ach nuair a ghealladar go fírinnneach ná déanfaidís dada as bóthar ní fhéadfainn iad a fhágaint amuigh. Mo thrua mo dhíchéillí. Nuair a bhí mé feannta ó bhonn go baithis b’éigin dom an scríbhneoireacht a fhágaint ansin agus tine a chur síos. Bhí dúil i mbraon tae agam agus nuair a bhí an tine ag corraí bhuail mé an citeal os a cionn agus d’iarr an bheirt orm a gcupán féin a chur síos. I gcaitheamh na feidhle ní raibh nóiméad staidéir ar an mbeirt. Bhídís ag amhrán tamall agus tamall ag déanamh gleo. Nuair bhídís sáraithe ón gcleas sin d’iompaidís ar a bheith ag rince agus ag pramsáil ar fud na háite. Níor tháinig fearg ná fuasaoid orm ar feadh i bhfad. Nuair a d’iarrfainn orthu an suaimhneas a thabhairt dom fad a bhínn ag scríobh paiste de mo leabhar is amhlaidh a bhídís ag stealladh magadh fúm. Ba chuma leo faoi chroí an diabhail cad a dhéanfainn féin ná mo leabhar. Ní raibh uathu ach a bheith ag déanamh creidhill orm. Bhris an fhoighne orm agus tháinig cuthach feirge orm. Ruaig mé uaim an bheirt, ach bhí an oíche sin loite orm.

Chuir sé scéala go Baile Átha Cliath nuair a bhí Stiofán Ó hEalaoire go dona tinn, agus arís nuair a cailleadh é ar an 4 Bealtaine 1944. Is sna blianta 1932-1943 a chaith an Duileargach sealanna leis an éideafón ag taifeadadh scéalta ó Stiofán Ó hEalaoire. Nuair a thagadh an Duilleargach go tigh Carey bhíodh seachtar is fiche sa chomhthionól, arbh iad lucht taisce Ghaeilge Thuaisceart an Chláir iad, bailithe ar aon láthair ag fanacht leis an draíodóir a chuirfeadh fad saoil lena gcaint agus a scéalta. Ba réamhshamhail é de chuairteanna Chiaráin Mhic Mathúna ar dhúthaigh an Chláir agus Chiarraí agus é ag taisceadh cheol dúchais na hÉireann. Ach sa bhliain 1943 bhí an bás ag sciobadh na scéalaithe sa chaoi go ndúirt Seán Mac Mathúna: ‘Is mó an tine ná t-áireamh.’

Bhí an Cogadh 1939-45 ag cur as do Sheán agus gan fáil aige ar amh-ábhar scríbhneoireachta. Bhí sé leithscéalach faoina dhrochpheannaireacht, ach mhínigh sé go raibh easpa solais ag cur as dó. Babhta amháin tháinig céir phairifín, ábhar as a ndéantaí coinnle, i dtír mar raic agus fuair sé féin cuid di.

Chabhraigh sé leis an Athair Seoirse Mac Clúin sna blianta 1934-1935 agus é ag ullmhú ábhair dá leabhair Caint an Chláir I agus II, a foilsíodh i 1940. Deir an tAthair Mac Clúin:
‘Dá bhrí sin thoghas amach beirt, Pádraig Ó Catháin, An Chrois, agus Seán Mac Mathúna, Luach [Lúch], Dúlainn agus leo san ghabhas trí mhianach an leabhair seo go léir ag baint úsáid astu chun chabhraithe lena chéile.’

Rinne Seán roinnt oibre ar son Ard-Mhúsaem na hÉireann i 1944, nuair a d’iarr siad air roinnt samplaí de luibheanna agus plandaí an cheantair a bhailiú, agus ainmneacha a chur orthu. Ba chuimhin le comharsa é a bheith ag siúl na mbóithre ag ceistiú daoine faoi ainmneacha na bplandaí.

Le cois na ngnóthaí béaloideasa, bhí an-spéis ag Seán san aistriúchán. Rinne sé aistriúchán ar dhráma le Domhnall Ó Corcora dar teideal ‘The Labour Leadar’, agus ina dhiaidh sin ar ‘The Rising of the Moon’ le Lady Gregory. D’iarr sé ar Sheán Ó Súilleabháin dráma a chur chuige agus sheol sé ‘The Workhouse Ward’ chuige.

Chuir sé clár raidió le chéile, ach níor glacadh leis. Dúirt sé:–

Sé an clár a bhí socraithe againne, ragairne oíche gheimhridh i dtigh tuaithe, agus bhí díospóireacht fhada scríofa amach agam féin agus bhí san de ghlanmheabhair agam féin agus fear eile. Bhí scéalta, amhráin agus ceol socair againn, agus bhí cead againn an ragairne go léir do chur isteach sa teileafón ag Lios Dún Bhearna. Ach mo chreach, nuair a bhí súil againn go nglaofaí orainn, sé an scéal a fuair sinn go gcaithfí gach uile fhocal den chlár a scríobh amach sula nglacfadh na daoine atá os cionn an eidifón craolacháin in Áth Luain, ní raibh aga againn ar sin a dhéanamh agus thit an ghnó.

Bhí a shláinte ag teip air, go háirithe a radharc, rud a ghoill go mór air, toisc a shaol a bheith caite aige ag scríobh agus ag léamh. Chuaigh sé chuig St Mary’s Home, Montenotti, Corcaigh, áit ar tháinig cuairteoirí chuige ó Ollscoil Chorcaí, go háirithe Denis O’Leary, cara leis an Duileargach. Tháinig Tadhg agus Éamon Ó Donnchú chuige, rud a ardaíodh a chroí agus chuir seisean iontas orthu le feabhas agus saibhreas a chuid Gaeilge. Scríobh Seán Mac Mathúna an litir dheireanach chuig an Duileargach i bhFeabhra 1949:–

Bím lá go fónta agus anois le déanaí gan a bheith go maith…. nach againn do bhíodh an saol breá soilbhir suairc gach turas a thugfá ar an Luach [Lúch], nuair a thugfá an tseanaimsir Ghaelach ar ais ar feadh ala na huaire. Chumha lár mo chroí gur ag déanamh cré anois atá mórchuid den dream do bhíodh láithreach ag na cruinnithe sin… arís agus arís eile go dtuga Dia do shláinte duit agus go n-airí scéal maith uait.’

D’éag Seán Mac Mathúna i mí na Nollag 1949 agus cuireadh é i Reilig Bhríde, Lios Ceannúir. Ba mhór é meas Uí Dhuilearga ar Sheán: Is mór atáim faoi chomaoin ag Seán Mac Mathúna. – Ceann de na bailiúcháin is fearr agus is ilghnéithí a rinneadh riamh in Éirinn, a dúirt sé faoina shaothar.

Cén oidhreacht a d’fhág Seán Mac Mathúna le huacht againn, sa bhéaloideas agus ina chín lae. Tá thart ar 11,000 leathanach lámhscríofa uaidh sa chartlann, agus is i bhfoirm chín lae 4,000 acu sin a scríobhadh idir 1937-1942, ón uair a tharraing sé an peann chuige – ‘an rán a bhfuil feac eadtrom inte’.

Scaoil sé chugainn scéal na muintire timpeall cheantar an Bhoirne. Scaoil sé chugainn léargas caolchúiseach a aigne ar mheath na Gaeilge, ar an meath a tháinig ar mheon polaitíochta a linne. Cuimhníonn sé go beacht ar an vótáil ar Bhunreacht na hÉireann i 1937, agus ceistíonn an maith an rud na hathruithe móra seo don tír ar deineadh íobairt mhór fola ar a son, agus daoine i gceannas a bhfuil a leas féin mar chéad rud ar a n-aigne.

Leathnaomh a thug an Duileargach air, toisc a mhacánta agus a shoineanta a bhí a aigne, go ndéanadh sé freastal ar uair bheannaithe in Lios Dúin Bhearna, a mbíodh air siúlóid ceithre mhíle a dhéanamh ann agus as, agus gan de ghearán aige ach go raibh sé beagáinín déanach. Féach a dhíograisí a bhí sé i mbun ghnó an bhéaloideasa: seanchaí seachantach áirithe chuir sé ar Sheán cúig thuras déag a thabhairt ar a theach sula bhfuair sé greim air, agus go bhfuair tairbhe áirithe scéalaíochta uaidh: ‘Beidh an scéal agam, nó íosa mé mo bhróga’. Cheap an Duileargach gur shiúil Seán 118 míle sular éirigh leis an seanchaí sin a cheapadh.

Bhí rámhainn na talún go laethúil i lámha Sheáin agus is faoi a fhágaimid an focal deireanach a thugann léargas ar a mheon i leith daoine agus teanga:

Ní obair an dheas bheith ag tochailt trí thalamh fiáin fliuch na laethanta seo, ach tá céad obair ar an saol atá níos measa ná bheith ag iarraidh rud beag feabhais a chur ar ghiota beag talún den sórt a bhfuil sinne ag plé leis anseo i dtóin an Luaigh. Uaireanta ní lú ná sórt mórtais a thagann orm as mo chuid oibre dá shuaraíocht le rá é. Ná bhfuil mé ag tabhairt lámh bheag cúnta chun blúire beag de thalamh d’fhuascailt ó uisce agus ó luachair agus ó dhath an ocrais agus tá mé ag iarraidh é a dhéanamh torthúil, tirim, úsáideach… cinnte ní fheicfidh mise dada dá thairbhe, ach nach bhfeicfidh duine éigin é agus nach maith an rud sin…. fuair fearaibh chomh maith is a bheathaigh an mhóin riamh, bás ar son an tír bheag seo… nach bronntanas ó Dhia domsa agus do mo leithéidí gur féidir linn a rá, nuair a imeoidh sinn, gur fhág sinn oiread na fríde de thír uasal na hÉireann níos fearr inár ndiaidh ná mar a fuair sinn é.’
Foinsí
• In Béaloideas 68, 2000, tá dhá aiste: ‘Seán Mac Mathúna: Fear an chín lae’ le Pádraig Ó hÉalaí; ‘Seán Mac Mathúna (1876-1949)’ le Ríonach Uí Ógáin
• Leabhar Stiofáin Uí Ealaoire. Séamus Ó Duilearga. (Dáithí Ó hÓgáin a chóirigh). Comhairle Bhéaloideas Éireann, 1981. ISBN. 0906426073, 9780906426074. 363 lch
• Glórtha ón Ghorta. Cathal Póirtéir. Coiscéim, 1996
• Tomás Ó Míocháin: Filíocht. Eagarthóir: Diarmaid Ó Muirithe. An Clóchomhar Teo., 1988. 100 lch. Bog. €20. ISBN 978-1-906883-61-4

Feasta, Iúil 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais