Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


‘Dánta’ agus Dánta Eile
le Colm Breathnach

Coiscéim 2012. Bog. €8

Seoladh ag Pádraig Mac Fhearghusa.





(Ghnóthaigh Duais Choistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta 2011). Pádraig Mac Fhearghusa a sheol ag Ionad an Phiarsaigh, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2, Dé Céadaoin, 13 Meitheamh.

A léitheoirí agus a scríbhneoirí agus a chairde na Gaeilge, fáilte romhaibh go dtí Ionad seo an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath le haghaidh sheoladh Dánta agus Dánta Eile le Colm Breathnach. Is maith agus is cuí gur anseo san áras inar chónaigh duine de bhunaitheoirí nua-litríocht na Gaeilge, Pádraig Mac Piarais, a bheimis ag seoladh an leabhair seo. Murach Mac Piarais agus scríbhneoirí Gaeilge na glúine úd, ba dhána an mhaise d’éinne a áiteamh go mbeadh leithéid an leabhair fhilíochta seo le Colm Breathnach á sheoladh againn anocht.

Ní ar mhaithe le ‘is’ agus ‘tá’ a chuathas isteach sna hÓglaigh an tráth úd fadó ar ndóigh, ná fiú ar son na meadarachta siollaí nó mheadaracht an amhráin. Ach má thionscain an Piarsach agus a chomrádaithe réabhlóid ar son na saoirse polaitiúla — ‘an méid di atá againn’ mar a déarfadh fear a’ Bhuailtín — thionscain sé féin agus a chomhscríbhneoirí, Pádraic Ó Conaire agus Dubhghlas de hÍde, le beirt acu a lua, réabhlóid ar son na saoirse intinne chomh maith.

Nua-aoisí ab ea an Piarsach, a thuig go gcaitheann an litríocht fás uaithi féin agus dul i ngleic leis an saol as an nua. Sin dán an duine, agus dán gach glúine: ‘to each generation its deed,’ mar a dúirt sé, agus ós ag caint ar bhearta atáimid, tá sé cinn de bhunleabhra filíochta, móide Rogha Dánta, agus aistriúchán ar úrscéal ón nGearmáinis dar teideal Katz und Maus le Günter Gras i gcomhar le Andrea Nic Thaidhg, agus úrscéal dá chuid féin, Con Trick an Bhalla Bháin, i gcló ó Cholm Breathnach go n-uige seo. Ní beag san.

Sean-rá é na laethanta seo nach i gcónaí a thuigeann an scríbhneoir iomlán dá mbíonn ar bun aige. Ní féidir le héinne a bheith lánchoineasach. Faoi mar nach bhfuil rogha againn ach glacadh leis an gcolainn a fhaighimid ó shinsearacht, caithfimid glacadh le cuid mhaith den treallamh intinne, dár nósanna smaointeoireachta agus braistinte, chomh maith, ó dhaoine a ghabh romhainn, agus a mhaireann inár dtimpeall. Is cuid den bhfáltas sin an teanga, agus is cuid mhór d’fháltas an Éireannaigh an teanga Ghaeilge agus a bhfuil de litríocht agus de mhachamh agus de thuiscint ar an saol ag gabháil léi.

Ní fáltas neodrach í teanga ar bith. Is acmhainn dhaonna í a shaolaítear agus a bheathaítear agus a thugtar chun blátha in áit agus in am faoi leith, i gcomhluadar ar leith, i mbeatha dhaoine ar leith. Is tabhartas daonna í atá ar an acmhainn is pearsanta ar domhan: chomh luath is a osclaíonn duine a bhéal, beidh an dara duine á thomhas - cad as, cé hé? – Fiú i ngan fhios dó féin. Ach in ainneoin go mbaineann tomhas chomh pearsanta léi – agus toisc gur acmhainn chomh pearsanta í – is í an teanga is mó a bheachtaíonn agus a neartaíonn pobal, a bheireann pobal chun dlúithe; is í an teanga is mó a chothaíonn ‘comh-luadar’, comhghluaiseacht; is í an teanga is mó a aontaíonn pobal le chéile.

Maidir leis an gcolainn, is ar éigean a mhairfidh cnámh dínn. ‘Do shéid an ghaoth mar smál / Alastar, Caesar is an méid do bhí ina bpáirt’: ná ní mhaireann taisí Cholmcille ná Brian Bórú. Ach i measc an phobail anseo anocht, maireann an teanga a labhradarsan. Maireann an ní is leochaillí díobh, an focal a bhásaíonn le gach anáil; maireann an briathar, a bhásaigh ar a mbeola siúd comh luath is a saolaíodh é mar bhriathar.

Is iad ár bhfocail, ár dteanga, an ní is leochaillí agus is sobhásaithe ar fad dínn: éagann an briathar féin ar ár mbéal le linn a ráite, — ach sin a mhaireann dínn. Sin a bheidh ann dínn, i gceann míle bliain eile. Má tá ní ar bith dínn le bheith ann, an teanga a bheidh ann.

Agus sin an tábhacht a bhaineann le file mar Cholm Breathnach. Is ball de ghlúin é a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge de thoradh na réabhlóide polaitiúla agus intinne, de thoradh na réabhlóide frithchoilínithe a tharla in Éirinn céad éigin bliain ó shin. Is réabhlóid í sin atá ar siúl i gcónaí, agus a bheidh ar siúl, fad agus a mhaireann an teanga, fad agus is beo don dúil dhaonna sa tsaoirse intinne.

Athbheatha an foththeideal a chuirfinnse leis an gcnuasach seo: braithim go bhfuiltear ag cur tréimhse duaircis i leataoibh ann, go bhfuil athnuachan á dhéanamh ar fhéith na filíochta — céad dán an chnuasaigh, mar shampla, ‘Dánta’, triailtear dul i gcóngar na filíochta athuair:
An crann leagtha ar lár
ach fós tagann na dánta
ag titim amhail duilleoga
cé gur leasc linn
iad a cheapadh ar phár.
Fiú agus mála na píbe pollta
fós tagann an fonn
amhail tonn thar an ndóirling
cé nach áil linn
é a chasadh os ard.
Cé go bhfuilir imithe ar shlí na fírinne
fós bíonn an gáire againn
tríd an ndáiríre,
nach in mar a bhíonn.
Leanann an fhéith uirthi
ag spreagadh na rithimí
cé gur fada an lá
ó chuireamar neamhshuim
innti.
Tabhair faoi deara go bhfuil ‘innti’ litrithe le dhá ‘n’ - innti, an bealach a litrítí ainm na hirise suaithinsí sin. Is é an ‘crann atá ar lár’ má sea, ná Michael Davitt, crann taca na filíochta lena linn — agus an fhilíocht í féin!

In ainneoin an téama atá uilíoch, an crann ar lár — amhail Eochaidh Uí hEoghasa ar canadh faoi ‘fogas orchra don éigse’ ... / Do bhain sí céill do chabhair / Ní reidh í ó orchradhaibh — baineann an fhilíocht seo le háit faoi leith, le ham faoi leith, le filí, le daoine faoi leith, mar a chaitheann an fhilíocht a dhéanamh i gcónaí más filíocht atá le bheith inti.

Ní hé an chuid is lú den nithiúlacht a bhaineann leis an bhfilíocht seo an cúram a dhéantar den chanúint, ach ní canúint í atá teoranta do Chorcaigh ná do Chorca Dhuibhne. Is canúint í nach strainséartha léi Gaeilge na hÉireann; ní canúint í a dhiúltaíonn d’acmhainní na Gaeilge i gcoitinne, mar is téarmeolaí agus aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin an file seo.

Deineann Colm Breathnach cúram de théamaí tábhachtacha éagsúla sa leabhar seo. Ní hé an ceann is lú tábhacht díobh caidreamh an fhile lena phobal, mistéir dhaonna phróiseas na léitheoireachta. Tionscadal sóisialta is ea an fhilíocht: más é an file a scríonn an dán, is é an léitheoir a thugann athbheocht agus athbheatha dó nuair a léann. Baintear úsáid as meafar an ‘bháid’, ‘an tséipéil’ agus an ‘spáis’ chun an fhírinne dhaonna sin a áiteamh orainn in ‘Dán 300 (is a Seacht)’. Comhshaothar is ea an dán, de chuid an fhile agus an léitheora. Sa dán seo chomh maith, feictear an cúram cáiréiseach a dhéantar de thógáil na foirme.
‘Tógann an file
Bád,
an léitheoir
a chuireann an criú inti
a chuireann í ag seoladh;
Sáipéal,
is is é an léitheoir
a chuireann an cór ann
a líonann é le ceol;

Spás,
a fheistítear le troscán
go ndeintear seomra do.
Tógann an file
leathanach dubh
is lena pheann
súnn do an dúch
go n-aimsíonn an dán
ina lár.
Tógann an léitheoir
Dán.
Bíonn
an file
gan a bheith ar fáil.
Sin an sprioc ar ndóigh, a bheith ann, is gan a bheith ann; agus a bheith ann nuair nach bhfuilir ann níos mó: ‘Labharfad le cách is mé faoi cheilt, mar a bheadh duine den dtreibh shíoraí’, mar a bheachtaigh Mícheál Ó Guithín, file, an tuiscint.

Tabhair faoi deara gur dubh a bhíonn an leathanach. Tá an gnó á iompó droim ar ais. Súitear an duibhe den leathanach, agus fágtar na focail, an scríbhneoireacht, an dán. Ab amhlaidh gurb é an duairceas trínar cumadh agus as ar cumadh an dán nach bhfuil ar fáil? Mar a bhreac an Ríordánach, agus is léir tionchar an Ríordánaigh ar chuid an fhile seo, bíonn samhail ar an bhfalla agus ‘muintir an eolais’, sin iad na léitheoirí, sin sibhse, agus na ‘criticeoirí’ gan dabht, á mheas: ‘Is eol dóibh an locht is an binneas/ Ach an tinneas, cé a dhéanfaidh a mheas?’

Ach bíonn greann tríd an ngruaim sna dánta seo: ‘An Dán is Déanaí’, cuir i gcás, ‘An tAdamh Príomhúil’, nó Faid Shráid Fhaid. ar lch 19. Sa dán beag deiridh sin, tá an greann agus an chlisteacht, agus an cion measctha trína chéile. Tá a leithéid d’áit ann, ar ndóigh, agus Sráid Fhaid, i mBaile Átha Cliath, mar a luaigh Colm liom anocht. Tá an t-imeartas focal sa dán seo, ar chuid den traidisiún é. Ní miste é a léamh go mall:
Nuair a thagann tú de shiúl
feadh fhaid Shráid Fhaid
faid liom
chomh fada liomsa do
dá fhaid Sráid Fhaid
sea is fearr é
agus mé dod fhaire
ag teacht chomh fada liom
feadh fhaid Shráid Fhaid.
Dánta eile a bhfuil an greann agus an cion ina n-orlaí tríothú is ea ‘An Grá a thugais dom inné’, agus ‘Tá’s agat féin’. Dánta a mbaineann tagairtí sonracha don Ríordánach leo is ea ‘An Eochair’ agus ‘An Doras’, mar shampla.

Sárú ar an éadóchas is ea dánta mar ‘Siúil Leat’ agus ‘Cad a thabharfá’, agus is amhlaidh do ‘Cradle Rock’ in memoriam Rory Gallagher’. Is amhlaidh don aistriúchán ar The Promised Garden le Theo Dorgan chomh maith, ‘Gairdín Tairngire’. Suimiúil go leor, an dán seo atá roghnaithe aige le haistriú anseo, tá sé ag teacht lena mheon féin agus le hatmaisféar an chnuasaigh.

Leathdhosaon dán i gcuimhne ar a mháthair, Eithne Ní Longaigh as Baile Nóra, Co. Chorcaí, atá sa mhír dheiridh den leabhar, ‘Dánta Eile’. Braithim coimhlint sna contrárthachtaí a úsáidtear sna dánta seo, coimhlint idir bás agus beatha, idir an rud ba mhaith le duine a rá agus an rud nár éirigh leis a rá, idir an dúil sa bhfilíocht agus an easpa dóchais as a bhfilíocht, idir suim an scríbhneora ina cheird, agus easpa tábhachta na filíochta i súilibh na máthar, mura bhfuil míléamh á dhéanamh agam ar a bhfuil anseo, in ainneoin a cion súd ar na hamhráin. Críochnaíonn an leabhar seo le ceist:
‘An bhfiafrófá díom,
ar deireadh
go mín mífhoighneach
as leaba na síoraíochta,
an bhfiafrófá díom arís agus arís,
“In ainm Dé,
canathaobh?
Canathaobh in aon chor?”
‘Ar ár son féin’, an freagra ar an gceist sin gan dabht— agus bíodh leabhar eile againn ón bhfile cumasach seo, Colm Breathnach!

Fógraím “‘Dánta’ agus Dánta Eile” seolta — agus in ainneoin a bhfuil ráite aige sa dán úd ar lch. 5 faoin bhfile gan a bheith ar fáil, tá an file ar fáil anocht agus tá sé chun cúpla dán a léamh dúinn.◊

Pádraig Mac Fhearghusa, 13 Meitheamh 2012


Feasta, Iúil 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais