Colmcille 2012
I Loch Garman a rugadh Seosamh Ó Murchú agus chuaigh ar an ollscoil in Maigh Nuad. Iareagarthóir ar Comhar is ea é agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir agus ina chomheagarthóir ar an irisleabhar liteartha, Oghma, 1989-1998. Bhí sé ar na daoine a bhunaigh an stáisiún raidió Gaeilge, Raidió na Life, chomh maith. Ag obair leis na foilsitheoirí, An Gúm, atá sé ó 1986 mar a bhfuil sé ina Eagarthóir Sinsearach. Ghnóthaigh ‘Trodaí’ an dara duais i gComórtas Cholmcille 2012 ag Féile Idirnáisiúnta Fhilíochta Bhéal na mBuillí, Co. Ros Comáin.
Trodaí
‘Cogadh na gcarad’
Nach abartha an té
a chum, fear seoigh
gan dabht, nár shac béal gunna
faoi smig a chomharsan
ná faca sceon na súl ar chlos
réamhphlabadh toll ghranáid
an bhráithreachais ná
cleaic an bhobghaiste sléibhe
ná súrac bioranta poll portaigh.
Fuil théachta is pluda reoite
an t-aon chairdeas
atá le feiscint anseo
sa díog i ndeisceart tíre
agus an luíochán fadálach
ar chroí m’inmhe á thabhairt
féin chun críche.
In Atlanta a leagfar mo chnámha sa chré
I measc na gcarad nár throideas riamh
Aon chuairt amháin go cúinne na gréine
Scór go leith bliain i ndiaidh an éigin
Glúin an daorstáit faoi chluain
Na bochtaineachta dúchais.
Bollán ar bith níor fhéach le hardach.
An súilsceon a chonac
i súile mo namhaidcharad
daichead slat garbhshléibhe
eadrainn a ramhraigh gur
dhein aigéan ciúin den
strácáil is den réasúnú.
Turscar ar chaladh na staire.
Is mór againn a n-íobairt
a ngrá tíre is a bhfís
nár fíoraíodh fós
Fúinne atá an bhladhm
a chur sa ghríosach.
Tá fuacht an réisc
ag téachtadh mo chuid fola
dá scaoilfí anois mé
ní shilfí braon ar bith
ar shleasa bánchnoic ógh.
— Seosamh Ó Murchú
[Spriocdháta iontrála do chomórtas 2013 ná an 25 Eanáir 2013. Beidh Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí 2013 ar siúl ar an 3 – 5 Bealtaine.
Féach: http://strokestownpoetry.org/ ]
Feasta, Iúil 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo