Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Euro 2012 - -

Táimid in umar úd na haimléise i gceart anois. Nár dhóigh leat gur leor dúinn a bheith faoi scamall san Eoraip agus an phraiseach a rinneamar dár ngeilleagar, ach seo sinn ag filleadh abhaile ó Poznan agus Euro 2012 agus gan aon phointe suarach amháin dá bharr againn. Níl maith ar bith a bheith ag rá nach bhfuil i gceist ach comórtas sacair, nó nach meánn sé brobh. Fastaím a déarfadh na Crótaigh, na Spáinnigh agus na hIodálaigh a thug stánáil mhaith dúinn sna cluichí a d’imir siad inár gcoinne.

Má bhí fonn orainn a mhaíomh nach raibh ár leithéidí eile de lucht féachana ann chun amhránaíochta agus sinn ag casadh na ‘Fields of Athenry’ bhain Roy Keane, mar ba dhual dó, an mhaith as nuair a dúirt go searbhasach nár chomórtas slua-amhránaíochta a bhí i gceist ach comórtas sacair.

Agus thug sé leadhb dá theanga san am céanna do Giovanni Trappatoni, rud, ar ndóigh, nár réitigh le El Trapp. Is mór aige siúd a dhínit agus an urraim atá ag dul do ó thaobh aoise agus na cáile atá bainte amach aige mar bhainisteoir. San am céanna, ní dócha go mbeadh sé ag súil le tráchtairí polaitíochta ag déanamh comparáide idir a fheidhmiúlacht mar bhainisteoir in Euro 2012 agus feidhmiúlacht an iarthaoisigh Cowen agus é ag sracadh leis an Troika. Ní eitíonn an pár don dúch i gcás na dtráchtairí, pé i mbun polaitíochta nó spórt dóibh.

Ba bheag a bhí le rá ag na tráchtairí, gurbh é seo an fhoireann sacair ba mheasa a chuir an tír seo ar an bpáirc le cuimhne na ndaoine. Ní le locht a fháil ar na himreoirí a deirtear é sin. Seasann sé le réasún go mbeadh drochfhoireann againn ó am go chéile, agus sin atá againn faoi láthair. Go deimhin, is amhlaidh atá siad le moladh de bharr gur cháiligh siad do na cluichí sa Pholainn.

Agus nár bhreá gur éirigh leis an nGréig a bealach a dhéanamh go dtí na cluichí ceathrú ceannais. Más measa iad a bhfadhbanna eacnamaíocha ná mar atá inár gcás féin, is léir gur fearr iad ná sinn chun sacair. Ach cé eile a chuirfeadh an ruaig orthu as an gcómórtas sa deireadh, ach an Ghearmáin!

Amhail is nach raibh an t-umar úd lán go leor, tháinig an drochscéala go raibh an Nua-Shéalainn tar éis sinn a ghreadadh 60-0 sa rugbaí. B’fhéidir gur chóir dúinn cloí leis an íománaíocht!

Ach cad chuige sinn, agus nach beag a bhíonn ag déanamh buairimh dúinn! I measc na scléipe nach minic an tubaist i bhfolach. Féach an droch-chor a bhain don bhfear óg ó Chill Mhantáin, a bádh thall sa Pholainn agus é ag freastal ar na cluichí sacair. Cé nach mbeadh i dtrua lena mhuintir sa bhaile. Suaimhneas síoraí dá anam.

Feasta, Iúil 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo