Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

In Aon Bhád
le Seán Ó Loingsigh


Ní mór a rá, ag tagairt arís do na Stait Aontaithe agus don Bhreatain, go mbíonn súile na gceannairí go daingean ar a gcúrsai polaitiúla inmheánacha féin agus iad ag díriú ar an Aontas Eorpach.

——◊——

Sa deireadh pé acu an mó an t-olc ná an mhaith é, nó an le barr scanraidh é mar a bhí á rá againn mí ó shin, ghlac an pobal le farasbarr réasúnta mór leis an gconradh fioscach. Ní raibh riamh, b’fhéidir, ár gcúrsaí poiblí agus polaitíochta chomh guagach, neamhshocair agus atá faoi láthair. Nílimid, ar ndóigh, inár n-aonar sa mhéid sin.

Táimid in aon bhád le go leor tíortha eile san Aontas Eorpach ach go háirithe an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn agus an Iodáil.

Ach, i ndáiríre, níl tír san Aontas ná go fada fairsing lasmuigh de, na Stáit Aontaithe féin, ná go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch agus baincéireachta seo ag déanamh crá croí dóibh. Ní cóir a dhearmad gur sna Stáit Aontaithe a thosaigh sé agus é bunaithe ar dhearcadh agus ar fhealsúnacht saormhargaíochta agus caipitleachais na tíre sin.

Is breá leis an lucht ceannais sna Stáit agus sa Bhreatain, a gcara sa chúirt, a bheith ag díriú méire ar an AE, ach go háirithe ar an nGearmáin. Dá mbogfaidís siúd, b’fhéidir slam airgid a phriontáil, nach mbeadh ár gcúrsaí ar a laghad níos fearr ná mar atá. Nach ar dhígeantacht pholaitiúil Angela Merkel atá cuid mhór den locht mar sin? Tá an bhean mhaith sin righin ceart go leor. Thuigfeá di, nó ar a laghad thuigfeá di go pointe. Níl an Ghearmáin saor ó locht sa bhfaopach ina bhfuilimid ná baol air, agus caithfidh Merkel féin bogadh má táimid le teacht slán.

Debt mutualisation an téarma nua atá tagtha chun cinn. Céad buíochas arís le focal.ie. Frithpháirtiú atá acu don mutualisation seo; frithpháirtiu fiachais mar sin atá i gceist. Is cosúil go mbeidh sé sin á bhrú ar Merkel ag ceannairí eile an Aontais ag cruinniú mullaigh go luath. Ní mór a rá, ag tagairt arís do na Stait Aontaithe agus don Bhreatain, go mbíonn súile na gceannairí go daingean ar a gcúrsai polaitiúla inmheánacha féin agus iad ag díriú ar an Aontas Eorpach. Beidh toghchán uachtaránacha sna Stait go luath agus ní leasc le Barack Obama ualach milleáin na géarchéime a leagadh ar an Aontas. Nach mór mar atá a cháil mar cheannaire, an ruithneas fiú, tréigthe tar éis a rabhthas ag súil leis! Sin mar a bhíonn le ceannairí.

Táimid de shíor ag plé fadhbanna agus fiú buaine an Aontais. Níl dul as nuair gurb é sin an bóthar a thógamar, nó go bhféadfadh sé anois gur bóithrín caoch a atá ann. Is cóir a rá go bhfuil dóchas ann go fóill go dtiocfaidh an tAontas slán tríd an ngéarcheim, ach deir na saineolaithe go bhfuil an t-am ag brú orainn agus go bhfuil sé in am chun gnímh. Leis sin táimid ar ais ag Angela Merkel agus an Bundestag i mBeirlin.
——◊——
Anseo sa bhaile, tá go leor cainte faoin gcomhthionól bunreachta atá i gceist ag an rialtas a bhunú. Téann sé seo siar go dtí geallúintí réamhthoghcháin a bhí á dtabhairt ag an Taoiseach. Bítear in amhras faoina mbíonn i gceist ag ár máistrí polaitiúla sna cúrsaí seo, agus go minic nach ionann a ngealltear agus a bhíonn ar fáil. Deirtear go bpléifear an téarma uachtaránachta a laghdú ó seacht go cúig bliana, vóta sa tóghchán uachtaránachta a thabhairt dóibh sin atá ag cónaí thar lear, tagairt do dhiamhasla a bhaint as an mBunreacht, póstaí aonghnéis, an aois vótala a laghdú go seacht mbliana déag!

Tá, gan amhras, nithe eile i gceist a bhfuil tábhacht leo, mar ní bheadh sé éasca ar fad a chur ina luí ar dhaoine go bhfuil mórphráinn ag baint lena bhfuil luaite: conas, b’fheidir, a fhéadfaí cur leis an líon ban atá páirteach sa saol poiblí agus polaitíochta, agus níos tábhachtaí ná aon ní eile, go raghfaí i ngleic go dearfa agus go diongbhálta leis an gcóras lochtach vótala atá againn.

Tá an cheist seo luaite agus athluaite go minic anseo agus bheadh sé iomarcach a bheith á phlé arís eile. I gcoitinne, ámh, an aidhm is mó atá ag an gcóras aonvóta inaistrithe ná ionadaíocht a thabhairt don réimse tuairimíochta is mó is féidir, agus dá thoradh sin is fearr an deis atá ag iarrthóirí sna mionpháirtithe agus ag neamhspleáigh go dtoghfaí iad. I bhformhór mór tíortha eile is tábhachtaí acu rialú na tíre ná ionadaíocht a thabhairt d’éagsúlacht mhór tuairimíochta. Ó thaithí, glactar leis gurb é córas na bpáirtithe is fearr a fhreastalaíonn ar an riachtanas sin, agus tá bealaí éagsúla aimsithe acu a threisíonn le cumas na bpáirtithe is mó a fhaigheann tacaíocht dul i mbun rialtais.

Ceann de na tréithe is follasaí a bhaineann le córas vótála na tíre seo ná gur faoi is fearr seans ag iarrthóirí neamhspleácha don Dáil go dtoghfaí iad. Féach an líon atá againn díobh faoi láthair. Ní hé ar aon chor nach sártheachtaí Dála go leor díobh, pé acu sa Dáil nó ina ndáilcheantair iad, ach is ar éigean a fhéadfaí a rá go bhfuil ról acu i rialú na tíre. Is eol dúinn go gcaitheann cuid díobh a gcuid ama ag rith thart ag cur brú ar aire éigin géilleadh d’éilimh nár chóir go ngéillfí dóibh ó cheart. Is cuimhin linn go raibh sé sin ag tarlú go hoscailte roimh an olltoghchán deireanach.

Is beag amhras ná gurb í an cheist seo faoin gcóras vótála is tábhachtaí agus is práinní ar fad. Ach an bhfuil an rialtas, leis an móramh glan atá acu sa Dáil faoi láthair, chomh mór céanna i bhfábhar athruithe agus a bhí an Taoiseach ag tabhairt le tuiscint roimh an toghchán. Pé amhras a bhaineann le tionól pobail is féidir gur deis a bheadh ann anois chun ceist thábhachtach a thabhairt chun cinn agus aird a dhíriú uirthi? Tuigtear go maith go mbeidh go leor in aghaidh athrú d’aon chineál.

Beidh teachtaí neamhspleácha go mór ina aghaidh. Cad faoi Shinn Féin? Agus an cheist is mó — cad faoin Lucht Oibre atá anois sa rialtas? Féach nach bhfuil aon fhonn orthu go bpléifí ceist an tSeanaid ag an gcomhthionól tar éis don Taoiseach a bheith chomh dearfa go gcuirfí deireadh leis. Is é fírinne an scéil sin nach bhfuil fonn ar go leor sa pháirtí go gcuirfí deireadh leis.

B’fhuirist dearmad a dhéanamh ar Fhianna Fáil na laethanta seo. Nach mór an t-athrú é sin féin. Dhá uair cheana a dhein siad iarracht an córas a athrú agus dhá uair a theip orthu. An seasfaidh siad lena bprionsabail má sea? B’fhéidir nach mbeadh an flosc céanna fúthu an iarracht seo. Fadhb bhreise atá ann do Mhícheál Ó Máirtín, agus ta dóthain díobhsan aige cheana féin.

Ag tagairt don amhras i gcás tionóil phobail agus chomhthionóil bhunreachta go sonrach, is é is mó is cás ná comhdhéanamh na ballraíochta, meascán de bhaill den Oireachtas, idir sheanadóirí agus teachtaí Dála, shaineolaithe agus bhaill den phobal. Gan amhras ba dheacair ar fad bealach roghnaithe a aimsiú a shásódh an uile dhuine. B’fhéidir, ar ndóigh gurb é an aidhm is mó leis an gcomthionól seo aird a bhaint ónár mórfhadhbanna eacnamaíocha, sinn a chur beagán ar strae. Dála an scéil, cén fáth nach bpléann an comhthionól seo ár ndeacrachtaí leis an Aontas faoi láthair, agus conas mar atá orainn streachailt leis na dianchoinníollacha atáthar ag cur i bhfeidhm orainn? Sin ábhar go mbeadh substaint ann!
——◊——
Is cosúil go bhfuil míshuaimhneas forleathan i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge maidir leis an mBille Gaeltachta atá ar a bhealach tríd an Oireachtas faoi láthair.Tá níos mó ná bonn amháin leis an míshuaimhneas. Cad chuige an flosc as cuimse seo chun an Bille a achtú sula mbíonn aon phlé ceart déanta air? Is dócha go bhféadfaí a rá nach síleann aon duine gur le teann díchill é chun leas na Gaeltachta a dhéanamh.

Gan aon amhras is mór an t-ábhar díomá é nach mbeidh pobal na Gaeltachta ag roghnú sciar de bhaill an Údaráis, mar a bhí sé de phribhléid acu a dhéanamh le roinnt mhaith blianta anois. Is cinnte gur chuir sé le stádas an Údaráis, ach chuir sé ar bhealach ar leith freisin le seasamh na teanga féin, agus le meas phobal na Gaeltachta, ní hamháin ar an teanga ach ar an Údarás. D’fhéadfaidís a rá gur leo féin é. D’fhéadfaí a rá ina theannta san gur ciorrú ar an daonlathas é nuair gur ceapacháin ón taobh amuigh atá i gceist sa bhille nua.

Baineann drochbhlas ar leith leis an mbealach ina bhfuil seachtar ball de bhord an Údaráis á n-ainmniú go díreach ag an Aire, agus ceathrar eile ag comhairlí contae sa Ghaillimh agus i Maígh Eo, Dún na nGall agus Ciarraí, ach gan spás ann d’ionadaithe buana ó Mhúscraí, Rath Cairn agus na Déise. Cén chiall atá leis sin? An dtuigtear na cúinsí ar leith a bhaineann leo mar Ghaeltachtaí, agus an dícheall atá déanta ag a lán daoine sna ceantair sin le blianta anuas?

Is léir gur pleanáil teanga an dordfhocal oifigiúil anois (‘buzzword’ i focal.ie). Is baolach nach bhfuil cuid againn an-mhuiníneach faoin treo nua atá i gceist leis, mar atá sé léirithe sa Bhille Gaeltachta seo, ach cad a cheapfaidh muintir na Gaeltachta féin de? Is fada an seasamh atá déanta ar son a dteanga acu, agus is maith is cuimhin linn na héachtaí a rinne Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta lenár linn féin.

I ndáiríre, is eol dúinn gur gearrtha ar chaiteachas atá déanta i gcás na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla bliain anois, agus ní hé nach dtuigimid an dianriachtanas atá le ciorraithe agus go seachnófaí aon chur amú ar airgead an státchiste faoi láthair. Ach is cás linn leis an brú atá ar an nGaeilge agus agus ar an nGaeltacht faoi láthair. Nach dtuigeann gach duine anois an tábhacht atá lenár dteanga ársa féin, agus an baol atá ag bagairt uirthi faoi láthair?

Feasta, Iúil 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais