Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Mála Droma

Gearrscéal le Mícheál Ó Ruairc


(Bhuaigh an gearrscéal seo Príomhdhuais an Mhaolánaigh i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2011)

Nuair a shroich sé bun an staighre leag sé an mála droma go cúramach le hais an dorais. Ansin chuaigh sé agus d’fhéach isteach sa scáthán ar an mballa. Deasghnáth é nach ndéanadh sé faillí ann riamh. Ní gnáthscáthán a bhí ann. Scáthán dronnach le fráma ornáideach bréag-órga. B’í a bhean chéile a thug go dtí an teach é. Aon uair a d’fhéachadh sé sa scáthán smaoiníodh sé uirthi agus ar an saol fada a chaitheadar i dteannta a chéile. Agus i gcónaí bhriseadh deoir faoina shúil. Bhí sé mar a mbeadh sé ag breathnú isteach ina anam féin agus é ag breathnú ar an íomhá stuacach, dhronnach, chruiteach a bhí ag breathnú thar n-ais air.

D’iompaigh sé agus chuir an t-aláram ar siúl. Nuair a thosaigh an fearas ag blípeadh chaith sé súil sciobtha ina thimpeall. Gach rud in ord is in eagar. Rug sé ar an mála droma agus d’ardaigh ar a dhroim é agus cheangail na strapaí. Dhún sé an doras agus d’fhan amuigh sa phóirse gur stop na blípeanna. Ansin chuir sé an doras tosaigh faoi ghlas agus amach ar an tsráid leis.

Thug sé suntas don mhéid daoine ar an mbus a raibh málaí droma acu. Tráth dá raibh ní fheicfeá riamh fear meánaosta le mála droma. Bheadh daoine ag fonóid faoi. Mar sin féin chuir na hainmneacha branda ar na málaí céanna thart timpeall múisc air. Nike, North Face, Adidas, Reebok, Berghaus… Amaidí! Bhí an ceann a bhí aige féin gan branda ar bith air. Cheannaigh sé i margadh sráide Camden Lock i Londain um Nollaig é ar £5 nuair a bhí sé ar cuairt i dteach a iníne. É déanta as bréagleathar ach mála láidir, righin mar sin féin. Ní raibh sé chun €100 a chaitheamh ar bhranda baothghalánta….

Go tobann d’eascainigh sé os íseal. Dhorchaigh a cheannaithe agus chroith sé a cheann go feargach. ‘Cad atá cearr liom?’ d’fhiafraigh sé de féin.

Bhí dearmad déanta aige ar a scuab fiacla.

Tharraing sé an púitse beag plaisteach amach as an bpóca a bhí taobh istigh dá sheaicéad olla. Ní raibh istigh ann ach a chíor dhubh chinn agus cuid bheag di ag gobadh amach as. Bhain sé díoscán as a chuid fiacla le teann feirge. Cén neamh-mheabhair a bhí air? Nár thóg sé an scuab amach as an gcrúiscín ina raibh sí ina seasamh sa seomra folctha agus chuir le hais a uaireadóra ar an doirteal í agus é ag ullmhú le haghaidh imeachta? D’ardaigh sé leis an t-uaireadóir ach d’fhág an scuab ina dhiaidh.

Bheadh air ceann a cheannach. D’fhéach sé ar a uaireadóir.

Bhí neart ama fós aige.

Tháinig sé anuas den bhus ar na céanna. Dhein sé a bhealach tríd na sráideanna go sciobtha gur shroich sé an t-ionad siopadóireachta. Sheas sé ar an staighre beo agus tógadh in airde go dtí an dara leibhéal é. Dá ainneoin féin thaitin áiteanna mar seo leis. Thaitin sé leis a bheith in áiteanna nach raibh tuairim dá laghad acu siúd a bhí ina thimpeall cérbh é féin. Bhíodh sé ar a shuaimhneas in áiteanna den chineál sin. D’fhéadfadh sé rudaí a dhéanamh as a stuaim féin gan éinne a bheith ag cur isteach air. Cé gur fear tuaithe a bhí ann ó dhúchas, níor réitigh meon cúng, teoranta na tuaithe riamh leis, ná dearcadh cam a háitritheoirí.

Chuaigh sé go dtí an Siopa €2 ina raibh scuaba fiacla ar díol. Dhein sé meangadh gáire. Tráth dá raibh ní raghadh éinne i bhfoisceacht scread asail de cheann de na siopaí seo. Anois ní fhéadfaí cos a tharraingt istigh iontu. Le taoide tuile na géarchéime eacnamaíochta bhí ráchairt mhór ar shiopaí mar seo.

Cheannaigh sé péire scuab ar €1. Sall leis go dtí an bosca bruscair. Bhain sé an fillteán plaisteach de na scuaba agus chaith isteach sa bhosca é. Chuir sé an dá scuab isteach i bpóca a sheaicéid. Dhein sé a bhealach thar n-ais chuig an staighre beo agus tógadh anuas go dtí an t-urlár talún é. Cheannaigh sé nuachtán sa bhoth a bhí i lár an urláir gar don phríomhbhealach isteach. Chuaigh sé caoldíreach go dtí siopa caife a bhí istigh i mbolg an bheithígh, mar a déarfá, agus é suite ar ardán admhaid. Bhí siopa éadaigh ar thaobh amháin de agus siopa bréagán ar an taobh eile.

D’aimsigh sé bord sa chúinne. Bhain sé an mála anuas dá dhroim agus leag go cúramach taobh leis é. Tháinig freastalaí gorm chuige agus d’ordaigh sé laté agus bonnóg rísíní uaithi.

D’fhéach sé timpeall air. Na sluaite daoine i ngach áit. A bhformhór acu b’eachtrannaigh iad. Indiaigh. Pacastánaigh. Afracaigh. Sínigh. Corr-Éireannach anseo is ansiúd. Ba ag an mbord seo a shuíodh sé féin agus Treasa tráth. Dá mbeadh sí fós ina beatha bheadh sí suite ar an gcathaoir trasna uaidh anois. Thagaidís isteach anseo ar a mbealach abhaile ón gcathair. D’fhágadh sé an gluaisteán sa charrchlós trasna na sráide.

Lig sé osna chléibh. Bhí sí caillte anois le cúig bliana. É fágtha ina aonar aige baile. Murach na cuairteanna ar Londain agus Nua Eabhrac raghadh sé glan as a mheabhair ar fad. Théadh sé go Londain faoi dhó in aghaidh na bliana: um Shamhain agus um Nollaig, agus go Nua Eabhrac i mí na Bealtaine. An iníon pósta ar fhear as Corcaigh agus iad ag cur fúthu i dteach dá gcuid féin ar Bhóthar Tottenham. Beirt pháistí acu. É i gceist acu filleadh abhaile go hÉirinn tráth, ach ní bheidís ag filleadh anois.

An mac thall i Meiriceá. Cinnte ní bheadh sé siúd ag filleadh. É ag roinnt árasáin le fear eile i Manhattan. Gan de mhisneach fós aige a admháil dó go raibh sé aerach. Post maith aige sa cheantar airgeadais ar Wall St. Neart spáis san árasán mór trí-sheomrach.

Thaitin Nua Eabhrac leis. Chaitheadh sé mí na Bealtaine ar fad ann gach bliain ó cailleadh Treasa. Théadh sé chuig na hamharclanna ar Broadway agus bhuaileadh sé le cairde a bhí aige thall ansin. Ghoill sé air nuair a fuair sé amach gur homaighnéasach ba ea a mhac. Níor airigh sé riamh go raibh aon rud… aon rud difriúil ag baint leis agus é ag fás aníos. É ciúin, staidéartha ach taobh amuigh de sin…

Leagadh an laté agus an bhonnóg ar an mbord os a chomhair amach. Thóg sé bolgam as agus shuigh siar sa chathaoir. Cappuccino a bheadh ag Treasa dá mbeadh sí ina theannta. Í sciobtha ag an diabhal ailse is gan an leathchéad fós bainte amach aici. Bean nár chaith nó nár ól riamh. Ach cén mhaith a bheith ag gearán…

Thóg sé an dá scuab fiacla as póca a sheaicéid agus leag ar an mbord iad. Ceann bán agus ceann dearg. Ní raibh uaidh ach ceann amháin. Roghnaigh sé an ceann bán. Thóg sé an púitse plaisteach as an bpóca laistigh agus chuir isteach ann í i dteannta na círe duibhe, an dá cheann acu anois ag gobadh amach thar bharr an phúitse phlaistigh amhail is go mba phuipéid dhubha agus bhána a bhí iontu. Sháigh sé isteach sa phóca laistigh arís iad.

Cad a dhéanfadh sé leis an scuab dhearg? Suite trasna uaidh bhí clann Phacastánach agus iad ag ithe bricfeasta. Ó thráth go chéile d’amharcadh cailín beag ina threo, fáthadh an gháire ar a haghaidh bheag dhorcha. Sméid sé uirthi agus chroith an scuab fiacla san aer. D’fhéach sí air go neamhchinnte agus ansin bhain sracadh as muinchille chóta a máthar. D’fhéach an mháthair ina threo. Thóg sé an scuab bhán as póca a sheaicéid agus d’ardaigh sé an dá scuab san aer.

‘Cheannaigh mé dhá cheann,’ ar seisean léi go gealgháireach, ‘ach níl uaim ach ceann amháin.’

Chlaon an mháthair a ceann agus dhein meangadh gáire. D’éirigh an cailín beag den chathaoir agus tháinig trasna chuige. Thug sé an scuab dhearg di. D’umhlaigh sí a ceann catach daoldubh mar chomhartha buíochais agus d’imigh thar n-ais go dtí a clann. D’umhlaigh an t-athair agus an mháthair a gcinn ar an dóigh chéanna agus chuir siad cár orthu.

Dhein sé iontas dá gcuid fiacla geala bána ag lonradh ina n-aghaidheanna dorcha. Caithfidh gur thugadar aire mhaith dóibh murab ionann agus muintir na hÉireann lena ndéada lofa smálaithe.

D’ól sé an laté agus d’ith an bhonnóg rísíní. D’oscail sé an nuachtán ansin. Gan ann ach scéalta uafáis i dtaobh dhrochstaid na tíre. Ba in olcas a bhí cúrsaí ag dul in aghaidh na seachtaine. Dá leanfadh cúrsaí ar aghaidh mar seo dhéanfadh sé a mhacnamh maidir lena theach cónaithe a dhíol agus bogadh in ainm an diabhail as an tír ar fad agus árasán dá chuid féin a cheannach i Londain. Réitigh sé go han-mhaith lena iníon agus lena fear céile agus bhí sé an-cheanúil go deo ar a bheirt gharmhac. Ná ní raibh aon ghanntanas airgid air agus pinsean sách maith aige óna phost mar léachtóir innealtóireachta sa choláiste ollscoile.

D’fhéach sé ar a uaireadóir.

Baineadh stangadh uafásach as.

Bhí sé a ceathrú chun a haondéag.

Bheadh air a bheith san aerfort ag buille an mheánlae ar a dhéanaí don eitilt go Nua Eabhrac a bhí ag fágáil an aerfoirt ag a leath i ndiaidh a haon. Phreab sé ina sheasamh agus dhein a bhealach go sciobtha as an ionad siopadóireachta.

Lasmuigh ar an gcosán thosnaigh sé ag coisíocht leis go mear i dtreo lár na cathrach. Lean sé air agus a cheann faoi aige. Bhí na sráideanna plódaithe de bharr gurbh é deireadh seachtaine na Bealtaine a bhí ann. Anuas air sin bhí an aimsir go gleoite ar fad agus roinnt mhaith turasóirí sa chathair.

Thaitin Bealtaine go mór leis. A rogha míosa as míonna uile na bliana. Bhí breithlá Threasa ar an gcúigiú lá agus a bhreithlá féin ar an dara lá is fiche. Chroith sé a cheann go cráite, díomuach. Anois ní raibh duine ná deoraí fairis sa tír scriosta, chloíte seo. Rogha agus togha an aosa óig – a mhac agus a iníon féin san áireamh – ruaigthe thar loch amach agus gan dóchas ar bith ann go bhfillfidís ar a dtír dhúchais go deo.

Tír gan anam!

Ar shroisint lár na cathrach dó bhí saothar mór air ón tsiúlóid. Chuir sé a lámh san aer agus stop tacsaí taobh leis. Shuigh sé isteach sa chúlsuíochán.

‘Where to, man?’

‘The airport.’

Fear gorm á bhí á thiomáint. Bhí sé neadaithe síos go domhain sa suíochán agus rapcheol ag bloscarnach ón raidió. Ní bheadh piachán ina scornach siúd ó bheith ag comhrá le paisinéirí ag deireadh an lae oibre!

Bhíodar tagtha chomh fada le príomh-thimpeallán an aerfoirt nuair a tháinig newsflash ar an raidió ag rá go raibh buama tar éis pléascadh istigh sa chathair. Scór ar a laghad básaithe agus an méid céanna gortaithe, cuid acu go dona. Istigh in ionad siopadóireachta a tharla sé ag a haon déag a chlog…

‘Oh, man!’ arsa an tiománaí. ‘Oh, my gawd, isn’t that awful? What kind of crazy lunatics would do something like that?’

‘Terrorists!’ an freagra a fuair sé óna phaisinéir. ‘Al-Qaeda, most likely.’

Istigh san aerfort dhein sé caoldíreach ar an deasc cláraithe. Thug sé an ticéad fillte agus a phas don chailín Éireannach a bhí suite ag an deasc. Scrúdaigh sí iad ar dtús agus ansin shín sí a phas bordála chuige.

‘Aon bhagáiste agat?’ d’fhiafraigh sí de.

Dhein sé gáire magúil agus shín sé lámh isteach ina phóca agus tharraing amach an púitse plaisteach ina raibh an chíor dhubh agus an scuab bhán ina seasamh, a gcloigne ag gobadh amach os cionn an phlaistigh.

‘Níl tada agam,’ ar seisean, ‘seachas Punch agus Judy anseo! Táim ag taisteal go héadrom!

‘Bain taitneamh as an eitilt, a dhuine uasail.’

‘Is mise a bhainfidh, a chailín,’ ar seisean ag iompú uaithi agus ag siúl ag mall i dtreo na láithreach bordála.

Feasta, Lunasa 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais