Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Súil sceabhach ar
Scéalaíocht Ár Sinsear
le Kim McCone & Pádraig Ó Fiannachta
Léirmheas Pádraig Mac Fhearghusa
An Sagart. An Daingean, 2012. ISBN 1903896754. 142 lch. Bog. €15
——◊——
Comhartha dóchais é go bhfuil athchló ar an leabhar seo a foilsíodh ar dtús i 1992. Leabhar tábhachtach is ea ‘Scéalaíocht ár Sinsear’ nár mhiste é a bheith léite ag an Éireannach a shanntaíonn cáil an oideachais.
Áis ar leith don mhac léinn ollscoile atá ann, go háirithe don té a bhfuil iachall air aithne agus eolas a chur ar na seanscéalta, ach a bhfuil a chuid tuisceana ar an luath-theanga easnamhach.
Ar an bhfáth sin a bheidh sé ina fhoinse luachmhar, chomh maith, ag an múinteoir nó an léitheoir coitianta Gaeilge ar mhaith leis blaiseadh den luath-litríocht — ‘Cath Má Mucramha’, ‘Oidhe Chonchúir’, ‘Toghail Bruíne Dá Dearga’. Naoi gcinn ar fad de sheanscéalta suntasacha ó thraidisiún liteartha an chéad teanga dhúchais a breacadh ar phár in Iar-Thuaisceart na hEorpa atá againn idir an dá chlúdach seo, cé nach dtugtar ach sleachta dúinn i gcásanna áirithe. Fós is féidir éirim an scéil a thabhairt linn.
Pádraig Ó Fiannachta a sholáthraigh na haistriúcháin i nGaeilge an lae inniu, ach tá réamhráite curtha ar fáil ag Kim McCone do na scéalta éagsúla ar mhaithe le fadhbanna léirmhínithe a réiteach agus an teachtaireacht pholaitiúil nó eaglasta a bhíonn i gceist, an ‘cód folaigh’, a shoiléiriú dúinn. Tá sa leabhar, chomh maith, réamhrá cuimsitheach ar an iomlán a shuíonn an scéalaíocht ina comhthéacs, agus a phléann le gnéithe den staidéar a deineadh uirthi le breis agus céad go leith bliain anuas, amhail an cúlra Ind-Eorpach agus Ceilteach, dearcadh na n-acadúlach i leith an dúchais i gcodarsnacht le tionchar na Críostaíochta agus an Bhíobla, agus feidhm chomhaimseartha na scéalaíochta.
Mar a chuirtear ar ár súile dúinn, is ó lámhscríbhinní ón 12ú haois i leith a tháinig na seanscéalta anuas chugainn, agus is léir ar chúinsí éagsúla gur i mainistreacha a scríobhadh na trí lámhscríbhinn is luaithe a bhfuil na scéalta le fáil iontu, mar atá Leabhar na hUidhre (LU), Leabhar Laighean (LL), agus Rawlinson B 502. Traidisiún aosta liteartha a bhí ann faoin tráth sin fiú, a raibh an dúchas ‘de bhunús págánta’ fite le traidisiúin seachtracha de bhunús eaglasta’ (S. ár S., lch. 8), mar ainneoin an dúchais phágánaigh, múnlaíodh an t-ábhar sna mainistreacha ar mhaithe le teachtaireacht agus moráltacht na Críostaíochta a áiteamh ar an bpobal.
An scéal is simplí a léiríonn an ‘baisteadh’ a deineadh ar an saol págánach ná an scéal gearr úd a bhíodh sna leabhair Bhéarla bhunscoile fadó, ‘Oidhe Chonchúir’ — rí na Rúraíochta a fuair bás de thoradh a ghonta i gcath: ghreamaigh liathróid d’inchinn aol-mheasctha ina chloigeann, is fíor, ach i ndeireadh báire shéalaigh sé de dheasca taom feirge a tháinig air nuair a chuala sé gur céasadh Críost, ar mhodh gur iompaíodh é chun an fhíorchreidimh:
Is ansin a d’éirigh sé agus a thug faoin gcoill daraí nó gur léim inchinn Mheis Geára as a cheann agus go bhfuair Conchúr bás ar an toirt. Is dá bharr san a deir na Gaeil gurb é Conchúr an chéad phágánach in Éirinn a chuaigh ar neamh mar gurb ionann agus baisteadh dó an fhuil a bhrúcht as a cheann. Tugadh anam Chonchúir go hifreann go dtí gur bhuail Críost leis agus é ag breith na creiche as ifreann, agus gur rug Críost anam Chonchúir leis chun neimhe. (S. ár S., lch. 39).
Féach an casadh a bhaintear as an bhfocal ‘creach’ sa chás: an chéad uair a cuireadh ar mo shúile dom go bhféadfaí slánú anamacha na marbh a shamhlú mar chreach á bhreith as crúbaibh an Áibhirseora!
Slánú ar thraidisiún atá sa leabhar seo: bronnann tuiscint mar atá ag Kim McCone ar an scéalaíocht saoirse ar an léitheoir, nó ar an scríbhneoir, a chuid féin a dhéanamh den traidisiún ar bhealaí éagsúla. Braithim solas agus dath ag filleadh ar línte áirithe filíochta ón ochtú haois déag, nuair a léim an paragraf údarásach tosaigh a bheirtear dúinn as Cath Má Mucramha; soilsíonn teachtaireacht ó laethanta thar ár n-aithne na cianta chugainn anall:
‘Bhí Ailill Ólom mac Mhogha Nuad de shíol Éibhir Mhic Mhíle Easpáinne ina rí ar an Mumhain. Ba í Sadhbh iníon Choinn Chéadchathaigh a bhean. Bhí triúr mac aici .i. Eoghan Mac Ailealla agus Cian Mac Ailealla, agus Cormac Mac Ailealla, óna bhfuil Eoghanacht agus Ciannacht agus Dál gCais.’ (S. ár S., lch. 24).
Ní ar mhaithe leis an léann sna haistí brollaigh a léifeá an leabhar seo go príomhdha, dar liom, cé go bhfuil an léann i gceist agus cuid riachtanach den chúram is ea é an t-ábhar a chíoradh. Ach cothaíonn na scéalta féin beocht agus fuinneamh sa teanga: sampla is fearr a léiríonn nach mbíonn an t-am atá caite riamh istigh, nach ann riamh don chlabhsúr. Bíonn an lá inné ag feitheamh i gcónaí leis an athléamh, leis an athnuachan, le cló na móiminte úire a ghabháil uime.
Sea, sampla a bhí i gceist agam. Ní focal é ‘teasargan’ a chloisfeá sa ghnáthchaint. Is i bhfilíocht Sheáin Uí Ríordáin a chéadthángas féin air. Ag tagairt do dhaoine ar a aithne, a bhí an Ríordánach, a raibh a bportráidí i nGailearaí na Cathrach i gCorcaigh — más buan mo chuimhne — tráth ar bhreac sé ‘Shiúlas i measc na bpearsantacht / ’Bhí adhlactha im aigne,…. Ach ba mhaith leat iad a theasargan / Sula gcruadh an plaosc ar fad orthu, / Is ná beadh fanta id ghailearaí / Ach frámaí caoch’ do-aitheanta’.1
Thuigis in ainneoin do chuid aineolais, gur ‘sábháil’ nó ‘slánú’ de shaghas éigin a bhí i gceist. Bhíodh an Ríordánach tíosach le focail neamh-choitianta; ba dheise leis an doimhin-mhachnamh a chur in iúl i bhfocail shimplí, dá mb’fhéidir.
Ach más cath in aghaidh an ama a bhí á throid ag an Ríordánach, tá comhthéacs eile ar fad againn don ‘teasargan’ in ‘Oidhe Chonchúir:
Ghabh Cead [Mac Mách] soir uair agus rug táin bó leis ó Fhir Ros. Tháinig na hUlaidh suas leis sa tóir air. Tháinig Connachta ón taobh eile á theasargan. Troideadh cath eatarthu. (S. ár S., lch. 38).
Ní ar son na bhfocal aonair, ar ndóigh, atá an litríocht seo le léamh, cé go mbaineann a thábhacht féin leis sin. Tugann na scéalta léargas dúinn ar shochaí, ar chruinneshamhail, atá éagsúil leis an gceann againne, ach a bhfuil fuinneamh agus motháil dá cuid féin inti. Tá ‘Eachtra Mac nEachdhach Muighmheadhóin caomhnaithe i Leabhar Buí Leacáin agus Leabhar Bhaile an Mhóta. Is iontu a ríomhtar an scéal cáiliúil faoi Fhlaitheas Éireann (an bonn meafarach le haisling fháthchiallach pholaitiúil na 18ú haoise) agus mar a thuill Niall Naoi nGiallach an Flaitheas in aghaidh a leath-dheartháireacha, Brian, Ailill, Fiachra agus Fearghas, agus in ainneoin a máthar san, Moingfhionn, céile Eochaidh. Tharla tar éis lá seilge gur dhiúltaigh an ceathrar mac úd póg mar mhalairt ar uisce a thabhairt do chailleach an tobair:
Tháinig Niall ansin d’iarraidh uisce agus tharla ar an tobar céanna é. ‘Uisce domsa, a bhean,’ arsa Niall. ‘Tabharfaidh mé,’ ar sí ‘agus tabhair póg dom.’ ‘Luífidh mé leat le taobh póg a thabhairt do do thaobh.’ Luigh sé uirthi ansin agus thug póg di. Nuair a d’fhéach sé uirthi iar sin ní raibh ar domhan ainnir ba chaoimhe céim nó dealramh ná í. Ba gheall le deireadh sneachta i gclaíocha gach pioc di ó cheann go bonn. Bhí rítheacha ramhra ríona aici agus méara fada leabhra; colpaí díreacha datháille aici; dhá mhaolasán fiondruine idir a troithe míne maothgheala agus an talamh. Brat luachmhar lánchorcra uimpi; dealg gealairgid mar mhaise ar an mbrat; fiacla niamhga péarlacha aici, agus rosc ríonach rómhór,…. (S. ár S., lch. 57).
Seo an tsamhail a chuir Yeats chun tairbhe, ar ndóigh, ina dhráma ‘The Countess Cathleen’, a spreag glúin chun réabhlóide, más fíor, nuair a céad-chuireadh ar stáitse é sa bhliain 1911. Cur le ceart na Niallach ar an Ardríocht atá i gceist sa scéal. Cuireann Kim McCone ar ár súile dúinn nach bhféadfadh an leagan de Eachtra Mac nEachdhach atá tagtha anuas chugainn ‘a bheith níos sine ná an 11ú haois toisc go dtagraítear do Bhrian Bóramha agus do Mhaol Seachlainn mac Dónaill mar ríthe na hÉireann ann.’ (S. ár S., lch. 51). Ní fhágann san nach bhfuil préamhacha doimhne ag an miotas sa réamhstair. Ní le drochmheas a úsáidim an focal miotas; ní éitheach atá i gceist ach na bunluacha a maireann pobal nó sibhialtacht dá réir: trua, abair, nach le Flaitheas Éireann a luigh ár mbaincéirí seachas le Mammon.
In ainneoin go bhfuil ‘deilbhíocht agus comhréir na teanga’ athraithe thar na cianta, agus go bhfuil cuid de shaibhreas an tseanfhoclóra caillte, mar a luaitear, is maith an cur chuige atá roghnaithe ag Ó Fiannachta sna haistriúcháin, stíl na Moch-Ghaeilge a leanúint chomh dlúth agus a b’fhéidir leis. Is fiú go mór sin mar mhodh athnuachana; is í an Ghaeilge féin i gcónaí is fearr a iompraíonn spiorad na luath-teanga.
É sin ráite, ní hionann a bheith i dtuilleamaí leaganacha scéalaíochta Béarla T. W. Rolleston nó Magnus McClean nó fiú Lady Gregory (an té is fearr díobh uilig), ar ndóigh, agus leabhar anailíse mar The World of the Irish Wonder Tale le Elliott B. Gose Jnr. a fhiosrú,2 áit a bhfuil léargais shuntasacha liteartha agus síceolaíochta le haimsiú ag an léitheoir, nó ag an scríbhneoir, thar mar atá i mBéarla crochta ó thús an chéid seo caite.
Táimid tagtha chun cinn, de bheagán, mar phobal; tá ár gcuid instinní liteartha níos sofaisticiúla inniu ná John Pentland Mahaffy, a d’fhógair ar an gCoiste Idirmheánach Oideachais sa bhliain 1899 nárbh fhiú Gaeilge ná litríocht na Gaeilge a chur ar chúrsa oideachais, mar nach bhféadfaí teacht ar théacs nach raibh ‘either religious, silly or indecent’. Samhlaímse go bhfuil roinnt de lucht leanúna Mahaffy beo i gcónaí sa Roinn ‘Éadóchais’ agus Scileanna, agus fiú i nDáil Éireann, ar an bhfianaise réamhshamhraidh is déanaí; ach an sáiteán sin i leataobh táimid ar fad faoi chomaoin ag leithéidí Phádraig Uí Fhiannachta agus Kim McCone, agus a gcomhscoláirí tríú leibhéil, a bhfuil litríocht agus criticeoireacht na Gaeilge á gcur ar bhonn úr acu – trí mheán na Gaeilge – le glúin anuas agus breis.
Tá an dé fós sa tseanchailleach. Beirtear a thuilleadh uisce ón tobar!
Tagairtí: (S. ár S. = Scéalaíocht ár Sinsear)
1. Ó Riordáin, Seán. Brosna. Sáirséal agus Dill, 1964. Lch. 34.
2. Féach, Gose, Elliott B., The World of the Irish Wondertale. Brandon Bookpublishers Ltd., 1985, Caibidil 10, ‘The Ravens of Life’, mar a dhéantar plé léirsteanach síceolaíoch ar ‘Niall and the Loathly Hag’ agus an seanscéal iontais.
Feasta, Lunasa 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|