Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Na Bainc Sin Arís Eile! - -

Is fíric anois go raibh ár dtír bheag féin ar cheann de na tíortha ba mhó a d’fhulaing toisc an cliseadh eacnamaíoch a tháinig chun cinn i gcuid mhór den domhan thart ar ceithre bliana ó shin. Murach an cruatan a lean é i gcás go leor inár measc d’fhéadfaí, b’fhéidir, breathnú air mar fhabhalscéal morálta a mbeadh ceacht ann dúinn maidir leis an éirí in airde agus bladhmann a bhain leis na blianta rabairneacha sula dtarla an cliseadh.

Is é an scanradh é, áfach, gur cosúil nach bhfuil ceacht le foghlaim. Ba é bunfhoinse na tubaiste ná saint thar fóir na haicme airgeadais agus na haicme baincéireachta go háirithe. Táthar ag rá an méid sin, ag cur san áireamh gur thug an córas rialtais agus rialacháin cead a gcos dóibh. An scéal céanna a bhí ann, pé an iad na Stáit Aontaithe a bhí i gceist nó an Bhreatain nó tíortha i limistéar an euro, an Ghréig, an Phortaingéil, an Spáinn anois, ár dtír féin ar ndóigh, agus sula i bhfad, b’fhéidir, an Iodáil.

Le cúpla seachtain anuas tá rírá sa Bhreatain de bharr mí-iompair eile fós i gceann de na bainc is tábhachtaí dá bhfuil acu, Banc Barclay. Is léir, in ainneoin an mhí-iompair ba chúis leis an ngéarchéim, go bhfuil a leithéid fós ar siúl ag an mbanc seo, agus iad ag ionramháil rátaí úis idirbhainc d’fhonn breis airgid a dhéanamh. Deirtear go bhfuil míchleachtais den chineál céanna ar siúl ag bainc eile.

Fós féin tá an rialtas sa Bhreatain ag troid go fíochmhar in aghaidh srianta a chur ar lucht baincéireachta. Tá, ar ndóigh, a gcúis féin acu leis sin. Luadh anseo cheana an tábhacht a bhaineann le Londain mar larionad seirbhísí airgeadais. Is iad na seirbhísí seo an tionscal is mó dá bhfuil acu anois, agus tá teacht isteach dá réir i gceist. Tá go leor cainte arís i limistéar an euro ar cháin ar idirbhearta airgeadais. Ní hamháin go mbeadh teacht isteach dá bharr, ach bheadh súil agus smacht níos géire ar lucht baincéireachta.

Is nimh sa bhfeoil ag an rialtas i Londain an gnó seo, agus is príomhchúis é go bhfuil an rialtas ag bagairt go nglaofar reifreann sa Bhreatain chun a mballraíocht san AE a athmheas. Bheadh impleachtaí ann don tír seo agus is ábhar buartha dár rialtas é. Tá ár lárionad seirbhísí airgeadais féin againn i mBaile Átha Cliath. Má tá sé beag, tá sé ag fás. Tá gradam áirithe ag baint leis. Céard a tharlódh dó dá gcuirtí an cháin úd i bhfeidhm san Eoraip? Is é an baol go mbaileodh na corparáidí airgeadais inár lárionad beag féin leo sall go Londain. Tá ár rialtas go mór in aghaidh na cánach. Tá an Ghearmáin agus an Fhrainc ina fhábhar.

Ach ba mhó fós ar bhfadhbanna dá n-imíodh an Bhreatain as an Aontas ar fad. Is léir go mbeadh an bhearna idir an dá stát méadaithe agus an chríochdheighilt daingnithe. Cé bheadh ina fhábhar sin?

Feasta, Lunasa 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo