Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Acht na Gaeltachta 2012
le Seán Ó Loingsigh


Ní bhíonn an staid sin seasmhach ná ina lánstad riamh. Sin is bun lena bhfuil ráite anseo go minic cheana nach féidir don teanga a bheith buan sa Ghaeltacht sa bhfadtréimhse, mura dtéann sí chun cinn sa chuid eile den tír.

——◊——

Tá go leor míshuaimhnis le brath fós maidir leis an mBille nua Gaeltachta. Ní hé an fuadar lenar seoladh an bille tríd an Oireachtas amháin is cúis leis, ach nach bhfuil aon duine róchinnte céard a bheidh mar thoradh air don Ghaelainn sa Ghaeltacht nó sa tír i gcoitinne. Ní féidir ag an bpointe seo a bheith cinnte nach bhfuil ann ach mar a bheadh seachmall, agus gur beag is fiú é in áit na mbuntáistí a bhain le scéimeanna éagsúla a bhí seanbhunaithe sa Ghaeltacht agus atá anois sciobtha chun siúil. Mar mhalairt ar cad é, a déarfar.

Ní féidir nach mbainfeadh amhras le coincheap mar phleanáil teanga i gcás gnáthdhaoine agus gnáthphobal atá scaipithe go fada fairsing ar fud na tíre. Deineadh tagairt anseo cheana do lucht maorlathais agus acadúlachta mar a bheadh siad ag ionramháil nó ag cur i ladar i ngnáthshaol agus gnáthchaidreamh i measc daoine a bhí ag cónaí i gceantair ar leith. Níltear ag rá go bhfuil aon ní míchuí nó thar fóir i gceist, ach is cinnte go mbaineann leochaileacht leis, agus is riachtanas é go mbeifí seachantach nach dtéití thar fóir nó go ndéarfaí go raibh blas den innealltóireacht shóisialta ar a raibh ar bun.

Tar éis an tsaoil, tá an tír seo go mór faoi chomaoin ag muintir na Gaeltachta, gur thug siad ár dteanga dhúchais slán trí go leor den anró agus mímhéin. Is eol dúinn an stair agus conas mar deineadh mór-iarractaí thar thréimhse an-fhada an teanga sin a dhíothú. Tharla sé sin, ar ndóigh, faoi réimeas a bhí go huile naimhdeach don tsaoithiúlacht dúchais agus a thuig gur bhaol í an Ghaeilge do bhuanseasamh an réimis iasachta i rialú na tíre seo.

Ach nach bhuil sé sin fada go leor laistiar dínn. Nuair a bunaíodh ár rialtas féin, ní raibh rian amhrais faoi thábhacht na teanga. Ba bhunphrionsabal a bhí ann go gcaithfí an teanga a tharrtháil ón mbaol ina raibh sí, agus tuigeadh thar aon ní eile an tábhacht a bhain leis an nGaeltacht agus leis an teanga bheo san obair sin. Bhain go leor easaontais pholaitiúil le bunú an stáit, ach ní raibh aon easaontas faoi thábhacht na Gaeilge agus mórthábhacht na Gaeltachta i gcás ár bpáirtithe polaitíochta i dtús ré an stáit seo.

An bhfuil baol ann anois go bhfuiltear ag fáil locht ar mhuintir na Gaeltachta de bharr chúlú leanúnach na teanga, ach go háirithe sna Gaeltachtaí laga. Is cinnte go bhfuil sí i mbéal báis i gcuid mhór díobh sin. Más amhlaidh, cé is ciontach leis sin nó conas mar a tharla? An bhfuil na pobail féin le milleánú?

Is féidir a rá sa chéad áit gurb é atá i gceist ná leanúint ar phróiseas atá ar siúl leis na céadta bliain sa chuid eile den tír. Seasann sé le ciall go mbeadh staid na teanga difriúil i gceantair éagsúla. Ní bhíonn an staid sin seasmhach ná ina lánstad riamh. Sin is bun lena bhfuil ráite anseo go minic cheana nach féidir don teanga a bheith buan sa Ghaeltacht sa bhfadtréimhse, mura dtéann sí chun cinn sa chuid eile den tír. Níl aon phleanáil a sháróidh é sin.

Ach maidir le pobail sa Ghaeltacht a bheith le lochtú, nó b’fhéidir a bheith le lochtú níos mó i gceantair áirithe seachas a chéile, séard is dóichí ar fad ná go raibh údaráis ar a raibh freagracht, pé polaiteoirí iad nó státseirbhísigh a raibh institiúidí a bhain leis an teanga faoina gcúram, go mór níos mó le lochtú ná pobail bheaga scáinte a bhí go minic ag stracadh leis an saol. Agus, go bhfóire Dia orainn, ní raibh tásc ná tuairisc ar phleanáil. Bhí sé, mar a déarfaí sa Bhéarla, suntasach ina easnamh.

Níltear, i ndáiríre, ag tabhairt faoi lucht pleanála ná faoi lucht maorlathais ná an t-aos acadúil, ná go háirithe faoin gcuid díobh a mbeadh lámh acu sa treo nua atá go cinnte le sonrú sa Bhille Gaeltachta. Ach chaithfí a bheith in amhras faoin treo nua seo, pé an é is mó is cúis leis sin an bealach ina bhfuil deireadh curtha scun scan le go leor soláthairtí agus scéimeanna a bhí i gceist sa Ghaeltacht le cian aimsire, nó leis an gcóras riaracháin réigiúnach a bhí á stiúrú, agus nach bhfuil fágtha againn ina áit anois ach an ‘phleanáil teanga’.

I ndáiríre is cuid riachtanach d’aon fhiontar an phleanáil, ach i gcás an Bhille Gaeltachta is í an phleanáil féin an fiontar. Is féidir nach bhfuil i gceist ach an Roinn ag cur in iúl do mhuintir na Gaeltachta gur cúram dóibh féin feasta féachaint chun leas agus cur chun cinn na teanga ina gceantair éagsúla féin, agus nach mbeadh an Roinn i mbarr feidhme seachas mar iniúchóirí ar na pleananna féin, agus mar mhonatóirí ina gcur i ngníomh. Ról an ‘Dearthár Mhóir’, is cosúil.

Is cosúil leis go raibh an tAire Stáit Donncha Mac Fhionnlaoich míshásta go maith leis an lochtú a deineadh ar an mBille nuair a tháinig sé faoi bhráid an tSeanaid. Ba chóir go dtuigfeadh sé go bhféadfadh leorchúis a bheith leis an lochtú agus an mí-amhras. Ní haon dea-thaithí atá ag pobal na Gaeltachta ná ag pobal na Gaeilge i gcoitinne ar leasaithe ná le treonna nua ach an oiread.

Thart ar dhaichead bliain ó shin bhí rialtas i gcumhacht nach raibh éagsúil ina chomhdhéanamh leis an gceann atá againn faoi láthair: b’shin é an rialtas a thóg malairt treo, nuair a cheadaigh siad nach mbeadh an Ghaeilge riachtanach feasta chun dul isteach sa státseirbhís. Is beag amhras ná gurbh é sin an cinneadh ba thubaistí dár ghlac aon rialtas ó bunaíodh an stát ó thaobh staid agus stádas na teanga de. Ba chasadh taoide a bhí ann. Is eol do chách anois an toradh a bhí ar an gcúlú sin maidir le héagumas na státseirbhíseach an Ghaeilge a úsáid leis an bpobal, ach níos measa ná sin conas mar a bhain an cinneadh sin ó sheasamh agus stádas na teanga go cinnte i réimse an oideachais, agus ar ndóigh i saol na tíre i gcoitinne. Ó, agus conas mar a dúradh linn go rachadh an feallghníomh chun leasa na Gaeilge sa státchóras!

Cá bhfios, murach an cinneadh tubaisteach rialtais sin nach mbeadh an riachtanas céanna ar aon chor le hAchtanna mar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus fiú Acht Gaeltachta! Agus ar ndóigh, ní bheadh an riachtanas céanna le hoifig an Choimisinéara Teanga, nó ar a laghad ní bheadh oiread de stró ar an gCoimisinéir féin agus é ag streachailt le ranna stáit a bhfuil a gcuid oifigeach chomh dall sin ar an gcéad teanga oifigiúil! Féach an t-airgead a bheadh le sábháilt sa mhéid sin féin. Ní hionadh ar fad nach nglacfaí leis an moladh go mbeadh ról ag an gCoimisinéir i monatóireacht na bpleananna teanga.

Ag caint ar sábháilt airgid, ceann de na fadhbanna atá leis an Acht Gaeltachta ná nach léir ar fad cé mhéid de thionchar a bhí ag deacrachtaí follasacha an státchiste i ndréachtadh an bhille. Is eol dúinn ón mbealach a cuireadh deireadh le scéimeanna Gaeltachta, agus an dúnadh oifigí agus laghdú foirne a tharla i bhfad chun cinn ar pé athruithe chun feabhais a éiríonn — má éiríonn — de bharr an bhille, nár bheag le háireamh iadsan, murab iad ba thábhachtaí ar fad. I ndeireadh na dála níl aon bhealach lena thomhas faoi láthair cén tionchar a bheidh ag an mbille seo maidir le leas nó aimhleas na Gaeltachta. Táimid i gcríocha anaithnid.

Ní mór a admháil, ag tagairt dá raibh le rá níos luaithe faoinar tharla nuair a bhí comhrialtas d’Fine Gael / An Lucht Oibre againn cheana, an tráth sin ar thréig an státseirbhís an Ghaeilge, nach é a bhí i gceist go bhfuiltear in amhras faoi na polaiteoirí atá anois i mbun rialtais, nó go bhfuiltear ag díriú orthusan go leithleach. Ní bheadh pioc amhrais orainn faoi dhúthracht an Aire Stáit Mhic Fhionnlaoich ná go deimhin i gcás an Taoisigh féin. Nach minic dúinn ag éisteacht leo agus iad ag spalpadh leo i gcanúintí bhlasta na gConallach agus Mhaigh Eo. I gcás an Taoisigh go háirithe níorbh aon dochar a bheith níos minicí ar a thóir chun ár n-imní a chur in iúl do faoina bhfuil i ndán don teanga, agus ár n-imní faoin mbille seo ach go háirithe.

Agus tá an imní sin ann go fóill. Nó an mbeidh sé ina acht faoin am a mbeidh sé seo á léamh, ní nárbh ionadh leis an bhfuadar a bhí faoi! Is díreach anois agus seo á scríobh a tháinig sé ar an raidió gur shiúil teachtaí uile an fhreasúra amach as an Dáil mar agóid in aghaidh chinneadh an rialtais an bille a chríocnú sula scoirfí don samhradh. Is tubaiste chaidrimh phoiblí é sin, agus ní chothaíonn sé lánmhuinín sa bhille ná i ndea-intinn an rialtais. An bhfuil sé i ndáiríre in am dul chun cainte leis an Taoiseach?

B’fhéidir anois go mbeifí ag filleadh ar an mBille / Acht arís faoi cheann míosa más fiú é dhéanamh faoin am sin. Tá dóthain le rá fós faoi na hathruithe —drochathruithe(!) — atá i gceist, maidir leis an Údarás, a chomhdhéanamh agus an daonlathas, an bhéim atá ar theorainneacha, agus cás na lagGhaeltachtaí. Agus níos tábhachtaí ná haon ní eile, conas a ghlacfaidh muintir na Gaeltachta leis, go háirithe tar éis ar tharla anois díreach sa Dáil?

Ach críochnaímis le dea-scéala. Is clos dúinn go bhfuil Leo Varadkar ag tabhairt turas ar Ghaeltacht Thír Chonaill i gcaitheamh an tsamhraidh agus fonn air feabhas a chur ar a chuid Gaeilge. Cé nach molfadh é, agus is le dúthracht a ghuímid saoire shona agus thairbheach dó. Níl aon amhras ná go gcuirfidh muintir na Gaeltachta fáilte chroíúil roimis. San am céanna mholfaimis dó fanacht glan de lucht an dlí thuas ansin.

Feasta, Lunasa 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais