Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Aidiachtaí Geografacha,


le Art Ó Maolfabhail


… ba léir ar shuíomh idirlín Roinn an Taoisigh nach n-aithnítear ar an suíomh sin an difríocht idir ‘Saighdiúirí na hÉireann‘ agus ‘Saighdiúirí Éireannacha’
Aicme spéisiúil iad na haidiachtaí atá bunaithe ar ainmneacha geografacha. Aidiachtaí ar nós ‘Connachtach’, ‘Laighneach’, ‘Muimhneach’, ‘Ultach’, atá i gceist. Cuid de na cinn is coitianta a úsáidtear inniu, is léir gur le fada atá siad ann. Measartha nua atá a lán eile, agus ó ham go chéile cuirtear ceann úr leis an liosta. Táimid chomh mór sin i dtaithí an chineáil seo aidiachta, mar aon leis an ainmfhocal a bhunaítear air, gur deacair an teanga a shamhailt gan é. Go deimhin, is dócha go gceapfadh cuid éigin daoine nach bhféadfaí féachaint leis an nGaeilge a úsáid dá mbeadh cosc ar fhocail de shaghas Ultach, Gearmánach, Meiriceánach, Sasanach. I ndáiríre, dá mbeadh toirmeasc ar úsáid na n-aidiachtaí seo, b’fhéidir go dtabharfadh sin orainn bheith níos beaichte in úsáid na teanga.

Ní bhaineann bunús an ainm gheografaigh le hábhar anseo, bíodh an t-ainm bunaithe ar ainm pearsa mar atá Lú, nó ar ainm pobal daoine mar atá Ciarraí, nó ar ghné éigin mar atá Corcaigh nó Ros Comáin nó Baile Átha Cliath.

Is dócha gurb í an tsimplíocht an bhua is láidre a ghabhann leis an mbealach seo le haidiacht a dhéanamh —(e)ach a chur leis an ainm geografach. Simplí atá sé le hainm simplí. Furasta ‘Corcaíoch’ a dhéanamh ar ‘Corcaigh’. As sin is féidir trácht ar ‘tuin chainte Chorcaíoch’, ‘Corcaíoch (éigin)’, agus ‘an Corcaíoch (áirithe) sin’. San abairt deiridh sin tá an focal ‘Corcaíoch’ in úsáid ar thrí bhealach — mar aidiacht a insíonn nádúr an tuin chainte, mar ainmfhocal éiginnte ag tagairt do dhuine éigin de bhunadh Chorcaí, agus mar ainmfhocal a rinneadh cinnte tríd an t-alt uatha ‘an’ a chur roimhe chun tagairt á dhéanamh do dhuine ar leith de bhunadh Chorcaí.

An fhoireann Chorcaíoch

Is beag locht a gheofaí ar ‘An Fhoireann Chorcaíoch’ mar abairt, ach is túisce a rithfeadh ‘Foireann Chorcaí’ linn. Foireann chinnte atá i gceist ansin agus tá an chinnteacht léirithe sa chéad abairt tríd an t-alt ‘An’ a chur roimh an ainmfhocal ‘Foireann’. Sa dara habairt ní gá an t-alt toisc go bhfuil cinnteacht i gceist san ainm dílis ‘Corcaigh’, atá curtha sa tuiseal ginideach de réir nós na Gaeilge.

Is deacair déanamh mar sin le Dún na nGall: tá doicheall éigin roimh ‘Dún-na-nGallach’, cé go mb’fhéidir go dtiocfaidh sé in úsáid faoi mar a tháinig ‘Bleá-Cliathach’ atá coitianta go leor, agus é tagtha as ‘caint na ndaoine‘ sin a thugann ‘Bleá Cliath’ ar an bpríomhchathair, de réir a dtraidisiún fuaimnithe nach bhfuil ag braith ar léamh na bhfocal.

I gcás Dhún na nGall de, is beag glacadh a bheadh le ‘An Fhoireann Dhún-na-nGallach’ faoi láthair. Mar sin bítear i muinín an dara bealaigh, is é sin, tuiseal ginideach an ainm gheografaigh a úsáid — ‘Foireann Dhún na nGall’ agus is foireann chinnte áirithe í sin. Chun éiginnteacht a chur in iúl is gá fós dul i muinín an tuisil ghinidigh ar bhealach fadálach — ‘foireann de chuid Dhún na nGall’ nó ‘foireann de bhunadh Dhún na nGall’ nó a leithéid.

Ach tá castacht eile sa scéal. De ghnáth is é an t-alt a dhéanann ainmfhocail cinnte d’ainmneacha geografacha áirithe — leithéidí An tAonach, An Muileann gCearr, Na Frosa, agus leithéidí Droichead an Chláirín agus Carraig na Siúire a bhfuil an t-alt istigh ina lár. Agus ansin tá leithéidí Cill Chainnigh agus Béal Átha Seanaidh ann, nach bhfuil alt ar bith le feiscint ná le cloisint iontu, ach ar ainmneacha cinnte iad mar sin féin de bharr a ndeilbhe — is ‘cill’ áirithe é Cill Chainnigh a bhaineann leis an phearsa chinnte ‘Cainneach’ agus is ‘béal’ áirithe, nó ‘béal átha’ áirithe é Béal Átha Seanaidh.

Bíodh nach bhfuil an t-alt chomh comónta in ainmneacha geografacha sa Bhéarla agus atá sa Ghaeilge, tá samplaí ann in Éirinn — The Curragh / An Currach, The Six Towns / Na Sé Bhaile. Tá samplaí Béarla sa Bhreatain chomh maith — The Needles, The Pennines. Mar an gcéanna tá an t-alt in ainmneacha geografacha i dteangacha eile, mar shampla, Le Havre, A Coruña, Los Angeles, al-Qáhira / Caireo, agus féach gurb é Il Cairo foirm Iodáilise ainm na cathrach deiridh sin. Freisin, is minic is gá plé leis an alt de réir rialacha na teanga, mar shampla Université du Havre (Ollscoil Le Havre).

Taithí Béarlóirí

Tá taithí ag Béarlóirí ar thrí bhealach le cáiliú as ainm geografach : (1) le haidiacht más ann dó — The Irish Flag; (2) ‘of’ a úsáid — ‘The Government of Ireland’; (3) an t-ainm geografach féin a úsáid mar aidiacht —’The Ireland Institute’ / ‘Institiúid na hÉireann’.

Is solaoid mhaith ar na deacrachtaí é ’The Ireland Institute / Institiúid na hÉireann’. Dhá ainm ’oifigiúil’ atá anseo sa mhéid go bhfuil siad roghnaithe ag an institiúid atá i gceist, agus iad sna teangacha oifigiúla cuí. De réir cruinnis níl ann ach ainm amháin agus dhá fhoirm ‘oifigiúla’ chun soláthar do riachtanais dhá theanga oifigiúla an stáit.

Ach cuir i gcás nár freastalaíodh ar an dá theanga, agus nár soláthraíodh an t-ainm ach i dteanga amháin de na teangacha ‘oifigiúla’, mar is minic a dhéantar i stát dátheangach na hÉireann. Mura soláthraíonn ‘úinéir’ an ainm an dá fhoirm, is dócha go bhfuil de chead ag daoine nach mbaineann leis an institiúid foirm sa teanga eile a sholáthar mar áis eolais do phobal na teanga sin. Go deimhin, is dócha go bhfuil an cead sin ann i leith teanga ar bith mar áis do lucht na teanga sin. San am céanna bíonn sé iontuigthe go bhfuil an dualgas ann bheith dílis do bhrí an bhunainm ’oifigiúil’.

Chun foirm Bhéarla a chumadh d’fhéadfaí roghnú as trí leagan: — ’The Irish Institute’, ‘The Institute of Ireland’, ‘The Ireland Institute’. Chun foirm Ghaeilge a sholáthar d’fhéadfaí roghnú as dhá leagan — ‘An Institiúid Éireannach’, ‘Institiúid na hÉireann’. Ach tá an cheist ann : An ionann brí na bhfocal sna cúig leaganacha? Is gá i gcónaí bheith dílis d’fheidhm an bhunainm, agus do ‘theachtaireacht’ an bhunainm, chomh fada agus is féidir. I gcásanna áirithe bíonn deacracht áirithe ann toisc nach mbíonn san ainm ach ‘ainm’, is é sin, cód tagartha. Dá réir sin, más mian linn é, is ainm é an tsraith digití ‘123’. Ní gá ‘brí’ a bheith san ainm, ach mar sin féin, is gnách ráiteas, fáisnéis a bheith ar iompar ag an ainm, bíodh an ráiteas sin follas nó faoi cheilt. Is féidir le hainm agus é curtha i dteanga eile an ráiteas sin a chur in iúl, nó é a chur i leataobh nó é a chamadh d’aonturas; comh maith leis sin is féidir leis an chamadh tarlúint d’aineolas.

Cuirtear ‘The Royal Ulster Constabulary / Constáblacht Ríoga Uladh’ i gcomparáid le ‘The Police Service of Northern Ireland / Seirbhís Phóilíneachta Thuaisceart Éireann / Polis Servis o Norlin Airlan’. Maidir le brí de, is ionann ‘Ulster/ Ulaidh’ sa chéad ainm agus ‘Northern Ireland / Tuaisceart Éireann / Norlin Airlan’ sa dara hainm, agus a lán dua caite le socrú na bhfoirmeacha, is dócha. Tá a fhios againn nach ionann brí do ‘Ulaidh / Ulster’ agus do ‘Tuaisceart Éireann / Northern Ireland / Norlin Airlan’ ach i gcomhthéacs áirithe polaitíochta. Léiriú é sin ar an scóp a thugann ainmneacha geografacha agus iad in úsáid go haidiachtúil chun dánaíocht a dhéanamh ar theorainneacha polaitiúla agus/ nó aiceanta.

Mná na hÉireann

Glactar cás de chineál eile. An ionann ciall do ‘Mná na hÉireann’ agus ‘Na Mná Éireannacha’? Gan dabht, ní hionann. Dhá choincheap ar leith atá ann. Agus i mBéarla is féidir ‘The Women of Ireland’, ‘The Irish Women’, ‘The Ireland Women’ a rá. An bhfuil trí choincheap ansin agus cúig choincheap san iomlán? Ní bheadh mórán bá le ‘The Ireland Women’. Agus déarfaí gur cuimsithí mar théarma ‘The Women of Ireland’ ná ‘The Irish Women’ faoi mar is cuimsithí ‘Mná na hÉireann’ ná ‘Na Mná Éireannacha’. Is é iomláine shlán an ainm ‘Éire’ (gin. ‘na hÉireann’) a thugann an chuimsitheacht don téarma ‘Mná na hÉireann’. Ní thugann an aidiacht ‘Éireannach’ an chuimsitheacht chéanna don ainmfhocal ‘Mná’, ainneoin an t-alt cinnte iolra a bheith ag gabháil le ‘Mná’.

Bunreacht na hÉireann

Anois féachtar an téarma ‘Bunreacht na hÉireann’. Ní fheictear ‘An Bunreacht Éireannach’ áit ar bith, ach is léir go n-úsáideann lucht dlí sa Bhéarla ‘The Irish Constitution’ agus ‘The Constitution of Ireland’ araon. (Cf. An liosta leabhar in Bunreacht na hÉireann: Two Texts or Two Constitutions? Mícheál Ó Cearúil, Institiúid na hÉireann / The Ireland Institute, Dublin 2002). An bhfuil ráiteas údarásach de dhíth ar phobal na hÉireann le foirm údarásach Bhéarla theideal Bhunreacht na hÉireann a fhógairt don saol?

Is cinnte go dtuigeann an Taoiseach agus an Tánaiste agus ceannairí na bpáirtithe uile sa Dáil ceart agus mícheart loighic na n-aidiachtaí a bhunaítear ar ainmneacha geografacha faoi mar atá leagtha amach thuas. Is cinnte go n-aithníonn siad idir ‘Mná na hÉireann’ agus ‘Na Mná Éireannacha’. Is dá bharr sin a baineadh creathadh asam i dtosach na bliana seo 2012, nuair ba léir ar shuíomh idirlín Roinn an Taoisigh nach n-aithnítear ar an suíomh sin an difríocht idir ‘Saighdiúirí na hÉireann‘ agus ‘Saighdiúirí Éireannacha’.

Feasta, Márta 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais