Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Fuadach agus Tóir, Cuntas ar scannal fuadaithe san ochtú haois déag,
le Mícheál Ó Bréartúin
• Kelly, James, ‘The Abduction of Women of Fortune in Eighteenth Century Ireland’,
• Eighteenth Century Ireland 1994, lgh 7 - 43
• Margery Weiner, Matters of Felony, Heinemann, Londain, 1967
Scannán: The Abduction Club, 2002, Stefan Schwartz, Stiúrthóir
Scannán a bhí ar an teilifís an oíche faoi dheireadh a chuir an leabhar atá faoi thrácht san alt seo á léamh agam. The Abduction Club ainm an scannáin. Tionscadal Sasanach a bhí sa scannán — airgeadú, stiúrthóir, príomhaisteoirí, srl — ach láthair agus tráth an scéil ná deisceart Chúige Laighean ag deireadh na 1770idí.
Snáth an scéil ná club a bhí ag boic óga nach raibh i dteideal sealúchas a n-athar a shealbhú toisc nárbh iad ba shine den chlann mhac aige, agus é mar aidhm ag an gclub banoidhrí a fhuadach agus a mhealladh le baill den chlub a phósadh, agus saol an mhada bháin a bheith acu féin feasta. Sa scannán fuadaítear beirt deirfiúr, maraítear saighdiúir atá sa tóir orthu, tarraingítear an dlí isteach sa scéal dá bharr, gabhtar an bheirt atá ag lorg na mban, daortar chun a gcrochta iad ach éalaíonn siad agus meallann na mná le himeacht leo go dtí an tOileán Úr. Tá scéal an scannáin níos casta ná sin, ar ndóigh, ach is leor an cuntas sin mar réamhrá ar a bhfuil le rá agam faoi na himeachtaí stairiúla ba bhonn leis an scannán.
Níor thug mé faoi deara agus mé ag breathnú ar an scannán an bhfuair Margery Weiner aon aitheantas ina leith, mar is léir go bhfuil an-chosúlacht idir eachtraí an scannáin, nó na heachtraí tosaigh pé scéal é, agus na heachtraí ar a bhfuil an cuntas ina leabhar Matters of Felony. Ní luaitear í, ná ní thugtar aon chúlra eolais faoi na himeachtaí, ar na sleachta faoin scannán atá ar an idirlíon. Ná níor éirigh liom tagairt ar bith do Matters of Felony a aimsiú ar an idirlíon ach an oiread, ach amháin é á lua ar liosta d’fhoinsí ar stair na nÉireannach a chuaigh chun na hAstráile, dá ndeoin nó dá n-ainneoin, ábhar ar a bhfuil fiche líne ar fad sa leabhar!
Is beag atá faoi Margery Weiner féin ar an idirlíon, ach í á lua i dtaca le roinnt leabhar a scríobh sí ar ghnéithe de stair na Fraince aimsir na Réabhlóide agus réimeas Bonaparte, agus le leabhar ar chúrsaí cócaireachta.
Fuadach bheirt deirfiúr ghustalacha a chuir a máthair ar mhargadh an chleamhnais i gCill Chainnigh Mí Mhárta 1779 is ábhar don leabhar seo. Beirt ógfhear neamhghustalacha (agus a gcúntóirí) a rinne an fuadach. Ach ní hí an chríoch chéanna a bhí ar an bhfuadach seo agus a bhí ar an gceann sa scannán agus ba chasta i bhfad cúinsí na heachtra.
Deir an Oxford Companion to Irish History go mba fhadhb an-mhór san ochtú haois déag fuadach banoidhrí:
‘Although some such episodes were collusive, intended to circumvent parental opposition, most were genuine kidnappings, intended to force the victim into an immediate wedding ceremony or to compromise her so thoroughly that marriage to the perpetrator became her only option.’
Mhaígh Froude go ndearna Caitlicigh banoidhrí Protastúnacha a fhuadach mar ghníomh díoltais as na Péindlíthe agus as a ndíshealbhú, ach dhiúltaigh Lecky don líomhain sin agus chruthaigh ón bhfianaise a bhí ar fáil nach raibh aon bhunús leis. Deir an Oxford Companion go n-aontaíonn staraithe inniu le Lecky gur chúis eacnamaíoch ba bhun leis an obair seo go hiondúil.
Cibé ar bith faoi sin, ní fíoch creidimh ba bhun leis an bhfuadach atá faoi thrácht sa leabhar, ó ba Caitlicigh iad na Misses Catherine agus Ann Kennedy, banoidhrí, agus Garret Byrne agus James Strange, fuadaitheoirí, uilig. Agus is ar ghné den scéal sin a leagann an t-údar cúis na trioblóide, .i. ar na Péindlíthe. Tugann sí cuntas an-iomlán ar na Péindlíthe agus ar a dtorthaí eacnamaíocha agus sóisialta. Tugann sí cuntas freisin ar an gcúlra staire agus léiríonn an Sasanach mná seo comhbhá le muintir na hÉireann á ríomhadh sin di.
‘Athmháistir’, nó príomhthionóntaí a tháinig idir an tiarna talún agus na fothionóntaíthe (ainneoin é a bheith ina Chaitliceach), a bhí in athair na gcailíní, agus neart airgid déanta aige dá bharr sula bhfuair sé bás. ‘Squireens’ a thugann an t-údar ar na fuadaitheoirí. An sainmhíniú atá ag Bernard Share i Slanguage ar an bhfocal sin ná: ‘An Irish gentleman in a small way who apes the manners, the authoritative tone, and the aristocratic bearing of the large landed proprietors.’
Faoi mar a mhíníonn Weiner, chros a ngalántacht ar na boic seo obair láimhe a dhéanamh nó imeacht le tráchtáil nó le sagartóireacht, agus chros na Péindlíthe orthu dul le harm (in Éirinn) nó leis an dlí, nó fiú le hardoideachas. Ní raibh acu ach an drabhlás agus ba ghá bealaí a aimsiú le híoc as.
Ba i Ráth na Maighdean sna Déise a bhí cónaí ar Mhuintir Chinnéide. Shíl an mháthair go gcuirfeadh sí na cailíní, anois go raibh siad sé bliana déag agus cúig bliana déag d’aois, ar mhargadh an chleamhnais ar ócáid na n-assizes, tráth reáchtála seisiún na gcúirteanna cuarda, i gCill Chainnigh, nuair a bheadh maithe agus móruaisle an cheantair ar an mbaile agus iad gafa le siamsaíocht agus spórt.
Ba as an gcomharsanacht do Garret Byrne agus dá chara James Strange, agus ó ba chol ceathair Garret leis na cailíní shíl an mháthair nach raibh aon dochar ann ligint do na daoine óga bheith i gcomhluadar a chéile. Bhí méid áirithe manaoise eatarthu, ach is cosúil gur ghlac na fir óga ní ba dháiríre leis an gcluiche ná mar a rinne na cailíní, agus nuair a mheasadar go raibh na cailíní ag déanamh faillí iontu chinneadar iad a fhuadach agus iad a mhealladh dá dheasca.
Ní go réidh a ghlac na cailíní leis an bhfuadach, go háirithe Ann nach raibh dúil dá laghad aici i James Strange, a bhí sa tóir uirthi féin. Chuir na fir d’iallach ar na cailíní dul trí shearmanas pósta (a reachtaigh ‘couple-beggar’, .i. cléireach nach raibh aon fhianaise ann ar shagart nó ministéir nó nárbh ea é) ar an mbonn go dtógfaidís abhaile go dtí a máthair iad an lá arna mhárach. Ní hamháin nach ndearnadar amhlaidh, ach rinneadar na cailíní a éigniú an oíche sin. Chuireadar an lasair sa bharrach trí fhógra a chur sa Leinster Journal cúpla lá ina dhiaidh sin go rabhadar i ndiaidh na cailíní a phósadh.
Dhealródh sé gur beirt shaonta na fir óga a shíl go mba leor na cailíní a fhuadach le méid a ndúil iontu a léiriú dóibh, agus go nglacfadh na cailíní go síochánta leo ina dhiaidh sin, agus go nglacfadh an mháthair freisin leo nuair a d’fheicfeadh sí go raibh na cailíní sásta. Ba bheag a thuigeadar Muintir Chinnéide. Láithreach sa chéad eagrán eile den Leinster Journal chuir Mrs Kennedy fógra ag tairiscint duais mhór d’aoinne a ghabhfadh na fuadaitheoirí agus a gcomhleacaithe, agus rinne gearán leis na húdaráis faoin scéal.
Níor gnó príobháideach é ní ba mhó. Níorbh annamh mná á bhfuadach san ochtú haois déag (agus gan an pobal ró-shuaite faoi), ach scéal ar leith a bhí i bhfuadach banoidhre: thuill a leithéid pionós an bháis.
Tá sé suimiúil go luann Gearóid Ó Cléirigh Brian Merriman i dtaca leis an ábhar seo in alt a bhí géar air (“‘Filíocht’, ‘Poetry’ agus Brian Merriman’” in Feasta, Márta 2005):
Bathlach de mhion-bhuirgéiseach ar a bhealach aníos a bhí ann [Merriman], é ag fonóid faoi litríocht a mhuintire, faoin Aisling mar shampla, mar bhleaist bhligeardaíochta, sea agus le greann a bhí ábhairín dóite, mailíseach. Bhain Merriman duais ón Royal Dublin Society as a fheabhas a bhí a chuid lín. Bhí éirí in airde air, é gnóthach ag bailiú maoine. D’fhág sé a cheantar dúchais ar eagla go bhfuadófaí a bheirt iníon, mar bhí spré ag dul leo.’
Bhain gearán Mrs Kennedy leis na húdaráis preab as na fir óga. Ní ábhar scléipe a bhí ann ní ba mhó. Bhíodar i mbaol a gcrochta, dá dtabharfadh na cailíní fianaise ina n-aghaidh. Agus ba chosúil go ndéanfaidís amhlaidh ach an seans a fháil.
Ní raibh a fhios acu céard a dhéanfaidís agus chaitheadar cúig seachtaine ag fálróid trí dheisceart Chúige Laighean. Dhealródh sé gur éirigh leo éalú ó fhórsaí an dlí toisc bá na Whiteboys a bheith leo. Faoi dheireadh chinneadar imeacht go Bordeaux, áit a raibh gaolta leo i mbun gnó. Chuige sin chuadar go dtí an Ros, baile cuain i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, mar a chuadar ar bhord loinge a thógfadh chun na Fraince iad. (Is cosúil, ainneoin cogadh a bheith ar bun idir an Bhreatain agus an Fhrainc, nár chuir sé sin stop le trádáil idir Éirinn agus Bordeaux.) Thóg na boic na cailíní, dá n-ainneoin, agus Patrick, deartháir le James Strange, ar bord freisin.
Caithfidh go bhfacthas sa Ros iad agus gur tugadh scéal do na húdaráis, mar le linn do na fir a bheith i dtír i gCill Mhantáin chun soláthairtí a cheannach agus deoch ceiliúrtha a ól, chuaigh oifigeach custaim ar bord na loinge, d’aimsigh na cailíní agus ghabh Patrick Strange. B’fhéidir go mba cúis faoisimh do na boic nach gcaithfidís aire a thabhairt do na cailíní ní ba mhó. D’éirigh leo éalú chun na Breataine Bige agus iad fós ag ceapadh go bhféadfaidís Bordeaux a shroichint. Chaitheadar sé seachtaine i Milford Haven sular braitheadh iad agus gur seoladh ar ais go hÉirinn iad. Cuireadh i bpríosún i gCill Chainnigh iad, mar a raibh Patrick Strange cheana, go dtí go gcuirfí triail orthu.
Idir an dá linn bhí a máthair i ndiaidh na cailíní a thógaint abhaile go Ráth na Maighdean chun teacht slán ó sceimhle a bhfuadaithe. I rith an ama bhí gaolta na bhfear óg ag dul dian ar na cailíní glacadh lena ‘bpóstaí’ agus gan fianaise a thabhairt ina n-aghaidh. Bhí fonn díoltais go háirithe ar Ann, cé nach raibh Catherine chomh diongbháilte sin, ach ní raibh sí cinnte ar theastaigh uaithi tuilleadh airde a tharraingt ar a scéal. Fiú muna mbeidís sásta glacadh lena bpóstaí, mura dtabharfaidís fianaise sa chúirt ní bhfaighfí na fuadaitheoirí ciontach.
William Hayes, seiceadóir uacht a n-athar, a chinntigh go gcuirfí triail ar na hógfhir. Thóg sé na cailíní go Baile Átha Cliath, áit ar fhéach sé chuige gur thugadar a scéal don Phríomh-Bhreitheamh agus gur shíníodar teistíocht, nó deposition, dá réir.
Ní go dtí Deireadh Fómhair 1780 a cuireadh triail orthu agus ar Patrick Strange, i gCill Chainnigh. Thug na cailíní araon fianaise, ach dob í fianaise Anne Byrne, deirfiúr le Garret agus comhfhuadaitheoir leis, a chinntigh go dtabharfaí breith in aghaidh na bhfear: shíl sí go gcruthódh litir a chuir sí ar fáil go raibh na cailíní i ndiaidh toiliú dá bpóstaí, ach nuair a chroscheistíodh í, bhí uirthi admháil gurbh í féin a rinne an litir a bhrionnú. Daoradh na fir chun a gcrochta agus cuireadh chun báis iad.
Lean drochthorthaí a bhfuadaithe na cailíní ina dhiaidh. Mheas an pobal go rabhadar míréasúnta gan glacadh lena ‘bpóstaí ‘. (Ghlactaí leis ag an am, ba chuma cé chomh neamhthoilteanach agus a bheadh an ‘bhrídeach’, ach searmanas pósta a reáchtáil os comhair sagairt nó ministéara, go mba phósadh bailí an toradh.) Anois go mba ‘baintreacha’ iad bhíodar saor chun ’athphósta’, rud a rinneadar i ndiaidh tamaill, ach ní go ráthmhar.
Mioneachtra sa stair shóisialta eachtra an leabhair. Tá sé ar cheann de na fuadaigh atá luaite in alt le James Kelly, ‘The Abduction of Women of Fortune in 18th Century Ireland’, san iris Eighteenth Century Ireland 1994 (lgh 7 - 43), áit a deir an t-údar gurbh é a bhí mar thoradh ar an bhfuadach áirithe seo ná ‘to hasten the end of the permissive attitude among gentry to the abduction of women of fortune’; ní hé gur chuir a leithéid isteach ar an gcinseal ná ar na bochtáin: tharla an cineál eachtra seo i measc na n-aicmí idir eatarthu, go hiondúil ar an gcomhéadan idir ‘lowly gentry agus strong farmers, idir strong farmers agus snug farmers, agus idir businessmen agus their employees’. Tá ‘dán áitimh’ faoin eachtra i Verse in English from 18th Century Ireland le Andrew Carpenter.
Níl aon chúis agam a cheapadh nach bhfuil na fíricí go réasúnta cruinn ag Margery Weiner. Scriosadh na cáipéisí dlí a bhain leis an scéal nuair a dódh na Ceithre Cúirteanna i 1922, ach bhain sí leas as tuairiscí a bhí sna nuachtáin ag an am agus as cuimhní cinn a scríobhadh ina diaidh. Í féin, ar ndóigh, a chum na smaointe a chuireann sí i leith na gcailíní agus na mboc agus an cead sin aici de cheal aon fhianaise eile.
Níl aon tagairt sa leabhar do chúrsaí teanga, agus is dócha nach féidir eachtrannach a lochtú mar gheall air sin. Ach níl aon tagairt do na cúrsaí sin ag James Kelly ina alt fada léirmheastóireachta ar an bhfeiniméan in Eighteenth Century Ireland ach an oiread. Bhí cónaí ar Mhuintir Chinnéide i gceantar atá ina Ghaeltacht go fóill, ach is dócha gur féidir glacadh leis ó bhí an t-athair ina athmháistir go raibh an teaghlach i ndiaidh casadh ar an mBéarla. Dhealródh sé freisin gurbh amhlaidh dá ngaolta na Byrnes, má bhí Ann in ann litir a bhrionnú — bí cinnte go luaifí nárbh as Béarla don litir dá mb’amhlaidh a bhí an scéal.
The Abduction Club, an scannán a chuir ag léamh an leabhair seo mé, níl sé ar mhórscannáin na haoise, ach má thagann sé ar an teilifís, go háirithe thart ar mheánoíche nuair is laige an fonn critice, bhainfeá taitneamh as. Maidir leis an leabhar, ní móide go bhféadfá é a cheannach i Hodges Figgis ná in Eason’s ná, fiú, i Siopa an Chonartha —feicim gur cheannaigh mé i bhfad ó shin é ar 55p agus é remainderálta.
Na Leabhair
• Kelly, James, ‘The Abduction of Women of Fortune in Eighteenth Century Ireland’, Eighteenth Century Ireland 1994, lgh 7 - 43
• Margery Weiner, Matters of Felony, Heinemann, Londain, 1967
• Scannán: The Abduction Club, 2002, Stefan Schwartz, Stiúrthóir
Nóta ón Eagarthóir:
27 Lúnasa seo caite tháinig dhá alt chugam ó Mhícheál Ó Bréartúin, innealltóir agus scríbhneoir réimsiúil cumasach. Nuair a chuireas-sa an chéad cheann acu, ‘Gnó an Phinn: easnaimh ar réimnsí na scríbhneoireachta Gaeilge’ i gcló ar eagrán Deireadh Fómhair den iris seo, is beag a shíleas nach mairfeadh sé le halt na míosa seo, ‘Fuadach agus Tóir’, a fheiscint i gcló. Beannacht Dé lena anam dílis ideálach. Braithfimid uainn é.
Feasta, Márta 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|