Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta


I gCill Áirne: 2010
le Proinnsíos Ó Duigneáin

Ní samhail dom do chumraíocht,
Mar feicim tú ag eas an Toirc
Is do dheora goirt ag dul le sruth.

Is tugaim omós duit, a aonaráin,
Nár ghéill riamh,
Nár fheac glúin,
Nár ghoir cabhair,
Go ndeachais síos i gcré,

Mar thug tú dúshlán lucht an tsotail
Ar bheag leo do bhinneas béil,
Do mheabhair mhear,
Do chlisteacht briathar.

Is níor cuireadh riamh ded threoir tú,
A fhile aonraic 'thug aghaidh do chraois

Ar Chineál Brúin is orthu siúd
'Shíl satailt ar do dhúchas.

Ach dearbhaím duit,
A fhile ionraic,
Go gcloisim do ghuth
Tré cheobhrán easa,
Thar áirsí ama.
Cloisim do ghuth,
Cloisim do ghuth,
A Aogáin bhoirb Uí Rathaille.


Glórtha Ban
le Pádraic Harvey

Tá an páiste ina luí,
Slán, sábháilte, socair.
Monabhar na mban sa seomra thíos
Ag cogarnaíl sa chloigeann air.

A gcomhráite ciúine cinniúnacha
Á chur chun suain, mar a dhéanadh
Dán aduain, é faoi dhraíocht
Ag seoithín agus sámhnas an airneáin.

Seanchomharsana ag sracadh
Leis an saol, buartha ’s ag brath
Ar scáth a chéile. Ag roinnt na rún,
Cinnte, ach amháin faoin éiginnteacht.

Faoi léigear ag an chríonnacht,
Na mná seo, anois in aois na maitheasa,
An ghlúin ghonta, iad beo ar éigean:
A ndúnta* ag briseadh, a ndóchas ag tréigean.

*Dúnadh briste = interrupted cadence

Feasta, Márta 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo