Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Gan amhras ní raibh na sluaite ar na sráideanna, bratacha ar foluain ná bannaí ceoil ag pramsáil nuair a thug Xi Jingping, leasuachtarán na Síne, cuairt orainn le déanaí. Ní bheadh an gradam céanna ag baint leis mar chuairt agus dá mba Barack Obama nó an bhanríon Eilís II na Breataine a bheadh tar éis bualadh isteach chugainn, mar a tharla ní rófhada ó shin.
Mar sin féin bhí suntasacht agus a thábhacht féin ag baint leis mar ócáid, a léirigh dúinn an dul chun cinn atá déanta ag an tSín i gcúrsaí caidrimh idirnáisiúnta le tamall de bhlianta. Bhí cáil ar an tír sin ag dul siar amach sa stair maidir le rúndacht agus doicheall, agus le cumarsáid agus teagmháil le tíortha eile a sheachaint, ach go háirithe leosan ar a ngairmtear ‘tíortha an Iarthair’. Bhí drochamhras as tíortha an Iarthair, agus bhí leordhóthain fáthanna stairiúla leis sin.
Ansin lenár linn féin níor mhór an cúnamh an réimeas cumannach a tháinig chun cinn sa tSín chun aon scaipeadh a dhéanamh ar an doicheall agus an drochamhras maidir leis an Iarthar. Anois is léir go bhfuil an scéal sin athraithe, agus go bhfuil ceann de na tíortha is mó ar domhan ó thaobh achair agus daonra chun lánpháirtíocht a ghlacadh feasta i gcúrsaí cumarsáide idirnáisiúnta.
Nach bhfuil sé suimiúil mar sin gur thug Xi Jingping, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sé ina cheannaire sa tSín sar i bhfad, an chuairt seo orainn. Is beag amhras ná go bhfuil baint ag ár mballraíocht san Aontas Eorpach leis an turas, agus gurb é an tAontas an margadh is mó atá ag an tSín dá dtionscail déantúsaíochta. Pé ní, ba léir go raibh fíorchaoin fáilte roimh an leasuachtarán ag an rialtas anseo. I laethanta seo na géarchéime beidh siad ag súil go mbeidh dea-thoradh ar an gcuairt ó thaobh na heacnamaíochta de.
Ní sinne amháin, ar ndóigh, a bhíonn ag bladar leis an tSín. Tá tíortha níos mó agus níos cumhachtaí ná an tír seo ag déanamh amhlaidh. Leis an dea-thoil seo ar fad bheadh roinnt leisce ort tagairt a dhéanamh d’aon easnamh daonlathais, nó aon leithcheal a fhéadfadh a bheith i gceist maidir le cearta daonna. Aisteach go bhfuil na mórthíortha mar na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, agus an tAontas Eorpach féin faoi láthair chomh dícheallach i mbun agartha agus fiú troda le tíortha go leor ar fud an Mheán-Oirthir, agus iad san am céanna i mbun bladair leis an tSín. Sampla eile fós den real politik a chleactann na mór-náisiúin.
Ach d’fhéadfadh go bhfuil bonn níos fearr lenár gcuid bladair féin. Siar amach nuair a ghlacamar páirt leis na Náisiúin Aontaithe i gcéaduair, bhí go leor nach raibh sásta go raibh de dhánacht i ndaoine mar Frank Aiken, C. Crús Ó Briain agus Freddie Ó Beoláin labhairt go tréan i bhfábhar bhallraíocht na Síne sna Náisiúin Aontaithe. B’fhéidir gur eol do Xi Jingping faoi sin.
|