Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Cúraimí Rialtais & Binsí Fiosraithe

le Seán Ó Loingsigh


D’ainneoin an mhóraimh ollmhóir atá ag an rialtas agus na míthtreorach i gcás an fhreasúra, níor mhiste dár gceannairí polaitiúla labhairt ar bhealach níos barrainní ar ócáidí poiblí.


Bliain go díreach ó shin bhíomar ag déanamh áibhéile anseo, mar is minic linn, faoi thorthaí an olltoghcháin a bhí díreach thart. Réabhlóid a bhí tar éis tarlú, dar linn, ag tagairt don sléacht a bhí déanta ar Fhianna Fáil agus bua mór Fhine Gael. B’fhearr, gan amhras, a bheith níos tomhaiste leis an bhfoclaíocht. Má ba réabhlóid a bhí ann, diabhal mórán dá thoradh atá le feiscint againn bliain chun cinn. Is cinnte nár doirteadh aon fhuil.

Is fuirist a bheith ag súil leis an iomarca, agus thar aon ní eile nach é an t-ionadh ar fad chomh deacair atá sé a chur ina luí orainn gur fuar fánach mar ghnó é a bheith ag súil go gcloífidh polaiteoirí lena ngeallúintí réamhthoghcháin. Is beag ar an saol seo atá níos éasca ná cluain a chur ar an té sin a théann isteach i mboth an vótála.

Pé ní, is léir anois tar éis bliana nach bhfuil tráithnín de dhifríocht idir an cur chuige a bhí ag an rialtas deireanach agus iad ag dul i ngleic lenár bhfadhanna eacnamaíocha agus cur chuige an rialtais atá ag plé leo faoi láthair.

Leanfar de bheith ag laghdú an easnaimh sa bhuiséad, ag stealladh airgid leis an dá mórbhanc dhúchasacha, agus níos measa ná aon ní eile i súile a lán, fiú i measc lucht an t-saineolais, ag aisíoc a gcuid airgid le lucht an chearrbhachais, nó sealbhóirí bannaí mar a b’fhearr leo féin mar ainmníocht.

Agus bí cinnte nach é atá i gceist ar aon chor, dá ndéanfaí ath-rith ar an olltoghchán ar maidin go mbeadh aon mhórathrú ar an toradh. Bhí ar tharla dosheachanta, b’fhéidir. Fiú le déanaí nuair a ceistíodh an Taoiseach thall san Eoraip faoi cad ba chúis leis an tubaist eacnamaíoch a tharla anseo, agus go ndúirt sé mar fhreagra gur saint a bhí i gceist agus daoine a bheith imithe as a meabhair le barr teaspaigh, níor léir go raibh fonn mór ar aon duine a bheith rodhian air, bíodh go bhfaighfí freagra chomh fealsúnta céanna in aon teach tábhairne in Éirinn díreach roimh am dúnta.

Ba mhó oilc a chuir a raibh le rá ag an Aire Airgeadais ar dhaoine, nuair a dúirt sé gur stíl mhaireachtála ba chúis leis an imirce i measc go leor daoine óga, mar a tharla le cuid dá chlann fein. D’ainneoin an mhóraimh ollmhóir atá sa Dáil ag an rialtas agus na míthtreorach i gcás an fhreasúra, níor mhiste dár gceannairí polaitiúla labhairt ar bhealach níos barrainní ar ócáidí poiblí.

Ag caint dúinn ar gheallúintí polaitiúla bhí go leor le rá ag an Taoiseach roimh an toghchán faoi leasuithe móra a bhí beartaithe aige ar ár gcórais pholaitiúla, toghchánaíochta agus riaracháin. Anois táthar tar éis a fhógairt go bhfuil sé i gceist coinbhinsiún bunreachtúil a thionól chun na ceisteanna seo a phlé.

Nó an é sin atá i gceist leis an gcoinbhinsiún seo? Séard atá fógartha go dtí seo ná go mbeifear ag plé pósadh comhghnéis, aois vótála agus an téarma uachtaránachta a ísliú go cúig bliana. Féach air sin anois! An sampla eile atá anseo den chleas coitianta ag ár máistrí polaitiúla an t-amadán a sheoladh píosa eile den bhóthar? Tá fhios ag an saol nach iadsan na ceisteanna is tromchúisí faoin spéir i gcúrsaí an lae inniu sa tír seo.

Is cinnte nach dóibh a bhí an Taoiseach ag tagairt roimh an toghchán. Go sonrach bhí sé ag tagairt do dheireadh a chur le dáilcheantair ilsuíochán agus an córas aonvóta inaistrithe, agus deireadh a chur leis an Seanad chomh maith céanna. Sin gnóthaí a bhfuil substaint agus tábhacht ag roinnt leo, ní hionann agus an útamáil a luadh sa pharagraf deireanach. An bhfuil bob á bhualadh orainn mar sin?

Ina theannta sin, ní fhéadfaí gan a bheith in amhras faoin gcoinbhinsiún féin mar ghléas oiriúnach don chineál oibre atá i gceist. Tuigtear go mbeadh thart ar chéad ball páirteach ann idir dhlíodóirí, pholaiteoirí agus bhaill den phobal, tofa is cosúil mar a bheadh ar chrannaibh. Tá blas na geáitsíochta ar an gcur chuige seo. Is go díreach chun a leithéid sin de ghnó a dhéanamh atá polaiteoirí tofa ag an bpobal, agus ba chóir dóibh bualadh ar aghaidh leis, le cúnamh pé comhairle a bheadh riachtanach dóibh ó shaineolaithe.

Cúpla bliain ó shin bhí go leor cainte ar thionól pobail, go mór mór ag daoine a mbeadh suim sa pholaitíocht acu, ach san am céanna a mbeadh drochmheas acu ar ghnáthpholaiteoirí agus ar an gcóras polaitiúil i gcoitinne. D’fhéadfaí a rá faoi seo gur cineál sárú a bheadh ann ar an bpróiseas aitheanta polaitíochta.

Go deimhin is ceist fíorthábhachtach agus fiú phráinneach atá anseo againn, agus is féidir gur tábhachtaí ná riamh anois go raghfaí i ngleic léi i bhfianaise an chineál éigeandála atá ag luí ar an tír faoi láthair. Tá sé go mór in amhras gur córas sásúil nó éifeachtach an córas vótala, an córas aonvóta inaistrithe, nach bhfuil in úsáid i dtír eile ar domhan ach amháin i Málta. Sa deireadh is ar an bpobal a thitfeadh sé an cheist seo a réiteach, agus ní ar thráchtairí ná ar shaineolaithe, ach is cúram do na polaiteoirí í a chur faoi bhráid an phobail go cothrom agus go soiléir.

Tá sé coitianta faoi láthair a bheith drochmheastúil faoinár bpolaiteoirí, faoin líon díobh atá ann, agus faoina dtuarastail agus a bpinsin, gan trácht ar a neamhéifeacht i gcoitinne. Bheadh sé sin le tuiscint de bharr an drochchaoi ina bhfuil ár staid eacnamaíoch agus an milleán atá tuillte acu dá bharr. Is iad na meáin chumarsáide a chothaíonn cuid mhór den mhilleánú. Is féidir dul thar fóir leis. Maidir le líon na bpolaiteoirí, pé ní atá i ndán don Seanad, is é is dóichí go mbeadh laghdú ar líon na dTeachtaí Dála dá dtéití ar aghaidh leis na leasuithe ar an gcóras vótála.

Is beag is tábhachtaí inár saol poiblí ná go mbeadh córas sásúil rialaithe againn. Má gheall an Taoiseach roimh an olltoghchán go dtabharfadh sé aird ar an gceist seo, níor mhiste a chur ina luí air anois nár gheallúint í ar chóir dó a ligean i ndearmad. Maidir leis na leasuithe a luadh níos luaithe, más iadsan amháin atá beartaithe níl iontu ach cur i gcéill i gcomhthéacs a bhfuil riachtanach i ndáiríre.

Gan amhras, déarfar faoi láthair gur thall san Eoraip atá an t-aicsean, agus is léir gurb é sin dearcadh an Taoisigh agus a mhinicí a bhíonn sé sall agus anall. Ba dhóigh leat nach raibh ceist níos tábhachtaí le plé ná an riachtanas atá le reifreann eile maidir le comhshocrú nua fioscach an Aontais Eorpaigh.

An bhfuil imní ag méadú faoi fhuadar an Aontais i dtreo Stát Feidearálach na hEorpa? An bhfuil an máistreás Angela Merkel meáite air? Tá baol ann go bhfuil ár n-aire ar fad dírithe ar chúrsaí eacnamaíocha agus go bhfuil faillí á dhéanamh sa pholaitíocht, a d’fhéadfadh a bheith go mór níos tromchúisí sa bhfadtéarma. Is baolach leis go bhfuiltear ag glacadh leis nach mbeadh rath ar chúrsaí geilleagair an Aontais gan chomhdhlúthú feidearálach mar thacaíocht leis. Is soiléir nach bhfuil iontaoibh ag an nGearmáin as tíortha mar an Ghréig, an Phortaingéil agus an tír seo, nó i ndáiríre as aon tír eile san Aontas, go gcoinneoidh siad smacht cuí ar a gcuid caiteachais agus iad ag súil, b’fhéidir, go n-íocfaidh na Gearmánaigh a gcuid fiacha.

In aineoinn a ndeir polaiteoirí, tráchtairí agus maorlathaithe an Choimisiúin, níl sé soiléir ar aon chor go bhfuil stát feidearálach riachtanach chun an tAontas Eorpach a thabhairt slán agus an euro a bhuanú mar chóras airgeadaíochta. Nach leor na rialacha an-dochta atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair, mar is eol do mhuintir na Gréige agus dúinne anseo in Éirinn, chun a chinntiú nach dtarlaíonn éigeandáil eile mar atá ann faoi láthair.

Nach bhfuil sé le foghlaim ón stair nach mbeadh a leithéid buan. Mar a dúradh anseo cheana, féach conas mar tharla don Aontas Sóivéadach agus don Iúgslaiv lenár linn féin.

Ba shuim lenár nUachtarán nuathofa an cheist seo, is léir! I Londain dó le déanaí is cosúil gur luaigh sé go mb’fhéidir go nglaofaí cruinniú den Chomhairle Stáit, má cheadaíonn an rialtas an comhshocrú fioscach gan reifreann a thionól. Féach anois go bhfuil a breith tugtha ag an Ard-Aighne agus reifreann eile chugainn.

Feasta, Márta 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais