Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Leathchos ar an Urlár
Gearrscéal le Liam Prút
Is dócha gur trí chleamhnas a pósadh Master Joe Ó Donnabháin ó Ghníomh go Leith agus Síle Meaigs Ní Mhainchín as an Ráth Bheag, corradh ar dhá mhíle ón Ráth Mhór. Fuaireadar beirt bás agus beagán le cois deich mbliana agus trí scór an Bhíobla acu, ach gan mórán coinne lena mbás, go han-luath i ndiaidh a chéile tuairim is scór bliain ó shin, Síle Meaigs in ospidéal Chill Airne agus Master Joe, go raibh an leasainm eile an ‘Quarter-Master’ nó an ‘Quarter’ air ó laethanta na hÉigeandála nuair a bhí sé gníomhach san LDF, in Ospidéal an Phobail, Sráid an Mhuilinn.
Sa Chúrsa Fada i nGníomh go Leith a bhí cónaí orthu agus ní pósadh gan a sciar féin de ghnáthbhuarthaí an tsaoil ab ea acu é, de réir cosúlachta. Bhí Síle Meaigs i gceannas ón taobh sóisialta dhe sa phósadh, í tíosach ó thaobh an airgid de agus sách deacair a shásamh sna cúrsaí margántaíochta a bhain le beithígh a dhíol nó a cheannach agus maidir le conacra a ligean amach ar cíos. Ba í rialaitheoir an teaghlaigh í. Is dócha gur déanach ina saol a phósadar agus, dá bhrí sin, nach raibh de ‘chlann’ aici faoina rialú ach a fear céile bocht, Master Joe. Choinnigh sí smacht ar Mhaster Joe — de réir a cumais! — ó thaobh na dtithe a raibh sé ceadaithe dó cuairt a thabhairt orthu. Ní raibh leisce ar bith uirthi a cosc a fhógairt os ard ina dhiaidh agus Master Joe ag iarraidh teach airneáin éigin de chuid na gcomharsan a bhaint amach os íseal.
Deirtear uair amháin gur lean a mhadra é trasna na páirce go dtí go raibh sé ag dul isteach doras theach Uí Chrualaoich — na comharsana ba ghile leis riamh agus i bhfad sular tháinig Síle Meaigs chun cónaithe sa cheantar! — ach bhí teach Uí Chrualaoich coiscthe air ag a bhanríon. Ach, a thúisce istigh é go sábháilte, dar leis, thosnaigh an madra ag tafann go láidir lasmuigh de dhoras cúil an tí agus scaoileadh a rún ar Mhaster Joe sa tslí sin.
Glaodh abhaile le mursantacht ansan air gan aon mhoill. Agus b’éigean don bhfear bocht filleadh ar an teach agus é míshásta go maith. Dhearbhaigh sé dá chomharsa, Síofra Uí Chrualaoich, áfach, go dtiocfadh sé ar ais go luath agus go mbeadh sé cinnte an chéad uair eile nach leanfadh an madra mallaithe é mar go mbeadh sé ceangailte go daingean sa scioból aige agus féasrach nua aige air, dá mba ghá san!
B’fhéidir nárbh í an bhean idéalta aige Síle Meaigs ach b’fhearr go mór fada aige í ná gan aon bhean in aon chor, agus is dócha gur sa tslí sin a shocraigh sé glacadh lena mhargadh agus cur suas don chroí dóite.
Ealaíontóir ar a dhá chois ab ea Master Joe ó thaobh rince dhe agus ba de bharr a chumais rince, agus dá bharr san amháin, a dhámhaigh pobal Shliabh Luachra a chéim máistreachta air. I gcúrsaí praiticiúla an tsaoil, áfach, is leor an mháistreacht nó neachtar acu an mháistreásacht in aon teach ar bith, agus, dá réir sin, ba mháistreacht mós díomhaoin ab ea máistreacht Mhaster Joe.
Maidir le cúrsaí rince dhe, ní raibh céim ná steip ar bith ag Síle Meaigs ach, más ea fhéin, cheadaítí dá fear céile a chuid steipeadaíola a dhéanamh i measc na ndaoine nuair a bhíodh caoi aige chuige ar bhainis nó le linn féile na Bealtaine nó ar laethanta amhail Lá ’le Stiofán. Tá dála éagothrom san an rince mar inspioráid le dáinín nó dhó i dtaobh na beirte.
I solas dhá shúl Shíle Meaigs ní raibh tada le hinsint. Fágadh ansan í i leataobh an tslua le linn an rince nuair a bhí an t-urlár faoina fear céile agus pé páirtí a bhí aige ar an urlár. Bhí súile gach aon duine sáite sa bheirt rinceoir, súile Mheaigs mar aon leo. Ba gheall le héan róin é in ascaill na mná, ach dá ainneoin sin, níor ghoill an radharc oiread na fríde uirthi. Bhain bosca an cheoltóra léim thobann as a raibh d’fhuinneamh agus de chroí mhuintir Shliabh Luachra sa halla leis an racht gaoithe a chuir sé dhe. Agus nuair a ghabh Master Joe a ionad i lár an halla athuair, leáigh a croí ina lár le teann bróid agus shamhlaigh sí gur i Hollywood a bhí sí i measc na réaltaí móra amhail Fred Astaire nár chumas dóibh caiscín a fhuinnt mar a fhéadfadh sí féin nó Críostaí ar bith sa gceantar.
Nuair a bheadh an rince thart, bhí a fhios ag Síle Meaigs gurbh é an seanscéal céanna arís acu é. Chuirfeadh sé a lámh dheas timpeall uirthi, agus thosnódh an greann arís aige amhail is gurbh í an chéad uair riamh acu é le chéile i nGníomh go Leith. Ón uair a chuir sé leathchos ar an urlár, agus bíodh nárbh ise a pháirtí ar an urlár, ba léi go pearsanta pé creidiúint a shaothraigh Master Joe. Má b’eisean ba mháistir ní foláir nó b’ise ba mháistreás. Ba chuimhin léi fadó nuair nach raibh an tAthair Ó Laoghaire, séiplíneach nua na huaire sin, ach tagtha agus gur thug sé meitheal le chéile chun halla paróiste a thógáil. Níor le haghaidh an rince an halla i dtosach, ar ndóigh, ach ba chuma san; bíodh gur mór an t-airgead bingo a bhailigh an halla don pharóiste, is mar láthair rince is mó a baineadh leas as.
Chuimhnigh sí ar na héanlaithe ag bailiú leo abhaile tráthnóna ón bhfarraige. Ba é an dreoilín rí na n-éan agus ba é Master Joe ba rí ar an láthair rince, bíodh halla ann dó nó ná bíodh. An uair sin fadó bhaintí an doras dá insí agus ba bheag póigín a d’fhéad sé a thapú fad a bhí a chosa teoranta don dá throigh go leith faoina sé throigh go leith. An uair úd ní chailleadh sí radharc ar a éadan. Lean an slua rinceoirí é sa halla amhail is gur lucht fiaigh iad i ndiaidh an mhada rua. Bhí an rince deireanach fógartha agus chas sé aniar ar cheann an fhiaigh; ba léi féin a rince déanach.
Scéilín eile, a insíodh faoi Mhaster Joe agus a chuid rince agus ní miste é a insint anso, bíodh gur faoina leasainm eile, an Quarter, a craoladh é:
Scríobh an file áitiúil, Neid Ó Buachalla, dán mar gheall ar an Quarter — dán a bhaineann le rince a cuireadh ar bun i gCnoc na Graí i lár na ndaichidí ar mhaithe le hairgead a shaothrú d’Fhine Gael. D’fhreastail an Teachta Dála Patrick Palmer, TD do Chiarraí Theas, agus a iníon ar an rince. De réir gach tuairisce ba spéirbhean cheart amach as na Flaithis í an iníon. Bíodh sin mar atá, agus creid é nó ná creid, nár iarr an Quarter babhta ar an urlár rince ar an spéirbhean agus seo mar tharla, i bhfocail Neid Uí Bhuachalla —
Quarter danced with Palmer’s daughter,
She had no step and he was sorry after.
Tá scéal ann leis faoin gcuid ‘shuaimhneach’ de shaol pósta Mhaster Joe a bhain le sábháilt an fhéir. Bhí an t-údar Pádraig Ó Lineacháin i láthair i gceantar dúchais a mháthar i dtrátha an fhómhair bliain amháin agus is é a d’inis an scéal so ina thaobh:
Duine de na comharsana a bhí ag obair ag sábháilt an fhéir i dteannta Mhaster Joe agus bhí súgán féir nuadhéanta aige á chaitheamh anall chuig Master Joe a bhí ar an taobh abhus dá choca féir nuathógtha. Gach aon uair a chaití an súgán chuige ón taobh eile bheireadh an ghaoth ar an súgán sula mbaineadh sé amach barr an choca agus thiteadh sé siar arís chuig fear a chaite. Lean sé seo de bheith ar siúl agus Master Joe fós ag fanacht lena shúgán chun é a chur i gceangal agus an coca féir a fhágaint ar lámh shábhála. Sa deireadh, nuair a bhí an séú nó an seachtú caitheamh imithe sa bhfraoch orthu agus an coca fós gan cheangal, labhair Master Joe go deas réidh:
‘Idn’t it fond ’ou are of it?’
Sin an aithne a bhí ag cách air: fear socair séimh ab ea Master Joe.
Mar fhear mé fhéin, is dócha gur mó a bheadh bá agam le Master Joe — nárbh aon mháistir é ar a thinteán féin in aon chor le fírinne! — seachas le Síle Meaigs. Is dócha gur fearr a thuigfeadh na mná do Shíle Meaigs? Agus, ní fheadar an leor an smear-aithne a bhí agam ar aon duine de bheirt acu chun a cheadú dom na tuairimí seo a nochtadh ina dtaobh in aon chor! Ach, an bhfuil a bhac ar aon duine eile an scéal ‘fírinneach’ a insint ina dtaobh?
‘The mass of men lead lives of quiet desperation’ a dúirt H. D. Thoreau, agus ní foláir nó is fíor sin i gcás fhormhór mór na mban freisin? An cine daonna, idir fhir agus mhná, gan aon amhras, atá i gceist leis an nath sin, ‘the mass of men’. Thug Síle Meaigs togha an aireachais de réir a cumais agus a tuisceana do Mhaster Joe agus táim cinnte gur dhíol Master Joe an comhar léi. Máistir eile fós a shocraigh tráth bainte an fhéir dóibh, an tráth a mbeadh deireadh le hairneán agus le rince agus an luach a bhainfidís amach ar a gcuid conacra ar an gCúrsa Fada.
Gura i measc lucht steipeadaíola Dé dóibh beirt faoi shonas agus faoi shuaimhneas agus faoi scáil bhog an lóchrainn shíoraí!
Feasta, Meán Fómhair 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|