Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Goradh leis an nGréin

Gearrscéalta le Liam Hodder.
Foilsitheoir: Coiscéim. Praghas: €8. 88 lch.


Léirmheas le Síle Ní Mhurchú

Ní hé seo an chéad leabhar ó pheann Liam Hodder – cuimhnímis ar an mbailiúchán filíochta Domhnall gan a bheith óg (1996), an t-úrscéal Gal i mo phíopa (2003) agus Na róid allta (2010), bailiúchán de dhánta grá le Petrarch aistrithe go Gaeilge. Ocht gcinn de ghearrscéalta atá in Goradh leis an nGréin. ‘Muna bhfuil tine agat féin, dein do ghoradh leis an ngréin’ an seanfhocal a cuireadh mar ­eipeagraf leis an leabhar agus is comhairle í seo a oir­eann do chuid mhaith de na pearsana sna scéalta a leanann.

Sa chéad scéal, ‘An tSeift’, buailimid le triúr buachaillí atá ar tí dul thar tairseach isteach go dtí domhan nua atá braite acu, domhan nár thuigeadar a bheith ann roimis sin (lch 3). Saoirse ó chlipeadh na scrúduithe an toradh, dar leo, a bheidh ar an seift atá ceaptha acu, ach is saoirse de shaghas eile ar fad a bhaineann siad amach ar deireadh.

Tá gontacht sa phrós anso agus sna comhráití idir na carachtair a léiríonn fuadar agus mífhoighne an déagóra. Tugtar an-chur síos ar ghluaiseacht agus ar gheáitsíocht an triúir – méireanta agus lámha agus coirp ag corraí agus ag léiriú chorraitheacht na gcarachtar. Gabhann na garsúin trí rite de passage rúnda agus tá an cur síos ar gach boladh agus gach fuaim agus gach radharc a bhuaileann leo chomh ­cruinn sin go mbeidh an léitheoir féin ar tinneall mar aon leo. Tús maith, mar sin.

I dtrí cinn de na scéalta, tá na carachtair sáite de dheoin nó d’ainneoin i ­bpolaitíocht na hÉireann ag tréimhsí éagsúla sa bhfichiú haois. In ‘An Maor’, buailimid le hArd-Leifteanant Chontae Chorcaí agus a chuid seirbhíseach. Laistiar de chuirtíní bheilbhite an Tí Mhóir le linn Chogadh na Saoirse a thiteann an scéal amach agus tugtar cur síos tuisceanach ar dhearcadh na gcarachtar éagsúla ar na hathruithe atá ag teacht ar an saol.

In ‘An Deartháir’, buailimid le fear atá dulta ar imirce chun na Nua-Shéalainne. Ag tosach an scéil seo, cuirtear i láthair mar charachtar crua soiniciúil é, mar a bheadh frithlaoch i bhfilm noir, ach de réir mar a théann an scéal ar aghaidh, tuigimid go bhfuil idir ghrá agus ghráin ag an bhfear dá dheartháir Cathal a maraíodh sna Trioblóidí agus go gcaithfidh sé dul i ngleic leis na mothúcháin seo.

In ‘An Léirsiú’, tá grúpa poblachtánach ag máirseáil ar shráideanna Chorcaí i gcoinne na H-Blocanna ach tá formhór mhuintir na cathrach beag beann orthu. Cuimhníonn an príomhcharachtar ar a sheanathair a sheas ar na sráideanna céanna le linn shochraid Thraolaigh Mhic Shuibhne. An phoblacht a samhlaíodh dá sheanathair, ní hann di; tachtadh í ‘faoi choirp na bhfear a chum is a cheap í’, dar leis an seanathair, agus tá an garmhac ar aon tuairim leis. Bhraithfeá go bhfuil an fear óg tachtaithe ag díomá agus frustrachas agus go gcaithfidh sé teacht ar shlí éigin amach astu so. Tá na carachtair sna trí scéalta so ag iomrascáil le ceisteanna tromchúiseacha – conas is ceart do dhuine nó do phobal dul i ngleic le mórghluaiseachtaí na staire, cathain is ceart cúis pholaitiúil a leanúint nó a thréigean, cad is laochas ann, conas a théann laochra na staire i bhfeidhm orainn, an ­bhfaightear gach laoch in aisce? Níl freagra simplí ann ar aon cheann acu so, mar a léiríonn Hodder.

Tá an insint mall, tomhaiste sa scéal ‘An Feitheamh’. Bean nach féidir léi clann a bheith aici, glacann sí misneach agus í ag cuimhneamh ar an gcomhairle a chuireadh a seanmháthair uirthi nuair a bhí sí beag. Tagann casadh ar an scéal ag deireadh agus ní aniar aduaidh a thagann sé ar an léitheoir ach fós, is léiriú deas é an scéal seo ar chaidreamh idir sheanmháthair agus ghariníon agus ar an tslí a mhair­eann cainteanna na marbh i meabhair na mbeo.

Is deas, leis, mar a nasctar an dá shnáth sa scéal le chéile sna habairtí deireanacha. Déileáiltear leis an neamhthorthúlacht arís in ‘An Eitilt’. Má ghuigh an bhean in ‘An Feitheamh’ go dtí an bPápa agus má éist sí le piseoga, is le glúin eile a bhaineann an dara bean. Tá rian ré an tíogair Cheiltigh le feiscint go láidir ar shaol na mná so – tá post mór aici in earnáil na fógraíochta agus rachmas aici féin agus a fear céile dá bharr. Ach, níl sí istigh léi féin. Míníonn sí go bhfuil ‘ardaithe céime is bónais’ ag titim anuas uirthi ‘mar a bheadh eisileadh adamhach ar mhuintir Shearnóbail’. Stróinséir a bhuaileann léi ar eitleán a ghríosaíonn í lena saol a athrú, ar deireadh. Locht a bheadh agam ar an scéal so ná go bhfuil sé beagán leamh – na ­téamaí a chíortar ann, is mó alt a foilsíodh mar gheall orthu cheana i nuachtáin agus in irisleabhair agus ní dóigh liom go bhfuil aon léargas sa bhreis le fáil orthu anso.

Tá ‘An Hata’ níos turgnamhaí ná an chuid eile de na scéalta sa bhailiúchán ó thaobh stíle de. Chuimhneofá ar an hata babhlaera a bhí mar mhóitíf i saol Sabina in The unbearable lightness of being le Milan Kundera ach sa scéal so, ­gluaiseann móitíf an hata ó charachtar go carachtar ag tuar oilc nó dóchais dóibh.

In ‘An Máistir’, tá seanduine, file agus iarmháistir scoile, ag dul ag maireachtaint in áras seanóirí. Tagann sé ar a leagan féin de bhelle dame sans merci an fhile Keats agus é ag ­tabhairt aghaidhe ar an mbás. Fós féin, ní scéal duairc é seo. Chímid go bhfuil tuiscintí ag an máistir ar an saol anois ná raibh aige nuair a bhí sé níos óige agus tugtar cur síos liriciúil dúinn ar mhóimintí deireanacha a bheatha.

Cuid de na carachtair sna scéalta so, is dócha gur Béarla nó teangacha eile a labharfadh a leithéid sa tsaol ceart ach éiríonn le Hodder na comhráití eatarthu a chur i láthair go hinchreidte trí mheán na Gaeilge. Braithim go mb’fhéidir nach bhfuil na bancharachtair sna scéalta chomh sásúil leis na fireannaigh – tá cuid mhaith de na mná i rólanna steiréitipiciúla agus is minic iad ag feidhmiú mar a bheadh figiúirí in aisling seachas mar dhaoine daonna le smior ina gcnámha agus fuil ina bhféithleoga.

Tríd is tríd, tá stíl phróis Hodder snasta soléite agus lán d’íomhánna suaithinseacha agus de mhionshonraí a léiríonn gnéithe de phearsantacht na gcarachtar. Tá sé de nós ag an údar casadh beag a bhaint as cora cainte seanbhunaithe, rud a fhágann go dtaibhsíonn a chuid scríbhneoireachta dúchasach agus nua ag an am céanna agus cé go bhfuil na scéalta dáiríre, tá greann íoróineach iontu in áiteanna leis. Tá éagsúlacht bhreá sna scéalta so, mar sin, agus is cinnte go mbainfidh léitheoirí sásamh as Goradh leis an nGréin.

Feasta, Meán Fómhair 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais