Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Garret FitzGerald agus Paddy Hillery:
Beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn, Cuid 2
le Maolsheachlainn Ó Caollaí
Teoiricí Macnamara
Sa tréimhse idir foilsiú thuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge agus foilsiú an Pháipéir Bháin, i bhfoirm freagraí ar thuarascáil an Choimisiúin, leanadh de na hionsaithe a bhí tosaithe ag an Ollamh John J. O’Meara agus an tOllamh E.F. O’Doherty. Ar an dá alt ba mhó tionchair bhí ‘Report on Irish: Psychological Aspects’ a scríobh An tAthair John Macnamara, PhD., léachtóir le Síceolaíocht Oideachasúil i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach, in Studies, Summer 1964 agus ‘Language Proposals Can be Dangerous’ le Garret FitzGerald, a foilsíodh ar The Irish Times i lár Eanáir 1964.
Bhunaigh Macnamara a alt, cuid mhaith, ar thráchtas PhD a bhí scríofa aige d’Ollscoil Dhún Éideann sa bhliain 1963. Foilsíodh an tráchtas sin mar leabhar, Bilingualism and Primary Education sa bhliain 1966. Go hachomair, dúirt Macnamara i Studies go raibh fianaise aige go raibh dochar á dhéanamh do chaighdeán an Bhéarla a bhí ag páistí Éireannacha i ngeall ar an am a bhí á chaitheamh agus ar an aird a bhí á thabhairt ar an nGaeilge. D’easaontaigh sé freisin leis an tuairim a nochtaigh an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge, agus a bhí bunaithe ar thaighde a rinne Peal agus Lambert i gCeanada, go raibh buntáistí intleachtacha agus oideachasúla ag baint le dátheangachas. Shíl sé go raibh sé geall a bheith cinnte go raibh múineadh na Gaeilge ag cur bac áirithe le forbairt intinne na bpáistí. Bhí an-tionchar go deo, agus tá go fóill, ag tuairimí Macnamara, dá sheanchaite agus dá sheanbhréagnaithe iad, ar dhearcadh An Roinn Oideachais, a bhí rannpháirteach leis san obair pháirce a rinneadh don tráchtas.
Na Maindiríní i gCeannas
An nós a bhí ann ag an am ná nach mbíodh aon bhaint ag an Aire Oideachais le polasaithe oideachais! An tAire Oideachais, Ristéard Ó Maolchatha agus é ag caint sa Dáil i mí Iúil na bliana 1957 a scaoil an rún sin amach. Ceist do na státseirbhísigh, do na bainisteoirí agus do na múinteoirí ab ea polasaí oideachais, dar leis, agus lena gcomhairleoirí sa Roinn. Ina leabhar A Troubled Sky maíonn John O’Connor, (a mbíodh Seán Ó Conchubhair air tráth,) iar-Ard-Rúnaí ar an Roinn Oideachais, nach raibh spéis ag eagras na múinteoirí náisiúnta i bpolasaithe oideachais agus nach raibh baint ar bith ag na bainisteoirí scoile leis na gnéithe tuata den oideachas, ach an oiread. D’fhág sin go raibh ollchumhacht agus tionchar míchuibheasach ar an oideachas ag na hardstátseirbhísigh sa Roinn Oideachais féin. Léirigh iompar cuid de na hAirí Oideachais le tamall beag de bhlianta anuas, go háirithe iompar an Aire Ní Ainiféin i dtaobh an tumoideachais, nach bhfuil laghdú ar bith ar chumhacht na státseirbhíseach sin ó shin.
Ag an am atá faoi chaibidil againn, bhí cuid de na sean ard-státseirbhísigh fós ar son na Gaeilge, ach bhí dream eile ann, dream a bhí níos óige, a bhí ag teacht aníos, a raibh Gaeilge acu de bharr a gcuid scolaíochta, ach a shíl gur cur amú ama agus airgid ab ea múineadh na Gaeilge. Anois, bhí ‘fianaise’ acu ón Athair Macnamara go raibh dochar as cuimse á dhéanamh d’aigne agus d’fhorbairt na leanaí ag an nGaeilge sna scoileanna.
Ar dhream de chineál eile is mó a chuaigh tuairimí Garret FitzGerald i bhfeidhm. Cé go raibh aird aige ar thuairimí Macnamara, argóintí polaitiúla is mó a d’úsáid sé agus is dóigh gur ar lucht polaitíochta agus lucht na mórmheán ba mhó a chuaigh a chuid tuairimí faoin nGaeilge i bhfeidhm i dtosach.
Polasaí Fhine Gael
I mí Mhárta 1958 labhair an Dr J.J. O’Meara, scoláire Laidne, le cruinniú den Research and Information Centre de chuid Fhine Gael. D’ionsaigh sé múineadh na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta agus tharraing sé go leor airde. Labhair Garret FitzGerald níos mó ná uair amháin ag cruinnithe an fhochoiste sin. Mhol Garret dóibh polasaithe a ghlacadh ar an gceist náisiúnta a bheadh éagsúil ar fad le polasaithe Fhianna Fáil. Ag an am sin bhí an chuma ar an scéal go raibh polasaí an-láidir ar son na Gaeilge ag Fianna Fáil. Ní raibh sé feiliúnach ag an am easaontú go mór le Fianna Fáil faoin gcríchdheighilt, ach ó tharla an Ghaeilge a bheith faoi ionsaí, d’fheill sé d’Fhine Gael an deighilt idir iad féin agus Fianna Fáil a dhéanamh níos soiléire trí sheasamh diúltach a ghlacadh ar cheist na Gaeilge.
Ar ndóigh, bhí daoine i bhFine Gael, nó luaite leis ar bhealach éigin, a bhí go mór i bhfách leis an nGaeilge. Ní raibh duine ar bith in Éirinn a bhí níos tugtha don teanga ná Earnán de Blaghd, agus cé go mba chara mór é le Desmond FitzGerald, níor athraigh sé a thuairim i dtaobh na Gaeilge riamh. Bhí an Ginearál Ó Maolchatha mar an gcéanna, ach bhí daoine agus eití eile ann a bhí ar bís agus iad ag fanacht ar an deis chun deireadh a chur leis an athréimniú.*
Duine acu sin ab ea James Dillon, fear a bhíodh, mar ba dhual athar dó, go mór ar son na Gaeilge tráth, ach i bhfad sara ndeachaidh sé i gceannas ar Fhine Gael i 1950 bhí sé ar mhalairt aigne. Ag deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí, nuair a d’fhógair sé polasaí frithéigeantais, bhíodh sé ag cur a chosa uaidh faoin nGaeilge éigeantach agus ag rá go rabhthas ‘ramming Irish down our throats’ ( Sa pháipéar Inniu, i 1961, dúradh gurb é a bhí ar siúl ag an Diolúnach ná ‘ram-éis’! )
In Iúil na bliana 1958, d’fhoilsigh National Observer, míosachán nua Fhine Gael, alt leis an Ollamh Myles Dillon, deartháir le James. ‘Can Ireland survive without Irish?’ an teideal a bhí air agus, iontas na n-iontas, an freagra a thug an tOllamh le Léann Ceilteach ná ‘yes’. Mar a dúirt an tOllamh Francis John Byrne; ‘Perhaps because most Celtic scholars have a linguistic bias in favour of texts written in “good Old Irish” they tend to look with some contempt on works dated later than the ninth century’. An meas céanna a bhí acu ar an teanga labhartha.
Deirtear go raibh tionchar ag Myles ar James, ach ní dócha go raibh ar Myles a dhearcadh i dtaobh na Gaeilge a chur siar i scórnach an dearthár. Mar a dúirt beathaisnéisí James, Maurice Manning, ‘…his hatred of compulsory Irish and the identification of the language with a narrow kill-joy philosophy was to be a consistent theme of his political life’.
Faoi cheannas James Dillon i 1961 d’fhógair Fine Gael go laghdófaí stádas na Gaeilge sna scoileanna agus sa státchóras dá mbeadh siad san rialtas. Ach i ngeall ar Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge a bheith ar gor ag an am, ní raibh an oiread airde ar pholasaí 1961 is a bhí ar a chomharba a foilsíodh i 1966.
Nuair a foilsíodh Tuarascáil Dheiridh an Choimisiúin in Eanáir 1964, níor lig Garret FitzGerald a leas ar chairde! Taobh istigh de sheachtain bhí alt scríofa aige do The Irish Times, ‘Language Proposals Can be “Dangerous”: Methods Point to Failure in Future’ an teideal a bhí air. Bhí tionchar bunúsach ag na tuairimí a nochtadh sna haltanna seo ar Fhine Gael sa chéad áit, ach i measc dreama níos leithne chomh maith. Nuair a d’fhoilsigh Fine Gael cáipéis dar teideal Irish Language Policy ar ball, thacaigh maithe móra an pháirtí, James Dillon, Liam Cosgrave, Ritchie Ryan agus M.J. O’Higgins go poiblí leis, ach ba é Garret FitzGerald, nach raibh ach ina sheanadóir go fóill, a roghnaíodh chun an polasaí a chur i láthair ar Theilifís Éireann, agus mheas tráchtairí ag an am gur bhua mór don Ghearaltach é an polasaí a bheith glactha ag an bpáirtí.
Náisiúntacht Chiníoch
Faoin am sin, shíl Garret, mar a shíl Myles Dillon, go bhféadfaí náisiúntacht bhuan Éireannach a chothú, beag beann ar an nGaeilge mar theanga bheo. Ní shílim gur cíoradh ná gur ceistíodh an tuairim sin go bunúsach riamh. Ainneoin nár chreid Garret sa chiníochas, is dóigh liomsa go bhfuil bonn ciníoch leis an tuairim sin. An amhlaidh go bhfuil cáilíocht éigin sa bhfuil nó sna cnámha nó sna géinte ag muintir na hÉireann a choinneoidh a náisiúntacht slán gan an Ghaeilge, agus ainneoin ollchumhacht an chomhshamhlaithe Angla-Mheirceánaigh?
Teorainn le Tábhacht na Gaeilge
Bheadh dul amú ar an té a cheapfadh nach raibh meas ar bith ag Garret ar an nGaeilge. Bhí meas teoranta aige ar an nGaeilge mar iarsma ón tseanaimsir, mar chuid den oidhreacht náisiúnta agus mar eochair do chuid dár stair, amhail Leabhar Cheanannais nó iarsmaí Dhoire na bhFlann. Ach bhí teorainn le tábhacht na Gaeilge. I ngeall ar an mbaint a bhí ag gluaiseacht na Gaeilge leis an athbheochan náisiúnta, deir Garret gur shíl bunaitheoirí an stáit go raibh fiacha ag gluaiseacht na Gaeilge ar an stát nua agus gurbh shin an fáth go dtugadar stádas don teanga. Is cosúil gur shíl sé go raibh na fiacha sin glanta go maith faoi dheireadh na gcaogaidí agus go raibh sé in am bogadh ar aghaidh. Dúirt sé freisin go raibh an teanga ag cothú deighilte leis an Tuaisceart.
Gráin ar Lucht na Gaeilge
Fearacht James Dillon bhí gráin aige ar riachtanas na Gaeilge san Ard-Teistiméireacht. Dá mhéad a dhrochmheas ar riachtanas na Gaeilge ba mhó go mór a dhrochmheas orthu siúd a bhí ag iarraidh í a athbheochan. Ní raibh de chuspóir ag na daoine a rinne an cinneadh í a dhéanamh riachtanach sa scrudú sin ach, ‘a petty- minded attempt to penalise a small minority of children, many of them probably from families which never had any tradition of Irish speaking’ (The Irish Times, 08.02.1964). I bhfolach san abairt sin arís tá tuiscint chiníoch ar náisiúntacht na hÉireann. Níor bhain an Ghaeilge, fiú mar theanga oidhreachta, ach leo siúd a raibh sí ag a muintir nó a sínsear rompu. Ach caithfidh gur shíl sé gur bhain an Béarla le ’chuile dhuine. Dúirt sé go lom go raibh sé inghlactha go mbeadh an Béarla agus gnéithe eile den saol ‘compulsory’, mar gur thuig ’chuile dhuine go soiléir go raibh fáth leis an éigeantas sin!
Gairm Slógaithe don LFM
Cé gur scríobh sé an t-alt seo, a foilsíodh in The Irish Times, go cúramach, níor éirigh leis, má thriall sé sin, an col a bhí aige le lucht na Gaeilge, le hathbheochan na Gaeilge agus le polasaí na hathbheochana a cheilt. Shíl sé gur dream cúng-aigeanta, claonta, bigóideach iad lucht athréimnithe na Gaeilge. Chun cur síos orthu, thogh sé an focal ‘compulsionists’. Mheas sé go raibh mionlach suntasach ina measc a raibh a dtuairimí á gcur i láthair i dtéarmaí ollsmachtacha — ‘totalitarian’ a dúirt sé. Bhí cuimhne fós ag daoine ar Hitler agus Stalin agus bhí an focal sin in úsáid go coitianta ag an am mar mhasla agus mar ‘gha boilge’ nach dteipfeadh air namhaid a chloí. Dúirt sé nach mbeadh clann na saoirse sásta glacadh le Gaeilge riachtanach sna scoileanna agus sa státseirbhís, rud ar thug sé ‘compulsion and bribes’ air. Ar ball bhí na téarmaí seo agus téarmaí gaolmhara le léamh gach lá ar na nuachtáin in altanna agus i litreacha chuig an eagarthóir ó lucht an Language Freedom Movement.
Ba é éirim an chuid eile dá alt in The Irish Times i 1964 ná go raibh náisiúntacht na hÉireann préamhaithe sa Bhéarla, nach raibh gá leis an nGaeilge chun féiniúlacht na hÉireann a chaomhnú, nach bhfuair bunaitheoirí an stáit cead ó na daoine an Ghaeilge a athbheochan, agus nach bhfuair aon rialtas an cead sin ó shin. Anuas air sin, dar leis, bhí mionlach beag díograiseach ag brú polasaí na hathbheochana ar mhóramh a bhí ina choinne, móramh nach raibh feargach go leor le cur ina choinne go gníomhach. Shíl sé áfach go raibh fearg an mhóraimh sin ag éirí chomh láidir sin anois go sáródh sé amach anseo díograis an ‘mhionlaigh’ a bhí i bhfábhar athréimniú na Gaeilge. Ba gheall le fógra slógaithe é sin don dream a bhí ag an am sin ag cur beartas an LFM ina shuí.
Míthuiscint Bhunúsach
An dul amú ba mhó ar fad a bhí ar Garret, agus ní ar Garret amháin, mar bhí impleachtaí móra polasaí ag baint leis, ná gur mheas sé go raibh diúltaithe don athréimniú ag muintir na hÉireann toisc nár thosaigh siad ag labhairt Gaeilge in a saol seach-scoile tar éis dóibh í a fhoghlaim ar scoil.
‘The evidence is there’ a deir Garret, ‘in the shape of the refusal of the people, all but a tiny fraction of whom have received an extensive training in the language at school to make practical use of it in their normal lives’. D’éirigh leis agus le daoine eile an tuairimíocht earráideach sin a áiteamh ar Fhine Gael — agus ar dhreamanna eile. Dúirt sé gur léirigh easpa dul chun cinn na hathbheochana nár theastaigh ó na daoine baint ar bith a bheith acu leis an teanga. Shíl sé gur cheart do lucht polaítaíochta feidhmiú dá réir, is é sin, deireadh a chur leis an iarracht athbheochana.
Ach tarlaíonn malartú teanga i bpobal de bharr oibrithe nó próisis chomhdhaonnaigh. Ní ionann sin agus gníomh áirithe tola na ndaoine. Ní leor cumas sa Ghaeilge a bheith go forleathan chun í a chur á labhairt go forleathan. Ní gá eolas a bheith ag duine ar an tsocheolaíocht leis sin a thuiscint. Tar éis an tsaoil, nach raibh ardchumas sa Ghaeilge ag na glúnta a chuir an Béarla in uachtar mar theanga labhartha? Nach bhfuil fianaise ann go raibh aiféala ar chuid acu go raibh orthu an teanga a mharú? Taispeánann an eolaíocht go dteastaíonn go leor tacaíochtaí comhdhaonnacha, go háirithe stádas ard teanga agus athrú gnásanna comhdhaonnacha teanga, chomh maith le cumas sa teanga chun teanga a réimniú sa phobal. In ainneoin an leagan amach ginearálta eolaíoch a bhí aige faoi ábhair eile, is cosúil nár thuig Garret an méid sin, nó nár lig a dhearcadh ginearálta i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh lucht a labhartha dó é a thuiscint.
Anuas air sin, dúirt sé gur baineadh amach saoirse sna blianta 1919 go 1923, go raibh an tsaoirse sin á sárú ag polasaí Gaeilge an stáit, nach raibh údarás ag aon rialtas ‘to set a boundary to the march of the nation’ agus go raibh dualgas ar ‘dhaonlathaigh’ cur i gcoinne pholasaí na hathbheochana.
Suirbhéithe Tuairimí
Ar na saolta seo ní dhéantar iontas de shuirbhéithe ar thuairimí. Reachtáiltear iad go minic, agus is minic aird ar leith orthu nuair a thuairiscíonn siad ar thacaíocht na ndaoine do pháirtithe agus polasaithe polaitiúla, go háirithe roimh thoghcháin. Ach anuas go dtí 1964 ní raibh trácht ar bith ar shuirbhéithe ar thuairimí na ndaoine i dtaobh na Gaeilge. Déanta na fírinne níor deineadh suirbhé, córasúil, neamhchlaonta i dtaobh na Gaeilge sa tsochaí go dtí gur deineadh suirbhé mór Mhic Ghréil i mBaile Átha Cliath i 1972-1973, agus suirbhé mór cuimsitheach An Choiste um Thaighde ar Dhearcadh na nDaoine i dTaobh na Gaeilge (CLAR) i 1974/1975. Níl fhios agam cén fáth nár chuir an Coimisiún um Athbheochan na Gaeilge taighde den chineál sin á dhéanamh. B’fhéidir nár cuireadh comhairle cheart orthu nó b’fhéidir nach raibh na hacmhainní acu chuige.
(Caitheadh acmhainní móra ar obair CLAR. Dúnadh an tsúil láithreach ar torthaí taighde Mhic Ghréil agus CLAR, agus táthar fós ag dúnadh na súl ar na torthaí taighde sin atá fós bailí, ach sin scéal eile ar gá é a ríomh uair eile).
Bhí an ceart ag Garret nuair a cháin sé an Coimisiún i ngeall ar an easpa nó faillí seo. Ar ndóigh, bhí Garret féin ciontach sa choir a chuir sé i leith an Choimisiúin — shíl sé, ar bhonn earráideach agus gan fianaise ó shuirbhéithe eolaíocha, go raibh formhór na ndaoine i gcoinne na hathbheochana agus in aghaidh na Gaeilge. Chruthaigh suirbhéithe Mhic Ghréil agus CLAR agus gach suirbhé eile dá chineál a deineadh ó shin nach raibh an ceart aige.
Cúpla seachtain tar éis an t-alt sin a bheith foilsithe, ar an 21 Feabhra 1964, foilsodh suirbhé a rinne Irish Marketing Surveys Ltd a mhaígh go raibh 76% de na daoine a ceistíodh i bhfábhar ‘the teaching of Irish in national schools’, ach go raibh 72% i gcoinne an Ghaeilge a bheith ‘compulsory’ sna meánscoileanna. Chuir sin dlús leis an gconspóid, agus ar ball ba é an chloch choirnéil ar pholasaí teanga Fhine Gael é. Is dóigh liom gurb é seo an chéad suirbhé margaíochta inar cuireadh ceisteanna faoin nGaeilge.
Ag an am, cháin gníomhaithe Gaeilge an chaoi ar cumadh an ceistneoir. Sa cheist faoi mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna, ag teacht le teoiric na suirbhéireachta, níor úsáideadh foclaíocht chorraitheach agus fuarthas toradh dearfach maidir leis an nGaeilge a bheith á múineadh.
Tábhacht na foclaíochta
Ach sa cheist eile úsáideadh foclaíocht chorraitheach, ‘compulsory’ agus ‘voluntary’, agus fuarthas a mhalairt de thoradh. Nuair a úsáideadh foclaíocht chorraitheach, fuarthas an toradh go raibh 72% i gcoinne an Ghaeilge a bheith riachtanach sna hiarbhunscoileanna. Ar ndóigh, fiú ar an gcéad amharc bhí rud éigin aisteach ag baint leis an gcoimhlint seo idir an dá fhreagra. Cén fáth go mbeadh formhór na ndaoine chomh buartha sin faoin nGaeilge a bheith riachtanach sna scoileanna iarbhunoideachais nuair nach raibh ach mionlach de na páistí, ag an am sin ag freastal, nó chun freastal ar iarbhunscoileanna? Cuireadh tuarascáil an tsuirbhé i láthair amhail is dá mba gníomh neodrach é de chuid gníomhaireacht suirbhéireachta a bhí ag iarraidh aird a tharraingt ar chumas suirbhéireachta agus nach raibh baint ag lucht polaitíochta leis.
In alt ar The Irish Times ar an 22 Feabhra 1964, an lá i ndiaidh fhoilsiú an tsuirbhé, scríobh Garret FitzGerald; ‘The public opinion poll, carried out by Irish Marketing Surveys, to explore attitudes to aspects of the Irish Language question shows every sign of having been organised with care and expert knowledge’. Ach nuair a ghlaoigh iriseoir ó The Irish Press ar Irish Marketing Surveys Ltd ag iarraidh cóip den tuarascáil, dúradh leis gur deineadh an suirbhé do ‘Senator Garret FitzGerald of Economist Intelligence Unit of Ireland’. Go gairid ina dhiaidh sin bhí fianaise scríofa i seilbh ghníomhairí Gaeilge a chruthaigh go raibh sé fíor gurbh é Garret a d’órdaigh an suirbhé. De réir dealraimh, bhí Garret chomh cinnte sin go raibh na daoine i gcoinne na Gaeilge gur shíl sé go bhfaighfí freagra a d’fheillfeadh dá chás ar an gcéad cheist.
Le breis is cúig bliana is tríocha anuas deineadh dornán suirbhéithe móra, dea-eagraithe, ar cheist na Gaeilge, ach i dtús na seascaidí ní raibh ré na suirbhéireachta maidir leis an nGaeilge tosaithe fós, agus go ceann deich mbliana glacadh le torthaí suirbhé Irish Marketing Surveys Ltd, go háirithe freagra an dara ceist mar léargas ar mheon na ndaoine i dtaobh na Gaeilge. Úsáideadh é mar thaca leis an bhfeachtas taobh istigh d’Fhine Gael le polasaí níos láidre i gcoinne athbheochan na Gaeilge a ghlacadh. In am tráth, dúradh i bpolasaí Fhine Gael go leanfaí leis an nGaeilge mar ábhar riachtanach sna bunscoileanna ach go mbeadh sí deonach go hiomlán sna hiar-bhunscoileanna, agus chuir sé spreagadh iontu sin a bhí chun an LFM a thosú ar ball. Ba ábhar eile spreagtha é don nomenklatura sa Roinn Oideachais a bhí, faoin am seo, iompaithe go buan in aghaidh na Gaeilge.
Foilsiú Pholasaí Fhine Gael 1966
Is cosúil gur chuir comóradh caoga bliain Éirí Amach na Cásca i 1966 dlús nua le hiarrachtaí Garret agus a lucht tacaíochta i bhFine Gael. Ar ndóigh, bhí dream eile i bhFine Gael ag an am a thacaigh le hathbheochan na Gaeilge ach níor éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar an gcultas Garretiúil a bhí á chothú sa pháirtí. Bhí an cultas sin bunaithe ar an tuairim gur saineolaí eacnamaíochta é Garret, agus dá bhrí sin go gcaithfeadh go raibh sé ina shaineolaí ar ’chuile ábhar eile. Tugtar an Halo Effect air seo.
Duine de lucht Fhine Gael a bhí go mór ar son na Gaeilge ab ea Risteárd Ó Maolchatha, fear ar chuimhneach liom é ag teacht ar cuairt go dtí 6 Sráid Fhearchair chun tacú leis an gcomóradh ar 1916 a bhí á eagrú ag Conradh na Gaeilge. Seachtain nó dhó roimh an am ar chas mé leis an Maolchathach ar chéimeanna Uimhir a Sé, agus é ar a bhealach isteach ann, a foilsíodh Fine Gael Irish Language Policy. Mar a dúradh cheana, Garret a chuir i láthair ar an teilifís é. Níl dáta ar bith ar an gcóip atá agam, ach measaim gur ar an 22 Meitheamh 1966 a foilsíodh é. Thug iris oifigiúil Fhine Gael, The Citizen, leid gur roghnaíodh an dáta sin d’aon ghnó chun cur isteach ar insealbhú Éamon De Valera dá dhara tréimhse mar Uachtarán na hÉireann ar an 25 Meitheamh 1966. D’fhógair an polasaí go mbeadh Fine Gael, dá mbeadh siad ina rialtas, ag cur deireadh le hathréimniú na Gaeilge, cuspóir a raibh De Valera tugtha dó, agus b’fhéidir go raibh daoine sa pháirtí a shíl gur cleas cliste é teacht roimh an insealbhaithe le deireadh athréimniú na Gaeilge a fhógairt.
Policy Committee
Fochoiste de chuid Fhine Gael, an Policy Committee faoi stiúir Michael O’Higgins, nach maireann, a chuir le chéile é. Bhí sé breac ballach le smaointe agus tuiscintí Garret. Mhaígh an polasaí go raibh Fine Gael ag moladh go n-athrófaí na polasaithe náisiúnta a bhain leis an nGaeilge chun iad a chur in oiriúint do ‘the evident wishes of the people’. Mar a luadh, de réir an tsuirbhé a rinne Irish Marketing Surveys Ltd ar ordú ó Garret, bhí tromlach fós ag iarraidh an Ghaeilge a bheith á múineadh do gach dalta bunscoile, ach nuair a cuireadh an cheist chorraitheach orthu maidir leis an gcóras iarbhunoideachais, bhí formhór na bhfreagróirí ag iarraidh foghlaim na Gaeilge ag an leibhéal sin a bheith deonach. Bhí polasaí nua Fhine Gael ag teacht leis sin, mar mhol siad go mbeadh an Ghaeilge fós riachtanach sna bunscoileanna ach gur ar bhonn tola deona go hiomlán a phléifí léi ó bhun go barr an chórais iarbhunoideachais.
Dúradh sa pholasaí freisin go raibh Fianna Fáil ag iarraidh an Ghaeilge a chur in áit an Bhéarla. (‘…to replace English by Irish’). Ar ball bhí cuid de mhanaí an LFM bunaithe ar an abairt sin, mar bhíodar siúd thar a bheith corraithe faoin ‘replacement policy’. Ar ndóigh, bhí gluaiseacht na Gaeilge beagnach óna tús ag iarraidh an Ghaeilge a bheith mar theanga labhartha an phobail, ach níor ordaigh sin riamh nach mbeadh teanga ar bith eile ag na daoine chomh maith leis an nGaeilge.
Dúirt Fine Gael nach raibh formhór na ndaoine i bhfábhar athréimniú na Gaeilge, tuairim a bhí nochtaithe go minic ag Garret roimhe sin. Gheall siad freisin go mbeadh an deis ag ’chuile dhuine an Ghaeilge fhoghlaim agus go gcuirfí spreagadh ar fáil. Gheall siad go leasófaí múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Léirigh siad go raibh tuairimí an Athar Macnamara imithe i bhfeidhm orthu, mar luaigh siad go raibh siad ag súil, trí mhodhanna múinte leasaithe go bhféadfaí an t-am a bhí á chaitheamh ar an nGaeilge sna bunscoileanna a laghdú go mór ón 42% a mhaígh siad a bhí á chaitheamh uirthi —céatadán a tháinig go díreach as tuarascáil Macnamara. Ar ndóigh, gheall siad go gcuirfí deireadh le stádas na Gaeilge sa Mheán-Teistiméireacht agus san Ard-Teistiméireacht. Anuas air sin, gheall siad go gcuirfí deireadh le múineadh trí Ghaeilge, ach amháin i scoileanna ina mbeadh na tuismitheoirí ag éileamh go mbeadh an teagasc trí Ghaeilge.
De réir an pholasaí d’ísleofaí stádas na Gaeilge sa státchóras chomh maith. Chuirfeadh siad deireadh leis an nGaeilge mar choinníoll fostaíochta ach, ar ndóigh bheadh deis ag éinne ar theastaigh sé uaidh, a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát! Bí ag caint ar dhóchas!
Sa chaibidil a bhain le Gaeilge ar Raidió agus Teilifís, shíl siad go bhféadfaí feabhas a chur ar na cláracha a bhí á gcraoladh, ach go gcaithfí éirí as aon chuspóir athréimneach i gcúrsaí craolta. Níor gheall siad go gcuirfí a thuilleadh cláracha teilifíse ar fáil, cé nach raibh, ar a mhéad, ach 2% nó 3% den am craolta á chaitheamh ar ábhar a bhí i nGaeilge. Sna sé abairt inar cuireadh síos ar a bpolasaí Gaeltachta, léirigh siad aineolas dochreidte maidir le teanga sa tsochaí. Níor gheall siad ach go ndéanfadh siad geilleagar na Gaeltachta níos éifeachtúla. Fite fuaite tríd an bpolasaí ar fad bhí an tuairim nach raibh mórán éilimh ag na daoine ar an nGaeilge, agus gur toradh é sin ar an éigeantas agus an stádas eacnamaíochta a bhí ag an nGaeilge sa bhfostaíocht stáit. Ní raibh blúire de thuiscintí na n-eolaíochtaí comhdhaonnacha ar theanga sa tsochaí le sonrú in aon áit sa ráiteas polasaí. Shíl siad go bhféadfaí an Ghaeilge a chaomhnú (preserve) trí ghrá di, fad a bheadh Fine Gael mar rialtas ag baint gach stádas den teanga!
Bhí údair na cáipéise an-chúramach gan drochmheas ar lucht athréimnithe na Gaeilge a léiriú. Níor luaigh siad ar chor ar bith iad, ach is d’Fhianna Fáil amháin a thug siad an tsail ghreadaigh. Níorbh amhlaidh, áfach, don aon iris oifigiúil amháin de chuid Fhine Gael a bhí ann ag an am. In eagrán Iúil 1966 de The Citizen, a bhí á chur ar fáil d’óige an pháirtí, foilsíodh léirmheas ar an an bpolasaí Gaeilge. Cuireadh an-fháilte roimhe, ar ndóigh, ach dúradh nach ndeachaigh sé sách fada (le díchur na Gaeilge). Tugadh leid gur mheas The Citizen nár theastaigh an t-athréimniú ó na daoine. Tuairim ab ea é sin a nocht Garret féin roimhe sin. Bhíodar míshshásta nár gealladh reifreann ar an gceist. Ach ba é an ghné ba shuntasaí d’alt The Citizen ná na focail mhaslacha i dtaobh lucht athbheochana na Gaeilge, focail a bhí ar bharr a ngoib ag lucht an LFM ar ball.’Tawshays’ a tugadh ar lucht athréimnithe na Gaeilge tríd síos, dream místuama, gránna a raibh’tantrums’ acu agus a chleachtaigh ‘bully boy tactics’ agus ‘vicious misrepresentation.’ Na ‘Tawshays’ agus a gcuid ‘bigotry, jobbery and compulsion’ ba chúis le gráin na ndaoine ar an nGaeilge, nó ‘Erse’ mar a tugadh go maslach ar an teanga.
1973 — Cur i bhFeidhm
Ní bhfuair Fine Gael ‘radharc ar an gcoróinn’ ag an am sin áfach, agus bhí orthu fanacht chun an deis a fháil a bpolasaí a chur i bhfeidhm. Sa bhliain 1973 athraíodh an rialtas, ach bhí ar Fhine Gael dul i bpáirt le Páirtí an Lucht Oibre agus mar sin ní raibh cead a gcinn acu go hiomlán maidir leis an nGaeilge. Níor éirigh leo ach cuid dá mianta maidir leis an nGaeilge a chur i gcrích. Bhí stocaireacht déanta ag Conradh na Gaeilge i measc teachtaí Pháirtí an Lucht Oibre, go háirithe ar an lucht ceannais, agus nuair a d’fhógair an rialtas nua a pholasaí Gaeilge, dúradh go mbeadh an Ghaeilge fós riachtanach sna hiarbhunscoileanna, chomh maith leis na bunscoileanna, ach nach mbeadh sé riachtanach pas a fháil sa Ghaeilge sna scrúdaithe iarbhunscoile. An bhliain dar gcionn, 1974, nuair a bhí deireadh á chur, geall leis, le stádas na Gaeilge sa státchóras, níor chuir Páirtí an Lucht Oibre srian ar bith ar Fhine Gael, agus cuireadh i bhfeidhm sa státchóras gach ní a bhí geallta acu maidir le díchur na Gaeilge, rud a d’fhág an teanga, beagnach go hiomlán gan stádas eacnamaíochta sa tír.
Fealsúnacht an Ghearaltaigh
In alt inspéise le Garret a foilsíodh ar Studies, Winter, 1964 chuir sé síos go cuimsitheach ar an bhfealsúnacht a bhí aige maidir le todhchaí na tíre. Mheas sé go raibh seacht bpríomhshruth smaointe ina gcuid bhunúsach den Éireannachas agus go mba cheart na sruthanna seo a choinneáil in aigne in aon dearadh a cheapfaí do shaol nua-aoiseach na hÉireann. Ba léir, áfach, nach ar chomhchéim thábhachta a bheadh tionchar na sruthanna seo. Liostáil sé an traidisiún Críostaíochta, a raibh sé an-tugtha dó ag an am, traidisiún na tuaithe, an poblachtachas, ‘gluaiseacht na Gaeilge’, an traidisiún Protastúnach Angla-Éireannach, smaointe liobrálacha Sasanacha agus smaointe sóisialacha. Luaigh sé freisin traidisiún Preispitéireach Albanach Uladh, ach ó tharla go raibh sin teoranta do limistéir amháin den tír, níor shíl sé go bhféadfadh sé bheith bunúsach i sochaí níos leithne.
Ní dóigh liom go mbeadh sé éagórach a rá gur páirt chomharthach is mó a shamhlaigh sé do thraidisiún na tuaithe, an poblachtachas, agus an Ghaeilge agus gurbh é a theastaigh uaidh ag an am sin fealsúnacht pholaitíochta na hÉireann a bheith bunaithe feasta ar an traidisiún Críostaíochta ar thug sé tús áite dó, an traidisiún Protastúnach Angla-Éireannach, smaointe liobrálacha Sasanacha agus smaointe sóisialacha. Is dóigh liom gurbh é sin, cuid mhaith, seachas, b‘fhéidir an traidisiún Críostaíochta, bunús a chuid fealsúnachta náisiúnta le linn a shaoil pholaitiúil ina dhiaidh sin.
Maidir le sruth na Gaeilge i gcóras Garret, tugtar faoi deara gur mheasc sé dhá choincheap. B’fhéidir gur míchúram ba chúis leis, ach thagair sé do ‘ghluaiseacht na Gaeilge’ mar shruth amháin de na sruthanna ach ina dhiaidh sin ba léir gurbh í an teanga féin a bhí i gceist aige. Lean sé leis, ‘Ón traidisiún cultúrtha Gaelach caithfimid tuiscint a fháil ar stair ár muintire, a bheadh ceilte ar ár bhfurmhór gan an Ghaeilge.’ Aistriúchán is ea é sin, ach ní shílim go bhféadfaí brí iomlán an chuid eile a léiriú trí aistriúchán:–
Unless our society is proud of its origins, and feels closely linked with its past, it might develop a rootlessnes which could be inimical to the establishment of any stable society. Already there are signs of weakness here, for the narrowness of the national ideals handed down from these traditions, in their latter day manifestations has provoked a negative reaction on the part of many people — clearly visible in the hostility provoked, for example, by the advocates of ‘essential Irish’. However liberal and genuine may be the motivation of many of those who thus reject the intolerance and totalitarian attitudes that is (sic) found among language revivalists and in the republican movement, it is unhealthy that nationalist attitudes which at least have roots in a form of patriotism should provoke such a negative reaction and one cannot be happy about the association of such negative attitudes in some people with an unthinking ‘modernism’ that rejects everything Irish as provincial and backward.
Chaithfeá bheith beo ag an am le brí iomlán na bhfocal sin a thuiscint. Ag an am sin bhí, ní hamháin athréimniú na Gaeilge ach an Ghaeilge féin faoi ionsaí, leanúnach, gangaideach ag acadúlaigh áirithe, mar atá luaite san alt seo cheana, ag polaiteoirí áirithe agus ag daoine aonaracha a raibh nimh sa bhfeoil acu don Ghaeilge agus dá lucht labhartha de bharr cúinsí pearsanta a bhain lena saol scoile, traidisiún seoinínteachta a muintire, an fonn chun ceap milleáin a aimsiú agus go leor eile. Tugtar faoi deara go cúramach na focail a d’úsáid Garret le cur síos ar an dá dhream — lucht athréimnithe na Gaeilge agus na daoine a bhí ina gcoinne: Bhí go leor de na daoine a bhí in aghaidh na Gaeilge, dar leis ‘liberal and genuine’ agus iad ag diúltú do ‘the intolerance and totalitarian attitudes that is (sic) found among language revivalists and in the republican movement….’ Ba é ‘Narrowness of the national ideals’ mar a chuir lucht an ‘essential Irish’ ar aghaidh iad ba chúis le ‘hostility’na ndaoine sin. Ní aontódh Garret go hiomlán leo áfach, agus iad ag diúltú do gach rud Éireannach. B’fhéidir gurb é sin a choinnigh as an LFM é ar ball. Ní raibh sé aitheanta leo go poiblí ariamh.
I ngeall ar na tuairimí sin a bheith aige, chuir sé smaointe agus polasaithe chun cinn a laghdaigh stádas na Gaeilge nuair a cuireadh i bhfeidhm iad i 1973 agus 1974 agus ina dhiaidh. Rinneadh dochar don Ghaeilge nach bhfuil leigheas air fós. Anuas air sin thug a chuid tuairimí ugach do dhaoine a bhí i bhfad níos frith-Ghaelaí ná mar a bhí sé féin.
Cé go raibh torthaí laghdú stádas na Gaeilge san oideachas agus a díchur as an státchóras soiléir gan mhoill, ní heol dom gur athraigh Garret a thuairimí riamh. Níorbh ionann scéal do dhuine dá chomhleacaithe i Rialtas 1973, duine a chuaigh i bhfad níos faide ar bhóthar an fhrithnáisiúnachais agus an chomhshamhlachais ná mar a chuaigh Garret. Conor Cruise O’Brien atá mé ag rá. In agallamh le Tomás Mac Síomóin a foilsíodh ar The Irish Press ar an 11 Meán Fómhair 1984, dúirt an Brianach ‘… abróinn gur tugadh, gan amhras, céim síos don Ghaeilge. Mar sin, ag féachaint siar ar ar tharla, ní shílim anois gur dheineamar an rud ceart. Agus cuireann sé seo an-bhrón orm.’
——◊——
Níl an focal ‘athréimniú’ i bhFoclóir Uí Dhónaill, ach tá ‘réimnigh / réimniú’ i.e. advance, progress le fáil ann. Seoladh ‘athréimniú’ isteach sa chomhrá sna seascaidí, mar mhalairt bhisigh ar ‘athbheochan’ nó revival. (Eag.)
Beidh an mhír dheiridh (Mír 3) den tsraith seo ar eagrán Meán Fómhair de FEASTA: Pádraig Ó hIrghile agus Díchur na Gaeilge.
Feasta, Meán Fómhair 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|