Sacraifís
Nuair a chloisim trácht ar shacraifís na nÉireannach sa Chogadh,
meabhraítear domsa sacraifís thurcaithe na Nollag.
Nuair a luaitear an focal ‘uabhar’ agus ‘dualgas’ agus ‘onóir’,
is amhlaidh a chloisim Tiarnaí Cogaidh, Ardsagairt an Ghunna Mhóir.
Beannaíonn siúd an liostáil dheonach agus tairiscint na fola;
bíonn an coinscríobh ina nglaic acu do mhuintir na neamhthola.
Nuair a airím trácht ar ‘dilseacht’ agus ‘crógacht’ agus ‘galántacht’,
feicim tithe bochta agus an t-ocras in a lán acu.
Nuair a mholtar ‘Fighting Paddy’ sa chaimpéin ar son síochána,
ní fheicimse ach íobartach ar ard-altóir na buamála.
Má thagann scéal ó Dhia chugam i dtaobh iomrall m’anailíse,
cuirfead scéal ar ais chuige: ‘Féach iomrall na sacraifíse!’
Feasta, Meán Fómhair 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo