Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Séasúr na gCluichí - -

Murach go bhfuil cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ag druidim chun buaicphointe is ar éigean go mbeadh a fhios ar aon chor go bhfuil a leithéid againn sa tír seo agus séasúr an tsamhraidh. Ach cén tairbhe a bheith ag clamhsán faoin aimsir. Nárbh fhearr go mór dúinn cloí leis na cluichí. Aisteach go leor, fiú ansin féin, nílimid saor ar fad ón gclamhsán céanna.

Mar sin féin, cé gheobhadh locht ar an iománaíocht seachas, b’fhéidir tagairt arís don seanghearán faoin ngreim docht atá i gcónaí ag dornán contaetha sa chluiche dosháraithe sin. Arís i mbliana bhí Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Corcaigh agus an Ghaillimh sna cluichí leathcheannais, agus tá an Ghaillimh agus Cill Chainnigh anois sa chraobhchluiche. Is dúshlán fós do ChLG forleathnú na hiomána. Anois, dá dtugadh Átha Cliath an chraobh leo, nó bh’fhéidir níos fearr ná san, Aontroim!

Ba dheacair a rá go bhfuil an pheil Ghaelach ag cailliúint aon phioc dá mhóréileamh i measc a lucht féachana. Mar sin féin, tá an monabhar le clos i gcónaí faoi ghnéithe míthaitneamhacha den chluiche, nó gnéithe mí-spórtúla fiú. Pléadh an cheist seo cheana féin anseo, agus bhí sé ag déanamh buartha do Tom McGurk ina cholún ar an Sunday Business Post arís le déanaí. Is ag méadú atá na fadhbanna agus is léir go bhfuil an Cumann féin buartha faoi, mar tá coiste athbreithnithe bunaithe acu agus is cinnte go mbeidh an t-ábhar seo á phlé ag an gcoiste seo.

Is seanscéal anois na deacrachtaí a bhaineas le rialacha an chluiche agus na fadhbanna a bhíonn ag réiteoirí lena gcur i ­bhfeidhm. Baineann siad cuid mhór le nádúr an chluiche. Is eol go mbaineann siad go háirithe leis an deacracht a bhíonn ag ­imreoir seilbh na peile a bhaint dá chéile comhraic go dleathach. Bíonn sá agus stracadh i gceist, buillí agus leathbhuillí, agus go minic dóthain amhrais faoi cé atá ag sárú na rialacha. Sa deireadh bíonn rithim agus gluaiseacht an chluiche curtha ó mhaith ag síorshéideadh na feadóige agus cártaí buí de shíor ar foluain.

Is é an ghné is míthaitneamhaí, b’fhéidir, agus atá neamhchoitianta in aon chluiche eile, ná an sciolladóireacht béil a bhíonn ar siúl idir imreoirí, na leathbhuillí agus an ghuailleáil gan an pheil in aon ghar dóibh. Is cineál imeaglú a bhíonn i gceist, agus is ar éigean go gcuirtear aon stop leis. Conas nach bhfuil a leithéid chomh coitianta ar aon chor i gcluichí mar an sacar agus rugbaí?

Is féidir rialacha a leasú, líon foirne a laghdú, deireadh nó teora a chur leis an bpas ón láimh, an ruathar aonair a chosc nó go leor eile a chuirfeadh le leanúnachas agus gluaiseacht na himeartha, ach mura dtéitear i bhfeidhm ar an sciolladóireacht agus ar an útamáil eile idir imreoirí, d’fhéadfadh go mbeadh drochthoradh ann do chluiche a thug oiread taitnimh do na ­sluaite ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael.

Tá obair mhór le déanamh ag an gcoiste úd. Go n-éirí san leo.

Feasta, Meán Fómhair 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo