Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Dioscúrsa cothrom faoin nGaeilge de dhíth
le Seán Ó Loingsigh


Pé comhlacht a fostaíodh chun tús a chur leis an obair luachála bhí sé de chiall ag duine éigin ann a lua go raibh nithe a bhain le saol an duine nach bhféadfaí luach airgid a chur orthu.

——◊——

Bhíomar ag tuairimíocht mí ó shin go mb’fhéidir go mbeifí ag fill­eadh ar an mBille / Acht Gaeltachta an mhí seo. Ní hé go bhfuil an oiread sin le cur lena bhfuil ráite anois tar éis na críche gairgí, agus go deimhin anabaí, a cuireadh leis an díospóireacht sa Dáil. Nach ag an rialtas seo atá an saol ar a dtoil leis an móramh ollmhór atá acu ansin. Mar sin féin, tá míshuaimneas ag baint leis mar Acht, agus is beag dea-thuar a bhaineann leis maidir le dearcadh agus cur chuige an rialtais i leith na Gaeltachta agus na Gaelainne san am atá romhainn.

Nó an bhféadfadh sé go bhfuil sé le brath ar an mBille seo nach bhfuil dícheall ná fós dúthracht an stáit chomh daingean ar son na Gaeilge agus a bhíodh, agus go mb’fhéidir go bhfuil sé le baint as go bhfuiltear ag rá gur cúram é do phobal na Gaeltachta, na Gaeilge, agus fiú don phobal i gcoitinne, féachaint chuig an teanga a thabhairt slán más áil leo san. Agus nuair a luait­ear an stát, nach dlúthchuid den chóras sin an státseirbhís, agus caithfidh um an dtaca seo go bhfuil an beagán a léann an colún seo bréan den phort leanún­ach mí i ndiaidh míosa faoi conas mar a thréig an tseirbhís sin an Ghaeilge siar i seachtóidí an chéid seo caite.

Ach fós, ní hionann an Stát agus an státseirbhís. Cad faoi na polaiteoirí agus an rialtas féin? In ainneoin a raibh le rá ag Maolsheachlainn Ó Caollaí ar an iris seo mí ó shin faoi Garret Fitzgerald, nó cad a bheidh le rá aige faoi Phádraig Ó hIrghile, a bhfuilim ar bís chun a léite, ach nár shíleas é a bheith sa léig céanna le Garret, tá dóchas fós agam as na ­polaiteoirí agus ná clisfidh siad ar an teanga. Níl siadsan chomh dall dúr lena gcuid seirbhíseach, ná go deimhin le go leor dár n-intleachtóirí agus dár staraithe. Agus táim ag cur san áireamh ansin an Taoiseach féin. Nílim, go fóill, chun a chasadh leis a raibh le rá aige ní i bhfad ó shin faoin nGaeilge a ruaigeadh as an ardteistiméireacht.

Le déanaí bhíos ag léamh ar cholún George Monbiot ar Guardian Shasana faoi fheachtas ar chuir an rialtas deir­eanach sa tír sin tús leis, agus atá ag leanacht ar aghaidh faoin rialtas faoi láthair, chun luach airgid a chur ar an nádúr féin mar acmhainn ar aon dul le haon sealúchas eile. Chuirfí an t-éiceachóras nó ecosystem ar fad san áireamh. Fiú nach mbainfí úsáid as an téarma ‘nádúr’ feasta ach go gcuirfí an téarma ‘caipiteal nádúrtha’ ina áit.

Pé comhlacht a fostaíodh chun tús a chur leis an obair luachála, bhí sé de chiall ag duine éigin ann a lua — d’ainn­eoin an phingin mhaith mhór a bhí siad ag tuilleamh as an mórdhualgas a ­leagadh orthu — go raibh nithe a bhain le saol an duine nach bhféadfaí luach airgid a chur orthu. Ní dúirt Monbiot an raibh an duine seo ag obair fós leis an gcomhlacht! Pé an bhfuil nó nach ­bhfuil, tá an mhórobair ag bualadh ar aghaidh faoin rialtas atá i gcumhacht faoi láthair. Ach bhí Monbiot ina cholún ag rá freisin gur gné é seo den nua­liobrálachas a éilíonn go gcuirfí luach tráchtála ar gach uile ghné dár saol.

Ní fhéadfaí glacadh le hargóint leamh go gcaithfí an t-éiceachóras, nó lúb choille, nó an fiadhúlra, nó tírdhreach a chosaint ar an mbonn go dtugann sé taitneamh dúinn nó go n-ardaíonn sé an croí ionainn. Is dócha gurb é a chomhionann de smaoineamh a bhí i gceist sa sean-nath faoin té arbh eol dó praghas an uile ní, ach a bhí dall ar an luach a bhain le haon rud.

Ach is chuige atáthar ná go bhfuil an tírdhreach cultúrtha ann freisin, agus go mbeadh sé an uile phioc chomh luachmhar agus chomh tábhachtach leis an dreach tíre inár dtimpeallacht, nó go deimhin níos mó ná sin fós. Cén luach, mar sin, a cuirfí ar theanga labhartha, an Ghaeilge mar shampla, seanteanga a bhfuil a stair agus a préamhacha ag dul i bhfad siar i saoithiúlacht na hEorpa. Is léamh amháin air seo an nua-liobrálachas a luann Monbiot, agus a éilíonn measúnú an mhargaidh ar an uile ghné dár saol: ach nach bhféadfaí a rá freisin gur cineál barbarthachta a bheadh ann a ligean do theanga ársa dul chun deiridh.

Is cinnte, agus go deimhin is aisteach, gur ar éigean má tá aon mheasúnú aeistéitiúil déanta, nó aon tomhas ó thaobh na saíochta nó an chultúir, ar an gcailliúint a d’éireodh de thoradh dhíothú na teanga labhartha sinsearaí sa tír seo. Ní hé nach bhfuil na daoine ardéirimiúla againn chun an obair sin a dhéanamh, agus is cinnte go bhfuil na hinstitiúidi againn ar cúram dóibh an oidhreacht, an ealaín, an litríocht agus an tsaíocht agus an cultúr náisiúnta i gcoitinne. Sa chomhthéacs seo is minic tagairt déanta anseo dár staraithe faoi mar go mbeadh cúis ar leith againn ­orthusan. Níl sé sin amhlaidh, ar ndóigh. Nílimid ach ag díriú ár bhfraoch ar chuid acu.

Le déanaí bhí an staraí agus tráchtaire John Bowman ar an teilifís ag cur dhá chlár i láthair faoi bhunú RTÉ, agus an ról ar leith a bhí ag an stáisiún sin inár dtarrtháil ón nduibheagán aineolais ina rabhamar ar strae sular tháinig RTÉ ar an bhfód. Is maith is cuimhin linn an tráth céanna, agus ní shéanfaimís go huile an forlámhas a bhí go mór i dtreis, cuid mhór de i gcás na hEaglaise Caitlicí. Ach is beag fonn a bheadh orainn glacadh le téis John Bowman gur chuid d’fhórsaí an dorchadais a bhí le ­ruaigeadh ba ea an tionchar a bhí ag pobal na Gaeilge — ’the gaeiligeoirí’, mar a luann sé leo go drochmheastúil.

Tá an cineál sin aineolais thar fóir, mura bhfuil sé neamhghnách ar fad. Is mór an bac é maidir le haon dioscúrsa cothrom réasúnta a chothú faoi na nithe atá tábhachtach agus réasúnta i saol an náisiúin, agus na luacha gur fiú agus gur cóir dúinn iad a chaomhnú agus a chosaint. Is ceist í an bhfuil aon ní le maíomh ag ár stáisiún náisiúnta maidir lena leithéid de dhioscúrsa a chothú. Maidir leis an dá chlár úd, b’fhéidir gur thábhachtaí leo scaipeadh nó maolú a dhéanamh ar drochphoiblíocht a thuill an stáisiún le déanaí de bharr cláir chonspóideacha faisnéise agus polaitíochta dá gcuid.

Chun filleadh arís ar an Stát agus ar ár bpolaiteoirí, más léir agus go deimhin más trua nach féidir brath ar an státseirbhís chun aon bheart fónta a dhéanamh ar mhaithe leis an teanga, is léir leis go mbraitheann a lán ar na ­polaiteoirí i ngach páirtí, ach níos mó fós ar airí rialtais, agus mar a dúradh, ar an Taoiseach féin. Is minic a deirtear le déanaí go bhfuil an pobal faoi láthair go mór i bhfábhar na teanga agus go bhfuil tuiscint acu ar a tábhacht, agus go ­bhfuil sé sin cruthaithe i ndaonáirimh agus i suirbhéanna éagsúla. Ach is féidir gurb é an obair is tábhachtaí ar fad faoi láthair maidir le gluaiseacht na teanga ná oiread is féidir a dhéanamh chun an tábhacht sin a chur ina luí ar na ­polaiteoirí.

Agus ar ndóigh, tá an baol ann i gcónaí gur féidir dul thar fóir ag cur an mhilleáin ar aicmí, ar institiúidí agus ar dhaoine thall is abhus faoin easpa dul chun cinn a deineadh i gcás na teanga ó bunaíodh an stát, an milleán a chur ó dhoras ar dhaoine agus ar institiúidí, seachas sinne féin a raibh baint a bheag nó a mhór againn le hobair na teanga. Gan amhras ní rabhamar i gcónaí ciallmhar nó dícheallach nó tuisceanach go leor inár gcur chuige ná inár modh­anna oibre, nó ní fhéadfaí a rá gur go maith a d’éirigh linn daoine a thabhairt ar thaobh na Gaeilge. Cen mhaith a bheith ag caint inár measc féin? Ní miste é sin a lua gan a bhfaillí a mhaitheamh do rialtais ná d’institiúidí éagsúla an stáit ar a raibh freagracht shonrach sa ghnó.

Ag plé na ceiste seo agus ag leag­adh milleáin i dtaobh an easpa dul chun cinn a tharla i gcás na teanga, pé an sinne féin lucht na teanga ba chúis leis sin, nó an tsíléig i gcás rialtaisí, nó faillí i measc aicmí nó institiúidí a mbeifí ag súil lena dtacaíocht, is é is measa, b’fhéidir, ná an easpa comh­thuisceanna, ‘consensus’ an Bhéarla, a bhí i gceist maidir le tábhacht agus luach na Gaeilge. Bhí mar a bheadh an dá champa i gceist, iadsan a bhí go láidir i bhfábhar na teanga, agus dream a bhí chomh láidir céanna ina haghaidh. Is beag amhras ná gur mhór an bac an easpa dea-thola seo. Is cóir go mbeadh lucht na Gaeilge go daingean ar son na teanga, agus i mbun an cur ina haghaidh a mhaolú oiread is féidir san am céanna.

Táimid imithe ar strae ón mBille / Acht Gaeltachta. Seans go bhfuil dóthain ráite faoi. Is deacair a bheith in iontaoibh as a bhfuil i gceist ann. Is dóigh liom gur muc i mála atá ann. Is crá croí ar leith an neamhaird atá i gceist maidir leis na Gaeltachtaí is lú i gcás cuid díobh, nó na cinn is laige i gcásanna eile. Níl sé ceart nach mbeadh ionad­aíocht leanúnach ag Gaeltachtaí na Rinne, Ráth Cairn, Mhúscraí agus Chorca Dhuibhne ar bhord an Údaráis, agus san am céanna oiread sin ball a bheith á n-ainmniú ag an Aire féin nó ag comhairlí contae. Is é an feall bunúsach, ar ndóigh, ná deireadh a chur le toghcháin le haghaidh an bhoird.

Is trua an bhéim leanúnach atá i gcónaí á leagadh ar Ghaeltachtaí ‘laga’ a dhíbirt. Cén loighic atá leis, agus ag caint san am céanna ar cheantair eile a aithint faoi théarmaí an Achta? Géillfidh mé don riachtanas atá leis — nuair a bheidh taighde éigin déanta ar na cúiseanna a bhí leis an meath sna ceantair sin, nó ar an bhfaillí oifigiúil ba chúis leis cuid mhaith, agus go ­bhfeicim pleanáil chuí ó thaobh an stáit féin chun an taoide a chasadh sna Gaeltachtaí atá i gceist. Ach, ar ndóigh, ní cúram an phleanáil seo don stát! Is é bun agus barr an Achta gur cúram é do na pobail féin. Tá beirthe orthu!

Feasta, Meán Fómhair 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais