Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
‘Salut Galarneau!, Jacques Godbout: litríocht, cíocras, bia, aistriúchán’.
Galarneau! le Jacques Godbout
Aistrithe ag Iarla Mac Aodha Bhuí. Coiscéim. 112 lgh.
Léirmheas le Pádraig Ó Gormaile
Úrscéal fiúntach, tábhachtach, greannmhar a scríobhadh in Québec tráth ar tháinig gluaiseacht láidir chun cinn sna 60dí a d'éiligh cearta teanga do phobal a bhí faoi chois ar feadh cúpla céad bliain ag rialtas na Breataine. Seo an leagan Gaeilge de curtha ar fáil ag Iarla Mac Aodh Bhuí.
——◊——
Is scríbhneoir (22 leabhar), léiritheoir scannán (50 ceann) agus intleachtóir as Québec é Jacques Godbout, áit inar rugadh é i 1933 agus scríobhann sé go rialta san iris choicísiúil Actualité. Foilsíonn les Éditions du Seuil i bPáras a chuid leabhar ó na seascaidí i leith, agus tá fáil orthu ón tús i mbailiúchán de ‘la littérature française’ seachas ‘la littérature étrangère’. Ní dheachaigh an t-úrscéal cáiliúil leis, Salut Galarneau! (1967) as cló le cúig bliana is daichead anuas agus anois tá aistriúchán álainn Gaeilge ar fáil, a bhuíochas don aistritheoir gairmiúil Iarla Mac Aodha Bhuí. (Jacques Godbout, Salut Galarneau!, Páras, Seuil, 1967, aistrithe ag Iarla Mac Aodha Bhuí, Galarneau!, BÁC, Coiscéim, 2012, 104 lch. + viii, ISBN 6 660012 120185, €7.50).
Is úrscéal é seo a athléitear go rialta, is iontach an uirlis é chun cultúr Québec a mhúineadh do mhic léinn agus tá ábhar machnaimh ann maidir le feidhm an scríbhneora agus an nasc idir an scríbhneoir agus an tsochaí.
Is carachtar as an gnáth é François Galarneau, ‘Pádraig Mac Rí na Gréine’ nó ‘Mac Rí na Gaoithe’ d’fhéadfaí a rá. D’fhéadfaí a mhacasamhail Éireannach a shamhlú mar dhíoltóir éisc friochta agus sceallóga nó burgar, as an Ghaeltacht, nach ndeachaigh chuig aon mheánscoil, veain lonnaithe aige in aice leis an mhótarbhealach, custaiméirí ag triail a gcuid drochGhaeilge air cé go bhfuil Béarla aige, agus a chinneann go tobann úrscéal a chumadh i bhfoirm dhá chóipleabhar chun coinsias a chine a thuiscint agus chun rud fiúntach a dhéanamh sa saol seachas airgead a thuilleamh ag díol ‘hot dogs’.
Ach leoga, in ainneoin go gceaptar cúrsaí creidimh, teanga agus impiriúlachais a bheith mar an gcéanna in Éirinn agus in Québec ní hionann an comhthéacs sa dá thír — rud a thuig Fionntán Mac Aodha Bhuí ceithre bliana is daichead ó shin i leabhar beag álainn staire (Anam do-chloíte Quebec, (sic), Baile Átha Cliath, FNT, 1968, 128 lch.) a foilsíodh i rith na Réabhlóide Ciúine thall, agus mar a tharlaíonn sé, bliain tar éis do Salut Galarneau! a theacht amach.
Ón 10,000 Francach a chuir fúthu i gCeanada Francach idir bunú chathair Québec i 1608 agus bua na Sasanach ag Cath Machairí Abraham i 1760, meastar gur tháinig 2,600 díobh slán agus is uathu siúd a shíolraigh 8 milliún duine de shíol na Fraince i gCeanada inniu, chomh maith le cúpla milliún eile ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thréig an Fhrainc iad i 1763 ach d’fhan an teanga slán ina ainneoin sin.
Thug Impireacht Shasana aitheantas don chreideamh Caitliceach in Québec, glacadh go reachtúil le teanga na Fraincise agus coinníodh an dlí sibhialta Francach; ba shábháilte do Shasana an 5,000km den Aigéan Atlantach i gcomparáid leis an 100km idir an tír seo agus an Bhreatain Bheag. Sa naoú haois déag, maidir le cúrsaí fostaíochta agus polaitíochta, chuaigh bunús na nÉireannach a chuir fúthu i gCeanada Íochtarach le polaitíocht lucht an Bhéarla, Protastúnaigh agus Aondachtóirí, seachas leis na Caitlicigh a bhí ina gcainteoirí Fraincise, agus níor thacaigh na hÉireannaigh ach an oiread le hÉirí Amach na b’Patriotes’ i 1837.
Ó lár na fichiú haoise tá polaitíocht náisiúnachas Québec athraithe go smior, go háirithe ón Reifreann deireanach ar an neamhspleáchas i 1995, nuair nach raibh fiú 1% de dhifríocht idir an dá thaobh. Cé nach bhfuil an t-ábhar ag cur as don phobal faoi láthair, d’admhaigh Teach (Cónasctha) na dTeachtaí in Ottawa in 2006 gur náisiún ar leith é Québec sa Cheanada aontaithe, ‘les Québécois forment une nation au sein d’un Canada uni’. In ainneoin na ndifríochtaí, tá go leor den uilíochas ag baint le cás François Galarneau chun gur fiú aistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar an úrscéal gur clasaic anois é — gan trácht ar an dúshlán teanga.
Ní féidir teanga a dheighilt ó chultúr, agus cé gurb í an Fhraincis teanga dhúchais an mhóraimh in Québec ó bunaíodh coilíneacht ann ag tús na seachtú haoise déag, aimsir Imeacht na nUasal as Éirinn, ní hionann sin agus a rá go n-úsáidtear an teanga ar an dóigh céanna sa dá thír. In amanna tá Fraincis Québec níos ársa ná teanga na Fraince: deirtear ‘bonne fin de semaine’ agus ní ‘bon weekend’; ‘stationnement’ agus ní ‘parking’; ‘magasinage’ agus ní ‘shopping’, gan trácht ar an difríocht idir ‘stop’ agus ‘arrêt’ i gcás comharthaí dátheangacha bóthair in áiteanna áirithe i gCeanada inniu agus in Québec suas go dtí roinnt blianta ó shin.
Ar chuala tú an ceann faoin Fhrancach a bhí ag fágáil aerfort Lester Pearson i dToronto i gcarr ar cíos? Ag an chéad chrosbhóthar chonaic sé an comhartha dearg ‘Stad’, ar a raibh marcáilte ‘STOP/ARRÊT’, tháinig sé chun stad (STOP) agus ansin mhúch sé an t-inneal (ARRÊT)... Tá an péire briathar sin ann sa Fhraincis ach bíonn ualach laethúil an Bhéarla ina luí i bhfad níos troime ar Fhraincis Québec i gcomparáid le comhthionchur teanga Mrs Windsor ar theanga Molière; tá go leor Ceanadach ar gach taobh nach mór leo an mhonarcacht dála an scéil.
Mar ghnáth-Québeacach, a bhfuil rian den ainriail chultúrtha ag baint leis, is maith is eol do François Galarneau ról na baothghalántachta sa chaidreamh teanga, rud atá soiléir i gcúrsaí tuine cainte i bhfad agus i gcéin. Tá cónaí ar nócha faoin gcéad de dhaonra Cheanada taobh istigh de raon 100km den teorainn agus leoga níl aon bhac ar chraoladh teilifíse agus raidió, rud a chiallaíonn gur Meiriceánaigh iad muintir Québec, a tharlaíonn go bhfuil Fraincis á labhairt acu agus tuiscint shíochánta acu ar an Bhéarla.
Aithníonn an t-aistritheoir anseo (lch. v) go bhfuil dúshláin mhóra aistriúcháin sa leabhar: ina measc tá foclóir theanga Québec, leideanna sonracha cultúrtha agus polaitiúla, meafair agus samhlacha neamhchoitianta an údair. Baineann mionnaí móra in Québec le foclóir an Chaitliceachais agus láimhseáiltear go héifeachtach anseo iad: ‘en sacrement’/ ‘go maithe Dia dóibh é’; ‘stie’ (ó ‘hostie’) / ‘breast’; ‘lostie de baptême de destin!’/ ‘an chinniúint dhamanta sin!’.
Éiríonn go breá le samhlacha áirithe: ‘ma tête était vide, comme une bouteille de Ketsup après trois jours de comptoir’/ ‘bhí mo cheann folamh, cosúil le buidéal Ketsup tar éis trí lá ar an gcuntar’; ‘un accent qui shine comme des salières de nickel’/ ‘tá tuin acu a bhfuil shine air mar a bheadh ar sáiltéir niocail’.
In amanna caithfear glacadh leis an imeartas focal a chailltear (‘mots’ agus ‘maux’) ar mhaithe le compord léitheoireachta an Ghaeilgeora, ach a chuireann miondifríocht eile ar fáil sa phróiséas: ‘ça me donne des mots de tête’/ ‘tugann sé mo chuid ceannlínte dom’; nó leis an mhiondifríocht theicniúil a chailltear ó theanga go teanga: ‘le bonheur c’est une mayonnaise; ça tourne sans qu’on sache pourquoi’/ ‘tá an sonas ar nós maonáise; éiríonn sé searbh agus gan a fhios agat cén fáth’, ach mar is eol don chócaire déantar praiseach den maonáis nuair a chliseann air í a thiubhú, níl seirbhe i gceist.
Ag an leibhéal seo níl a leithéid ann agus aistriúchán ceart nó mícheart, agus éiríonn leis an aistriúchán seo a bheith dílis don bhuntéacs agus nádúrtha chomh fada is bhaineann leis an léitheoir Éireannach araon. Is beag botún cló atá le fáil sa leabhar ach an oiread (‘stáisiún na póilíní’, (sic.), lch. 61), tá an fho-eagarthóireacht ar fheabhas agus tá leagan amach na leathanach éadrom agus geal.
Is úrscéal as an ngnáth atá anseo: é gealgháireach, greannmhar, dáiríre agus íoróineach, mar tagann an inspioráid ón chroí agus tá an téacs lán de bheocht na beatha (Jean Éthier-Blais). Níl ord líneach ná croineolaíoch ar eachtraí an úrscéil; scríobhann an scéalaí i stíl a shamhlaítear a bheith cosúil le gnáthchaint an ghnáthdhuine (ars est celare artem [Ceileann an ealaín a cleasa]); tagann sé ó chlann mhífheidhmiúil (Québec agus Ceanada), bíonn a thuismitheoirí as láthair (an Fhrainc agus Sasain), tá deartháir amháin aige ina scríbhneoir scripte (dála J. Godbout) agus an dara duine ina bhailitheoir airgid don Eaglais Chaitliceach (iar-mhac-chléireach atá ann); cuireann mise en abyme an t-úrscéal ceannann céanna agus an ceann atá á scríobh ag Françoisar fáil don léitheoir, de réir mar atá sé á chumadh aige. Tá féith an neamhspleáchais ann (Yvan Audouard) ach is iomaí ciall atá ag an téarma céanna i bpolaitíocht Québec: nationalistes, souverainistes agus indépendantistes.
Ag an leibhéal cónascach aithníonn na Liobrálaigh Cheanadacha stádas cultúrtha agus sóisialta ar leith a bheith ag náisiún Québec (feic ‘une nation’ thuas) ach gan saoirse pholaitiúil; agus tá teipthe dhá uair (Comhaontú Loch Meech, 1990 agus Comhaontú Bhaile Charlotte, 1992) ar na Liobrálaigh Québeacacha, gur náisiúnaithe iad, bunreacht Cheanada a leasú le comhoibriú ó na cúigí eile. Nuair a bheartaíonn François Galarneau gréasán de bhothanna hot dog Québeacacha a bhunú ar fud Mheiriceá Thuaidh ar nós an Supermacs s’againn féin, agus cosúil le feachtas gnó an fhile Arthur Rimbaud gur laoch é do François, teipeann air leoga, ach ní ligeann sé don teip cosc a chur ar an fhís atá ina aigne:
Smaoinigh mé ar thionscnamh chun leathnú ar fud na tíre, i ndáiríre! Ní mór dúinne, Ceanadaigh Fhrancacha, ár dtír a athghabháil tríd an eacnamaíocht; is é René Lévesque a dúirt é sin. Cén fáth mar sin nach ndéanfaí é le margadh na hot dogs? Business is business. Níl a leithéid de rud ann agus gairm amaideach, ach custaiméirí amaideacha. Níl mé ar son an neamhspleáchais, ach más féidir liom é a thabhairt sna putóga do na Sasanaigh, le mo chuid ispíní, bheinn chomh sásta céanna. (lch. 78)
Dioscúrsa nár cloiseadh riamh in Éirinn leoga... Is é bun agus barr an scéil ná gur iomaí sórt neamhspleáchais atá ann. Roghnaíonn Jacques Godbout, cruthaitheoir François Galarneau, neamhspleáchas na hintinne, ceannas an chroí, flaitheas na hanama, náisiún uilíoch an daonnachais a chuirfeadh ar chumas Québec litríocht a chur ar fáil a bheadh in ann a háit a ghlacadh i measc litríochtaí ‘móra’ an domhain.
Ní nach ionadh téann François i bhfeidhm ar an léitheoir agus cuireann sé ina luí orainn go bhfuil fiúntas lena fheachtas scríbhneoireachta pearsanta leithleach féin. Ní hé an chuid is lú den éacht atá déanta ag Iarla Mac Aodha Bhuí, agus a chomhghleacaí le Gaeilge as Québec Benoît Farley, an t-aistriúchán féin a bheith curtha ar fáil acu; tá bia agus cothú intinne curtha ar bord acu do lucht léite na Gaeilge, hot dogs atá de dhith go géar ar chíocras spioradálta an lae.
Feasta, Meitheamh 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|