Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Trom agus Cúis! Éire mar ba mhian le...
Údar: Domhnall Ó Lúbhlaí
Foilsitheoirí an Athréimithe. 2011. 1,295 lch. €50.00 / €70.00 tríd an bpost
Léirmheas le Alan Titley
Tá sé i gceist go mbeadh an leabhar praiticiúil, díreach, simplí. Comhlíonann sé gach ceann díobh sin gan doic, gan deacracht. Is chun a úsáid le grúpaí atá sé eagraithe, agus tá leagtha amach ar shlí atá feidhmchúntach agus cuiditheach…. I bhfoirm ceachtanna cainte agus foclóra atá sé, agus moltaí cinnte dearfacha ar conas is fearr is féidir na ceachtanna sin a theagasc.
Níl a fhios agam cén meáchan atá sa leabhar seo, ach tá nach mór 1,300 leathanach ann. Ba cheart go mba leor é sin le cuid suntais a dhéanamh de. Fairis sin, tá ciumhais órga ar imeall na leathanach, agus ribíní marcála daite ar a fhud. Chuirfeadh an Bíobla i gcuimhne dhuit ar a chruth is ar a chuma is ar a mhéid, agus is fíor gur saghas Bíobla atá ann chomh maith céanna. Mar is é a shuim ná smaointe agus treoracha agus moltaí Dhomhnaill Uí Lúbhlaí ar theagasc na Gaeilge, bunaithe ar an eolas fairsing atá aige ar an ábhar sin thar achar fada. Bhí cáil riamh air mar mhúinteoir bríomhar radacach a thionscain go leor bealaí nua leis an teanga a mhúineadh, agus is ag iarraidh a chleachtadh is a thuiscintí a roinnt linn atá sé sa saothar ollmhór seo.
Tá sé i gceist go mbeadh an leabhar praiticiúil, díreach, simplí. Comhlíonann sé gach ceann díobh sin gan doic, gan deacracht. Is chun a úsáid le grúpaí atá sé eagraithe, agus tá leagtha amach ar shlí atá feidhmchúntach agus cuiditheach (ach amháin a mhéid!). I bhfoirm ceachtanna cainte agus foclóra atá sé, agus moltaí cinnte dearfacha ar conas is fearr is féidir na ceachtanna sin a theagasc.
Tá comhairle faoi leith aige don ‘Taoiseach’, nach é Enda Kenny atá i gceist anseo, ach don cheannaire a bheadh ar aon bhuíon nó ar aon ghrúpa faoi leith. Tá go leor de na nótaí i mBéarla chomh maith le Gaeilge, agus thuairimeoinn gur chun críche teagaisc i dtíortha lasmuigh d’Éirinn an méid sin. Go deimhin, is leabhar é seo a rachadh chun sochar teagaisc na teanga in áit ar bith ar domhan.
Tá pearsantacht an údair ar fud an leabhair, agus ní cheileann sé an phearsantacht sin orainn. Leagann sé a thuairimí mar gheall ar nádúr na múinteoireachta os ár gcomhair go lom, agus ní hí an chuid is lú tábhacht díobh go mbeadh go leor gáirí agus spóirt i lár gach ceachta. Ní shéanfadh aon duine é sin, bíodh is nach é gach duine a chleachtfadh é. Gabhann sé ón tús i mbun argóna, argóintí nach foláir leis an múinteoir Gaeilge dul i ngleic leo i gcónaí, agus tugann freagraí gonta láidre dúinn, fara conas déileáil leis na boc amadáin sin a bhíonn i ngach rang.
Bíodh nach bhfuil aon róbhéim ar an ‘ngradamach’ mar a thuigtear sin i bhformhór na leabhar graiméir, tá an minimum is gá curtha os ár gcomhair againn go néata agus go comair. Comhlánú nó breisiú ar dhruileanna nó ar agallaimh is mó atá anseo, agus ní miste a rá go mbaintear leas samhlaíoch as clónna agus as dathanna éagsúla tríd an leabhar d’fhonn iad seo a dhéanamh inláimhsithe agus sothuigthe. Tá an leabhar céimnithe ó thús go deireadh ionas nach gcaitear eolas isteach ar fud na gcos nach mbeadh an dalta nó an mac léinn réidh ullamh lena shealbhú chuige féin.
Fairis sin, mar mhaise ar uachtar, ach mar shlánchuid den leabhar chomh maith, tá grianghraif éagsúla dhaite d’ionaid stairiúla a bhfuil baint acu leis an nGaeilge. Orthu sin tá, gan amhras, Sí an Bhrú agus Leabhar Ceannanais agus Carraig Phádraig agus Sceilg Mhichíl, agus níos polaitiúla ná sin tá An Piarsach, Dealbh de na hÉireannaigh Aontaithe, agus ionaid na luíochán i gCill Mhichíl agus i mBéal na Bláiche. Níl aon eagla ar Dhomhnall Ó Lúbhlaí a chuid claonta polaitiúla a chur os ard! Ach is cuid d’éirim ghinearálta an leabhair iad, go mbaineann an teanga le hÉirinn ar fad, agus nach earra ar deighilt í ón gcuid eile den saol.
Go deimhin, is luachmhar an chuid seo den leabhar, leis, mar nasctar eolas leis na ceachtanna siar amach. Dá réir sin, ní ag foghlaim faoin nGaeilge amháin atá daoine, ach seachadtar eolas chucu ar an dúlra, mar shampla, nó mar gheall ar naoimh na hÉireann. Fairis sin, scaoiltear chugainn eolas eile a bhfuil dlúthbhaint aige leis an teanga, mar shampla eile, léarscáil de shloinnte móra na hÉireann.
Is í an t-aon áit a mbeadh amhras éigin orm maidir le cruinneas an eolais sin ná na dátaí a thugann sé faoi na háiteanna inar chuaigh an Ghaeilge shinsearach in éag. Má tá i gceist gur ráinig go raibh cainteoir aonair amháin fágtha i gcuid de na háiteanna sin, thiocfadh an ceart a bheith aige. Ach, mar theanga phobail, nó mar theanga chaidrimh idir dhaoine dá laghad iad mar bhaicle, ba dhóigh liom gur shíothlaigh sí as, ar mhí-ámharaí an tsaoil, i gCo. Luimnigh i bhfad níos luaithe ná 1960 agus i gContae Fhear Manach roimh 1940, mar sholaoidí dá bhfuil i gceist agam. Ina choinne sin, mar iarracht ar a léiriú gur mhair an teanga shinsearach níos faide ná mar a shíltear de ghnáth i mórán ball ar fud na críche, tá inmholta.
Tá léaráid chruinn aige maidir lenar tharla don teanga ó bhunú an tSaor-Stáit i leith ina léiríonn sé le saighead ghlas na maitheasaí éagsúla a ráinig dúinn, a bhformhór i réimse an oideachais; agus ina choinne sin, saighead dhearg a nochtann an cúlú dar leis ó 1948 i leith. Ba dheacair cur i gcoinne a bhfuil ráite anseo, ach ní scéal duairc ná doirbhíoch é, mar cuirtear béim chomh maith céanna ar ‘na cathanna atá buaite againn’, leithéid Raidió na Gaeltachta, TG4 agus na Gaelscolaíochta.
Ba mheascán riamh na modhanna múinte a chleachtaigh Domhnall Ó Lúbhlaí den rud a bhí forásach, dul-chun-cinniúil, samhlaíoch, agus nithe a bhí go daingean traidisiúnta. Is maith mar mheascán é, agus bhraithfeadh feabhas an teagaisc nó an chúrsa ar conas a láimhseáiltear an cumasc sin. Ábhar buan is ea na ceachtanna ar sheoda na hÉireann, ar Iodh Ard Cróine, mar shampla, nó Bachall Leasa Móire, nó Bróiste na Teamhrach.
N’fheadar an bhfuil leabhar teanga ar bith eile a thugann an t-ábhar seo isteach chomh lárnach sin. Ina choinne sin thall, ar leith amháin, tá ceachtanna anseo a bhaineann le freastal ar an mbosca faoistine, nós a deir mo chuid spiairí amuigh ansin liom nach bhfuil chomh coitianta is a bhíodh; ach ar an leith eile, trácht neamh-leithscéalach anseo ar othair ina luí ar thralaithe inár gcuid ospidéal. Tá de bhua ag an leabhar gur féidir leis an oide na ceachtanna seo a thógaint go díreach mar atá siad, nó neachtar acu, iad a ionramháil chun a chríche féin mar a dhéanann múinteoirí i gcónaí.
Déarfá gur geall le hobair saoil é seo. Múinteoir oilte ag cur a chuid eolais go díreach os ár gcomhair agus ag roinnt a thaithí orainn ar bhealach a bheidh inúsáidte ag múinteoirí eile, agus ag daoine ar leibhéil éagsúla foghlama. B’fhéidir go bhfuil trom le hiompar, ach tá a bhfuil ann tromchúiseach agus tábhachtach agus fóinteach.
Feasta, Meitheamh 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|