Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Duais Cholmcille 2012
gnóite ag údar Feirsteach

Seán Ó Dúrois, Béal Feirste, a ghnóthaigh príomh-Dhuais Cholmcille ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí i gCo. Ros Comáin, ar an 5ú Bealtaine. Féile filíochta í seo a mhaireann ón Aoine go Luan an deireadh seachtaine fada sin; eagraíodh an fhéile ’chuile bhliain le cúig bliana déag anuas, agus cloistear go leor filí i nGaeilge agus i nGàidhlig na hAlban lena linn. Deimhníonn tacaíocht Cholmcille – chéad duais de 2,000 euro a ghnóthaigh Seán, cuir i gcás – seasamh theangacha na Gael ag an bhFéile. Clár páirtnéireachta idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig chun úsáid an dá theanga agus an caidreamh idir Alba agus Éire a chur chun cinn agus a gcultúr a chothú is ea Colmcille.

I Sasana a rugadh Seán Ó Dúrois ach tá cónaí air i mBéal Feirste le tamall fada. Tá gradaim éagsúla scríbhneoireachta gnóite aige, ina measc príomhdhuais phróis Oireachtas na Gaeilge in 2001, duaiseanna éagsúla ar a chuid scríbhneoireachta do pháistí, agus príomhdhuais fhilíochta an Oireachtais, urraithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta in 2009.

Dodekathlos

Is fuath liom obair an tí a dhéanamh.
Casann feadán fada an fholúsghlantóra
Thart ar mo chosa mar a bheadh nathair ann.
Tá téada gairide ar crochadh ón síleáil,
Snáithí gearrtha na mbeathaí eile
Nó an áit a mbíodh claíomh cinniúnach ann.

Agus mé ag obair,
Amharcaim ar lámha an chloig
Ag brú ualach na nóiméad suas
A fhad le mullach a dó dhéag
Agus titeann siad arís ansin
Anuas go fíoríochtar a sé.

Amhail Stábla Augeus
Bíonn arm dofheicthe d’fhíneoga deannaigh
I mbun oibre d’oíche agus de lá.
Fásann an deannach ar ais.
Is taipéis é an t-eagar
A scaoileann é féin.

Déanaim iarnáil ar léinte nimhe.
Féachaim leis an teach a choinneáil néata,
Ach is beag rud lonrach luachmhar
Nach luíonn dusta na mortlaíochta air.
Bíonn ábhar éigin imní i gcónaí ann:
Teimheal, seol dubh, oracal débhríoch.


Feasta, Meitheamh 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo