Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Nuair a tháinig tuarascáil an Bhoird Snip Nua amach thart ar dhá bhliain go leith ó shin, dúradh faoi ar an iris seo gur chiallaigh sé go raibh díscor i gceist ar pholasaí an Stáit maidir le hathbheochan na Gaeilge agus an aidhm a bhí leis an bpolasaí sin ó bunaíodh an Stát féin.
Tháinig sé sin chun cuimhne arís le déanaí nuair a d’fhógair an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich dhá thionscnamh nua Gaeltachta faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge: is iad san Clár Tacaíochta Teaghlaigh agus Próiseas Pleanála Teanga. Ag léamh a raibh le rá ag an Aire Stáit maidir lena raibh beartaithe, níorbh ionadh dá ndéarfaí gur tuilleadh den díscor úd a bhí i gceist. Cinnte ba dheacair a rá go raibh aon ábhar mór dóchais ann.
Ní gá barraíocht ama a chur amú leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh. Níl dóthain substainte ann. Tá sé dírithe orthusan atá ag tógáil a gclanna le Gaeilge, nó go bhfuil ar intinn acu sin a dhéanamh. Cuirfear pacáiste tacaíochta ar fáil dóibh ina mbeidh bileog eolais, leabhairín do pháistí agus dlúthdhiosca. Ina fhochair sin, tá beagán breise cúnaimh i gceist faoi Scéimeanna na gCampaí Samhraidh agus na gCúntóirí Teanga.
Is léir gur leis an bPróiseas Pleanála Teanga a bhaineann an tábhacht is mó. Is faoi a leagfar amach an Ghaeltacht Nua, bunaithe ar chritéir theangeolaíocha, a bhfuil cloiste faoi le fada. Beidh an Ghaeltacht mar atá sí le roinnt i 19 gceantar pleanála teanga, agus beidh plean teanga le réiteach i gcás gach ceantar díobh ‘le himeacht ama’. Faoi láthair níl i gceist dul ar aghaidh ach i gcás 6 cinn díobh. Ní léir cathain a dhíreofar ar na ceantair eile. Ábhar machnaimh ann féin, b’fhéidir.
Beidh na pleananna de réir múnla bunaithe ar chritéir atá leagtha síos sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge. Is é an tÚdarás a bheidh i bhfeidhil na pleanála, i gcómhar le pé eagraíocht logánta a ainmníonn an Roinn, agus a fheidhmeoidh thar ceann an phobail.
Is í an cheist ná conas mar a ghlacfar sa Ghaeltacht leis an bpleanáil seo. Is deacair a shamhlú go mbeidh aon chroí nó dúthracht inti don chur chuige maorlathach acadúil atá ar a cúl, ná don chineál ionramhála sóisialta atá i gceist ann.
Cuimhnigh anois cad atá tarlaithe sna ceantair Ghaeltachta le cúpla bliain anuas. Tá deireadh curtha leis na Deontais Tithíochta agus le Scéim Labhairt na Gaeilge, scéimeanna ar chuid de stair na Gaeltachta iad agus a théann siar amach go dtí fichidí an chéid seo caite. Tá ciorruithe i gceist freisin maidir leis an gcúnamh airgid a bheidh ar fáil d’ábhair mhúinteoirí a fhreastalaíonn ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
B’fhéidir gurb é ba mheasa ar fad ná a raibh le rá ag an gCoimisinéir Teanga nach raibh ach ar chumas garda amháin as naonúr a bhí ag feidhmiú i gceantar Gaeltachta Ghaoth Dobhair i dTir Chonaill in ann a c(h)úram a chomhlíonadh trí Ghaeilge. Ba dheacair a bheith i ndóchas go bhfuil aon leas breise don teanga sa Ghaeltacht ina raibh le fógairt ag an Aire Stáit.
|