Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Stát Feidearálach? An mbeidh an struchtúr buan? le Seán Ó Loingsigh
Is é is mó is ábhar imní le tamall anuas nach bhféachann sé gur comhphobal atá i gceist níos mó leis an Aontas, nó teacht le chéile de phobail neamhspleácha ar mhaithe leis an leas coiteann, mar ba chosúil a bhí i gceist i dtús ama!
——◊——
Pé acu an conradh cobhsaíochta (stability) mar a thugann lucht an rialtais air atá ann, nó conradh déineachta (austerity) mar a deir siadsan nach n-aontaíonn leo, is é is dóichí go mbeidh an reifreann agus an chonspóid a bhain leis thart sula mbeidh an t-eagrán seo de Feasta le léamh ag aon duine. Agus bí cinnte go raibh conspóid ann agus easaontú as an ngnáth ar dhá thaobh na hargóna.
Riamh anall bhíos gafa go mór leis an Eoraip, agus go mór i bfabhar ballraíocht na tíre seo san Aontas Eorpach. Is móide mar sin is leasc liom a admháil nach ar mo shuaimhneas atáim: an ‘tá’ nó ‘níl’ a déarfaidh mé nuair a thagann lá an reifrinn, nó, mo náire shaolta é, an bhfanfaidh mé sa bhaile suite ar mó thóin?
Is é is mó is ábhar imní le tamall anuas nach bhféachann sé gur comhphobal atá i gceist níos mó leis an Aontas, nó teacht le chéile de phobail neamhspleácha ar mhaithe leis an leas coiteann, mar ba chosúil a bhí i gceist i dtús ama: cothrom na Féinne mar a déarfaí do gach pobal agus náisiún, pé beag nó mór iad.
Ar ndóigh, thuigfí go gcaithfeadh rialacha agus smacht a bheith i gceist. Tá fhios againn go raibh mí-iompar agus mí-úsáid fairsing i gcúrsaí airgeadais agus caiteachais, go háirithe sa Ghréig agus i dtíortha nach í, sinn féin san áireamh. Faoi láthair is í an Ghréig is mó atá i mbéal na doininne, agus í anois i mbaol a díbeartha as an Aontas. Ach ní mór a fhiafraí an bhfuil an cruatan atá a fhulaingt anois ag gnáthdhaoine thar fóir? An é an baol mórálta seo a gcloistear oiread faoi atá i gceist — moral hazard an Bhéarla: mar a chóirigh tú do leaba sea a chaithfidh tú luí uirthi?
Inár gcás féin, mar a dúradh go minic, níl aon cheist ach gur riachtanas dúinn dul i ngleic thar thréimhse réasúnta leis an easnamh ollmhór atá inár mbuiséad. Scéal eile ar fad é go mbeadh gnáthcháiníocóirí freagrach in aisíoc gach uile euro a d’infheistigh bannashealbhóirí i mbainc na tíre seo i laethanta an tsómais. Níl sé ar aon chor soiléir go bhfuil ceart nó cothromaíocht i gceist ansin.
Is eol dúinn anois go bhfuil dlúthbhaint ag an aisíoc seo leis an athrú mór atá tagtha ar an mbealach a bhfuil an tAontas ag feidhmiú ó thosaigh an ghéarchéim eacnamaíoch ceithre bliana ó shin, agus conas mar atá ceannas iomlán anois ag an nGearmáin i ngach gné a bhaineas le polasaithe agus cur chuige an Aontais. Is i mBeirlín atá lárionad na cumhachta.
Ní bhaineann aon rún mór le conas a tharla an t-athrú. Is í an Ghearmáin an t-aon tír san Aontas a tháinig slán ón ngéarchéim eacnamaíoch, an t-aon tír a choinnigh a cúrsaí airgeadais agus caiteachais faoi smacht, nuair a bhí an chuid eile againn imithe le míriail agus rabairne. Thuigfí nach mbeadh polaiteoirí ná pobal na Gearmáine róthógtha leis an ról atá ceaptha againn dóibh, ná go mbeadh orthu tíortha eile an Aontais a tharrtháil ó ghéarchéim a raibh siad féin cuid mhór ciontach ann.
Nach bhfuil blas an réasúin leis sin? Ach san am céanna, ní miste i gcónaí a choinneáil ar aigne leis gurb iad bainc na Gearmáine is mó a bheidh thíos leis, mura n-aisíoctar na bannashealbhóirí úd a rabhamar ag tagairt dóibh níos luaithe. I gcoitinne, ní féidir nach mbeadh forlámhas na Gearmáine i gcúrsaí an Aontais ina ábhar imní, ach go háirithe do thíortha ar an imeallbhord, mar atá an tír seo. Is léir nach áitreamh chomh cluthar compordach é an tAontas do na tíortha seo is a bhíodh sula dtarla an ghéarchéim san eacnamaíocht.
Fós, de réir na bpobalbhreitheanna, is é is cosúla gurb iad lucht ‘Tá’ a bheidh in uachtar. Má sea, is mó gur le barr scanraidh é, nó gan an dara rogha a bheith ann dúinn i ndáiríre. Is ón taobh sin de a bhí cur chuige an rialtais lagbhríoch go maith. Ba bheag tagairt nó béim a bhí ar an bhforás geilleagrach go dtí gur dhein uachtarán nuathofa Hollande na Fraince ábhar spairne de le linn an toghcháin sa Fhrainc, agus go háirithe sna teagmhálacha a bhí aige ó shin le seansailéir agus rialtas na Gearmáine. Anois tá sé ar bharr a theanga, nó a teanga, ag gach uile aire sa rialtas anseo!
Nílimid dall ar na fíorais, ar ndóigh. Ag plé dúinn ár n-ionaid agus ár dtodhchaí san Aontas Eorpach, is maith is eol dúinn gur mór idir an tír seo agus an Fhrainc. Bíodh nach bhfuil aon amhras faoi thábhacht agus chumhacht na Gearmáine i gcúrsaí an Aontais, is cinnte nach féidir d’aon rialtas sa tír sin neamhshuim a dhéanamh de dhearcadh agus de shainleas na Fraince. Is é an comhpháirteachas idir an Ghearmáin agus an Fhrainc an bhunchloch ar a bhfuil an tAontas tógtha, agus gan é ní hann dó.
Ní hionadh mar sin go dtabharfar éisteacht i mBeirlín dá bhfuil le rá ag Monsieur Hollande i bPáras, nach dtabharfaí ar aon chor d’aon ní a déarfadh an tUasal Ó Cionnaith i mBaile Átha Cliath. Mar sin féin, is féidir nár mhiste dár rialtas, agus don Taoiseach agus Tánaiste go háirithe, a bheith níos fórsúla agus iad ag plé cás agus sainleas na tíre seo ag na cruinnithe iomadúla ar a bhfreastalaíonn siad thall san Eoraip.
Tá sé soiléir anois go bhfuil an reifreann seo againne míththráthúil go maith, agus sa mhéid sin tá cuid den cheart acusan a bhí ag éileamh go mba chóir é chur ar athló. Pé acu an raibh sé sin indéanta nó nach raibh, is léir nach dtarlóidh sé anois.
Ach is féidir de bharr éilimh ó Hollande go mbeadh athrú béime suntasach i gceist maidir leis an mbealach ina bhfuiltear ag dul i ngleic leis an ngéarchéim. Fiú, mar a deir an Taoiseach linn, nach ndéanfar aon athrú ar an gconradh mar atá sé faoi láthair, cuirfear fáilte roimh an malairt bhéime seo.
Agus an saol mar atá, ní hionadh go mbeadh ár gcúrsaí eacnamaíocha go mór chun tosaigh sa díospoireacht. Fós féin, agus sinn ag druidim le deireadh feachtasaíochta an reifrinn, is ábhar díomá a laghad a bhí le rá maidir le himpleachtaí polaitiúla an chonartha seo, bíodh gur ann dóibh agus gur féidir gur leo a bhaineann an tábhacht is mó sa bhfadtréimhse.
Bhí go leor le rá faoi eurobhannaí, agus an tábhacht a bhain leo chun teacht i gcabhair ar na tíortha a raibh fadhbanna baincéireachta acu. San am céanna bhí sé soiléir óna raibh le rá i mBeirlín nach raibh aon ghlacadh leis na eurobhannaí ansin, ach i gcás go mbeadh aontas fioscach agus polaitiúil níos dlúiche fós san áireamh.
Mar a dúradh, tuigtear do na Gearmánaigh de bhrí gur orthu is mó a bheadh na eurobhannaí seo ag brath, ach tá sé soiléir, ag caint dúinn ar aontas polaitiúil níos dluíche , gur leagan éigin de stát feidearálach san Eoraip atá i gceist.
Ní féidir ach a rá arís eile go bhfuil sé go mór in amhras go mbeadh a leithéid de struchtúr buan. Níl sé fiú riachtanach an stair a léamh chun é sin a léiriú. Féach conas mar a tharla le struchtúir dá leithéid lenár linn féin. Ar aon chuma, nach leor iad rialacha dochta mar atá beartaithe anois, agus go deimhin atá á gcur i bhfeidhm cheana féin, lena chinntiú go gcoinníonn ballstáit a mbuiséid in ord feasta.
Ní luaitear conas mar a bhíonn na tíortha is cumhachtaí san Aontas, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Bhreatain féin, páirteach go rialta anois i gcogaíocht i bpáirt leis na Stáit Aontaithe agus NATO i dtíortha cosúil leis an Iaráic, an Afganastáin, agus le déanaí arís i dtíortha eile sa Mheán-Oirthear agus san Afraic. Go coitianta bíonn sé in amhras cén ceart nó dlisteanas a bhaineann leis an gcogaíocht seo, nó go mbraitheann sé an cairde nó naimhde do na Stáit Aontaithe a bhíonn i gceist.
Is cinnte go mbíonn scrios agus slad mar thoradh air, agus na céadta míle sibhialach marbh dá bharr. Ní léir go mbíonn an daonra sna tíortha seo pioc níos fearr as faoin am a bheartaíonn na Meiriceánaigh go bhfuil sé in am dóibh greadadh leo abhaile.
Is forlámhas agus cumhacht na Stát Aontaithe atá i gceist sa chogaíocht seo, agus is faoi scáth na tíre sin a bunaíodh agus a fheidhmíonn NATO. Ach cén bhaint atá aige seo le hábhar, a fhiafrófar, lenár bhfadhbanna eacnamaíocha agus leis an reifreann seo ar a mbeifear ag vótail ar an 31ú lá de Bhealtaine?
Is cinnte gur ábhar buartha é an treo agus an fuadar atá faoin Aontas faoi láthair. Tá an reifreann curtha faoinár mbráid faoi mar nach bhfuil an dara rogha againn ach déanamh mar a bheartaítear, ní sa Bhruiséil fiú, mar a bhíodh tráth, ach in Frankfurt nó i mBeirlín. Tagann nath an Tánaiste roimh an olltoghchán chun cuimhne: ‘bealach Frankfurt nó bealach an Lucht Oibre’. Ní ionadh nach gcuirtear muinín mhór ina mbíonn le rá linn ag ár bpolaiteoirí.
Tar éis a bhfuil ráite céard atá le déanamh agus lá an reifrinn ag druidim linn. Fós féin níl freagra na ceiste sin agam. B’fhéidir go bhfuil inspioráid i ndán dom, ag dul isteach an doras san ionad vótála dom, má théim chomh fada sin.
Feasta, Meitheamh 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|