Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


Duinnín agus Tattootis


Gearrscéal le Biddy Jenkinson


Níor ghá don Duinníneach an grianghraf de Teresa a thug Bidí Mulligan dó a iniúchadh chun Tootsie the Cow Girl a aithint.
—◊—
‘Ó bhó! bhó,’ a d’éigh Bidí Mulligan agus d’iarr bálamált eile ar gharsún an tí ósta. Bhí sí féin agus an Duinníneach sa snug, sa Tap, i Sráid Phádraig, i ndiaidh dóibh Mollser Malone, a shaoradh ó líomhaintí gur chriog sí duine a scríobh amhrán clúmhillteach ar a Maimeo. Ach scéal eile é sin.

‘Tá tart ar na leanaí bochta,’ arsa Bidí Mulligan leis an bhfoclóirí oirmhinneach, ‘tá an pórtar róchostasach agus cuireann sé casadh aigne orthu, ach tá sé ag dul deacair ar lucht díolta bainne slí bheatha a bhaint amach agus na páirceanna á mbrú níos faide agus níos faide siar uatha, agus rialacha á gcur i bhfeidhm ina gcoinne amhail is dá mba é Héaród féin a bheadh i gceannas na tíre. ‘

‘Go mbeannaí Dia máithreacha an bhainne,’ arsa Ó Duinnín go cráifeach agus chuimhnigh sé ar a athair ar cheannaí bó é.

‘Agus na tairbh freisin,’ arsa Mrs. Mulligan.
‘Áiméan!’
‘Agus iad siúd ar fad a dheineann cúram des na beithígh,’ arsa Mrs. Mulligan agus í ag féachaint air thar a gloine ar dhóigh a thug le fios don Duinníneach nár chomhrá díomhaoin a bhí ar bun acu.

‘Más cuimhin leat, a Athair Pádraig, thugas ruainne ime chugat ní rófhada ó shin.’

‘Agus bhí blas air mar im,’ arsa Ó Duinnín go béasach. ‘Ligeadh don uachtar teacht chun aibíochta agus bhí a chothrom salainne ann.’

‘Ba ó Déirí Teddy Heeps ar Shráid Lennox an t-im sin, a Athair. Bhí Teddy Heeps pósta ar dheirfiúr liom, Dolores, ach cailleadh an fear bocht um Cháisc. Go ndéana Dia grásta air.’

‘Ar dheis Dé go raibh a anam.’

‘An leathbhádóir a bhí ag Teddy, Mark Lawlor, atá i mbun an Déirí anois. Bean Domhnaigh í mo dheirfiúr Dolores.’

‘Tuigim, a thaisce,’ arsa Ó Duinnín, nár thuig go fóill cad chuige an réamhrá, ach a d’aithin réamhrá nuair a cuireadh ceann os a chomhair.

‘Is dócha nach cuimhin leat mo neacht Teresa Heeps. Thug tú bonn míorúilteach di tráth a céad chomaoineach. Bhí meas aici ar an mbonn sin agus ní bheadh aon ionadh orm dá mbeadh sí á chaitheamh i gcónaí.’

‘Cailín beag deas...’
‘Bheadh ocht mbliana is fiche ag Teresa anois. Chuaigh sí ag obair sa Déirí nuair d’fhág sí an scoil. Bhí an-cheann ar Teresa. Ní bhfaigheadh cat deoir bhainne uaithi gan eireaball luiche a íoc air. Bhí sí féin agus Mark Lawlor mór le chéile, agus tuigeadh go ndéanfaidís cleamhnas agus go mbeadh seilbh ar an déirí acu in am tráth.’

‘Ní mar sin a tharla, a shiúr?’
‘Chuaigh sí chuig taispeántas eolaíochta oíche amháin le scata cailíní eile agus thit sí i ngrá le Professor Needle. Dhein sí coinne dul chuige faoi choinne tatú, rós beag néata ar rí na láimhe. De réir a chéile leath na rósanna beaga ar nós bricíní thart ar chaol na láimhe. Faoin am go raibh an mhuince déanta bhí an Professor gafa aici. Tá Teresa cosúil go leor liomsa, a Athair. An rud a bhíonn uaithi, gheibheann sí é go hiondúil.

‘Phós sí é agus d’imigh sí leis. B’shin cúig bliana ó shin. Níor thug sí léi ach a cuid éadaigh agus lao beag a bhí á chothú le buidéal aici ag an am.’

‘Teresa Needle, a lao agus a bráisléad rósanna,’ arsa an Duinníneach go maoithneach.

‘Mrs. Peter Barker, a Athair. Professor Needle a thug sé air féin ar mhaithe lena ghairm, ach Peter Barker ab ainm dó. Ní mó ná sásta a bhí Dolores ná Teddy ná Mark Lawlor. Agus chuaigh sé dian orthu an déirí a choinneáil ar siúl gan Teresa a bheith i mbun gnó.

Agus maidir le Teresa, b’éigean don Professor éirí as a ghairm nuair a tháinig creathán ina lámh de dheasca an óil. Dhein sé pictiúirí a phéinteáil ach ní raibh díol orthu. Ansin fuaireas scéala ó Teresa go bhfuair sé post a thaitin leis — é ina mháistir cró i Sorcas Hockey. Thug siad post do Teresa freisin. Bhí ar a gcumas an peata lao sin a thabhairt leo. Cailleadh Barker. Bhí an scéal amuigh gur ith leon é, ach ní dócha gur fíor san. Shíleamar go dtiocfadh Teresa abhaile chugainn. Níor tháinig, cé gur scríobh Dolores chuici. Ná níor tháinig sí abhaile do shochraid a hathar tamall ina dhiaidh sin. Bhí an sorcas i nGlaschú ag an am.’

‘Le Dolores an déirí anois, ab ea?’
‘Ach díolfaidh sí le Mark Lawlor é, ar phraghas atá leagtha síos, mura bhfillfidh Teresa. Mark atá i mbun an déirí agus é ag brath ar óinsín ar thuarastal chun cúram a dhéanamh agus é amuigh i nDruimneach leis na ba. Pósfaidh sé Lily Moore, iníon an ghrósaera béaldorais, ar a spré —bean bhreá í — agus ceannóidh sé an déirí ó Dolores mura bhfillfidh Teresa. Ach tá caitheamh i ndiaidh Teresa air i gcónaí.’

‘Nach dílis an fear é!’
‘Beidh Sorcas Hockey i dTrá Lí go ceann cúpla lá. Sa Sean-Mhargadh gar do Shráid na Carraige a bheidh sé. A Athair Pádraig, a chroí, nach rachfá go Trá Lí agus Teresa a thabhairt abhaile chugainn.’

Dhein an Duinníneach a dhícheall an cúram a chur uaidh. Thairg sé Mrs. Mulligan a thionlachan go Trá Lí, dá ndéanfadh sise an mhargaíocht.

‘Ní rabhas ach aon uair amháin lasmuigh de limistéar na gcanálacha, a Athair, ’chroí. B’shin an uair go ndeachaidh mé go Binn Éadair, féachaint cad as ar tháinig mo chuid scadán, agus ba dhóbair dom bás a fháil le neirbhíní. Mise a dhul go Ciarraí!’

Thairg sé cuidiú le Dolores, nó le Mark, nó le Mrs. Mulligan, litir nó litreacha a dhréachtadh.

‘Ach, a Athair dhil, ní dócha go léifeadh sí litir ó éinne againn. Tá oiread áirithe teannais ann, tá’s agat. Ach dá dtabharfá litir leat agus dá labhrófá léi.’
——◊——
Nuair a thuirling an Duinníneach den traein i dTrá Lí, chonaic sé fógraí le haghaidh Fergie Hokey’s Circus ar chuaillí agus ar ráillí. Dhá thaispeántas in aghaidh an lae, ceann ag a dó agus ceann ag a seacht. Bheartaigh sé béile a bheith aige sa Five Central Five i Lána Mhargadh an Bhainne. Thabharfadh Nelly, iníon an tí, aire dó agus tuairisc ar an sorcas, dá mbeadh an t-ádh leis. Rachadh sé chun cainte le Teresa ina dhiaidh sin agus d’fhillfeadh sé abhaile ar an traein deiridh. Bhí litir Mark Lawlor ina phóca aige. Bhí sé dóchasach as. Cuireadh dréacht de faoina bhráid agus glacadh lena mholtaí go mbainfí tagairt d’iníon an grósaera amach as agus nach ndéanfaí leithcheal ar an ngrá éagmaiseach a bhí, le fada, i gcroí Mark do Teresa, ná don uaigneas a bhí i gcroí Dolores dá hiníon agus í féin ag dul in aois.

‘Má luann Teresa an lao leat, nó na pictiúirí,’ a dúirt Bidí Mulligan leis mar fhocal scoir, ‘Inis di go mbeidh fáilte ag Mark roimh rud ar bith a thabharfaidh sí abhaile léi.’

Neilí féin a thug a lón chuig an Duinníneach, slaimice mairteola bruite, cabáiste, prátaí agus crúiscín bláthaí.

‘Is tú atá tanaí, a Athair Pádraig. Nach gcuirtear cóir cheart ort i mBaile Átha Cliath?’

‘Go mbeannaí Dia máithreacha an bhainne,’ arsa an Duinníneach, gloine bláthaí á ól aige agus Neilí ag féachaint air go sásta.

‘Deirtear liom, a Athair, gur i mbuidéil amháin a gheibhtear bainne in Áth Cliath, na laethanta seo, agus é beirithe, fuaraithe, loite.’

‘Téann na rialacha nua dian ar lucht déirí,’ arsa an Duinníneach, agus é ag cuimhneamh ar Déirí Heeps. Tháinig tagairt Bhidí Mulligan don lao a thug Teresa ó bhaile léi isteach ina cheann: a rá le Teresa go mbeadh fáilte roimh an lao. Bó a bheadh aici anois?

‘Meas tú, a Neilí, an dtógfaidís bó aonair ar an traein go Baile Átha Cliath, í a chur isteach sa veaigín eallaigh i dteannta na mbó eile?’

Bhí an freagra le fáil ó Johnny Leen ó Bhaile Uí Thaidhg a bhí ag ithe bagúin.

‘Beidh traein eallaigh ag a naoi anocht agus is fear tuisceanach é Jer Casey a bheidh i mbun cúrsaí. Ní cóir go mbeadh fadhbh...’

Luigh an Duinníneach isteach ar thoirtín úll go sásta. Dá n-éireodh leis Teresa agus a bó a thabhairt abhaile láithreach, nár mhór an gaisce é?

‘Cogar, a Neilí, an raibh tú ar an sorcas?’

‘Ní raibh a Athair, ach tháinig Fergie Hockey, úinéir an tsorcais chun béile anseo agus thug sé ticéid dom.’

‘Ba dheas san uaidh.’
‘Dúras leis go raibh Neilí luaite,’ arsa an cúntóir eile. ‘Bhí na súile á gcur tríthi aige. Iomarca giodaim ann, é lán de, lán.’
——◊——
Bhain Ó Duinnín an sorcas amach. Bhí sraith carbhán ar thaobh Shráid na Carraige den phubal mór. Cuma chodlatach orthu amhail is go mbeadh daoine ag glacadh sosa idir seonna. Bhí triúr fear lasmuigh de charbhán amháin a raibh an doras ar leathadh air. Feirmeoirí áitiúla, a shíl an Duinníneach. Iad ag ceannach ticéad dá gclanna, b’fhéidir. Chuaigh sé i leith an charbháin sin chun tuairisc Teresa Barker a chur ar an té a bheadh istigh. Chuir duine den triúr lasmuigh caint air.

‘Ní gá ticéid don sorcas a chur in áirithe, a Athair. Is féidir íoc ag an doras. Táimid ag iarraidh an tarbh a chur in áirithint.’

‘Mo bhotún! Baineann an carbhán seo leis an Kingdom Co-op Mart, mar sin, seachas leis an sorcas?’

‘Leis an sorcas, a Athair. Déanann an tarbh, Tattootis, cúig bhó a dháireadh gach oíche. Tá samhaiscín chomh deas lena bhfaca tú riamh agam féin agus í faoi láth.’

Thóg sé fillteán as póca a chasóige agus thaispeáin sé ginealach an tairbh don Duinníneach.

‘Mar go bhfuil sé ar an láthair agus mar gur mian le lucht an tsorcais é choinneáil suáilceach, déanann sé an cúram ar tháille réasúnta.’

‘Ní mar chuid den taispeántas!’ arsa an Duinníneach agus alltacht air.

‘Ó, ní hea in aon chor, a Athair. Tá macha beag aige féin taobh thiar den phobal agus tugtar na ba ansin chuige. Tá sé tatuáilte ó bun róin go barr sróine, tá’s agat, ‘Érin go Bragh’ ar a ucht. Coinnítear glanbhearrtha é le go bhfeicfear an dearadh. Ach ní raibh bó ann riamh nach seasfadh dó. Ná ní raibh bó a sheas dó nár ghlac an dáir uaidh.’

‘Tarbh tatuáilte,’ arsa an Duinníneach, a raibh míreanna éagsúla eolais ag táthú le chéile ina intinn.

‘Sin é ansin ar an bhfógra é’: Tattootis and Tootsie the Cow Girl

Níor ghá don Duinníneach an grianghraf de Teresa a thug Bidí Mulligan dó a iniúchadh chun Tootsie the Cow Girl a aithint.

‘Tháinig mé anseo chun caint le Mrs. Teresa Barker.’ arsa an Duinníneach.

‘Cad é sin atá á rá amuigh?’ arsa glór doimhin garbh. Chraith an carabhán agus fathach ag teacht as a phluais. Chuir sé a cheann amach agus líon an chuid eile de fhráma an dorais.

‘Fergie Hockey,’ arsa fear an eolais i gcluais an Duinnínigh. Úinéir an tsorcais, fear láidir, fear caite sceana…’

‘Fáilte romhat, a Athair,’ arsa Fergie. ‘Bhíos ag súil leat.’

‘Conas san?’
‘Ní rabhamar i mbaile ar bith in Éirinn fós nár dhein duine macánta éigin ann gearán láithreach leis an gcléir i ngeall ar na gúnaí gairide a chaitheann Tootsie agus í ag rince ar Tattootis. Ar an dara lá cuireann an sagart paróiste an sagart óg chugainn chun a rá linn go bhfuil dreisíní Tootsie mí-oiriúnach.’

‘Ag rince ar an tarbh a bhíonn sí? ‘arsa Ó Duinnín. ‘Mar a bhíodh ógánaigh Eamhain Mhaca ag cluichíocht ar an Donn Cuailnge. Nach iontach go bhfuiltear ag leanúint den dea-nós Gaelach…’

‘Seo dhuit, a Athair, miosúr agus sciorta de chuid Tootsie. Déan é a thomhas agus tabhair tuairisc dod shagart paróiste. Agus inis dó go rachadh gúna níos faide i bhfastó in adharca an tairbh. Faoin am go mbeidh aisfhreagra réitithe ag cailleacha an pharóiste, beimid imithe linn.’

Ní raibh an Duinníneach ró-cheanúil ar fhir mhóra a chuir cuma orthu féin agus a líon dóirse carbháin agus iad ag caint leis.

‘Is mian liom labhairt le Mrs. Barker.’

‘Sibhse!’ arsa McCann leis na feirmeoirí a bhí ag feitheamh go foighneach agus ag cúléisteacht go discréideach: ‘Imígí libh. Ní bheidh Tattootis ar fáil anocht.’

D’imigh siad, iad míshásta gan a bheith gearánach. Ní raibh cuma ar Hockey go bhféadfaí argóint leis gan achrann a tharraingt.

‘Cad tá air?’ a d’fhiafraigh an Duinníneach
‘Tá sé séidthe.’
‘Bhfuil cúr lena bhéal?’
‘Tá.’
‘Ar tugadh droinse íle dó?’
‘Droinse de shóid níocháin.’
‘Dhéanfadh san cúis.’
‘Nach tú atá eolach sna cúrsaí seo, a Athair?’ arsa Hockey go magúil. ‘Bíodh a fhios agat nach raibh aon rath ar na droinsí. Lean sé air ag borradh agus ag at.’

‘Caithfear scian a chur ann mar sin. Bhfuil vet ar fáil?’

‘Níl teacht air. Tá Tootsie á shá anois.’

‘Mo ghreidhn í. Níl aon leigheas eile air.’

Ní ar an Duinníneach a bhí aird Hockey ach ar ghluaiseacht éigin taobh thiar de. Chas Ó Duinnín thart agus chonaic sé bean bhreá láidir ag trasnú na faiche, scairf ar a ceann, cóta agus buataisí rubair uirthi mar a bheadh ar oibrí feirme, buicéad ina lámh. D’aithin sé Teresa.

‘Bhfuil tú chun aitheasc ar sciotacht a sciortaí a thabhairt di.’

‘Ní foláir dom mo dhualgaisí a chomhlíonadh,’ arsa Ó Duinnín, nár bhraith comhbhá ar bith le Hockey ná fonn ar bith an cúram a bhí air a phlé leis. Lean sé Teresa, Fergie Hockey á choimhéad agus straois air. Shiúil an Duinníneach taobh léi tamall sular thug sí faoi deara é. Bhí a ceann fúithi agus deora léi. Bhí trocar agus cannúl fuilteach sa bhuicéad.

‘Conas tá Tattootis, Teresa, a thaisce?’

‘Ó,’ ar sise, ‘Aithním thú. Cara lem Aint Bidí. Tusa an tAthair Pádraig.’

‘Agus nach é Tattootis an lao diúil a thug tú leat ón déirí nuair a phós tú, a thaisce?’ arsa Ó Duinnín go cneasta. ‘Ní foláir nó go bhfuil tú ceanúil air. Bhfuil biseach air?’

‘Tiocfaidh sé chuige féin, sílim.’

‘Buíochas le Dia.’

‘Nílim ag gol i ndáiríre. Ní rabhas ag gol agus an scian á chur isteach agam. Bhí mo lámh socair.’

‘Ar ndóigh bhí, a thaisce. Bheifeá cróga in am práinne. Nach cuma cúpla deoir a chúiteamh leis an saol anois? Ba cheannaí bó m’athair. Is cuimhin liom é ag déanamh obráide den chineál sin ar bhó a d’ith iomarca den tseamair óg san earrach.’

‘Ar mhair an bhó?’
‘Mhair.’
‘Ní raibh orm é a dhéanamh cheana. Tar liom agus breathnaigh ar Tattootis.’

‘Agus fáilte.’
‘Beidh orm rópaí agus ceirteanna agus crúca a aimsiú. Fan lem chomharsa Bella go ceann cúpla neomat, a Athair. Bean feasa í sa sorcas.’

Chnag sí ar dhoras carbháin.
‘Bella,’ ar sise leis an mbean a d’fhreagair. ‘Tabhair cupán tae don Athair Pádraig. Cara lem Aint Bidí é agus tá cur amach aige ar eallaigh.’
——◊——
Bhí mar a bheadh líonta damhán alla i ngach áit sa charbhán agus solas uilig na háite loinnithe i liathróid mhór chriostail ar bhord cois fuinneoige. Bhrúigh Bella an criostal as radharc agus leag sí muigíní ar an mbord. Tharraing sí paca cártaí chuici féin agus an tae á ól.

‘Féach!’ ar sise go himníoch agus thaispeáin sí an t-aon muileata dó. ‘Leagas amach na cártaí do Tattootis.’

‘B’fhéidir go bhfuil tú ag imní i dtaobh an tairbh agus gurbh shin a stiúraigh do lámh. Tá Teresa an-cheanúil ar Tattootis?’

‘Ar ndóigh, tá. Tá gaol ar leith eatarthu. Dhein a céile, Professor Needle, na pictiúirí céanna a thatuáil orthu araon.’

Tháinig abairt de chuid Mrs. Mulligan i gceann an Duinnínigh: ‘Agus ná dearmad — má thagann sé i gceist — go bhfuil meas agus urraim ar leith ag Mark d’ealaín agus d’ealaíontóirí, agus go mbeadh fáilte roimh phictiúirí uilig an Prof.’

Chuaigh Fergie Hockey thar bráid.

‘Buailfidh sé clog mar chéad rabhadh. Éinne nach mbíonn ar a ionad sa phuball i ndiaidh an dara rabhadh is dó is measa.’

‘An raibh aithne agat ar Professor Needle?’ a d’fhiafraigh an Duinníneach de Bella.

‘Bhí. Scaothaire ab ea é. Ach bhí Teresa doirte air. Bhíodh sé ar an doras.’

‘Níorbh é máistir cró an tsorcais é?’

‘Seans ar bith. I ngeall ar Teresa agus Tattootis a tugadh jab dó.’

‘Tá teacht isteach maith aici?’
‘Tá.’
‘Agus is maith léi an sorcas?’
‘Is réalt í. Is trua Tattootis a bheith sínte anocht. Dá bhfeicfeá iad! Tagann Tootsie isteach i gcró an tsorcais, ar leathchois ar dhroim Tattootis, na soilse ag glioscarnaigh orthu, an ceol go meidhreach. Ar ndóigh bíonn Tootsie gléasta go modhúil, ach is féidir a fheiscint go bhfuil a géaga agus a guaillí maisithe, maisithe go hálainn, a Athair. Dhein an Prof tatuáil uirthi agus é i mbarr a mhaitheasa. Tá cleas ag Tattootis. Is féidir leis suí ar a chorra-ghiob mar shuífeadh madra. Cuireann sé sin gach éinne sna trithí. Cuireann Tootsie sall agus anall é le brat beag dearg. Mar dhea is go bhfuil sé á hionsaí, íslíonn sé a cheann agus tugann sé ruathar fúithi. Beireann sí ar a adharca air agus déanann sí rothal-léim tharstu go seasann sí ar a dhroim. Dá gcloisfeá an slua! Ansin seinntear ríl agus déanann Tootsie steipeanna ar a dhroim. Ainneoin gur réalt í, níl aon éirí in airde uirthi. Braithfidh mé uaim í nuair a imeoidh sí.’

‘An bhfuil sé i gceist aici filleadh ar a muintir i mBaile Átha Cliath, a thaisce?’

‘Fuair sí cuireadh Tattootis a thabhairt go Meiriceá. Rachaidh sí ann, sílim.’

Tháinig Teresa go doras agus rópaí thar a gualainn aici.

‘Bella, abair le Fergie Hockey go mbeidh a chúnamh de dhíth orainn mura n-éireoidh Tattootis as a stuaim féin.’

Ba cheart, dar leis an Duinníneach, go mbeadh rópaí míne aici chun na cosa deiridh a cheangal os cionn na gcroiftíní agus na cosa tosaigh a cheangail dá chéile ar an dóigh céanna. Bhí rópaí níos téagartha aici le cur thart ar an tarbh.

‘Tá súil agam go mbeidh sé ina sheasamh cheana féin, a Athair’ ar sise, ‘ach beidh croch le fáil má bhíonn gá leis.’

Bhuail an chéad clog.

‘Is breá le Tattootis bheith i mbun taispeántais,’ arsa Teresa. ‘Tagann fíbín air nuair a chloiseann sé an ceol.’

Níorbh é an neomat ceart é chun litir Mark Andrew a lua léi. Tharraing an Duinníneach a uaireadóir go discréideach as a phóca. Uair a chloig go n-imeodh an traein deiridh. Ní luafadh sé an litir go mbeadh an tarbh ina sheasamh.

Bhí Tattootis sínte ar a shlios sa tuí. Ba ghile a chraiceann ná sneachta agus shnigh pictiúirí tatuáilte an Prof thar gach ball de mar a shníonn luifearnach agus blátha thar charraig. Ach bhí Tattootis marbh. Chomh marbh le hart. Lig Teresa do na rópaí titim.

‘Mharaigh mé é. Dá mba rud é gur fhan mé go mbeadh vet ar fáil….’

‘Seafóid, a chroí. Bheadh sé marbh cheana, murar scaoil tú an gás as.’

Rinne an Duinníneach iniúchadh ar an tarbh, ordóg agus corrmhéar in úsáid aige chun toisí a ghlacadh.

‘Dhein tú an obráid de réir an leabhair, a Teresa. Tá sé ina luí ar a chliathán dheas agus tá an poll san áit cheart anseo ar a chliathán clé, comhfhad idir an easna dheiridh, rinn an chorráin agus bun an chnámh droma. Chonaiceas an scian sa bhuicéad níos luaithe agus ba léir ón rian fola air gur sháigh tú doimhin é mar ba chóir. Feiceann tú féin go bhfuil an gás scaoilte amach agat. B’fhéidir go raibh an croí fabhtach ann a thaisce. Nó b’fhéidir gur tháinig an t-at air de bharr neascóide, nó galraithe inmheánaigh a thug a bhás dó.’

Lean sé á scrúdú. Ní raibh aon mháchail eile le feiscint. Bhí cúr agus slabar áirithe thart ar an mbéal, rud a mbeifí ag súil leis. Ní raibh aon bholadh aisteach uaidh. D’fhéach sé arís ar an gcréacht. Ní raibh aon rud suntasach ag baint leis.

‘Thug tú a sheans dó, Teresa. Ag Dia ’tá fhios cad chuige nár tháinig sé tríd.’

Shuigh sí sa tuí, lámh aici ar chloigeann an tairbh.

‘Fanfaidh mé anseo seal, a Athair. Inis do Fergie Hockey céard a tharla. Ba chóir go mbeidís ag cruinniú isteach sa phuball anois. Iarr ar Fergie fios a chur ar Mr. Mulcahy.’

‘Mr. Mulcahy.’
‘Taxidermist. Má gheibheann leon nó eilifint bás déanann Mr. Mulcahy cúram de don Mhúsaem. D’iarr an Prof., mo chéile, go gcoinneofaí….’

‘Tuigim. Tuigim a thaisce. Ach céard a dhéanfas tú féin feasta?’

Bhris an gol uirthi. Bhí an litir ag léimrigh ina phóca, ach níorbh fhéidir aon ní a dhéanamh. Ní raibh an uain fabhrach.

‘Tiocfaidh mé ar ais faoi cheann seachtaine, Teresa. Ná déan breith ar bith go dtí sin.’

Bhuail an dara chlog. Bhí Fergie Hockey agus seisear eile roimis sa phuball agus trealamh á chur faoi réir acu. D’inis sé scéal an tairbh dóibh. Ba chás leis an seisear é. Cheistigh siad é agus brón orthu.

‘Dá bhfágfadh sí an obráid fúmsa, ní marbh a bheadh sé anois,’ a dúirt Hockey.

‘Cacamas!’ arsa an Duinníneach os iseal. ‘Cuirtear fios ar Mr. Mulcahy,’ ar seisean os ard.

‘Ar chostas Teresa,’ arsa Hockey.

Bhí Bella ag doras a carbháin ag faire amach do Teresa agus don Duinníneach. Tháinig na deora chuici go fras.

‘An t-aon muileata san, a Athair. Níl dul thairis.’

‘Ar ndóigh, tá. Níor mharaigh an t-aon muileata Tattootis.’

‘Céard a mharaigh é, a Athair?’

‘Ní heol dom a thaisce, ach go bhfuilim deimhin de nach raibh aon bhaint ag na cártaí leis. Bella, táim chun gar a iarraidh ort. Fágfaidh mé litir anseo leat. Tabhair do Teresa í ar ball, litir ó chara ar leith i mBaile Áth Cliath, a d’fhan dílis di agus atá á hiarraidh i gcleamhnas.’

‘Tabharfaidh mé di é, a Athair, ach is baolach go rachaidh sí le Fergie.’

‘Mar chéile?’
‘Bhuel… ní go baileach, a Athair. Tá bean chéile aige cheana féin. Bhíodh sí mar pháirtí aige agus sceana á gcaitheamh aige sa sorcas. Ise i gcoinne cláir agus eisean ag caitheamh sceana ar gach taobh di. D’ob sí lá agus sádh í. D’imigh sí uaidh ina dhiaidh sin. Pléascann sé balúin leis na sceana anois. Ba dheas leis Teresa lena cuid tatúanna a bheith mar pháirtí aige. ‘

Rug sí ar a cóta.
‘Beidh orm cabhrú leo na binsí a dheasú.’
Bhain an Duinníneach stáisiún na traenach amach agus ceathrú uair a’ chloig le spáráil aige. Cheannaigh sé muigín tae dó féin agus píosa den cháca rísíní síoraí sin a bhíonn á ghearradh ina slisní ag lucht freastail ón uair gur tógadh bóithre iarainn in Éirinn. Ní mó ná sásta a bhí sé. Bean chomh breá le Teresa. Stróc amháin den mhí-ádh agus bhí a slí bheatha agus a neamhspleáchas caillte aici. Ní éireodh léi dul go Meiriceá. Dá dtiocfadh sí go Baile Áth Cliath an mbeadh caitheamh aici i ndiaidh an tsorcais. Dá ngabhfadh sí le Hockey ba bhocht an saol a bheadh aici.

D’aithin sé ó na fuaimeanna amuigh nárbh fhada go mbogfadh an traein. Isteach leis agus é traochta. D’aimsigh sé suíochán cois fuinneoige. Líon daoine eile isteach. Shuigh bean uasal a raibh beirt iníonacha léi trasna uaidh.
‘Inclement weather, Father.’
Ní bheadh aon mhuinín aige as Fergie Hockey. Fearghas mac Eochaigh… Fearghas mac Eachaigh… Fearghas Mac Ró Ech. De shliocht Fhearghas mac Róich na Tána, gan amhras, é gach pioc chomh sleamhain, chomh cam leis an bhFearghas úd a d’imir tréas ar Mhéabh agus ar na Connachtaigh ar Tháin Bó Cuailnge.

Dá mbeadh aon fhianaise ann gur feallmharaíodh an tarbh is ar Hockey a luífeadh a amhras. Ní raibh aon rian air gur tugadh nimh dó ná gur plúcadh é. Is fíor nách bhfaca sé ach an taobh de a bhí in uachtar. Ach fiú an fear láidir ba láidre níorbh fhéidir leis an tarbh mór san a thiontú thart.

Fergie Hockey… a chuid sceana á gcaitheamh le Teresa. Teresa ceangailte de chlár i ndreisín beag gan téagar le go bhfeicfeadh an saol a cuid tatúanna. Í faoi smacht. Í ceangailte. Chuala sé glór garbh Fhearghais arís. Chuala sé glór Bella ‘Fuair Teresa cuireadh dul go Meiriceá le Tattootis.’

Dá mbeadh aon fhianaise ann….

Chuaigh Hockey thar fhuinneog Bella chun an chéad chlog a bhualadh. Ach níor bhuail sé láithreach é. Bhí Teresa ag lorg rópaí. Bhí sé féin ag caint le Bella. Bheadh cúig neomat idir Hockey a dhul thar bráid agus clingireacht an chloig.

Ach cén chaoi a mharódh sé tarbh sa chúig neomat sin gan rian a fhágáil air? Níor chuir éinne lann eile sa pholl a bhí déanta ag Teresa. Bheadh uirlis an-fhada ag teastáil chun dochar mór a dhéanamh. Bheadh air bheith caol. Mura leanfaí den chasán céanna d’fheicfí rian, agus dá leanfaí de ní mharófaí an tarbh láithreach, fiú dá ndéanfaí é a threá ó thaobh go taobh.

‘Don’t slump!’ arsa an bhean trasna lena hiníonacha. ‘Sit upright! Lift up your heads!’

Plabadh dóirse. Ligeadh fead. Bhog an traein.

‘Lig amach mé!’ arsa an Duinníneach. D’oscail sé doras agus léim sé amach.

‘Seachain! Tá cosc air sin!’ arsa giolla stáisiúin.

‘Feallmharú!’ arsa an Duinníneach.

‘Gealt!’ arsa an giolla agus scaoil sé leis mar nach féidir dlí a chur ar leathcheann.

D’imigh an traein agus mála an Duinnínigh air agus sa mhála bhí slipeanna foclóra a raibh rún aige iad a chur i dtreo ar an turas.

D’fhill sé ar an sorcas chomh tapaidh agus a b’fhéidir leis. Isteach leis trí gheataí móra an mhargaidh. Chnag sé ar charbhán Treasa.

Bhí Bella léi agus an bheirt acu ag caoineadh.

‘Teresa, an ligfeá dom corp Tattootis a iniúchadh arís?’

‘Tiocfaidh mé féin agus Bella leat.’

Sheas an triúr acu os cionn an tairbh. Bhí an lá ag dul ó sholas ach bhí lampa ag Bella.

‘Cuir an lampa anseo os comhair a chinn agus féachaimis an féidir linn a cheann a ardú den talamh.’

Níorbh ann don tsúil dheas mar shúil a thuilleadh. Bhí fuil ar an tuí. Níor labhair éinne go ceann ala.

‘Leagaigí a cheann ar ais anois, a chailíní,’ arsa Ó Duinnín. ‘Bean ar an traein a thug an leid dom. ‘Lift up your heads,’ a dúirt sí leis na cailíní beaga. Fuair Tattootis bás ar an toirt. Pé fuil a shil sé cheil an tuí é.

‘Sháigh duine éigin trína shúil é agus mé ag lorg na rópaí,’ arsa Treasa.

‘Cé dhéanfadh a leithéid?’ arsa an Duinníneach, amhail is nach mbeadh drochamhras air i dtaobh éinne beo.

D’fhéach Teresa agus Bella ar a chéile.

‘B’é an rud ba mheasa ar fad, a Athair Pádraig, bheith ag ceapadh gur mise a mharaigh é trí bhotún,’ arsa Teresa. ‘Táim buíoch díot.’

‘An gcuirfidh tú fios ar na póilíní, Teresa?’

Chraith sí a ceann.

Chuimhnigh an Duinníneach ar an gcúram a bhí air. Ach ní raibh an uain fabhrach anois ach oiread. Sméid Bella air. Bhí cara sa chúirt aige. Shíl sé go bhféadfadh sé a rá le Bidí Mulligan go raibh seans maith ann go dtiocfadh Teresa abhaile.

D’fhág sé slán leo. Bheadh an traein eallaigh ag dul go Baile Átha Cliath ar ball. B’fhéidir go bhfaigheadh sé bheith istigh i vaigín an gharda, ach a chás a mhíniú do Jer Casey.

Feasta, Nollaig 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais