Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


Ar an tSlí Abhaile
‘Duanaire a Seacht (1966-1979)’, le Liam S. Gógan

Eag. Fidelma Ní Ghallchobhair. Coiscéim. 2012 80 lch. €7.50. Bog.

Á mheas ag Art Ó Maolfabhail


Nuair a thug an tEagarthóir eagnaí géarchúiseach an leabhar seo domsa le píosa a scríobh faoi b’fhéidir go raibh sé ag smaoineamh ar phointí nár rith liom féin ag an am. Mar shampla is san aon traidisiún a oileadh mise agus Liam Gógan (1891-1979) maidir le filíocht de. Is dearbh gur oileadh mórán mór sa traidisiún céanna. Baineann an traidisiún sin le siméadracht, le haithris agus le hamhránaíocht. Rialtacht foirme atá i gceist agam, an rialtacht sin a chuireann ar chumas an aithriseora agus an amhránaí a fhios a bheith aige go bhfuil focal, nó líne, caillte aige agus mura dtagann an focal, nó an líne ar ais chuige go mbeidh air focal, nó líne, a sholáthar chun an fhoirm a choimeád slán.

Tugann an teideal le fios go raibh sé chnuasach eile le Gógan ann. I 1919 a foilsíodh an chéad chnuasach díobh (Nua-Dhánta, Maunsell agus a Chomhlucht Teo.) agus i 1966 an séú ceann (Duanaire a Sé, Oifig an tSoláthair). Tá rogha dánta as na sé gcnuasach eile foilsithe (Míorúilt an chleite chaoin, eag. Louis de Paor, Coiscéim 2012). Bhí an seachtú cnuasach á ullmhú i 1979 ach d’éag Gógan an bhliain sin. Cé go bhfuil an tréimhse 1966-1979 luaite leis an gcnuasach seo tá roinnt dánta agus aistriúchán anseo a cumadh i bhfad roimhe sin.

I mBaile Átha CLiath a rugadh Liam Seosamh Gógan in 1891. Tar éis scolaíochta ag na Bráithre Críostaí d’fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ghnóthaigh céim i léann na Ceiltise sa bhliain 1913. An bhliain chéanna is é a bhain feidhm den chéad uair as an bhfocal ‘poblacht’. Ceapadh ina rúnaí cúnta ar Óglaigh na hÉireann i 1913 é, agus tuarastal aige. Dá bharr sin deirtí gurb é chéad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann é. Scoláire léannta ab ea é agus chaith sé a shaol oibre in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Chomh maith leis an domhain-eolas a bhí aige ar an nGaeilge bhí sé eolach ar a lán de theangacha na hEorpa — an Laidin, an Béarla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Spáinnis, an Phortaingéilis, agus maidir le dánta de is ceist le réiteach é, cé acu is toirtiúla, a chumadóireacht féin nó na hiarrachtaí aistriúcháin aige ar shaothair le húdair aitheanta sna teangacha sin go léir. Go cinnte, sa leabhar seo is toirtiúla na haistriúcháin.

Tá meas agam ar an aistriúchán dílis mar dhisciplín fhoghlama agus is dearbh gur roghnaigh Gógan máistrí maithe foirme ar féidir foghlaim uathu. Agus a raibh d’eolas aige ar litríocht na Gaeilge is léir go raibh fonn mór air réimse a thuisceana ar fhilíocht na hEorpa a fhairsingiú. Choinnigh Gógan filíocht nua-aimseartha i gcuid de theangacha na Mór-roinne os comhair phobal na Gaeilge lena linn, agus de ghnáth choinnigh sé slán foirmeacha dochta na n-údar a roghnaigh sé. Dúirt Seán Ó Tuama (Repossessions, Cló Ollscoil Chorcaí, 1995, lch 6-7) gurb é an Piarsach an t-aon fhile de ghlúin an Phiarsaigh a bhféadfaí a rá ina thaobh gur file nua-aimseartha (‘modern’) é. Go díreach ina dhiaidh sin deir Ó Tuama go bhfuil gabháil áirithe ar an saol comhaimseartha (‘contemporary’) ag Gógan chomh maith. Chuaigh Seán Ó Cearnaigh céim bhreise agus é á rá i dtaobh Ghógan ‘ceannródaí a réitigh an tslí do dhaoine eile, Seán Ó Riordáin mar shampla’ (Scríbhneoirí na Gaeilge, Comhar Teoranta, 1995, lch 58-59). Dála an scéil, maidir le dánta Ghógan meabhraíonn an t-eagarthóir dúinn (lch 11) gur ‘foghraíocht Mhuimhneach is mó a theastaíonn ó thaobh na ríme de agus na dánta á léamh, cé go bhfuil correisceacht ann.’

Is gnách saothar Gógan a lochtú ar roinnt cúiseanna. Focail neamhghnácha nó ársa a úsáid, agus an teanga a lúbadh iomarca chun cloí le meadrachtaí dochta. Tá an ghné sin, mar aon leis na bealaí inar réitíodh na cúrsaí sin don bhfoilsiú, pléite go maith ag an eagarthóir, Fidelma Ní Ghallchobhair, a rinne taighde ollscoile ar fhilíocht Ghógan. Is fiú an réamhrá aici mar go léiríonn sé go maith an ’deacracht’ ó thaobh litrithe agus ó thaobh céille de a mheastar a bheith ag baint le focail agus le foirmeacha teanga a úsáideadh i gcumadóireacht ealaíonta breis agus tríocha bliain ó shin.

Aithním an deacracht, agus b’fhéidir gurb é Gógan an t-aon duine leis na céadta bliain anuas a d’úsáid cuid de na focail ársa atá aige. Ar an taobh eile de, cá bhfios nach é a thug isteach cuid de na focail ársa atá anois coitianta, leithéidí ‘todhchaí’, nó cuid de na focail a cumadh, leithéidí ‘gluaisteán’? Measaim go bhfuil dulta ró-fhada leis an gcúram nuair a chuirtear nóta bun leathanaigh a mhíniú focail nó leagain atá mínithe in Foclóir Gaeilge-Béarla, ar an ábhar go ndeirtear sa bhfoclóir sin gur focal, nó leagan, ‘liteartha’ é. Tá fasach ansin a chruthaíonn‘deacracht’ dá chuid féin. Meabhraíonn sé dom an eagarthóireacht a dhéantar, ar theangacha ‘marbha’. Mar shampla, tá an nóta lit. curtha sa bhfoclóir leis an bhfocal ‘éag’ a d’úsáid mé thuas, ar focal ársa agus focal coitianta inniu é, a chiallaíonn ‘bás a fháil’.

Mar a deir an t-eagarthóir, bíonn friotal Ghógan deacair in amanna. Ceist: Cé ag a mbíonn sé deacair? Ní mór a chur san áireamh nach cainteoirí traidisiúnta lán-chumasacha mórfhormhór phobal na Gaeilge le fada fada an lá agus, freisin, nach locht ar an nGaeilge féin an méid de shaibhreas na teanga nach bhfuil beo sa chaint thraidisiúnta. Cuimhnítear go raibh Gógan ina chúntóir ag an Duinníneach nuair a bhí an dara heagrán dá fhoclóir á ullmhú agus gur iarradh air forlíonadh a chur leis an dara heagrán sin. (Tá an forlíonadh sin — 40,000 mír — ar fáil anois ar an idirlíon ar www.gogan.ie.) Ba dheacair iarraidh ar Ghógan an obair sin ar fad aige a fhágaint i leataobh amhail agus gan tábhacht ná úsáid ar bith a bheith ann. Cruachás atá ann idir cumas chumarsáid ealaíne an fhile agus cumas tuisceana phobal na teanga. Neach neamhspleách is ea an teanga féin, pé fad a mhaireann sí neamhspleách sa chibearspás.

Ainneoin na deacrachta a luaitear le Gógan cuireadh roinnt dánta leis ar chúrsaí bunscoile, meánscoile agus ollscoile. Níor casadh aon cheann díobh ormsa ach bhí cara agam ar nós leis ‘Na Coisithe’ le Gógan a aithris ó fuair sé ar scoil é. Foilsíodh an dán gearr sin in ‘Dánta agus Duanóga’ (1919-1929). Tá ‘Na Coisithe’ ar chlár Fheis Maitiú (Corcaigh) don bhliain 2013.

Bhí ‘Dánta agus Duanóga’ i mo sheilbh i 1955 agus is ann a fuair mé an focal ‘fantais’ a d’úsáid mé an bhliain sin ag freagairt do ‘fantasia’ a bhí agam roimhe sin ó chomhthéacs ceoil. Is é ’fantaise’ an fhoirm chaighdeánta anois. Maidir leis an bhfocal ‘duanóg’ is é ‘versicle’, ‘canticle’ an míniú Béarla a thugann an Foclóir air, ach is léir gurb é an ‘soinéad’ a chiallaíonn sé ag Gógan. Bhí sé an-tugtha don bhfoirm sin ar feadh a shaoil. Tá seacht ndúanóg / shoinéad déag aige in An tSlí Abhaile agus is aistriúcháin a bhformhór, go háirithe ón Ostaireach Rainer Maria Rilke (1875-1926).

Baineadh geit bheag asam nuair a tháinig mé anseo ar leagan Gaeilge (‘Hydrangea Gorm’) a rinne Gógan ar shoinéad le Rilke (‘Blaue Hortensie’) agus a foilsíodh i Scéala Éireann / The Irish Press i 1970. Is amhlaidh a rinne mé féin leagan Gaeilge den soinéad céanna (‘Hiodrainsia Ghorm’, Úlla Beaga, Sáirséal Ó Marcaigh, 1986, lch 40) agus gan eolas agam ar iarracht Ghógan. Ba mhaith liom comparáid a dhéanamh idir an dá iarracht. Tá an dara dán ag Rilke, ‘Rose Hortensie’ aistrithe agam chomh maith (‘Hiodrainsia Dhearg’, Úlla Beaga, lch 41) agus má tá sé aistrithe ag Gógan, níl sé sa chnuasach seo — is dócha de thoisc nach foirm an tsoinéid atá air.

I réamhrá an fhile tiomnaíonn Gógan an cnuasach ‘do chuimhne Phádraig Mhic Phiarais, cara agus coigéile dom féin fadó, sa bhliain seo cothrom céad bliain ón tráth ar rugadh é, 1879’, agus d’athair agus do mháthair an Phiarsaigh. ‘D’oscail sé doirse na hEorpa agus an domhain uile romhainn agus sheol sé isteach tríothu sinn, [s]an saol idirnáisiúnta. Ní gan fáth mar sin idirnáisiúntacht na filíochta sa leabhar seo….’

Is fiú réamhrá an fhile a léamh faoi dhó mar gheall ar an léiriú a thugann sé ar a thuairimí i dtaobh ‘cheird na filíochta’, rím agus rithim, cheol agus neamhcheol, ‘riocht beatha an fhile’. Tarraingíonn sé ar údair eile mar thaca, Arastatail agus Pasternak ina measc. Ar bhealaí éagsúla is leabhar spreagúil é seo agus mian foilsithe an údair curtha i gcrích, más mall féin é. Tháinig an lámhscríbhinn chun solais le linn do Johnny Gogan, garmhac, bheith i mbun taighde le haghaidh scannáin (Na Coisithe: Ar thóir mo sheanathar) a craoladh ar TG4 in 2010. Leabhar slachtmhar agus pictiúr breá den fhile ar an gclúdach.

Rud beag eile i gcoitinne agam le Gógan. Agus mé ag rothaíocht chun na scoile chuig na Bráithre Críostaí is dócha go dtéinn i nganfhios dom gar don teach inar rugadh Gógan. ‘Is dócha’ a deirim. Tá an teach, uimhir 391, An Cuarbhóthar Thuaidh, leagtha le fada agus an láthair slogtha i bPríosún Mhoinseo.

Feasta, Nollaig 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais